Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
polasaí príobháideachta privacy policy
" Cé go bhfuil polasaí príobháideachta ag comhlachtaí ar nós Amazon.
gcinntí polasaithe policy decisions
" Ciallaíonn sé seo go bhfuil ionchur díreach ag an eagraíocht i gcinntí polasaithe a dhéanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
polasaí aontumhachta celibacy policy
" Rinne tréimhseachán amháin de chuid na hEaglaise Caitlicí i mBostún polasaí aontumhachta na heaglaise a cheistiú go hoscailte.
polasaithe in aghaidh trustaí anti-trust policies
" Rinneadh iarracht cuid cumhachta Berlusconi a laghdú le polasaithe in aghaidh trustaí ach níor éirigh le haon cheann de na hiarrachtaí sin go dtí seo.
polasaí amaidigh stupid policy
" Mar sin, bíonn cuid mhór daoine faoi strus de bharr polasaí amaidigh amháin.
polasaí neodrachta neutrality policy
" " B'in mar a mhínigh Eamon de Valera polasaí neodrachta an stáit óig i 1936.
beag beann ar a chuid polasaithe regardless of his policies
" Ach an bhfuil an splanc speisialta sin ann a thabharfas ar dhaoine tacaíocht a thabhairt dó agus dá pháirtí, beag beann ar a chuid polasaithe agus ar a chuid dáiríreachta? Tá an splanc sin ag Bertie.
polasaí lochtach faulty policy
" Mhothaigh sé gur thosaigh na liobrálaigh nua-aoiseacha ag baint úsáid fhairsing as an chinsireach chun daoine a smachtú agus a choimeád ar imeall na sochaí agus, ar an drochuair, gur lean an polasaí lochtach seo ar aghaidh ar feadh blianta fada na coimhlinte.
polasaí slándála security policy
" Ó Thriail na nArm ar aghaidh, stop a chur le fás aon ghluaiseachta polaitiúla poblachtánaí ba bhonn, dar liom, go príomha le polasaí slándála an stáit seo.
polasaí na láimhe láidre policy of violence
" Ach deir aontachtaithe gur mian leis an Trimbleach "comhghéilleadh stairiúil" a dhéanamh le náisiúnaithe, ach poblachtánaigh deireadh a chur le polasaí na láimhe láidre.
ag cur polasaithe i bhfeidhm implementing policies
" Tarlóidh, áfach, má leanann Rialtas Mheiriceá ar aghaidh ag cur polasaithe i bhfeidhm a ghríosfaidh Moslamaigh an domhain agus a dhéanfaidh baill bhreise a earcú do leithéidí Al- Qaeda.
pholasaí eachtrach foreign policy
" Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil easaontú go leor ann mar gheall ar pholasaí eachtrach na Stát Aontaithe sa Mheánoirthear.
polasaithe Tóraíocha Tory policies
" Agus má dhéanann an DUP cleas Tony Blair, nuair a ghoid sé polasaithe Tóraíocha agus chuir pacáiste New Labour thart orthu, má thagann an DUP ar sprid an iolrachais atá folaithe ina gcroíthe leis na cianta, b'fhéidir gur seo an dé deiridh do pháirtí James Craig agus Basil "I wouldn't have one about the place" Brookborough.
i bhfábhar a leithéid de pholasaí in favour of such a policy
" Cosaint an chultúir atá i gceist, dar leo siúd atá i bhfábhar a leithéid de pholasaí.
bpolasaithe inimirce immigration policies
" Nach mbeadh sé i bhfad níb fearr dá gcuirfí teorainn leis an mhéid daoine a scaoilfí isteach sa tír ach, ar a laghad, go ndéanfaí iarracht slí éigin a aimsiú chun fáilte a chur rompu siúd in oirthear na hEorpa a bheas mar chomhshaoránaigh againn ó bhí na Bealtaine ar aghaidh? Is gá go leor athruithe a chur i bhfeidhm i bpolasaithe inimirce na hÉireann.
