Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bronntar pointí ort you are awarded points
" Gach uair a chliceálann tú ar na fógraí speisialta atá ar an suíomh sin bronntar pointí ort, agus nuair atá go leor pointí agat is féidir leat bronntanas beag a roghnú duit féin.
ag géilleadh beagán ar an phointe stretching the point
" B'fhéidir go bhfuil mé ag géilleadh beagán ar an phointe a bheith ag cur asal faoi agallamh, ach ní chluintear a léitheid go minic ar an BBC nó RTÉ.
pointí litrithe agus gramadaí spelling and grammar points
" Cén obair a dhéanann an CT anois? Pléann an Coiste prionsabail téarmaíochta agus pointí litrithe agus gramadaí a thagann chun cinn le linn cheapadh na téarmaíochta.
Tuigim dó, go pointe I understand his point of view, to a point
pointí a bhronnadh to award points
" Coiste Contae: monatóireacht ar obair na gclubanna, tacaíocht a thabhairt dóibh, oiliúnóirí a chur ar fáil, comórtais speisialta a eagrú sa samhradh (cnámh spairne i mBaile Átha Cliath), spreagadh do chlubanna, mar shampla, pointí a bhronnadh ar iarrachtaí éagsúla agus ansin bronntanais (ar nós geansaithe nua nó camáin nó turas go dtí Craobh na Mumhan) nuair a shroiseann club oiread áirithe pointí i mbliain amháin.
pointe dáiríre serious point
" Tá faobhar ar a scríobhann sé - bíonn a altanna i gcónaí greannmhar ach bíonn pointe dáiríre á dhéanamh in achan cheann acu, bíodh sé ag scríobh fá pholaitíocht, fá dhaoine aeracha ó thuaidh, fán turasóireacht sna Se Chontae nó cibé rud.
faoin reo-phointe below freezing
" Siúlóid ======= Oíche Nollag chuamar ar shiúlóid dheas le hais Loch Michigan, ag teocht (nó fuacht?) 10 gcéim faoin reo-phointe.
gharda na bpointí point guard
" Tháinig laoch mór Coney Island, Stephon Marbury, abhaile chun imirt mar gharda na bpointí leis na Knicks ag Madison Square Garden, agus bhraith daoine gurbh é príomhchathair dhomhan an spóirt den chéad uair le fada an lá.
ghrá ar an bpointe love at first sight
" AÓF: Níor ghrá ar an bpointe a bhí ann mar sin? JNíC: Bhíomar cairdiúil ar dtús agus tháinig an grá ina dhiaidh sin! AÓF: Bíonn an bheirt agaibh ag múineadh ceoil ag cuid mhaith de na scoileanna samhraidh.
phointe tagartha point of reference
" An-úsáideach mar phointe tagartha agus tú ag teacht abhaile ó chóisir eile… Tá sé scríofa thuas ansin ag an mbarr, le cruinneas Cairtéiseach, go bhfuil cathair Bhaile Átha Cliath go díreach 777 ciliméadar ón Túr.
ba phointe imeachta é d’eisimircigh it was a departure point for emigrants
" Sa naoú haois déag, d’éirigh sé iontach tábhachtach ó thaobh thógáil bád de, chomh maith le trádáil, agus ba phointe imeachta é d’eisimircigh a bhí ar a mbealach go Meiriceá Thuaidh.
ar phointe a sé at six exactly
" ” Bhuail an chlog ar phointe a sé agus ba Dara a chuaigh go dtí an doras.
pointe tagartha point of reference
" Is pointe tagartha é, mar a bhíodh Naomh Pádraig do mhórán Éireannach”.
pointe tagartha point of reference
" Is pointe tagartha é, mar a bhíodh Naomh Pádraig do mhórán Éireannach”.
dóthain pointí enough points
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
pointí úra pionóis new penalty points
" Níl aon samhlaíocht léirithe aige le dul i ngleic leis an slad atá á dhéanamh ar bhóithre na tíre, seachas pointí úra pionóis a thabhairt isteach agus an cúram a leagan ar mhórphearsa teilifíse.
oiread pointí some many points
" Is éard atá i gceist agam ná go raibh an corn buaite ag an Eoraip sula raibh an comórtas críochnaithe toisc gur shroich an Eoraip oiread pointí nach bhféadfadh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad a shárú.
