Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
práinn urgent need
mar ábhar práinne as a matter of urgency
" Ceapaim gur gá díriú ar cheist páistí a thógáil le Gaeilge mar ábhar práinne.
ábhar práinne a matter of urgency
" Ag deireadh na míosa seo caite d'eisigh an eagraíocht idirnáisiúnta Amnesty ráiteas ag rá gur ábhar práinne a bhí ann go ngníomhódh an Rialtas ar an gceist seo.
phráinn urgency
" Méadaíodh ar an phráinn a bhí le logainmneacha Gaeilge sa bhliain 1937 le teacht i bhfeidhm Bhunreacht na hÉireann a thug stádas oifigiúil ar leith don Ghaeilge.
an phráinn the emergency
" Bhí amhras ar chuid mhaith daoine go bhféadfaí tada a dhéanamh leis na tuilte a sheachaint agus cheap siad gurbh fhearr imeacht go háit éicint eile go mbeadh an phráinn thart.
práinn a cháis the urgency of his situation
" Ní fada go dtuigeann an léitheoir go bhfuil imní ar a chomhghleacaithe faoina bhfuil i ndán dó agus is cumasach mar a chothaíonn Heussaff práinn a cháis agus eagla na gcarad ina dhiaidh.
ábhar práinne emergency item
" Ní cosúil go bhfuil aon fhlosc mór ann an chonspóid a réiteach nó go bhfuil sé mar ábhar práinne ar an chlár polaitiúil.
an phráinn the urgency
" San aiste “Corpus Planning for Irish – Dictionaries and Terminology”, pléann Caoilfhionn Nic Pháidín stair fhoclóireacht na Gaeilge agus tábhacht na pleanála corpais, agus míníonn sí an phráinn atá ag baint le foclóir oifigiúil amháin a fhorbairt.
práinn slándála security alert
" Ar ndóigh, fógraíodh práinn slándála sa chathair agus an bhreith á tabhairt (níor ciontaíodh iad).
práinneacha gearrthéarmacha urgent short term
" Rud nach dtuigtear go forleathan, ná, gach uair a bhí conradh nua idir chamáín ag na ballstáit, cuireadh na hathleasuithe ar na hinstitiúidí ar ceal agus níor socraíodh ach na ceisteanna práinneacha gearrthéarmacha ionas go bhféadfaí an chéad chéim eile a tabhairt.
práinne emergency
" In am na géarchéime agus na práinne agus na héigeandála tagann faobhar ar na mianta bunúsacha, agus i gcás Bhaloir níl dúil níos bunúsaí nó níos láidre ná an caitheamh.
phráinn urgency
" Is de phráinn é go dtarlódh plé cuimsitheach anois, áfach.
práinne emergency
" D'éirigh sé chomh dona sin gur cuireadh guthán práinne gach leathmhíle ar an droichead dóibh siúd a raibh féinmharú ar intinn acu.
práinn urgency
" Is fiú go mór na scairdeitleáin a úsáid fosta nuair a bhíonn práinn ama i gceist.
práinn urgency
" An áirítear a leithéid mar mháchail? Nó an gcaithfidh radharc 20/20 a bheith agam? Tá práinn ag baint le freagra a fháil ar an cheist seo nó tá mo mhac le pósadh Dé Sathairn seo chugainn agus caitheann sé lionsaí tadhaill.
cnaipe práinne emergency button
" Tá sé cosúil le bheith ag snámh in aghaidh srutha, tá sé an-deacair ach is fiú go mór an teanga agus caithfidh muid é seo a dhéanamh!” Fógairt na hÉigeandála ======== **ONT: Céard atá orainn déanamh le dul i ngleic le rudaí?** DB: “An chéad rud ná an cnaipe práinne a bhrú”.
ghnó práinne a matter of urgency
" 5% dá foireann riaracháin, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta a bhfuil siad féin i bhfeighil air! Mar fhreagra ar Thuarascáil an Choimisinéara, d’eisigh Aire Airgeadais an ama, Brian Cowen, ráiteas ar an 29 Márta, 2006 ag geallúint go ndéanfaí athbhreithniu ar an cheist: “Chun tús a chur leis an phróiseas, tá mé tar éis a iarraidh ar mo Roinn, mar ghnó práinne, dul i dteagmháil le Ranna agus Oifigí eile chun a fháil amach cén gnás atá in úsáid acu agus chun a iarraidh orthu ar chóir é sin a athrú.
gníomh ar bhonn práinne acted with urgency
" Thagair sé don méid a dúradh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), nach raibh fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach thart ar 20 bliain eile “mura ndéanfaí gníomh ar bhonn práinne chun cúrsaí a leasú”.
reachtaíocht práinne emergency legislation
" Téann seanadóirí agus feisirí abhaile go dtína dtoghcheantair, agus ní dhéantar mórán i Washington taobh amuigh de reachtaíocht práinne.
ar bhonn práinne as a matter of urgency
" Is dócha mar sin gurb é an ceacht is mó atá le foghlaim ag an Fhoras ná go gcaithfear dul i ngleic le fadhbanna cumarsáide ar bhonn práinne.
na práinne urgency
" Beidh cead ag daoine an Ghaeilge a úsáid i réimse an oideachais agus ina gcuid fostaíochta, nó i gcás na héigeandála nó na práinne.
ar bhonn práinne as a matter of urgency
" Caithfidh an Garda Síochána dul i ngleic leis an fhadhb ar bhonn práinne.
a raibh práinn breosla orthu who were in dire need of fuel
" Ach diaidh ar ndiaidh thosaigh na stáisiúin artola ag athoscailt le gineadóirí, agus ciondáil artola i bhfeidhm acu, rud a d'fhág scuainí fada ar na bóithre agus fanacht cúig uair an chloig orthu siúd a raibh práinn breosla orthu.
tá práinn leis there’s an urgent need for it
" 'Beidh ceol na Polainne ag teacht i gceist anois go ceann blianta beaga,' arsa Eva Skalla liom tar éis fhéile Womex, 'ach tá práinn leis, mar is gearr eile a mhairfeas na seancheoltóirí'.
práinn urgency
" ” Aontaíonn Dunne go bhfuil éileamh ollmhór, ach deir sí go ndéantar eisceachtaí, “i gcásanna go mbíonn práinn ag baint leo go háirithe má bhíonn cás cúirte i gceist.
le caitheamh leis mar ábhar práinne to treat it as a matter of urgency
" Ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann le caitheamh leis mar ábhar práinne agus is doiligh gan ghéilleadh don tuairim go bhfuil a thuilleadh imeallú déanta ar an Ghaeilge sa státchóras.
níos práinne more urgent
" Nach samhlófá go mbeadh rudaí níos práinne agus níos tábhachtaí ag Íosa Mhic Giolla Mháire le bheith ag gearán fúthu, seachas nár athraigh an Pápa clúidín salach riamh agus nár bhonkáil sé.