Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur loic na polaiteoirí orthu that the politicians let them down
" Mothaíonn siad gur loic na polaiteoirí orthu," a dúirt sí.
polaiteoirí sinsearacha senior politicians
" Bhí polaiteoirí sinsearacha na tíre os comhair binse fiosraithe maidir leis an gconradh don chóras comhartaíochta ar na hiarnróid.
Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí Let us not put all the blame on the politicians
" Ná cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí.
Má dhéantar leatrom ar pholaiteoirí if politicians are wronged against
" "Má dhéantar leatrom ar pholaiteoirí ar RTÉ, is cosúil gur peaca míle uair níos mó é in RTÉ ná dá ndéanfadh aon stáisiún eile é.
polaiteoirí coimeádacha conservative politicians
" Fuair mé amach rudaí a chuir míshuaimhneas orm, cuir i gcás an pháirt a ghlac polaiteoirí coimeádacha sa deisceart i mbunú an IRA Shealadaigh, agus an dóigh a thosaigh na Sealadaigh ar fheachtas buamála ag tús 1970, feachtas a raibh tionchar an-mhór aige ar achan rud a tharla ina dhiaidh sin.
polaiteoirí de chuid na heite deise right-wing politicians
" Le cúpla bliain anuas, tá roinnt polaiteoirí de chuid na heite deise ag moladh go ndéanfaí na drúthlanna a athoscailt; tá siad mídhleathach faoi láthair ach tá siad ann mar sin féin, cé go mbíonn siad ag cur i gcéill gur gnó eile ar fad iad.
ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí lobbying politicians
" Nuair a theip ar de Róiste eolas a fháil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise faoin méid a tharla dó, thosaigh sé ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí.
polaiteoirí sinsearacha senior politicians
" Mar a léirigh roinnt polaiteoirí sinsearacha le linn rásaí Cheltenham, tá an-spéis ag an rialtas i gcúrsaí geallghlacadóireachta.
ag dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí making an impression on politicians
" ie/) agus is léir ón méid a bhí le rá le déanaí ag baill de choiste Dála - atá ag déanamh iniúchadh ar an gceist seo - go bhfuil siad ag dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí.
nach polaiteoirí iad? aren't they politicians?
" Is deacair a shamhlú go n-inseodh ceachtar dream bréag - nach polaiteoirí iad? *Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney.
polaiteoirí measúla respectable politicians
" Tá sé mícheart, ar ndóigh, chomh mícheart le polaiteoirí measúla a bheith ag iarraidh íocaíochtaí ar son a bpatrúnachta - na daoine seo a bheadh ag tabhairt amach fá pharamílitigh ar thaobh amháin agus ag teacht i dtír ar a stádas mar fheisirí ar an taobh eile.
polaiteoirí aontachtacha unionist politicians
" Tchí náisiúnaithe *pan-unionist front *ar obair - an PSNI, polaiteoirí aontachtacha agus na paramílitigh dhílseacha - ag teacht le chéile le múineadh a chur orthu, agus déanfaidh ráfla ar bith gnaithe le tús a chur le himeaglú in aimsir seo an Lambeg agus na fífe.
polaiteoirí aontachtacha unionist politicians
" Ní nach ionadh, ní róshásta a bhí ionadaithe Protastúnacha agus polaiteoirí aontachtacha.
pholaiteoir cumhachtach high-powered politician
" An bhliain seo chugainn, tá sé beartaithe ag an stáisiún cábla Showtime sraith a chraoladh dar teideal *Brotherhood*, bunaithe ar shaol Bulger agus saol a dheartháir ar pholaiteoir cumhachtach é.
polaiteoirí áitiúla local politicians
" Dúirt sé liom go raibh polaiteoirí áitiúla gníomhach san fheachtas fosta, mar shampla an Comhairleoir Patrick Karney (www.