i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais in the drafting of the Union's trade policies
" Ina dhiaidh sin féin is coiste fíorthábhachtach agus cumhachtach atá ann, agus baint lárnach aige i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais.
agus dréacht-pholasaithe draft policies
" Cuireann sé moltaí agus dréacht-pholasaithe ar aghaidh chuig an gCoimisiún ar an ábhar céanna.
polasaithe éagóracha unjust policies
" Deir siad nach bhfuil sé ceart ná cóir go dtarlódh a leithéid nuair a dhiúltaíonn an tAontas agus SAM deireadh a chur le bacanna ar importálacha bia agus eile ó na tíortha sin, agus nuair a leantar le polasaithe éagóracha ar nós an Chomhpholasaí Talmhaíochta.
an pholasaí príobháidithe the privatization policy
" Bhí, agus fuair mé amach gur chuir seisean an cheist chéanna orthu fá dtaobh díomsa," arsa Angie Lean an rialtas ar aghaidh leis an pholasaí príobháidithe agus i 1991 fuarthas amach nach raibh ach ocht gcinn de na 26 mholadh sábháilteachta a rinne Fiosrúchán Fennell curtha i bhfeidhm.
athruithe a thionscan i gcúrsaí polasaí initiate policy changes
" Gan amhras, ba cheart go mbeadh deis ag gach vótóir dul i bhfeidhm ar an rialtas agus athruithe a thionscan i gcúrsaí polasaí.
pholasaí tithíochta housing policy
" Tá conspóid ar siúl in Dingle i Learpholl faoi láthair atá ag díriú aird an phobail sa tír seo ar pholasaí tithíochta an rialtais.
pholasaí eachtrach na hAstráile Australian foreign policy
" Dúirt duine de na hionadaithe tar éis an chruinnithe nach le plé a dhéanamh ar pholasaí eachtrach na hAstráile bhí siad ansin.
polasaí inimirce immigration policy
" Bhí polasaí inimirce an rialtais (An Astráil Gheal) bunaithe ar chiníochas go dtí na seachtóidí.
polasaí árachais insurance policy
" Sórt polasaí árachais atá ann don bheirt againn, má thuigeann tú mé, a thaisce.
pholasaithe na gCoimeádach the policies of the Conservatives
" "Méadú táirgiúlachta" atá ann agus sin an fáth go bhfuil rialtas Blair ag leanúint pholasaithe na gCoimeádach agus go bhfuil sé ag brú an pholasaí chéanna sna meánscoileanna.
dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm if such a policy were implemented
" Measann sé gur buille tubaisteach a bheadh ann don teanga dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.
polasaí frithdhópála anti-doping policy
" Eolas agus oideachas suas chun dáta i leith polasaí frithdhópála.
polasaí forbartha a mholadh to propose a development policy
" ) Ar cheart do na heagraíochtaí Gaeilge, trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, polasaí forbartha a mholadh i gcás theagasc na Gaeilge, an infheistíocht riachtanach a shonrú agus an cur chuige don am atá romhainn a leagan amach? Is fiú suí síos le Fine Gael ansin agus cur in iúl dóibh go mbeidh muid uilig sásta má leantar straitéis dhearfach maidir leis an Ghaeilge agus iad i gcumhacht.
polasaí dearfach cinnte a positive and definite policy
" Tá gá le polasaí dearfach cinnte i leith na hiomána agus na peile araon.
polasaithe geilleagracha economic policies
" Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann fé, agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin.
in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá against America's foreign policies
" I Meiriceá Theas, is é sin, taobh istigh de limistéir cumhachta Mheiriceá féin, is creabhar ceart é Veiniséala agus a uachtarán, Hugo Chávez, atá glan in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá, ach atá ag soláthar 15% den ola a úsáideann an tír sin.
