Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dianfheachtas poiblíochta a big publicity campaign
" Chuige seo bhí gá le dianfheachtas poiblíochta chun lucht féachana a threorú i dtreo na seirbhíse tríd an gcnaipire teilifíse! D'éirigh go hiontach le Gaeltext ó thaobh thacaíocht an phobail de agus shocraigh RTÉ an tseirbhís a choinneáil nuair a bhí an bhliain thrialach istigh.
poiblíochta publicity
" Ní raibh oiread plé ann riamh ar an ealaín chomhaimseartha is atá faoi láthair, mar sin tá maitheas déanta ag an duais sa chaoi sin … Ní ealaíontóir ró-iontach é Martin Creed ach tá a lán poiblíochta faighte aige.
poiblíochta publicity
" Rud eile a fuair go leor poiblíochta le déanaí ná an tseirbhís 'Group Text Messaging' - sin cuid d'ár seirbhís bainistithe téacs.
feachtas poiblíochta publicity campaign
" Tá roinnt ábhar feasachta i dtaobh na litearthachta aosaigh curtha i gcló againn fosta, agus feachtas poiblíochta, i dtaobh na faidhbe agus a leigheas, réidh le seoladh againn i mí Mheán Fómhair seo chugainn.
phoiblíocht publicity
" Is iad na hócáidí móra, i bPáirc an Chrócaigh, Stáid Semple, agus araile, a tharraingíonn an phoiblíocht agus aird na meán cumarsáide náisiúnta, ach gan obair agus díograis na gcumann ar fud na tíre, ní bheadh na himreoirí agus, dá bhrí sin, na hócáidí móra sin ann.
poiblíochta publicity
" Fuair Microsoft an-chuid poiblíochta le déanaí nuair a láinseáil siad an Xbox - ríomhaire atá curtha le chéile chun cluichí amháin a imirt.
poiblíocht publicity
" Mhínigh Conall dom go raibh sé mar chuspóir acu go mbeadh smacht acu ar a gcinniúint féin ó thaobh taispéantais a eagrú agus poiblíocht a fháil dá gcuid imeachtaí.
phoiblíocht publicity
" Ba í an phoiblíocht a tugadh do theoiric an iriseora Don Mullan i rith an tsamhraidh gur scoireadh de Róiste as an arm chun oifigeach eile a chosaint, a thug ar an Aire Cosanta athbhreithniú a dhéanamh ar chás de Róiste.
poiblíochta publicity
" Cuireann muid fostaíocht ar fáil do Ghaeil, ardán cainte, díospóireachta agus poiblíochta, deiseanna oiliúna, agus go leor leor eile.
poiblíocht publicity
" Íorónta go leor b'fhéidir tuairimí mar seo a bheith ag teacht ó pholaiteoir, ach an bhfuil firinne ar bith iontu nó an cleas a bhí ann go díreach chun poiblíocht a fháil don ócáid? Tháinig go leor ealaíontóirí agus criticeoirí chun tosaigh ina dhiaidh sin chun Gradam Turner a chosaint.
poiblíochta publicity
" AL: Sea, bhí an gradam sin an-mhaith dúinn, thug sé a lán poiblíochta dúinn, agus tá sé sin tábhachtach mar tá an méid sin dlúthdhioscaí nua ag teacht amach anois sa lá atá inniu ann.
an oiread poiblíochta domhanda so much world publicity
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
poiblíochta publicity
" Níl duine ar leith fostaithe againn le déileáil le cúrsaí margaíochta agus poiblíochta.
i bhfianaise na poiblíochta in light of the latest publicity
" An bhfuil cúrsaí spóirt in umar na haimléise? Sin í an cheist atá á cur agam orm féin i bhfianaise na poiblíochta is déanaí faoi mhí-úsáid drugaí sa spórt.
poiblíochta publicity
" "D'éirigh go hiontach leis, ach ní bhfuair sé mórán poiblíochta sna páipéir.
a laghad poiblíochta so little publicity
" Tugadh a laghad poiblíochta don tionscadal nach raibh a fhios agamsa faoi go pearsanta go dtí Meán Fómhair 2003.
níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide protestors are not getting proper publicity
" Ní hamháin sin ach tá na fíricí á gceilt ar mhuintir na hÉireann agus níl an phoiblíocht chaoi á fáil ag lucht agóide.
dea-phoiblíochta good publicity
" Níl aon dabht ach go mbeadh go leor dea-phoiblíochta le fáil ag an eagraíocht dá bhfaighidís réidh le Riail 42.
feachtas poiblíochta publicity campaign
" Chuir sé olc ar Timor Thoir freisin gur iarr an Astráil orthu éirí as an bhfeachtas poiblíochta sin.
phoiblíocht publicity
" Bhí Gael Linn an-tughta don phoiblíocht agus úsáid na meán cumarsáide chun a scéal féin a chur i láthair an phobail.
stiúrthóir poiblíochta publicity director
" Bhí sé ina stiúrthóir poiblíochta ar an IRA roimh an sos cogaidh i mí Iúil 1921.
bréan den phoiblíocht uilig sack of all the publicity
" “Tá mé dubh dóite, dóthanach, tinn tuirseach agus bréan den phoiblíocht uilig atá á fáil ag an leabhar sin nach fiú cros na cianóige é, *Eats Shites and Leaves*,” a mhaíonn Balor na Súile Nimhe, Laoch na Litríochta.
in ainneoin na poiblíochta ar fad despite all the publicity
" “Níl substaint ná fiúntas sa leabhar agus, in ainneoin na poiblíochta ar fad atá faighte aige, níl tionchar ar bith aige ar chomharthaíocht ná ar fhógraíocht an Bhéarla.
poiblíocht publicity
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
poiblíocht publicity
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
poiblíocht publicity
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
poiblíocht publicity
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
poiblíocht publicity
" ” Deirtear sa lá atá inniu ann go bhfuil poiblíocht i bhfad níos éifeachtaí ná margaíocht nó fógraíocht.
de bharr na poiblíochta due to the publicity
" "Bhí sé úsáideach go raibh an scéal ar an teilifís agus sna nuachtáin mar tuigeann níos mó daoine an ceangal contúirteach idir tobac agus daille anois agus tháinig a lán daoine a raibh an galar orthu chun tosaigh de bharr na poiblíochta," a mhínigh sé dom.
poiblíochta publicity
" In ainneoin an mhéid poiblíochta atá tugtha le tamall do dhaoine as an Astráil a gabhadh agus drugaí ina seilbh san Áis, is cinnte nach mbeidh aon deireadh leis an trácht seo a fhad is a cheapann daoine go bhfuil airgead “éasca” le déanamh ag iompar drugaí do na mangairí.
fheachtas ceart poiblíochta a proper publicity campaign
" Ar an bhliain seo chugainn tabharfaidh muid faoi fheachtas ceart poiblíochta.
ábhar poiblíochta publicity material
" Tháinig an leabhar leis an ábhar poiblíochta seo go léir ag rá go raibh siad chun £150,000, nó rud éigin uafásach mar sin, a chaitheamh ar fheachtas poiblíochta.
phoiblíocht publicity
" Bíodh sin mar atá, tá an phoiblíocht a cheannaíonn mórbhuiséid mhargaíochta leithéidí Nike agus Coke i ndiaidh ainm Michael Jordan a leathú ar fud na hEorpa cé nach bhfuil sa chispheil ann ach spórt an mhionlaigh.
an meán nua poiblíochta seo this new publicity medium
" Ach tá comhlachtaí ag cur físeán ar fáil mar go n-aithníonn siad na buntáistí móra a bhaineann leis an meán nua poiblíochta seo atá cosúil ar shlí leis an gcoincheap WebTV.
an phoiblíocht chumhachtach the powerful publicity
" I measc na mbuntáistí atá ann do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí físeáin a fhoilsiú ar an idirlíon tá (a) an costas íseal a bhaineann leo (má tá físeán nó fógra cruthaithe acu cheana féin ní chosnaíonn sé mórán é a chur ar fáil do lucht féachana domhanda ar an idirlíon) agus (b) an phoiblíocht chumhachtach (insíonn daoine dá chéile mar gheall ar mhíreanna maithe físe agus mar sin tugann daoine níos mó airde orthu).