polaiteoirí i gcoitinne politicians in general
" Go mbeidh ní hamháin cumas ach fonn labhartha Gaeilge mar ghnáthnós ag Uachtarán na hÉireann agus ag polaiteoirí i gcoitinne.
polaiteoirí i gcoitinne politicians in general
" Go mbeidh ní hamháin cumas ach fonn labhartha Gaeilge mar ghnáthnós ag Uachtarán na hÉireann agus ag polaiteoirí i gcoitinne.
an iomarca polaiteoirí too many politicians
" Tá sé ráite go minic go bhfuil an iomarca polaiteoirí san Astráil.
polaiteoir sinsearach senior politician
" Agus é ag labhairt in agallamh leis an BBC i ndiaidh a cuairte ar Bhéarút, chuir polaiteoir sinsearach de chuid na Liobáine síos uirthi mar “an taidhleoir ba laige a sheol Mheiriceá go dtí an Meánoirthear ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda amach”.
cuid de na polaiteoirí is cumhachtaí some of the most important politicians
" Ag éirí aníos i gConamara Tá Natasha tar éis roinnt mhaith blianta a chaitheamh ag plé le cuid de na polaiteoirí is cumhachtaí in Éirinn, le linn di bheith ag obair i gcúrsaí caidrimh phoiblí agus mar Stiúrthóir Tiomsaithe Airgid le Fianna Fáil.
Caithfidh sé bheith de mhisneach ag na polaiteoirí the politicians must have the courage
" Caithfidh sé bheith de mhisneach ag na polaiteoirí rialacha níos doichte a chur i bhfeidhm chomh maith.
agus polaiteoirí á gcáineadh go géar aige. sharply criticising politicians.
" Is fear é a chuaigh i gcion go mór orm nuair a chonaic mé é ar an “Late Late Show” sna seachtóidí agus polaiteoirí á gcáineadh go géar aige.
polaiteoirí na cruinne the politicians of the world
" Caithfidh polaiteoirí na cruinne feidhmiú mar státairí i dtaca leis an fhadhb seo agus spriocanna dochta a mhairfidh ar a laghad 50 bliain a leagan síos.
a dtionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre to influence the politicians of the country
" Ach in ionad dul i bhfóirstean do mhianta úra an mhargaidh, is é an t-aon teacht aniar atá ag na tábhairneoirí ná iarracht a dhéanamh a dtionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre agus lámh chúnta a fháil uathu.
tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire the politicians have announced the scheme four times
" Go dtí seo, tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire (an uair is déanaí ná sa Phlean Forbartha Náisiúnta i mí Eanáir), ach, ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí agus an t-olltoghchán i mbliana, is dócha go bhfógrófar an líne cúpla uair eile sula n-osclófar í.
ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí bearing in mind our politicians' modesty
" Go dtí seo, tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire (an uair is déanaí ná sa Phlean Forbartha Náisiúnta i mí Eanáir), ach, ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí agus an t-olltoghchán i mbliana, is dócha go bhfógrófar an líne cúpla uair eile sula n-osclófar í.
de ghealltanais neamhiontaofa na bpolaiteoirí, of the politicians' unreliable promises,
" Tar éis blianta den díomá agus de ghealltanais neamhiontaofa na bpolaiteoirí, tugadh cead d’Aer Lingus seirbhísí nua a chur ar bun idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe, margadh mór le héileamh turasóireachta nach bhféadfadh an comhlacht a shásamh go hiomlán go dtí anois.
mar pholaiteoir ionraic cumasach, as an honest and capable politician,
" Breathnaítear go fairsing air mar pholaiteoir ionraic cumasach, agus ar ndóigh tá aithne air cheana féin óna fheachtas leasuachtaránachta in 2004.
dála neart polaiteoirí eile sa tír. like a lot of other politicians in the country.
