Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is práinní most urgent
" Cén mhaith é ollchruinniú domhanda a reáchtáil gan dul i ngleic leis an gceist is práinní agus is lárnaí, téamh domhanda? Agus céard is fiú an dráma Hamlet a chur ar stáitse gan an prionsa? *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir.
gníomhú go práinneach act urgently
" Tá muinín á cailleadh ag an phobal astu agus is gá don Aire McDowell gníomhú go práinneach chun dul i ngleic leis an fhadhb seo.
go práinneach urgently
" "Caithfidh daoine san iarthar rud inteacht a dhéanamh faoi go práinneach.
gníomh práinneach urgent act
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhraith na bunaitheoirí nach raibh go leor ar siúl ag an Rialtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go raibh gníomh práinneach ag teastáil sa Ghaeltacht.
cheist phráinneach urgent issue
" Ba é West Papua Action, grúpa beag daoine atá ag iarraidh aird Rialtas na hÉireann agus an domhain a tharraingt ar an cheist phráinneach seo, a d'eagraigh an t-imeacht.
gnó práinneach urgent business
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
práinneach as devoted to
" "Cá'id go mbeidh tú ag baint arís?" "A ngearradh a dhéantar le scoilb!" Bhí sé práinneach as an téarma ceart gairme a bheith aige.
go práinneach urgently
" Bhí a fhios aici go raibh uirthi tabhairt faoin obair go práinneach mar go raibh roinnt mhaith de lucht aitheantais Brennan in aois a gceithre scór faoin am sin agus, fé mar a tharlaíonn, tá cuid acu caillte ó foilsíodh an leabhar i mbliana.
práinneach urgent
" Sa chéad dul síos, tá sé práinneach go gcuirfear na seirbhísí seo ar fáil go forleathan, ionas nach ndéanfar damáiste do chumas na tíre infheistíocht dhíreach iasachta a mhealladh.
go práinneach urgently
" Tá dhá cheist le freagairt ag CLG go práinneach.
práinneach urgent
" San idirlinn, tá sé práinneach go ndéanfaí infheistiú sa chomhlacht má táthar le bonn maith, seasmhach a chur faoi.
go práinneach urgently
" Agus tá níos mó agus níos mó daoine ag teacht ar an tuiscint seo: is gá dóigh eile a fháil – go práinneach.
thar a bheith práinneach extremely urgent
" Tá sé thar a bheith práinneach go dtabharfar aghaidh gan mhoill ar an bhfadhb atá ag baint leis an nGaeilge sa chóras oideachais sa Ghaeltacht.
an cúram is práinní agus is marfaí the most urgent and deadly task
" Ach cibé rud faoin atógáil nó faoi smacht a chur ar fhás phoipíní an chodlaidín féin, is léir do chách gurb é an feachtas míleata in éadan na dTalabanach - na Talabanaigh sin a bhí ar an dé deiridh ceithre bliana ó shin, a maíodh san am – an cúram is práinní agus is marfaí atá ag arm Cheanada ann.
de dhíth go práinneach urgently required
" Níl aon amhras ach go raibh beart den chineál sin de dhíth go práinneach ar an cheantar le faillí na mblianta a chúiteamh.
na deich ndúshlán is práinní the ten most important challenges
" Roghnaigh an rialtas náisiúnta na deich ndúshlán is práinní, dar leo féin, atá le sárú ag muintir na tíre.
gnó níos práinní more urgent business
" Caithfear gnó níos práinní atá ar chlár oibre an rialtais a chur i gcrích, dar leisean, sula gcuirfear feachtas nua ar bun le poblacht a bhaint amach.
go práinneach. urgently
" Tá Dónal Lunny ag glaoch air agus caithfidh sé labhairt leis go práinneach.