mórán poiblíochta much publicity
" Fuair Toyota mórán poiblíochta cheana féin lena ngluaisteán hibrideach, an Prius, agus tá sé tuillte acu, ach níl ann ach slí chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as an pheitreal atá in umar an ghluaisteáin.
poiblíocht publicity
" Tá duaiseanna agus buntáistí nua le gnóthú ag an mbuaiteoir i mbliana: poiblíocht sa nuachtán áitiúil, *The Galway Advertiser* agus ar an stáisiún raidió áitiúil, Galway Bay FM; priontáil agus comhairle mhargaíochta ó Snap Printing; ballraíocht de Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus dlúthchairdeas le Gaillimh le Gaeilge.
poiblíocht mhaith good publicity
" ” Bhí mé sásta go raibh deis agam poiblíocht mhaith a fháil do Ghleann Cholm Cille, ach tá imní orm anois go gcasfaidh mé ar Ghearmánach eile an samhradh seo chugainn taobh amuigh de theach Bhiddy, é ag rá “Kerry pub, Kerry pub!” agus pictiúr de cuid Fáilte Éireann ina lámh aige.
poiblíocht agus fógraíocht iontach suntasach agus tarraingteach very noticeable and attractive publicity and advertising
" Níl dabht ar bith ach go bhfuil poiblíocht agus fógraíocht iontach suntasach agus tarraingteach á fáil ag an iomáint agus ag an rugbaí de bharr a gceangal leis na comhlachtaí móra seo.
In ainneoin na poiblíochta sna meáin despite the publicity in the media
"In ainneoin na poiblíochta sna meáin agus an gearán a rinne Maureen, níor tharla rud ar bith - ní raibh fiosrúchán oifigiúil ann, mar shampla.
ceannaire poiblíochta head of publicity
" Chaith muid an-dúthracht ag iarraidh Ian Paisley a thabhairt isteach i rialtas inár gcuideachta,” a dúirt Richard McAuley, ceannaire poiblíochta Shinn Féin, liom.
roinnt mhaith poiblíochta a great deal of publicity
" Bhí mná an cheantair sin chun tosaigh in agóidí i gcoinne díshealbhaithe, agus bhí roinnt mhaith poiblíochta ann, cuid di ag tacú leis na daoine agus cuid di ina gcoinne.
ar fheachtas aonair poiblíochta. on an individual publicity campaign.
" €60,000 caite aige ar fheachtas aonair poiblíochta.
poiblíocht publicity
" Bhíomar ag lorg seifteanna le poiblíocht a fháil don albam úr, *Gamblers’ Ballet*, a bhí á eisiúint againn.
ábhar poiblíochta an mhúsaeim the museum's publicity material
" Cé go bhfuil sé luaite in ábhar poiblíochta an mhúsaeim gur bhunaigh an Rí John an baile mór mar ionad le hionsaí a dhéanamh ar Éirinn, níl aon anailís ná aon mhíniú ar impiriúlachas agus ar bhrúidiúlacht na Breataine in Éirinn, rud a chuir díomá agus míshuaimhneas ar a lán Éireannach sa chathair.
an phoiblíocht ar fad all the publicity
" ” Tá Kings san iomaíocht d’ainmniúchán do Ghradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta – an chéad uair riamh ar tharla sé seo i gcás scannán Gaeilge – agus tá Tom Collins ag súil go gcuideoidh an scannán agus an phoiblíocht ar fad le haird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh ag muintir Aisling agus ar an dóchas atá á thabhairt ag an obair sin do na céadta Éireannach a bheadh cráite agus caillte gan é.
poiblíocht mhaith good publicity
" Bhí an chuma ar an scéal go gcomhlíonfaí an gealltanas sin nuair a cuireadh oifig frith-chaimiléireachta (CBA) ar bun, ach ba ghearr go bhfacthas do Pholannaigh nach raibh i CBA ach uirlis rialtais chun poiblíocht mhaith a fháil do PiS agus chun an freasúra a chiapadh.
a lán poiblíochta a lot of publicity
" Níl an bhainis seo luaite i leabhar Belchem, cé go bhfuair sí a lán poiblíochta nuair a nocht Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge leacht cuimhneachán i Meán Fómhair 1993 san eaglais inar phós siad.
poiblíocht, publicity
" Conspóid, poiblíocht, pobalbhreith ach easpa gnímh ag a dheireadh! Conspóid eileTá an chosúlacht ar an scéal gur beag a d’fhoghlaim an tAire Oideachais, Mary Hanafin, faoin bhrachán bocht seo nuair a mhol sí go reáchtálfaí pobalbhreith eile ar an bhaile le tabhairt faoi fhadhb eile a tháinig chun cinn le déanaí: ceist theanga teagaisc na meánscoile nua, Pobalscoil Chorca Dhuibhne.
