Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fiontraíocht phríobháideach private venture
" Tar éis mheathlú na mblianta 1981 agus 1999 bhí sé soiléir do mhórán Coimeádach (gan trácht ar gach duine eile) nach raibh ag éirí chomh maith is a ceapadh leis an pholasaí *laissez-faire* ná le fiontraíocht phríobháideach.
earnáil phríobháideach private sector
" Tá fórsaí an mhargaidh ag obair go tréan san earnáil phríobháideach, go háirithe in earnálacha na tógála agus na teicneolaíochta, agus is cinnte go bhfuil an caighdeán maireachtála ardaithe sa tír ina hiomláine.
an earnáil phríobháideach the private sector
" Agus le móramh 171 ag an rialtas (síos ó 179) cad é ar féidir a bheith ag súil leis? Gan amhras, beidh troid leis na ceardchumainn faoin "Public Finance Initiative" - sin an earnáil phríobháideach ag glacadh smachta ar chuid den earnáil phoiblí, sampla eile den choimhlint idir an rialtas agus na gnáthdhaoine.
earnáil phríobháideach cíosa private rented sector
" Cuireann sé seo brú ar an earnáil phríobháideach cíosa; tá na praghsanna ansin imithe in airde, ní féidir le daoine áirithe an cíos ard a dhíol, caitear daoine ar an imeall agus tá níos mó agus níos mó daoine á bhfágáil gan dídean.
conraitheoirí príobháideacha private contractors
" Go dtí seo, conraitheoirí príobháideacha a bhí i mbun slándála.
árachas príobháideach private insurance
" Ar an mbonn gur dócha go bhfuil árachas príobháideach ag cuid de na daoine sin, tá an argóint ann go mb'fhéidir gur aisíoc é seo ar an leatrom a dhéantar ar na hothair phoiblí sna hospidéil i gcomparáid leis na hothair phríobháideacha, ach ag deireadh an lae, is ag na cógaslanna atá ann faoi láthair atá an bua agus an buntáiste airgid.
ana-phríobháideach very private
" "Bhíos ana-phríobháideach ionam féin agus níor thaitin sé liom a bheith i scoil le nócha éigin dalta eile agus b'fhéidir daichead bean rialta, agus sinn go léir i mullach a chéile, agus ag teacht salach ar a chéile.
infheisteoirí príobháideacha private investors
"infheisteoirí príobháideacha chomh maith againn.
turais phríobháidigh private tour
" Mar sin féin, le linn turais phríobháidigh ar an ionad, dúirt oifigigh gur cheart do bhunadh Nua-Eabhrac a bheith bródúil go bhfuil ionad cuimhneacháin den scoth agus den dearadh is déanaí ar leic an dorais acu.
cóisirí príobháideacha private parties
" Thugadh siad cuid de na mná chuig cóisirí príobháideacha agus roinneadh siad drugaí go fial leo.
ciste príobháideach private fund
" Is léir go raibh an comhlacht á rith mar a bheadh ciste príobháideach ann ag Ray Williams, an té a bhunaigh é.
an earnáil phríobháideach the private sector
" "An obair a bhí déanta agam i KBC, bhíos ag plé le tionscadail mhóra ina mbíodh an stát agus an earnáil phríobháideach ag teacht le chéile chun obair a chur i gcrích.
mbailiúcháin phríobháideacha in private collections
" Sa lá atá inniu ann is é Pádraig Reaney an t-ealaíontóir is cáiliúla ón mbaile, agus tá a shaothar le feiceáil i mbailiúcháin phríobháideacha ar fud an domhain.
comhlachtaí príobháideacha private companies
"comhlachtaí príobháideacha amháin atá taobh thiar den drochobair seo.
príobháideach private
" Níl sé ach trí mhíle ar fhad faoi mhíle amháin ar leithead agus ní féidir imeacht den bhóthar mar go bhfuil an talamh príobháideach agus go bhfuil béithígh ann.