práinneacha gearrthéarmacha urgent short term
" Rud nach dtuigtear go forleathan, ná, gach uair a bhí conradh nua idir chamáín ag na ballstáit, cuireadh na hathleasuithe ar na hinstitiúidí ar ceal agus níor socraíodh ach na ceisteanna práinneacha gearrthéarmacha ionas go bhféadfaí an chéad chéim eile a tabhairt.
míreanna níos práinní more urgent matters
" Caithfear a rá go raibh daoine go leor i measc na dtráchtairí ag an am a bhí den tuairim nach raibh i gceist ach bolscaireacht pholaitiúil, agus go dtabharfaí neamhaird ar na daoine gan dídean nuair a bheadh míreanna níos práinní ar chlár an rialtais nua.
chomh práinneach so urgent
" Ní bheadh aon locht agam air as an scairdeitleán a úsáid ar thuras chuig saighdiúirí na hÉireann i N’Djamena i Sead i mí an Mheithimh (ar chostas €102,570) cionn is nach bhféadfaí a bheith ag dréim go mbeadh ar Aire rialtais taisteal go ceantar cogaíochta ar ghnátheitleán! É sin ráite, is deacair a shamhlú cén gnó a bhí ar siúl ag an Aire O Dea i bPáras na Fraince i mí Feabhra seo caite a bhí chomh práinneach sin go raibh air scairdeitleán an rialtais a thabhairt leis ar thuras lae ar chostas beagnach €25,000.
práinneach urgent
" Indian Summer Sky – fós ní thuigim na focail, cé gur breá liom an teannas sa phíosa agus a rithim leanúnach práinneach.
phráinneach urgent
" Cad iad na spriocanna faoi leith a bheas tú ag cur romhat mar Aire? PÓC: Is cuma faoi fhad mo thréimhse, ar shlí, mar cuid mhaith den obair atá le déanamh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, is obair phráinneach í.
gníomhaíocht phráinneach urgent action
" Bíodh is go bhfuil na teangacha seo láidir, bhí údair na tuarascála den tuairim go raibh gníomhaíocht phráinneach ag teastáil leis na teangacha láidre a chosaint agus a chothú.
eolas práinneach urgent info
" Nuair a chuardaigh siad eolas práinneach ó Northern Ireland Water (NIW), má d'éirigh leo freagra a fháil ón taobh eile den ghuthán, ní raibh an t-eolas ar fáil nó ní raibh an t-eolas beacht.
go práinneach urgently
" Anois ní mór dúinn an bunreacht a athbhreathnú go práinneach.
phráinneach urgent
" Bíonn cabhair phráinneach ag teastáil uathu roimh i bhfad.
a theastaíonn uainn go práinneach is what we need immediately
" Idirspleáchas na samhlaíochta agus an réasúin faoi réir ag fíoreitic uilíoch a theastaíonn uainn go práinneach.
tionóladh cruinniú práinneach an emergency meeting was called
" Maidin amháin i Nollaig na bliana 1995, tionóladh cruinniú práinneach.
go práinneach urgently
" Bhí an leanbh i mbaol an bháis agus dhearbhaigh na dochtúirí go raibh aistriúchán fola de dhíth uaidh go práinneach.
ar bhonn práinneach as a matter of urgency
" Agus oiread sin athruithe ar na bacáin níor mhór ar bhonn práinneach d'iriseoirí agus staraithe teacht le chéile chun a chinntiú nach gcaillfear an chartlann thoirtiúil d'ábhar atá bailithe ag na meáin Ghaeilge agus nach gceillfear a dtábhacht ar an phobal.
Is é an rud atá de dhíth, go práinneach what’s urgently needed
" Is é an rud atá de dhíth, go práinneach, ná reachtaíocht shimplí, shoiléir (cosúil le hAlbain) chun cearta fánaíochta a thabhairt do dhaoine sa tír seo.
níos práinní more urgent
" I bhfianaise thorthaí dhaonáireamh na bliana seo caite, tá sé níos práinní ná mar a bhí riamh fostaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge a chothú sa Ghaeltacht agus i gceantair eile sa tír.