" Níl a fhios againn an bhfuil na líomhaintí fíor, ach tá tuairim mhaith againn nach bhfuil Ahern gan smál, dála neart polaiteoirí eile sa tír.
polaiteoirí politicians
" Baineann polaiteoirí úsáid as cleas ar a dtugtar “*pork-barrelling”,* agus tá an cleachtas seo faoi lán seoil san Astráil le tamall anuas.
polaiteoirí á dtogh chun foras éagsúil. politicians being elected to different institutions
" Ciallaíonn sin go mbíonn toghcháin ar siúl an t-am ar fad, beagnach, agus polaiteoirí á dtogh chun foras éagsúil.
má shantaíonn polaiteoirí airgead, if politicians covet money,
" Má bhaintear mí-úsáid as airgead poiblí nó príobháideach nó má shantaíonn polaiteoirí airgead, fágfaidh sé smál orthu, fiú mura bhfuil a dhath ar bith mídhleathach i gceist.
polaiteoir de chuid an Aontais Eorpaigh a politician from the EU
" Deirtear faoi go minic nach bhfuil éirí in airde ar bith ag baint leis agus go gcaitheann sé le gach duine ar an dóigh chéanna, is cuma cé acu polaiteoir de chuid an Aontais Eorpaigh atá i gceist nó duine a mbuaileann sé leis ar an tsráid.
polaiteoir politician
" Dá mbeadh cumhacht mar sin ag gach polaiteoir in Éirinn .
polaiteoirí agus fir ghnó choimeádacha conservative politicians and businessmen
" Sa Chonradh tháinig polaiteoirí agus fir ghnó choimeádacha le chéile le Naitsithe agus Faisistithe an domhain.
cead a dhiúltú do pholaiteoirí refuse to allow politicans
" I ndeireadh ama, is é an dóigh is fearr lena chinntiú nach dtiocfaidh an pholaitíocht agus an spórt salach ar a chéile ná cead a dhiúltú do pholaiteoirí seilbh a ghlacadh ar imeachtaí spóirt.
nár cheart do pholaiteoirí a ladhar a chur isteach i gcúrsaí spóirt. that politicans should be sticking their oar into sporting matters
" Is amhlaidh go mbeidís ag fógairt go hard nár cheart do pholaiteoirí a ladhar a chur isteach i gcúrsaí spóirt.
íomhá dhiúltach na bpolaiteoirí negative image of politicians
" Is dóigh liom go mbaineann an droch-cháil atá ar Canberra le stair na cathrach, le híomhá dhiúltach na bpolaiteoirí agus le tréithe áirithe a bhaineann le carachtar na nAstrálach.
polaiteoirí mór le rá big name politicians
" Agus ní hionadh é ach an oiread go bhfuil baint láidir ag cuid de na corparáidí seo le polaiteoirí mór le rá sna Stáit Aontaithe.
pholaiteoir politician
" Deich mbliana ó shin agus mé ag obair do nuachtán in iarthar Bhéal Feirste, hiarradh orm scairt ghutháin a chur ar pholaiteoir Aontachtach ar Bhóthar na Seanchille le ceist a chur air an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla síochána siar mar bhíothas ag iarraidh tuilleadh tithe ‘Caitliceacha’ a thógáil i gceantar Chluain Ard ach nach raibh an spás ann dóibh.
Is iomaí polaiteoir many a politician
" Is iomaí polaiteoir in Éirinn a bheadh in éad leis sin! Agus ní ina thír féin amháin a bhfuil meas as cuimse ar an bhfear beag féasógach seo a mhúnlaigh cumhacht dhomhanda as tír a bhí, mar a déarfá, ‘ag forbairt’.
i mbéal na bpolaiteoirí being talked about by the politicians
" Is aisteach ina dhiaidh sin gurb é an Seanad is mó atá i mbéal na bpolaiteoirí agus iad ag trácht ar athleasuithe.