Forbróirí príobháideacha private developers
" San Ísiltír ceannaíonn na húdaráis áitiúla talamh sula ndéantar athchúrsáil air agus ansin díolann siad ar aghaidh é le Forbróirí príobháideacha.
príobháideach private
" Na mná rialta Marymount, tháinig siad le chéile agus chuir siad ollscoil ar bun agus tá ollscoil bhreá ann, coláiste príobháideach.
chlubthithe príobháideacha private clubhouses
" Mar a dúirt colúnaí de chuid *New York Newsday*, Ellis Henican: "Cén fáth ar cheart do na fir a bheith as póca díreach mar gheall ar go bhfuil mná áirithe ann a fheiceann na leithris phoiblí mar chlubthithe príobháideacha inar féidir leo: déanamh cinnte go bhfuil siad cíortha glanta, comhairle a chur ar a chéile, an nasc lena gcairde a láidriú, a bheith ag gearán de shíor faoi na fir ina saol.
stáisiúin phríobháideacha private stations
" Bíodh is go mbraitheann stáisiúin phríobháideacha ar dhea-thoil na gcomhlachtaí móra go minic, níl an brú céanna ar stáisiúin atá faoi stiúir Rialtas na Baváire, Bayern 3, mar shampla.
comhlachtaí príobháideacha private companies
" 50 san uair, i gcuid de na comhlachtaí príobháideacha, mar shampla, nó má bhíonn tú ag obair mar rúnaí pearsanta san earnáil phoiblí.
go príobháideach privately
" Bíonn triúr á múineadh agam go príobháideach agam go rialta freisin, Éireannach mná ón ambasáid ina measc! Is mór linn a rá go mbeidh an Dr.
comhlacht príobháideach private company
" " Níl ciall ná réasún ar bith leis an M3 ach go mbeidh na billiúin euro le déanamh as mar go mbeidh stáisiúin dola air - airgead a rachaidh chuig comhlacht príobháideach.
infheisteoirí príobháideacha private investors
" Cheana féin tá infheisteoirí príobháideacha ag éirí amhrasach faoin réimse nana-theicneolaíochta toisc gur gheall eolaithe sa réimse sin a lán rudaí nár tharla fós.
go príobháideach privately
" Faoi 1975 bhí an líon tithíochta nach raibh á fhorbairt go príobháideach tite go 33%.
dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha to compete with private companies
" Ach, mar a mhínigh urlabhraí thar cionn Chomhairle Chontae Chill Chainnigh le linn éisteachtaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht an samhradh seo caite, ciallaíonn an praghas ard ar thalamh na laethanta seo nach bhfuil sé ar chumas na n-údarás áitiúil dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha le paiste talaimh a cheannach.
ag tacú go príobháideach supporting privately
" Dermot Fitzpatrick TD, ó dháilcheantair an Taoisigh féin, ag tacú go príobháideach.
ionchúiseamh príobháideach private prosecution
" B'éigean do ghaolta na marbh ionchúiseamh príobháideach a thogáil in aghaidh na bpóilíní ach fuarthas an Ceannfort Bernard Murray neamhchiontach agus ní raibh an giúiré ábalta breith a thabhairt i gcás an Cheannfoirt David Duckenfield.
san earnáil phríobháideach in the private sector
" " Is breá leis bheith ag obair san earnáil phríobháideach.
comhlachtaí príobháideacha private companies
"comhlachtaí príobháideacha tar éis tosú ar an múnla seo a leanúint freisin - mar shampla, chabhraigh ionchur ón bpobal go mór le Google leagan Gaeilge den inneall cuardaigh acu siúd a chur ar fáil (http://www.
an tseirbhís phríobháideach glantóireachta the private cleaning service
" Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo.
go príobháideach privately
" Deir na hiriseoirí Kevin Myers agus Toby Harnden go bhfuil baill den RUC agus den Gharda tar éis ainmneacha na beirte Gardaí a thug eolas don IRA a chur in iúl go príobháideach dóibh siúd.
do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach to reveal your emotions privately
" AÓF: Dhá n-iarrfainn ort aon chúis amháin a lua a mhíníonn cén fáth go dtaitníonn amhráin leat, céard a déarfá? CÓCC: Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí ina bhfuil tú in ann do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach ar shlí amháin agus go poiblí ar shlí eile, agus maolaíonn sin an phian.
maoiniú ón earnáil phríobháideach funding from the private sector
" "Má ghlacann tú Sinn Fein Féin, mar shampla; bhí Martin McGuinness sásta, agus é ina Aire Oideachais, úsáid a bhaint as maoiniú ón earnáil phríobháideach le scoileanna a thógáil sa tuaisceart.
