Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
earnáil phoiblí public sector
" Fiú má bhíonn cúlú sa gheilleagar agus má theipeann ar a ghnó siúd, tá árasán acu agus tá post san earnáil phoiblí aicise.
ag poibliú publicising
" Ó Conaola i láthair ar son Ghaelsaoire, Áine Seoighe agus Cáitlín Ní Chonghaile mar ionadaithe Fhoras na Gaeilge, Gráinne Ní Chonchúir ar son an chomhlachta Fios Feasa agus baill de Chonradh na Gaeilge (Craobh Curtin, Milwaukee) ag díol leabhar agus ag poibliú imeachtaí teanga na bliana.
a phoibliú to publicise
" Tugann Channel 4 tacaíocht airgid don duais agus déanann siad an comórtas a phoibliú go hidirnáisiúnta.
a phoibliú to publicise
" Díoltar na ticéid don seó i bhfad roimh ré sa tír sin, déantar é a phoibliú go héifeachtach agus bíonn gach rud eagraithe go maith.
á phoibliú being given publicity
" Cén obair atá idir lámha agaibh faoi láthair? Tá úrscéal nua Éilís Ní Dhuibhne, *Cailíní Beaga Ghleann na mBláth*, á phoibliú againn; tá eagar á chur ar leabhar faoi stair an mhúinteora in Éirinn le Caoimhe Martin; tá fadhbanna teicniúla a roinneann le foilsiú innéacs 500 leathanach don *Chlaidheamh Soluis *ar CD-ROM á réiteach; tá ábhar á sholáthar againn do thionscadal de chuid ITÉ (corpus Gaeilge), tá clúdaigh á ndearadh, tá ábhar breise á réiteach don suíomh gréasáin, srl.
oifigigh uaisle phoiblí noble public officials
" Roimh 9/11, ainmníodh na sráideacha, mar chomhartha ómóis, as oifigigh uaisle phoiblí nach raibh ónoir ní ba mhó tuillte acu, is oth liom a rá.
ráitis phoiblí public statements
" Ní dóigh liom gur taisme é gur gainne go mór na ráitis phoiblí a chualathas ó Bertie in 2003.
earnáil phoiblí private sector
" 50 san uair, i gcuid de na comhlachtaí príobháideacha, mar shampla, nó má bhíonn tú ag obair mar rúnaí pearsanta san earnáil phoiblí.
san earnáil phoiblí in the public sector
" Sa chéad jab sealadach a fuair mé i mBéal Feirste, d'oibrigh mé mar fháilteoir in oifig san earnáil phoiblí.
na seirbhísigh phoiblí the public servants
" Cuideoidh an tionscnamh seo go mór leis an ngealltanas sin a thabhairt i gcrích agus déanfaidh sé an obair níos éasca do na seirbhísigh phoiblí a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge.
sábháilteacht phoiblí public safety
" Oakley Hall - an tuairim in iúl gur cheart an pharáid a chur ar ceal ar mhaithe le sábháilteacht phoiblí.
oifigeach caidrimh phoiblí public relations officers
" I measc 67 oifigeach caidrimh phoiblí a bhí ag obair acu san Iaráic cúpla mí ó shin, ní raibh ach triúr a raibh Araibis acu.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" Tá níos mó damáiste ó thaobh caidrimh phoiblí de déanta ag dúnmharú McCartney ná mar a rinne bolscaireacht na Sasanach agus na n-aontachtaithe le tríocha bliain anuas.
modh éifeachtach iompair phoiblí efficient mode of public transport
" Tá neart buntáistí ag baint le traenacha: is modh éifeachtach iompair phoiblí iad, tá siad i bhfad níos fearr don chomhshaol ná gluaisteáin, is féidir leo níos mó comaitéirí a iompar ná busanna nó fiú tramanna Luas agus, nuair a bhíonn siad ag iompar lasta, tig le traein amháin áit breis is cúig leoraí dhéag a ghlacadh.