torthaí na bpolasaithe seo the results of these policies
" In 2006, feicimid torthaí na bpolasaithe seo, a phleanáil grúpa ionsaitheach sna nóchaidí agus iad sa bhfreasúra, agus a cuireadh i gcrích faoi réimeas an Uachtaráin Bush.
a chinn treo an pholasaí who decided the direction of the policy
" Ach ba é Haughey a chinn treo an pholasaí i leith an Tuaiscirt riamh.
de dheasca na bpolasaithe airgeadais agus na bhforbairtí geilleagracha as a result of the financial policies and the economic developments
" Mar gur dhaoine le fíorairgead iad, bhíodar i gcónaí chun rachmas a chruinniú de dheasca na bpolasaithe airgeadais agus na bhforbairtí geilleagracha a bhrúigh Haughey chun cinn ar bhonn phrionsabal an mhargaidh, beag beann ar an gciorcal órga laistigh.
Polasaí Úsáid Inghlactha Theicneolaíocht an Eolais IT Acceptable Use Policy
"Polasaí Úsáid Inghlactha Theicneolaíocht an Eolais i scoil s’againne anois.
polasaí frith-bhulaíochta anti-bullying policy
"polasaí frith-bhulaíochta ag scoileanna na tíre anois, nó ba cheart go mbeadh.
níor mhór don rialtas polasaí críochnúil comhtháite a fhorbairt the government would need to develop a complete and coherent policy
" Thar aon ní eile, níor mhór don rialtas polasaí críochnúil comhtháite a fhorbairt idir na ranna rialtais éagsúla lena chinntiú nach leanfaidh muid orainn ag séanadh ár ndualgas agus ár bhfreagracht i leith na ceiste seo.
polasaí ealaíon arts policy
" Tá mé i gceannas ar phríomhthionscnaimh idirnáisiúnta a bhfuil baint ag an Chomhairle leo, imeachtaí ar nós an Venice Biennale, agus tá mé freagrach as polasaí ealaíon na Comhairle i leith na n-ealaíon idirnáisiúnta a chur le chéile agus a fhorbairt.
do pholasaithe spóirt to sports policies
" Tá sé ceart airgead poiblí a chaitheamh ar spórt in Éirinn ach is gá tosaíocht a thabhairt do pholasaithe spóirt atá fabhrach do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.
trí pholasaithe ar leith a chur i bhfeidhm. by implementing certain policies.
" Deirtear gur éirigh le Ceanada agus an Fhionlainn an rannpháirtíocht a ardú trí pholasaithe ar leith a chur i bhfeidhm.
ar thorthaí na bpolasaithe, on the results of the policies,
" Tá gá le measúnú agus monatóireacht rialta a dhéanamh ar pholasaithe agus ar thorthaí na bpolasaithe, bunaithe ar an eolas is déanaí faoi rannpháirtíocht sa spórt.
polasaithe soiléire, réalaíocha clear, realistic policies
" In áit polasaithe soiléire, réalaíocha a bhain le saol laethúil na vótóirí ach a bhí difriúil go maith ó cibé polasaithe bhí na páirtithe eile a thairiscint, bhí Adams éiginnte agus seachantach.
cibé polasaithe whatever policies
" In áit polasaithe soiléire, réalaíocha a bhain le saol laethúil na vótóirí ach a bhí difriúil go maith ó cibé polasaithe bhí na páirtithe eile a thairiscint, bhí Adams éiginnte agus seachantach.
polasaí eachtrach foreign policy
" Oidhreacht Bush Má tá polasaí eachtrach Mheiriceá ag titim as a chéile, níl rudaí pioc níos fearr sa mbaile.
polasaí daingean strong policy
" Is cinnte go gcaithfidh polasaí daingean a bheith ag an stát maidir le taispeántais eitneachais agus reiligiúin sa saol poiblí.
Ó thaobh na bpolasaithe de, In terms of policies,
" Caidreamh tionsclaíochÓ thaobh na bpolasaithe de, níl ach mórábhar amháin a bhfuil na vótálaithe ag cuimhneamh go háirithe air, de réir na bpolalbhreitheanna: an caidreamh tionsclaíoch.