líon an-ard pointí CAO a high number of CAO points
" Gan amhras, bheadh líon an-ard pointí CAO de dhíth le fáil isteach i gcoláiste mar seo, mar go mbeadh éileamh ard ann.
líon mór pointí a large number of points
" Uaireanta, déanann Liverpool iarracht a dhul in iomaíocht leo, ach de ghnáth críochnaíonn siad sa cheathrú háit, líon mór pointí taobh thiar de na foirne eile.
córas na bpointí pionóis the penalty points system
" Níl oiread daoine á marú faoi láthair ach tharla an rud céanna nuair a cuireadh tús le córas na bpointí pionóis i mí na Samhna 2002.
i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe after they had fallen ten points behind
" Dáiríre, seans maith gur fháiltigh go leor daoine roimhe ar an ábhar gur amhrán poblachtánach é! An chéad chluiche rugbaí mar chluiche, céard tá le rá faoi? Díomá is mó a bhí ar lucht leanúna na hÉireann toisc gur scóráil an Fhrainc úd sna soicindí deireanacha chun an bua a “robáil” tar éis d’Éirinn troid ar ais i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe go luath sa chluiche.
pointe nasctha connection point
" Is é Aerfort Heathrow i Londain an bealach isteach trasatlantach is mó san Eoraip (bhí breis is aon mhilliún déag paisinéir ann anuraidh, ag dul go dtí nó ag teacht ó Mheiriceá), agus is pointe nasctha é do mhórán paisinéirí a bhíonn ag fáil eitilte eile.
go pointe áirithe to some degree, to some point
" Tá sin tosaithe go pointe áirithe cheana féin sa mhéid is go bhfuil beagnach dhá mhilliún euro geallta ó thosaigh mise i mo phost mar thiomsaitheoir leis an Iontaobhas ag tús 2007.
ar an phointe is faide soir on the most easternly point
" Is sráidbhaile an-tarraingteach é Cromba, atá ar an phointe is faide soir d'Eilean Dubh, ó thuaidh ó Inbhir Nis in Albain.
mar chéad phointe rochtana as first pointe of access
" D’ainneoin sin, thug Conor Hayes, Príomh-Oifigeach Airgeadais RTÉ, le fios don Chomhchoiste go bhfuil teilifíseán ag 99% de thithe na hÉireann agus gurb é a bheas mar chéad phointe rochtana go ceann i bhfad eile! Cibé rud a tharlóidh san am atá le teacht, is cinnte go mbeidh rogha stáisiún teilifíse agus raidió i bhfad níos fairsinge ar fáil in Éirinn sna blianta beaga amach romhainn.
Níl aon bhunús le mo phointe, my point has no basis
" Níl aon bhunús le mo phointe, mar sin.
pointe éasca tagartha easy point of reference
" Ach is mar eolaire nó pointe éasca tagartha atá sé deartha i gcás an dara dream a luadh, dar liomsa.
go pointe áirithe. to some degree
" Thóg sé cithfholcthaí agus mil agus d’oibrigh sé sin go pointe áirithe.
go pointe áirithe. to a certain extent
" Agus is dócha gurb ea, go pointe áirithe.
beagnach ar an bpointe. nearly immediately.
" D’aimsigh sé Daltaí na Gaeilge breis is deich mbliana ó shin, agus thosaigh sé ag múineadh ranganna dúinn beagnach ar an bpointe.
go pointe áirithe. to a certain extent
" Bhí an-tóir ar Scullion sna hochtóidí agus bhí am ann gur shíl cuid mhór daoine in Éirinn go dtabharfadh an domhan mór aird orthu, rud a tharla go pointe áirithe.
phointe íogair a touchy matter
" Naimhde ar an IdirlíonA luaithe is a luaim leathshlí tríd an agallamh go bhfuil an cur síos atá le fáil mar gheall ar Harris ar Wikipedia léite agam tuigim go bhfuilim tagtha ar phointe íogair, pointe a ghoilleann go mór air.
ar an bpointe boise immediately
" Bheadh póilíní istigh ar an bpointe boise.
Pointe an Iarthair Westpoint
" Féach gur chuir William Kristol fáilte roimh an óráid a thug Obama ag Pointe an Iarthair.
pointe na honóra honorary position
" Ní hamháin go bhfuil bratach iasachtach ar ár mbratach, ach tá pointe na honóra ar an mbratach aige chomh maith de réir lucht na brateolaíochta.
an phointe is cúinge the narrowest point
" I ndiaidh 265 míle rothaíochta, d'fhág muid Sligeach, Maigh Eo agus Liatroim inár ndiaidh agus isteach linn i gContae Dhún na nGall ag an phointe is cúinge i bPoblacht na hÉireann.
ar an bpointe immediately
" Faigheann an réiteoir radharc amháin ar eachtra agus caithfidh sé cinneadh a dhéanamh ar an bpointe boise.