príobháideach private
" Rud príobháideach, a dúirt sí leis, agus ansin dúirt sí: *"This is something that the people of Liverpool refuse to be divided over.
príobháideach private
" Nuair a tháinig Bertie Ahern go baile Thuama in oirthear na Gaillimhe sa mbliain 1996, thug sé gealltanas sollúnta do mhuintir an bhaile nach ndúnfaí an t-ospidéal beag príobháideach a bhíodh ar an mbaile ó d'oscail na Siúracha *Bon Secours *é caoga bliain roimhe sin.
ag comhrá go príobháideach conversing privately
" Tá cuid mhaith tíortha siúlta agam anois, agus tuigim tábhacht an dara teanga: ionas nach gceaptar gur turasóir thú, nó chun bheith in ann bheith ag comhrá go príobháideach in áiteanna poiblí).
airgead a thuilleamh san earnáil phríobháideach to earn money in the private sector
" Tuigim anois cé chomh deacair is atá sé, uaireanta, airgead a thuilleamh san earnáil phríobháideach.
níos príobháidí more private
" Le cois na n-éachtaí ar fad ar an pháirc lúthchleasaíochta, bhí paisean níos príobháidí ag McEneaney, a bhí sé tar éis a chothú ó bhí sé san ardscoil in Elmont: an fhilíocht.
shíntiúis phríobháideacha private donations
" Is suíomh neamhbhrabúsach é a bhfuil stádas ponc org aige (tá sé ag brath go hiomlán ar shíntiúis phríobháideacha agus ar an Wikipedia Foundation), agus tá moladh ard faighte aige mar shampla den eolas daonlathaithe agus de bhrí nach bhfuil sé lán fógraí a léimeann aníos agus go bhfuil saoirse iomlán ann ó thaobh eolas a thabhairt agus a fháil.
scoileanna príobháideacha private schools
" " Tá feachtas den chineál céanna, dar teideal *Future in Education*, ar bun ag Jean O'Shea agus tá eagraíocht eile, Future in Education, atá faoi stiúir Peter Flanigan, ag cur scoláireachtaí dar teideal *Students Sponsor Partners *ar fáil dóibh siúd ar mian leo freastal ar scoileanna príobháideacha.
comhlacht príobháideach a private company
" Tá ag éirí go maith leis an tseirbhís idir Inis agus Luimneach, a tosaíodh i mí na Nollag 2003, agus idir an dá linn tá plean foilsithe ag comhlacht príobháideach chun rian gearr a thógáil le hAerfort na Sionainne a cheangal leis an líne seo idir Inis agus Luimneach.
comhlacht príobháideach private company
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
obair phríobháideach private work
" Le cois neart gnáthdhaoine deasa díreacha saothracha, tá dlíodóirí mímhacánta agus neamhinniúla ann, oibrithe sa tSeirbhís Sláinte a dhéanann obair phríobháideach le linn a gcuid uaireanta oibre, agus roinnt mhaith daoine a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais.
ó chomhlachtaí príobháideacha from private companies
" Tá sé mar cheann de phríomhspriocanna na comhdhála fiosrú a dhéanamh faoi mhodhanna nua chun airgead stáit agus Eorpaigh, agus urraíocht ó chomhlachtaí príobháideacha, a nascadh lena chéile ionas gur féidir tionscadail ar chaighdeán idirnáisiúnta a chur sa tsiúl.
ó fhoinsí príobháideacha from private sources
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an Acadamh? An leor iad? Tá tacaíocht á fháil againn ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta, ón Údarás um Ard-Oideachas agus ó fhoinsí príobháideacha.
ag íoc comhlachtaí príobháideacha paying private companies
" Is é an rud íorónta, áfach, ná murach a ndrochobair féin i 1973 (deireadh a chur le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís) níor ghá don stát na milliúin euro a chaitheamh gach bliain ag íoc comhlachtaí príobháideacha le cáipéisí stáit a scríobh nó a aistriú go Gaeilge.
ag íoc comhlachtaí príobháideacha paying private companies
" Is é an rud íorónta, áfach, ná murach a ndrochobair féin i 1973 (deireadh a chur le riachtanas Gaeilge sa státseirbhís) níor ghá don stát na milliúin euro a chaitheamh gach bliain ag íoc comhlachtaí príobháideacha le cáipéisí stáit a scríobh nó a aistriú go Gaeilge.