Geallúint an Pholaiteora Tráth Toghcháin the politicians promise during election
" Geallúint an Pholaiteora Tráth Toghcháin =================== Gheall ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre, Kevin Rudd, san fheachtas olltoghchánaíochta i 2007 nach mbeadh aon athrú ar an tsamhail mhaoinithe le linn a réime.
nach toil le polaiteoirí na tíre the country’s politicians don’t wish to
" Is coimhlint í fosta nach toil le polaiteoirí na tíre a bheith sáite ann.
gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár he’s a sensible politician who rules from the centre
" Is dócha gurb é sin an faraor géar is mó dó, mar is léir cheana féin óna stair mar rialtóir ar Massachusetts gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár, seachas ó dheireadh na heite deise.
Má sháraíonn polaiteoir áirithe cuimsí na polaitíochta if a certain politician crosses the political limitations
" Má sháraíonn polaiteoir áirithe cuimsí na polaitíochta le haitheasc ciníoch, mar shampla, is í an mhoráltacht a chuireann cosc seachtarach ar allagar na polaitíochta agus ba cheart go dtabharfadh an mhoráltacht ar an bpolaiteoir leorghníomh a dhéanamh sa ghníomh réamhluaite as féin.
ní mór don bpolaiteoir the politician must
" Anuas ar sin, ar ndóigh, ní mór don bpolaiteoir géilleadh do dhlí an Stáit i gcónaí.
formhór na bpolaiteoirí anseo most of the politicians here
" Is léir nach bhfuil tuiscint dá laghad ag formhór na bpolaiteoirí anseo ar thábhacht an choinsiasa.
Polaiteoir agus gníomhaí pobail politician and community activist
" Polaiteoir agus gníomhaí pobail a bhíodh ina athair, Pól Ó Foighil, fear ar éirigh leis an t-uafás rudaí a bhaint amach lena linn dá phobal altrama, i ndiaidh dó bogadh go Conamara as Tiobraid Árann sna 1960í.
pholaiteoirí na hAstráile Australia’s politicians
" Níl sé amuigh ar pholaiteoirí na hAstráile gur dream iad a bhíonn ar thús cadhnaíochta i dtaca le beartas sóisialta.
ó dúnmharaíodh an polaiteoir coimeádach Pim Fortuyn since the conservative politician Pim Fortuyn was murdered
" Tá cúrsaí polaitíochta na hOllainne athraithe ó bhonn ó dúnmharaíodh an polaiteoir coimeádach Pim Fortuyn ag tús an tsamhraidh.
pholaiteoirí poblachtánacha republican politicians
" Thóg sé blianta fada ar pholaiteoirí poblachtánacha na Sé Chontae a thuiscint go raibh buntáiste ó thaobh vótaí de ag baint le droim láimhe a thabhairt don fhoréigean; tuigeann Sinn Féin é sin go maith sa lá atá inniu ann, áfach, a deir Robert McMillen, agus rachaidh sé go mór chun sochair dóibh sna blianta atá amach romhainn, ar an dá thaobh den teorainn.
polaiteoirí áitiúla local politicians
" Tá seasamh i bhfad níos láidre á thógáil ag na polaiteoirí áitiúla i Learpholl i gcoinne an tobac ná mar atá ag Rialtas Westmister, dar le Tony Birtill.
polaiteoirí áirithe aontachtacha certain unionist politicians
"polaiteoirí áirithe aontachtacha agus cuid de nuachtáin an phobail sin ag cur go láidir i gcoinne na Gaeilge le tamall anuas, mar a mhíníonn Robert McMillen.
Neamart an pholaiteora political inaction
" Neamart an pholaiteora i leith fhulaingt agus marú saighdiúirí na hAstráile san Afganastáin a tharraing aird Bhearnaí Uí Dhoibhlin.
Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh a politician is free to chose any route he may wish
" Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh os comhair na Dála dar le Muiris Ó Meara agus ná cuirimis dallamullóg orainn féin i dtaobh srian aon pháirtí ar thoil aon Teachta Dála.