ábhar poiblíochta publicity material
" Tá siadsan i measc na “ndaoine leochaileacha” sin a luadh in ábhar poiblíochta an fheachtais.
níl drogall air poiblíocht a lorg. he's not afraid to seek publicity.
" Tá a aghaidh clúdaithe le *moko* (tatúnna traidisiúnta) agus níl drogall air poiblíocht a lorg.
a tharraingíonn poiblíocht orthu féin who attract attention to themselves
" ** **Micheál Martin **(Leatosaí ar dheis): Is iad baill na foirne tosaithe, de ghnáth, a tharraingíonn poiblíocht orthu féin agus ní bheidh díobháil bolscaireachta ar phríomhthaidhleoir an tíre agus reifreann ar Chonradh Liospóin ar na bacáin.
deiseanna poiblíochta chances for publicity
" Do Phat Kenny thabharfainn carn mór aitinn agus cupán caifé agus neart deiseanna poiblíochta do Gerry Ryan.
poiblíocht publicity
" Ar ndóigh, is mór an leas a dhéanann poiblíocht mar sin don dream atá ag iarraidh vacsaín a dhíol.
poiblíochta publicity
" Tá eolas againn ar bhall bruscair an Aigéin Chiúin le tamall anuas, agus tá roinnt mhaith poiblíochta agus taighde á dhéanamh air.
poiblíochta publicity
" Mar bhuille scoir, tá gach crosbhóthar mór gafa ag arm d’fheachtasóirí proifisiúnta: bochtáin a n-íocann áisíneachtaí poiblíochta luach de thar ar €17 in aghaidh an lae leo chun bratach nó lamhnán héiliam le téacs bolscaireachta a choinneáil ina lámh, ar feadh ocht n-uaire an chloig, faoin ngréin, sa bháisteach, faoi dheatach na tráchta.
poiblíochta publicity
" Dá mba iarrthóir toimhdean thú, nár dheas na rudaí sin go léir a cheangal ina chéile agus laethanta ciúine an tsamhraidh a chaitheamh dod' chur féin chun cinn? Le cúpla bliain anuas, tá an Tea Party ag tapú na deise an samhradh a chaitheamh le poiblíochta.
poiblíochta publicity
" ) Déanann sé roinnt mhaith poiblíochta do chomhlachtaí agus do dhreamanna agus déarfar ‘seo fear, is beag nár rith sé don toghchán.
ocsaín na poiblíochta a new lease of life through publicity
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
poiblíochta publicity
" Bunaíodh aonaid ghnó in RTÉ, aonad gnó nuaíochta, aonad gnó teilifíse, aonad gnó poiblíochta agus aonad gnó raidió agus tá muidinne mar dhlúthpháirt den aonad ghnó sin.
deiseanna poiblíochta agus oibre a thabhairt providing work and publicity opportunities
" Chuir Fuller dlús faoi athbheochan an cheoil Ghaelaigh thar sáile trí deiseanna poiblíochta agus oibre a thabhairt do cheoltóirí óga nach raibh mórán tráchta orthu roimhe sin – leithéidí *The Dubliners*, Pecker Dunne, Margaret Barry, Makem is Clancy, Luke Kelly, Seosamh Ó hÉanaí agus eile.
fheachtas poiblíochta is margaíochta ar line on line of marketing or publicity campaign
" Mar sin, dar liom, is fiú smaoineamh ar fhísean mar chuid de fheachtas poiblíochta is margaíochta ar líne.