ó thaobh athrú polasaithe de, as regards policy change,
" Ach dealraíonn sé anois, i bhfianaise an mhéid atá tite amach le roinnt míonna anuas, go mbraitheann an t-iompróir náisiúnta gur féidir leo a rogha ruda a dhéanamh ó thaobh athrú polasaithe de, gan cead a bheith faighte acu ón scairshealbhóir is mó dá chuid.
na polasaithe the policies
" Más Caitliceach, coimeádach, traidisiúnta an dearcadh agus na polasaithe a bhí ag PiS maidir le cúrsaí eacnamúla agus sóisialta, is liobrálach iad na polasaithe a bheidh á gcur i bhfeidhm ag PO, páirtí atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh.
pholasaí seasta permanent policy
" Tá an luath-thumoideachas i ndiaidh a bheith mar pholasaí seasta ag cuid mhór scoileanna Gaelacha le fada an lá.
faoina bpolasaí about their policy
" ”* Tagairt a bhí anseo do Ghaelscoil Mhic Easmainn - scoil ina raibh achrann faoina bpolasaí gan Béarla a theagasc i ranganna na naíonán.
gur bunaíodh polasaí náisiúnta that national policy was based
" Anuas air sin, dúradh gur bunaíodh polasaí náisiúnta ar thuairisc cigire a scríobhadh i leith scoil amháin i dTrá Lí, agus gur tugadh an chluas bhodhar don mhéid a bhí le rá ag Gaelscoileanna, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) nó Foras na Gaeilge ar an ábhar.
i dtaca le polasaithe a athrú with regard to the changing of policies
" B’fhéidir gurb é is cúis lena n-easpa gnímh i dtaca le polasaithe a athrú ná go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid.
an t-athrú polasaí a chur ar athló postpone this change of policy
" Bhí aghaidheanna dearga sa Chomhaireacht agus baill den Rialtas ag teacht ar an tuiscint go mbeadh orthu an t-athrú polasaí a chur ar athló go dtí an samhradh seo chugainn.
gnóthaí eachtracha agus polasaithe cosanta. foreign affairs and defence policies.
" Choinneodh Feisirí as Albain, an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann a gcuid suíochán i dTeach na dTeachtaí ach ní bheadh cead vótála acu ach i nithe a bhainfeadh leis an Ríocht Aontaithe trí chéile ar nós cúrsaí cánach, gnóthaí eachtracha agus polasaithe cosanta.
polasaithe policies
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
polasaí slándála agus eachtracha security and foreign policy
" Ceapfar ard-ionadaí, a bheas freagrach as polasaí slándála agus eachtracha a bheachtú.
polasaí dian teanga strict linguistic policy
" Tá tuismitheoirí na bpáistí seo á dtógáil agus polasaí dian teanga acu.
polasaí náisiúnta national policy
" Ach saoithiúil go leor, níor dhúirt an tAire gur i bPobalscoil Chorca Dhuibhne a chaithfí an freastal sin a dhéanamh orthu siúd gan Ghaeilge nó a bhí lag sa teanga! Ceist bhunúsachMaidir leis an suirbhé agus na ciallachais a bhainfear aisti, tá ceist an-bhunúsach le cur: An dtig torthaí as suirbhé áitiúil a úsáid le polasaí náisiúnta a shocrú? Óir thiocfadh go mbeadh an cheist cheannann chéanna ag teacht chun cinn i nGaeltachtaí eile amach anseo.
polasaí asamhlaithe, assimilation policy
" Polasaí asamhlaithe Tógadh na páistí faoin bpolasaí asamhlaithe, a bhí i bhfeidhm san am sin.
drochthorthaí an pholasaí bad results of the policy
" De réir na tuarascála, tá drochthorthaí an pholasaí fós le sonrú i measc Bhundúchasaigh na hAstráile, ó thaobh an dochair a rinneadh do scileanna tuismitheoireachta na nglúnta goidte ach go háirithe.
as ucht ar tharla dóibh faoin bpolasaí. for what happened to them under the policy
" I measc na moltaí sin, mhol an Coimisiún go ngabhfaidís go léir leithscéal gan choinníoll go hoifigiúil leis na glúnta goidte, agus lena muintir, as ucht ar tharla dóibh faoin bpolasaí.
Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a raibh baint acu leis an bpolasaí to be fair to the people who were involved in the policy
" Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe, chreid a bhformhór go raibh siad ag cuidiú leis na páistí dul bealach a leasa sa saol.
polasaí ar leith a particular policy
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
pholasaithe teanga an stáit state language policies
" ” Aistí Ar cheann de na haistí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm bhí “The State and the Irish Language” le Gearóid Ó Tuathaigh ina ndéantar cur síos, mar a thugann an teideal le fios, ar pholasaithe teanga an stáit thar na blianta.
cheisteoinn cuid de pholasaí eagarthóireachta I would question some of the editorial policies
" Ach mar iaririseoir a chaith seacht mbliana ag obair le RTÉ agus TG4, cheisteoinn cuid de pholasaí eagarthóireachta *Lá Nua* mar pháipéar nuachta náisiúnta.
polasaí an rualoiscthe scorched-earth policy
" Ba é polasaí an rualoiscthe beartas na Coróine in 1868, nuair a thug siad dídean do cheannaire *Te Kooti*.
pholasaí ar leith a particular policy
" Mar gheall ar pholasaí ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige méid áirithe talaimh “a chur ar leataobh”, tá iarrachtaí ar bun chun na cluainte traidisiúnta a chothú in athuair.
polasaithe policies
" Dá bhrí sin, nuair a bhíonn daoine míshásta le polasaithe nó le cinntí an rialtais, cuireann siad an milleán ar Canberra.
polasaithe móra radacacha big radical policies
" Seans go bhfuil an Rialtas den tuairim go mbeidh an pobal i gcoitinne níos toilteanaí glacadh le hathruithe má dhéantar iad de réir a chéile in ionad polasaithe móra radacacha a chur i bhfeidhm a chuirfidh olc ar dhaoine áirithe.
i réimsí éagsúla polasaí, in various areas of policy,
" Cumhachtaí breiseMeastar go dtabharfadh Conradh Liospóin suas le 100 cumhacht nua bhreise don AE i réimsí éagsúla polasaí, 30 cumhacht nua dlí, ina measc.
polasaithe i leith na cibirbhulaíochta policies regarding cyber-bullying
" Más féidir leat na ceisteanna a fhreagairt i d’fhocail féin, léireoidh tú gur thuig tú an t-alt!** CEIST A hAON(I) Cén fáth ar chuir Megan lámh ina bás féin? (p2) (II) De réir an ailt seo, cé a bhfuiltear ag cur an mhilleáin uirthi maidir le bás Megan? Cén fáth a bhfuiltear ag cur an mhilleáin ar an duine seo? (p3) (III) Céard a léiríonn torthaí an taighde ar thug "Primetime" agus *The Irish Independent *faoi? (p4 agus p5) CEIST A DÓ (I) Cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag an gcibirbhulaíocht ar shaol an duine a ndéantar bulaíocht air? (p6) (II) Cén fáth a bhfuil an chibirbhulaíocht níos nimhní ná bulaíocht a dhéantar aghaidh ar aghaidh? (p8)(III) Céard iad na ceantair is mó a mbíonn an chibirbhulaíocht coitianta iontu? Cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh? (p11) CEIST A TRÍ(I) Ar chóir, dar le húdar an ailt, an locht a chur ar an teicneolaíocht? (p12) (II) Cé hiad na dreamanna a bhfuil freagracht orthu ó thaobh polasaithe i leith na cibirbhulaíochta a stiúradh? (12)
polasaithe policies
" Bhí áiteanna mar na dúnfoirt in Iarthar na hAfraice óna gcuirtí sclábhaithe chuig tíortha eile feicthe agam, mar aon le Apartheid Museum na hAfraice Theas, ach ceapaim go bhfuil uafás ar leith ag baint le Auschwitz, b’fhéidir mar gheall go dtuigeann muid chomh millteanach is a bhí na polasaithe a bhain leis na campaí seo.