Shochraigh mé ar an bpointe boise I decided immediately
" Shochraigh mé ar an bpointe boise gan fanacht in áit a bhfuil teach ceannaithe ag mo chomharsa! Bhí deireadh an bhotháir buailte liom agus bhí orm súil a chaitheamh ar an abhainn.
níos mó pointí gnóthaithe acu they won more points
" Bhí an lá le muintir Valencia sa dá chomórtas, ach thug cumann na hardchathrach an dá chraobh leo, idir chraobh na mban agus chraobh na bhfear, mar go raibh níos mó pointí gnóthaithe acu in imeacht na bliana ná aon chumann eile.
a chuimseodh na pointí breise seo which would cover these extra matters
" Tugadh aghaidh ar roinnt acu sin i bhfoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1977) agus d’aontaigh an Rannóg an tráth sin eagrán úr den chaighdeán a ullmhú a chuimseodh na pointí breise seo.
Mar a léiríonn an pointe úd as that point shows
" Mar a léiríonn an pointe úd go beacht, cúpla lá i ndiaidh foilsiú forlíonadh an *Sunday Independent*, tharla gur cuireadh agallamh ar dhuine de na pearsana spóirt is mó cáil ar domhan, Lance Armstrong.
pointe nó dhó eile sna pobalbhreitheanna another point or two in the polls
" Nuair a bhíonn sí ar a cosa sa Dáil ag náiriú an rialtais, go háirithe le linn do Éamonn Gilmore a bheith ag tógáil na gceisteanna uaithi, is beag nach bhfeicfeá tacaíocht an rialtais ag titim pointe nó dhó eile sna pobalbhreitheanna.
Bronntar pointí ar points are given
" Bronntar pointí ar na imreoirí gach seachtain, ag brath ar céard a rinne siad sa gcluiche.
Tuigeann cách ar an bpointe everyone immediately realises
" Tuigeann cách ar an bpointe ag éisteacht leis go bhfuil sé tinn.
Tarraingíodh raic ar an bpointe the rumpus started immediately
fíor – go pointe true - up to a point
" Go pointe, tá an mana sin, The Best Built Cars in the World, fíor – go pointe! Ar aon nós, tá neart gluaisteán maith déanta ag Toyota in imeacht na mblianta – agus ceann acu sin ná an Toyota Avensis T250.
le freagra cliste ar mo phointe with a cute answer on my point
" Mhol mé do “Cúige Uladh” gur cheart an lámh in uachtair a fháil air le freagra cliste ar mo phointe faoin schadenfreude thuasluaite.
pointí iomadúla a scag innumerable points inspected by
" Ar na pointí iomadúla a scag an Rapporteur Speisialta, ar Ceanadach é darb ainm François Crépeau, is fiú béim faoi leith a leagan ar dhá cheann.
ar a haon a chlog ar maidin, ar an bpointe at one in the morning, on the dot
" D’éag Cheiro ar a haon a chlog ar maidin, ar an bpointe, a dúirt sí.
thuigeas ag an bpointe I knew immediately
" Gan dabht thógas seachtain saoire mar bhí an Contae ar fad imithe bán – drochthús arís i gColáiste Mhuire gan Smál! Ach thuigeas ag an bpointe go rabhas aige baile sa choláiste seo – bhí meas acu ar chaid is ar an gcultúr agus bhaineas ana-thaitneamh as mo thrí bliana ansan.
chun pointe a dhéanamh to make a point
" Ón tús d'éirigh leis na Daonlathaigh an scéal a ionramháil chun na Poblachtánaithe a thaispeáint mar pháistí gan smacht a bhí sásta an tír a smoladh chun pointe a dhéanamh.
ag an bpointe diamhair úd at that magical point
" Ach tá fianaise áirithe ann go bhfuil clochmhílte ar leith ar an mbóthar sin bainte amach againn le gairid, agus go bhfuil muid ag an bpointe diamhair úd nach bhfuil aon dul siar anois air.