mar dheis poiblíochta as a publicity device
" Bíonn muid ag plé le reachtaíocht ó lá go lá, ach is tábhachtaí go dtugann sé ardán duit mar ionadaí poiblí labhairt agus ceisteanna a ardú ar son do phobail, ceisteanna a bhrú le hairí éagsúla agus é a úsáid mar dheis poiblíochta ar na rudaí atá ag déanamh tinnis do dhaoine.
poiblíocht publicity
" Tugtar poiblíocht don scéal is neafaisí a dhíolfas an ‘nuacht’ agus is túisce ceannlíne faoin bhás aonar iartharaigh ná bás an daichid san Áis, san Afraic nó i Meiriceá Theas.
is annamh a thugtar poiblíocht seldom is publicity given
" Breathnaíonn sé mar sin don phobal mar is annamh a thugtar poiblíocht don obair ar reachtaíocht a dhéanann na Seanadóirí.
bpoiblíocht ar fad all the publicity
" Is léir sin ón bpoiblíocht ar fad a luaigh cáil an Late Late Show.
an phoiblíocht a dhéanamh air doing the publicity for it
" Idir scríobh agus labhairt faoi, an branda a chruthú, an mhargaíocht agus an phoiblíocht a dhéanamh air, ar líne agus trí na meáin traidisiúnta, ní éiríonn leis an bhfiontraí an margadh a shroichint.
nár theastaigh an phoiblíocht the publicity wasn’t needed
" Agus cé go gceapann roinnt daoine gur seift mhargaíochta a bhí ann go príomha, deir sé go neamhchas gur 'timpiste' a bhí ann agus nár theastaigh an phoiblíocht ar an ábhar go mbíodh na cúrsaí lán i gcónaí ar aon nós.
Cleas Poiblíochta nó Turgnamh a publicity trick or an experiment
" (Thug siad an freagra 10 cent atá mícheart) Cleas Poiblíochta nó Turgnamh? =============== Seo a leanas an turgnamh is conspóidí dá ndearnadh Kahneman.
poiblíocht ag mealladh publicity enticing
" D’éisigh cúige mór eile i gCeanada, Ontario, an áit a bhfuil Toronto agus Ottawa, poiblíocht ag mealladh dochtúirí óga Québec a chaitheann suaitheantas mar seo chun obair ann leis an ráiteas *‘We don’t care what’s on your head, but what’s in it’*.
le poiblíocht on publicity
" Mar bharr ar an sparán teann a caitheadh le poiblíocht, tá carn mór airgid caite ar fhógraí gránna, feiceálacha, ar mhuin mhairc a chéile, agus tá siad go forleathan san iarthar anois.
feachtas poiblíochta a publicity campaign
"feachtas poiblíochta in Éirinn ag Rialtas na Breataine Bige faoi láthair chun daoine a mheallú don tír sin, áit a bhfuil Llwybr Arfordir Cymru ann.
poiblíocht nach bhféadfaí a cheannacht priceless publicity
" Céard faoina cheapachán, a tharraing neart cainte agus neart litreacha sna nuachtáin? Tá poiblíocht nach bhféadfaí a cheannacht faighte ag Oideas Gael i nGleann Colm Chille do na gearrchúrsaí Gaeilge a reáchtáltar ann.
poiblíocht nó bolscaireacht ar bith any propaganda or publicity
" Ní fhaca mé poiblíocht nó bolscaireacht ar bith faoin tréimhse chomhairle thuasluaite; fuair mé amach faoi nuair a bhí mé ag déanamh taighde le haghaidh mo chúrsa timpeallachta anseo ag Oideas Gael.
poiblíocht publicity
" Léiríonn na figiúirí go bhfuil breis is ceithre mhíle comhartha tógtha go dtí seo, chun poiblíocht a thabhairt don togra turasóireachta úd.
Bainisteoir Poiblíochta Publicity Manager
" Labhair Stiofán MacGréill le Bainisteoir Poiblíochta na féile, Murchadh Moireasdan.
poiblíocht publicity
" Rith smaoineamh maith le heagarthóir na hirise Hot Press chun poiblíocht a fháil d’albam nua Kíla ach, mar a mhíníonn Colm Ó Snodaigh, bhí an-bhrú agus strus i gceist nuair a chuathas isteach sa stiúideo le tabhairt faoin tionscadal.