thionscadail phoiblí public projects
" Le blianta beaga anuas chonacthas í ag díriú isteach ar thionscadail phoiblí ar scála mór.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sa Chomhdháil Cheilteach (An CC) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an tOifigeach Caidrimh Phoiblí agus tá mé sa phost timpeall seacht nó ocht de bhlianta.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" De réir mar atá an feachtas ag leathnú, tá sé tuigthe ag McDonald’s, Coles agus Woolworth’s go bhféadfadh tubaiste a bheith ar a lámha acu ó thaobh caidrimh phoiblí de agus tá fógraí acu sna páipéir ag cur in iúl an taobh eile den scéal.
a phoibliú to publicise
" ie): “Is deis iontach í seo do Ghaelsaoire an Ghaeltacht a phoibliú ar fud Mheiriceá mar shárionad saoire do na Gaeil thar lear.
conradh flaithiúil caidrimh phoiblí a generous public relations contract
" Bhí neart ceisteanna le freagairt ag an Aire Iompair, Martin Cullen, faoin dóigh ar bronnadh conradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid, ach ní raibh aon cheo le freagairt aige faoi chaidreamh collaí a bheith aige le Monica Leech, mar a thug cúpla nuachtán le fios go cliathánach.
obair chaidrimh phoiblí public relations work
" Rinne mé céim i nGaillimh agus ansin chaith mé trí bliana ag déanamh obair chaidrimh phoiblí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus ag obair go páirtaimseartha le RTÉ.
bhreis daoine a earcú san earnáil phoiblí to recruit more people in the public sector
" Is dris chosáin mór ar na hiarrachtaí chun srian a chur leis an ghalar sna hotharlanna é an cosc atá curtha ar bhreis daoine a earcú san earnáil phoiblí.
pearsa phoiblí public personality
" Is go drogallach atá Muireann Ní Bhrolcháin ina pearsa phoiblí ach is léir go gcaithfidh sí dul i dtaithí air!
óráid phoiblí public speech
" Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá i gcoitinne le déanaí nuair a thug an tUachtarán George Bush le fios, in óráid phoiblí, go ndeachaigh sé taobh amuigh den chóras dlí chun cúléisteacht agus spiaireacht a dhéanamh ar amhrasaigh, agus go raibh an chúléisteacht seo ar siúl ó 2001 i leith.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Fríd am, casadh na baill eile den eagraíocht orm, mar atá Pádraig Ó Cuinneagáin (Rúnaí), Fionbarra Ó Baoill (Leas-chathaoirleach), Máire Nic Suibhne (Oifigeach Caidrimh Phoiblí), Iognáid Ó Muircheartaigh (Cisteoir) agus Brid Ní Dhóláin (Oifigeach Forbartha).
díospóireacht phoiblí public debate
" Nach ionann carachtair “Ros na Rún” agus leagan iltoiseach de na seandeilbhíní a bhíodh á n-úsáid i m*Buntús Cainte *fadó – ach go bhfuil siad ábalta labhairt agus siúl! Ceann de na torthaí is mó atá ar an díospóireacht phoiblí a chothaigh moltaí conspóideacha Enda Kenny i leith na Gaeilge a bheith ina ábhar staidéir roghnach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh ná go bhfuil sé admhaithe faoi dheireadh ag an Aire Oideachais go bhfuil locht ar theagasc na teanga.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sna Gaeil Óga agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí do Na Gaeil Óga, mar sin bím ag iarraidh ainm na heagraíochta a chur chun cinn sna meáin chumarsáide.
san earnáil phoiblí in the public sector
" Ag an am céanna leis seo, beidh an seimineár dar teideal “Feasacht Teanga: Feidhmiú Scéime agus Deacrachtaí Custaiméirí” ar siúl do dhaoine atá freagrach as Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí.
foirgnimh áille phoiblí beautiful public buildings
" Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.
san earnáil phoiblí in the public sector
" Ag an am céanna leis seo, beidh an seimineár dar teideal “Feasacht Teanga: Feidhmiú Scéime agus Deacrachtaí Custaiméirí” ar siúl do dhaoine atá freagrach as Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí.
córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth an excellent modern public transport system
" Agus an rud atá ag gabháil a tharlú go sciobtha sa tír seo ná go dtiocfaidh daoine ar an tuiscint go bhfuil deireadh le ré na gcarranna agus go gcaithfidh muid córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth a chur ar fáil do chuile shaoránach in Éirinn, bíodh sé i mBaile Átha Cliath, i gClár Chlainne Mhuiris, i nGaillimh nó pé áit.