bpolasaí policy
" Mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo i mí an Mhárta 2003 (eagrán 23), ghlac breis is 500,000 duine páirt i léirsithe ar fud na tíre seo le rá nach raibh muinín ar bith acu i bpolasaí an rialtais maidir leis an gcogadh.
Ach dhírigh na vótálaithe a n-aird ar pholasaithe eile but voters focused their attention on other policies
" Ach dhírigh na vótálaithe a n-aird ar pholasaithe eile le linn an fheachtais agus theip ar Latham.
ar réimse polasaithe on a range of policies
" Ag cruinniú poiblí i gContae an Chabháin ar an 24 Lúnasa, dúirt an Teachta Dála agus ceannaire Shinn Féin sa Dáil, Caoimhghin Ó Caoláin, mura mbeadh athrú poirt ag an DUP ar réimse polasaithe, nach mbeadh rogha ar bith ag Sinn Féin ach a gcuid airí a tharraingt amach as an Tionól agus brú a chur ar na baill sin de chuid Rialtas na Breataine atá freagrach as cúrsaí an Tuaiscirt.
Má leantar de pholasaí na dtáillí in aisce if the free fee policy is continued
" Má leantar de pholasaí na dtáillí in aisce, tá an baol ann nach mbeidh maoiniú an stáit sách mór leis an infheistíocht chuí a chur ar fáil.
polasaithe a phromhadh to check out policies
" Nós fadbhunaithe é do Phreas Oifigigh agus do chlaonbholscairí rialtais araon polasaithe a phromhadh leis an phobal sula gcuirtear i bhfeidhm é.
polasaithe eachtracha foreign policies
" ” Agus má tá siad i bhfabhar cogaidh leis an Iaráin, an mbeidh Obama in ann a dheontóirí móra a dhiultiú? Déanta na fírinne, níl mórán de dhifir idir McCain agus Obama ó thaobh polasaithe eachtracha de.
aon pholasaí cinnte any definite policy
" Ní léir go raibh aon pholasaí cinnte ná straitéis riamh ag an stáisiún maidir leis an nGaeilge ach a chinntiú nach gcaillfeadh an stáisiún an iomarca lucht féachana agus ioncam fógraíochta de bharr am craolta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’.
in aghaidh na bpolasaithe geilleagair oppose the economic policies
" Nuair a chuir Enda Kenny tús leis an bhfeachtas cúpla seachtain ó shin dúirt sé nach raibh aon mhaith leis an Seanad mar nár chuir an Seanad in aghaidh na bpolasaithe geilleagair a mba cúis iad leis an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír faoi láthair.
pholasaí eachtrach foreign policy
" Tá tionchar na Stát Aontaithe le brath go láidir eile pholasaí eachtrach Rialtas na hAstráile, dar le Dáithí Ó Colchúin.
polasaithe talmhaíochta agricultural policies
" Ní hiad na cáiníocóirí san Aontas Eorpach amháin atá thíos le polasaithe talmhaíochta an Aontais, ach lucht an tríú domhain chomh maith.
ag cur pholasaí díláraithe an rialtais i bhfeidhm implementing the government's decentralisation policy
" D’éirigh le Balor agallamh eisiach a fháil leis an aire rialtais atá ag cur pholasaí díláraithe an rialtais i bhfeidhm.
go bhfuil polasaí díláraithe an Rialtais ina phraiseach that the Government's decentralisation policy is a mess
" Measann Breandán Delap go bhfuil polasaí díláraithe an Rialtais ina phraiseach cheart agus go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige seo san am atá romhainn.