ar an bpointe in situ
" Ciallaíonn sin gur féidir le hiriseoir físe – nó tú féin, a léitheoir dhil – dul chuig seimineár éigin, ceamara beag a chur ar siúl agus imeachtaí an lae a chraoladh beo ar an idirlíon ar an bpointe (má tá ceangal leathanbhanda ar fáil san ionad); freastal ar an ócáid agus nótaí a ghlacadh; alt anailíse ar ábhar an tseimineáir a scríobh an oíche sin; agus pacáiste iomlán leis an alt, nasc chuig taifead den chaint, agus grianghraf a chrochadh ar do bhlag (nó a sholáthar do nuachtán idirlín) an mhaidin dár gcionn.
pointe díola uathúil the distinct selling point
" “An í an Ghaelainn atá iontu an ‘pointe díola uathúil’ atá acu?” d’fraighfraigh mé de.
go pointe uile-inrochtana to a point of full accessibility
" Ach a luaithe is atá an gréasán ag teacht go pointe uile-inrochtana ar ár mbrabhsálaithe, tá teicneolaíochtaí soghluaiste ag éírí uileláithreach.
rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh the bonus points were to be brought to an end
" Ábhar mór conspóide ab ea an cinneadh sin i measc lucht labhartha na Gaeilge nuair a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i mí Dheireadh Fómhair, 2013 go rabhthas ag cur deireadh leis na pointí bisigh agus go gcuirfí cionmhéid i bhfeidhm feasta nuair a bheadh earcú á dhéanamh.
phointí a d’ardaíodh matters raised by
" Le linn do reachtaíocht a bheith os comhair an Oireachtais, thugtaí aird ar phointí a d’ardaíodh an Chomhdháil.
ina phointe sainmhínithe seo in its definition
" Is cinnte go bhfuil toradh an lipéidithe, ina ghníomh agus ina phointe sainmhínithe seo le feiceáil go soiléir i gcás bheirt ealaíontóirí le deireanas; Ani DiFranco, amhránaí Meiriceánach feimineach, ar tugadh an lipéad ‘chiníoch’ uirthi, agus Miss Panti Bliss, banríon draig Éireannach, atá lipéadaithe mar bhéadchainteóir.
ar an bpointe boise at the drop of a hat
" Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh! Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu.
Léiríonn scéal neamhchas na bpointí pionóis the simple penalty points matter demonstrates
" Léiríonn scéal neamhchas na bpointí pionóis go bhfuil an chontúirt i gcónaí ann go mbainfí mí-úsáid as eolas atá íogair nó pearsanta.
pointe le hábhar nuair a salient point when
" Meath an Amaitéireachais =========== Déanann Ó Ruairc pointe le hábhar nuair a deir sé gur spóirt phroifisiúnta iad na spóirt eile ar fad a bhíonn á gcraoladh ag Sky agus go síothlaíonn cuid mhaith den airgead a íoctar le heagraíochtaí spóirt i dtreo na n-imreoirí agus nach gcaitear mórán den airgead ar fhorbairt an spóirt féin.
pointe bordála access points
" Deir Fáilte Éireann go bhfuil fógraí ag 23 ‘pointe bordála’ agus ag 159 ‘pointí fionnachtain’ fud fad an stáit san áireamh ins an chostas seo fosta.
pointí fionnachtain discovery points
" Deir Fáilte Éireann go bhfuil fógraí ag 23 ‘pointe bordála’ agus ag 159 ‘pointí fionnachtain’ fud fad an stáit san áireamh ins an chostas seo fosta.
pointí creidmheasa credits
" Ar mhaith leat gabháil chun na Fraince ar Erasmus? Má théann, an mbeidh rang teagaisc nó léacht acu romhat, nó an mbeidh siad ar stailc? An mbeidh meas ar do chuid pointí creidmheasa nuair a fhillfeas tú? Tá an scéal ar fad ag PJ Mac Gabhann thall i bPáras dúinn.
chúig phointe five points
" Tá Balor ag dearcadh go nimhe neanta ar chúig phointe Fhine Gael, ar a ‘gcroí-ábhar’ agus ar an té a cheap croí-ábhar ar leith a dhíbirt as scoileanna na tíre, sea, Enda, an Taoiseach Taoscach.
ar ardú na ceiste ag an bpointe seo raising the matter at this point
" Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil Sinn Féin ag dul ar amú, ar ardú na ceiste ag an bpointe seo agus an é leas an pháirtí seachas leas an phobail atá taobh thiar dhó?