íomhá phoiblí íon spotless public image
" Tagairt atá sa chartún do na trioblóidí beaga atá ag cur smál ar íomhá phoiblí íon Wayne Gretzky, réalta mhór an haca oighir i Meiriceá Thuaidh le glúin anuas, agus fear a bhfuil an leasainm “The Great One” air.
san earnáil phoiblí in the public sector
" Ag an am céanna leis seo, beidh an seimineár dar teideal “Feasacht Teanga: Feidhmiú Scéime agus Deacrachtaí Custaiméirí” ar siúl do dhaoine atá freagrach as Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí.
oibrithe san earnáil phoiblí public sector workers
" An mhí seo caite, dúirt Impact, ceann de na ceardchumann is mó a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe san earnáil phoiblí, nár mhór leasú radacach a dhéanamh ar an phróiseas díláraithe.
trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí through public private partnership
" Beidh os cionn 1,200 d’fhoireann na Roinne Oideachais féin mar aon leis an Roinn Talmhaíochta agus an Roinn Fiontar Poiblí lonnaithe sna hoifigí seo, a thógfar trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (public private partnership).
geallúint phoiblí public promise
" Go gairid ina dhiaidh bhí ar an Athair Richard Goode, an tAthair Noel Hession agus an tAthair Iggy O’Donovan leithscéal i scríbhinn a ghabháil le hArdeaspag na hÉireann, leis an Nuinteas Aspalda agus le ceannasaí ord na nAgaistíneach agus ag am céanna geallúint phoiblí a thabhairt nach ndéanfaidís a leithéid arís go deo.
córas iompair phoiblí níos éifeachtaí a more efficient public transport system
" D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí insliú tí níos fearr, córas iompair phoiblí níos éifeachtaí nó pleanáil baile agus tuaithe níos fadtéarmaí.
san earnáil phríobháideach agus phoiblí in the private and public sectors
" Labhair sí go paiseanta faoin obair a bhíonn ar bun aici le daoine aonair, agus le comhlachtaí san earnáil phríobháideach agus phoiblí.
sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí in the biggest public relations agency
" ” Ní raibh easpa misnigh ar bith ar Natasha, áfach, agus smaoinigh sí ar dhóigh le taithí luachmhar oibre a fháil a chuideodh léi post a fháil: oibriú saor in aisce sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí sa tír, Carr Communications.
de chóras iompair phoiblí of a public transport system
" Mar sin, níl sí oiriúnach amach is amach mar thír don taistealaí neamhspleách, toisc nach bhfuil mórán de chóras iompair phoiblí inti agus toisc go dtógann sé an chuid is mo de lá dul ó phointe A go pointe B.
ag brath barraíocht ar an earnáil phoiblí. depending too much of the public sector.
" Ceann de na cinn is mó ná an dóigh a bhfuil muid ag brath barraíocht ar an earnáil phoiblí.
lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú. to pay for such a public transport service.
" ) Ar ndóigh, d'fhéadfadh tábhairneoirí comhoibriú le chéile lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú.
a phoibliú. to publicise.
an earnáil phoiblí the public sector
" Tá 63% de gheilleagar an tuaiscirt bunaithe ar an earnáil phoiblí i gcomparáid le 43% sa “chuid eile den Ríocht Aontaithe”; de réir *Bare Necessities*, tuairisc a d’fhoilsigh an Economic and Social Research Centre i Sasana, tá corradh le 500,000 duine ó thuaidh ag maireachtáil faoi “líne na bochtaineachta” agus tá lear mór fadhbanna eile ag crá mhuintir na Sé Chontae.
aghaidh phoiblí public face
" Deirtear go minic gurb é Peter aghaidh phoiblí na ndeartháireacha Quinn – is é Seán Quinn (atá i bhfad níos príobháidí mar dhuine) an dara duine is saibhre in Éirinn, agus baint aige le táirgí cairéalaithe, árachas agus an tionscal fáilteachais, i measc rudaí eile.
tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí. the salary of workers in the public sector.
" Tá an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí.
i ndíospóireacht phoiblí in a public debate
" Scríobhas ráithe ó shin gurbh iad Barack Obama agus Hillary Clinton na príomhiarrthóirí don chéad toghchán eile, ach i ndíospóireacht phoiblí a reáchtáladh le déanaí, thug an tUasal Obama le fios gur mhithid ionruathar a dhéanamh ar an bPacastáin, in ainneoin thoil na tíre sin, dá mba ghá é chun an ruaig a chur ar Al-Qaeda.
ár seirbhísigh phoiblí our public servants
" Táimid sásta má thaispeánann ár seirbhísigh phoiblí siombailí eitneachais agus reiligiúin a fhad is go mbaineann na siombailí sin lenár gcultúr, lenár stair agus lenár reiligiún féin.
córas iompair phoiblí public transport system
"córas iompair phoiblí i measc na nithe sin, agus tá ról lárnach ag na tramanna sa chóras rathúil iompair in Melbourne.
páirc phoiblí public park
" Leag siad an halla roimh 1914 agus d’oscail siad páirc phoiblí ar an eastát.
úinéireacht phoiblí public ownership
" Is faoi úinéireacht phoiblí atá RTÉ, TG4 agus RTÉ RnaG agus táthar éagsúil go maith óna gcuid iomaitheoirí, atá faoi úinéireacht chomhlachtaí iasachta den chuid is mó.
páirc phoiblí mhór ghalánta a big and beautiful park
" Thiomnaigh sé an halla do chomhairle na cathrach agus bhunaigh siadsan páirc phoiblí mhór ghalánta ansin.
córas maith iompair phoiblí. a good system of public transport.
" Bhí díospóireacht ann faoi cé acu an féidir le daoine nach bhfuil gluaisteán acu a bheith páirteach i saol na cathrach in éagmais córas maith iompair phoiblí.
drochíomhá phoiblí bad public image
" D'fhéach Polannaigh óga ar an gcúpla Kaczynski mar pholaiteoirí a raibh drochíomhá phoiblí acu nach bhféadfaí feabhas a chur uirthi.
poist áirithe phoiblí certain public jobs
" Ní mó ná sásta atá lucht PiS leis seo, cé go bhfuil beagnach scór bliain imithe ón am sin ar theastaigh ó PiS cosc a chur ar dhaoine a bhí bainteach leis an iarchóras poist áirithe phoiblí a bheith acu, agus ar theastaigh uathu ainmneacha daoine a chomhoibrigh leis na cumannaigh a fhoilsiú go poiblí.
barraíocht airgid phoiblí too much public money
" Bíodh sé fíor nó contráilte, tá an tuairim coitianta go leor i Sasana go bhfuil an Pharlaimint ag caitheamh barraíocht airgid phoiblí agus gurb iadsan atá ag díol as.
ar fhostaíocht san earnáil phoiblí) on employment in the public sector)
" Caitear níos mó airgid phoiblí in Albain ná i Sasana (go háirithe ar an oideachas agus ar fhostaíocht san earnáil phoiblí) agus bíonn easnamh bliantúil sa bhuiséad acu dá réir.
feidhm phoiblí public function
" (ach) bhí feidhm phoiblí aici chomh maith – dhéantaí í a aithris le linn bainise agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige.
ealaín luachmhar phoiblí valuable public art
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
áit phoiblí. public place
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
an chéad dánlann phoiblí the first public gallery
" D’oscail sé Dánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín, a bhí ar an chéad dánlann phoiblí don ealaín nua-aimseartha ar domhan, b’fhéidir, i 1908.
taispeántais phoiblí, public exhibitions,
" Baineann sé úsáid as taispeántais phoiblí, mar shampla, chun a chuid smaointe a chur i láthair.
bláir phoiblí open public spaces
" Gné lárnach den phlean freisin ab ea na bláir phoiblí atá le feiceáil ar fud na cathrach.
bialann phoiblí a public restaurant
" Chomh maith leis sin, beidh bialann phoiblí ann, mar aon le naíolann, siopa leabhar agus seomraí ranga.
earnáil phoiblí public sector
" ” Tá iarchéimithe de chuid an chláir seo ag feidhmiú i bpostanna bainistíochta in earnáil na Gaeilge, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.
pá san earnáil phoiblí; pay in the pubic sector
" *CMA: Ach cloisimid an méid sin faoi iomaíochas agus faoi chostais?* DMW: Tá siad sin ann go cinnte ach is mar seo a chuirfinn fadhbanna na tíre in ord tábhachta: ar dtús, margadh na tithíochta, na bainc agus na fiacha; ansin, pá san earnáil phoiblí; ar deireadh, na cuideachtaí ilnáisiúnta.
Choiste um Chuntais Phoiblí the Committee of Public Accounts
" Cad é faoin Choiste um Chuntais Phoiblí? An amhlaidh nár thug siad aon suntas do mhírialtachtaí caiteachais FÁS óna gcuid tuarascálacha bliantúla? Ar ndóigh d’inseodh duine ar bith atá fostaithe sa tseirbhís phoiblí nach nós ariamh aon airgead atá fágtha sa bhuiséad a chur ar ais sa státchiste.
leas phoiblí the public good
" Dá réir sin, is é mo thuairim, tar éis an leas phoiblí a thabhairt san áireamh, go bhfuil na taifid uile den chineál sin díolúinte faoi alt 24 (1) de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise sa mhéid agus go mbeadh éifeacht neamhfhábharach ar an chaidreamh Thuaidh-Theas dá scaoilfí iad.
saothair phoiblí public works
" Tá clú ar an dealbhóir Anthony Gormley as saothair phoiblí a bhaineann leis an chorp a sholáthar – a cholainn féin go háirithe.
dtithíocht phoiblí public housing
" Is mar gheall ar an mbua seo go raibh Sonia Sotomayor, bean de bhunadh Puerto Rico a d'fhás aníos i dtithíocht phoiblí sa Bhronx, Nua-Eabhrac, in ann suí breithimh i gCúirt Uachtair Mheiriceá a bhaint amach.
earnáil phoiblí public sector
" “Mar a bhí á rá agam, táim chun saoire gan phá a thógáil – tá sos gairme á mholadh acu san earnáil phoiblí faoi láthair agus is maith an chiall dom é sin a dhéanamh anois fad is atá na cailíní óg agus suíochán agam sa Seanad.
phoiblí public
" Tá an tuairim aige gur gá córas iompair phoiblí feidhmiúil a chur ar bun agus bonneagar úrnua a thógáil má tá an pobal le dul i ngleic leis an nganntanas breosla feasta.
phoiblí public
" Ó tharla lánchosc a bheith ar earcaíocht sa státsheirbhís agus sa tseirbhís phoiblí (cé is moite d’eisceachtaí áirithe), tá tobar na fógraíochta folúntais tráite go hiomlán.
caidrimh phoiblí pr
" Nuair a d’fhiafraigh mé ar Twitter “Céard é an ghné is fearr de Wave dar leat?” dúirt bean amháin liom “The "close browser window" is my favourite feature of Google Wave - sorry!”Tá roinnt caidrimh phoiblí fós le déanamh ag Google Wave is dócha! Chruthaigh Google an uirlis nua seo, ní hamháin mar athchur r-phoist ach mar uirlis chomhoibrithe.
earnáil phoiblí public sector
" Ní gá a rá, ar ndóigh, gur rialtas sóisialach é an rialtas Zapatero! Criogair na hÉireann agus na Gréige ================ Tuigtear freisin go raibh oibrithe ón earnáil phoiblí in Éirinn agus sa Ghréig ar stailc le deireanas chun a gcuid míshástachta a léiriú in aghaidh ciorruithe rialtais agus díluacháil a gcuid pinsean.
tseirbhís phoiblí is tábhachtaí most important public service
" Deir sé gurb é “an t-oideachas an tseirbhís phoiblí is tábhachtaí a d’fhéadfadh Stát a chur ar fáil, chun tacú le tuismitheoirí agus leis an bpobal a dteanga mhionlaithe a chaomhnú”.
Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí Public Appointments Service
" Leagan níos laige den mholadh sin a bhí ins an dréachtstraitéis a d'fhoilsigh an rialtas breis is bliain ó shin agus iad ag moladh go bhfágfaí faoin Roinn Airgeadais agus faoin Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí an 'cohort' (mar a tugadh air) do dhaoine le Gaeilge sa státseirbhís a mhéadú.
ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin not just reliant on public verse
" Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha.
úinéireacht phoiblí public ownership
" Ba cheart a rá leo dá bhrí sin, a bheith ag imeacht leo agus córas cánach, córas airgeadais a atheagrú ar bhonn Éireannach, agus ar bhonn Eorpach chomh maith; go mbeadh na forais airgeadais in úinéireacht phoiblí – ní chun bailout a dhéanamh orthu ach go mbeidís faoi smacht daonlathach, agus ins an tslí sin go mb'fhéidir airgead a thabhairt do dhaoine atá féinfhostaithe, do ghnónna beaga agus a leithéid chun forbairt a dhéanamh agus go mór mór, chun bonneagar athá riachtanach anso a chur chun cinn agus na mílte a chur ar ais ag obair.
Seirbhís Phoiblí public service
" An tAire Seirbhís Phoiblí: Michael Noonan ====================== Tá sé mar rún ag Fine Gael cúram na seirbhíse phoiblí a dheighilt ón Roinn Airgeadais agus má ghéilleann siad an aireacht Airgeadais don Lucht Oibre beidh an roinn nuacheaptha seo mar chúiteamh acu.
cúram na seirbhíse phoiblí the duties of public services
" An tAire Seirbhís Phoiblí: Michael Noonan ====================== Tá sé mar rún ag Fine Gael cúram na seirbhíse phoiblí a dheighilt ón Roinn Airgeadais agus má ghéilleann siad an aireacht Airgeadais don Lucht Oibre beidh an roinn nuacheaptha seo mar chúiteamh acu.
An tSeirbhís Phoiblí Díblithe the public service enfeebled
"An tSeirbhís Phoiblí Díblithe ========== **Balor: “Cén sórt athruithe atá i gceist agat, a Thaoisigh?”** Enda: “Bhuel, diomaite de na teachtaí Dála, tá tuarastal i bhfad ró-ard ag lucht na seirbhíse poiblí.
seirbhísigh phoiblí public servants
" Ba bhreá liom a bheith chomh tarcaisneach maslach leis sin in amanna, le roinnt de na seirbhísigh phoiblí anseo, ach bheadh eagla orm go gcaillfinn mo phost.
díospóireacht phoiblí náisiúnta public national debate
" Ba léir gur cheist chigilteach a bhí anseo don Roinn Oideachais mar gur eascair díospóireacht phoiblí náisiúnta as an mhéid a bhí sa tuarascáil.
caomhnóir an leasa phoiblí é lá eile it’s a guardian of the public’s welfare at other times
" Ní foláir nó gur cheap Walsh gur chime i gcarcair na nDaoine ab ea an Rialtas lá amháin, agus gur caomhnóir an leasa phoiblí é lá eile.
An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe Dept. of public accounts and refurbishment
" D'fhógair An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar le múinteoirí sa Ghaeltacht agus le múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
thionscnaimh mhóra phoiblí ealaíne great public arts projects
" Tháinig an tacaíocht a spreag an mhórchruthaitheacht seo ó cheannaithe agus ó bhaincéirí, uasalaicme úr na linne sin, agus ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo a chaitheadh a gcuid airgid go feiceálach ar thionscnaimh mhóra phoiblí ealaíne.
d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe the minister for public expenditure and reform
" Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe the minister for public expenditure and refurbishment
" B’é an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, a rinne an cinneadh agus maíodh gur ag cur deireadh le lúb ar lár sa chóras a bhíothas.
a dtairiscint phoiblí tosaigh their first public offer
" Roimh a dtairiscint phoiblí tosaigh anuraidh, d’fhoilsigh Twitter mír faoi thaighde i dteannta le Datalogix (sna naisc) a thaispeáin gur cheannaigh siopadóirí 29% níos mó sa siopa as líne (.
plean iompair phoiblí public transport plan
" I mí na Samhna 2005, d’fhoilsigh comhrialtas na linne sin in Éirinn Transport21, plean iompair phoiblí don deich mbliana ina dhiaidh sin.
a halbam nua a phoibliú to publicise her new album
" Anois, áfach, agus sos fada á thógáil ag an ghrúpa, tá deis ag Muireann a halbam nua a phoibliú agus cur lena taithí.