comhlachtaí príobháideacha private companies
" Faoi na bearta seo, díolann an rialtas “morgáiste” le comhlachtaí príobháideacha a thógann otharlanna nó scoileanna.
chomhlacht príobháideach private company
" Dúirt siad freisin dá mba chomhlacht príobháideach a bheadh i gceist nach bhfoilseofaí torthaí na trialach ar chor ar bith.
scoil phríobháideach private school
" Dar ndóigh, ar nós mórán eile sa tír seo, má tá go leor airgid ag tuismitheoirí is acmhainn dóibh a gclann a chur chuig scoil phríobháideach agus bheith cinnte go mbeidh togha na n-áiseanna oideachais agus spóirt ar fail dóibh.
meánscoil príobháideach private secondary school
" Tá siad ag freastal ar scoil de chuid an rialtais faoi láthair ach an bhliain seo chugainn, rachaidh siad go dtí meánscoil príobháideach.
trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí through public private partnership
" Beidh os cionn 1,200 d’fhoireann na Roinne Oideachais féin mar aon leis an Roinn Talmhaíochta agus an Roinn Fiontar Poiblí lonnaithe sna hoifigí seo, a thógfar trí chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (public private partnership).
léargais phríobháideacha private insights
" Ní raghadh iar-Uachtarán na Poblachta ar strae, ach léargais phríobháideacha a chroí istigh a leanúint.
an oiread mórbhailiúchán príobháideach the quantity of large private collections
" DdeB: Ba dhíol spéise dom féin i gcónaí an oiread mórbhailiúchán príobháideach de cheol agus de bhéaloideas atá sa gceantar seo cheana féin agus bhí imní riamh orm go scaipfí iad seo ar bhás a n-úinéirí d’easpa ionad ceart áitiúil dóibh.
seomra príobháideach private room
" Ní raibh iontas orm a léamh sna meáin go raibh seomra príobháideach ag an UVF sa Derry Club, a bhí maisithe le bratacha na heagraíochta, mar tá mé ag gearán faoin áit chéanna le beagnach 20 bliain anuas.
ag amharc ar rudaí príobháideacha looking at private things
" Fosta, bheadh sé deacair súil a choinneáil orthu; mar shampla, dá rachadh duine acu chuig an leithreas, thiocfadh leis a bheith ag amharc ar rudaí príobháideacha nó a bheith ag fágáil fianaise bhréagach i do theach,” dúirt sé liom.
i bhfad níos príobháidí a lot more private
" Is dócha gur féidir a rá go bhfuil níos lú cumarsáide i measc daoine na laethanta seo; tá daoine i bhfad níos príobháidí ina saol agus, go minic, ní bhíonn fonn dá laghad orthu comhrá a dhéanamh le bean tí faoi cé as a bhfuil siad tar éis a theacht nó cá bhfuil a dtriall.
san earnáil phríobháideach agus phoiblí in the private and public sectors
" Labhair sí go paiseanta faoin obair a bhíonn ar bun aici le daoine aonair, agus le comhlachtaí san earnáil phríobháideach agus phoiblí.
corparáideach agus príobháideach corporate and private
" Cineál sorcais a bhí ann ar bhealach, idir phubaill agus chábáin, ardáin agus sheastáin (corparáideach agus príobháideach), éadaí agus fhaisin agus “sheóghnó”, sular thosaigh an comórtas ar chor bith.
eitleán príobháideach dá gcuid féin a private aeroplane of their own
" Ócáid mhór a bhí ann do lucht an rachmais, iad siúd a bhfuil eitleán príobháideach dá gcuid féin acu nó ar a laghad héileacaptar, daoine – cuid de na himreoirí ina measc – a bhfuil níos mó airgid sa bhanc acu ná mar atá ag cuid de na tíortha is boichte san Afraic.
an earnáil phríobháideach the private sector
" Mar sin, is léir nach bhfuil an earnáil phríobháideach forbartha mar is ceart.
ar thuras príobháideach on a private trip
" Tá sé ar thuras príobháideach go dtí an Nua-Shéalainn faoi láthair agus bhuail sé faoi dhó leis an aire gnóthaí eachtracha ansin, Winston Peters, ach ní fios cén toradh a bhí ar a gcuid cainteanna.
ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, on care in private nursing homes,
" In ainneoin go n-íocann teaghlaigh suas le €800 ar an mheán sa tseachtain ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, is minic a bhíonn an cúram sin ar chaighdeán an-mhíshásúil.
agus ar bhrabús príobháideach. and on private profit.
" Brabús príobháideach I ndáiríre, ní ar riachtanas poiblí a bhunaítear pleanáil iompair ach ar an pholaitíocht agus ar bhrabús príobháideach.
comhlachtaí príobháideacha private companies
" I gcúrsaí iompair bus, tá comhlachtaí príobháideacha ag cur méid áirithe iomaíochta ar fáil do Bhus Éireann.
deas príobháideach nice and private
" Shíl mé go mbeadh sé deas príobháideach ansin, i bhfad ó na siopadóirí galánta.
cúpla fondúireacht phríobháideach a few private foundations
" Níl Williamsburg, iar-ardchathair Virginia, ach cúig mhíle ó Jamestown, agus é caomhnaithe anois mar bhaile stairiúil, agus cheannaigh an stát agus cúpla fondúireacht phríobháideach cuid mhaith den talamh mórthimpeall.
seilbh phríobháideach in private ownership
" Bhí an t-oileáinín i seilbh phríobháideach ar feadh trí chéad bliain, agus tógadh go leor ar an láthair ó shin i leith, ach is mór an méid a fuarthas ó ghlac Stát Virginia agus Seirbhís Náisiúnta na bPáirceanna seilbh ar an áit ó 1907 amach.
fondúireacht phríobháideach a private foundation
" Níl Williamsburg, iar-ardchathair Virginia, ach cúig mhíle ó Jamestown, agus é caomhnaithe anois mar bhaile stairiúil, agus cheannaigh an stát agus cúpla fondúireacht phríobháideach cuid mhaith den talamh mórthimpeall.
gnó príobháideach pearsanta private personal business
"gnó príobháideach pearsanta Bhertie Uí Hernia dá scrúdú ag binse fiosraithe Mahon i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, chomh maith le cúistiúnacht Chathail Mhic Coille ar *Morning Ireland*, ach tá Balor i ndiaidh iniúchadh dian domhain dá chuid féin a dhéanamh ar ghnó roinnt de na daoine eile i saol na polaitíochta, agus níl binse fiosraithe ar bith ina shuí maidir leis na cásanna siúd.
i mbailiúcháin phríobháideacha. in private collections.
" Thosaigh mé ag bailiú taifeadtaí dá chuid ceoil, cinn a bhí amuigh ar an margadh poiblí agus cinn a bhí i mbailiúcháin phríobháideacha.
i bhfad níos príobháidí much more private
" Deirtear go minic gurb é Peter aghaidh phoiblí na ndeartháireacha Quinn – is é Seán Quinn (atá i bhfad níos príobháidí mar dhuine) an dara duine is saibhre in Éirinn, agus baint aige le táirgí cairéalaithe, árachas agus an tionscal fáilteachais, i measc rudaí eile.
ón earnáil phríobháideach from the private sector
" Chaith Peter blianta sa saol acadúil, ansin deir sé go bhfuair sé “tairiscint níos fearr” ón earnáil phríobháideach – gnó a dhearthár le bheith cruinn.
mar mheán príobháideach, as a private medium,
" Agus a fhad agus a bhí an sagart “cráifeach corr” seo - mar a thugann Ó Canainn air - ag coinneáil greama ar a chuid Gaeilge mar mheán príobháideach, bhí an pobal thart air ag cailleadh a gcuid Gaeilge mar mheán poiblí.
ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach (attended a) preparatory private primary school
" D’fhreastail na daoine eile ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach agus ba léir gur shíl siad go rabhadar níb éirimiúla, ní ba chliste agus ní ba shofaisticiúla ná lucht na scoile náisiúnta.
brabús agus fiontraíocht phríobháideach. profit and private enterprise.
" An tsaorfhiontraíocht Ar ndóigh, sin cuid de theoiric na saorfhiontraíochta - go bhfuil tomhaltóirí agus táirgeoirí ann, agus is cuma faoi rud ar bith eile seachas brabús agus fiontraíocht phríobháideach.
príobháideach private
" Ach rinne siad dearmad gurb é seo an cineál eolais atá príobháideach de ghnáth – eolas atá níos rúnda fós agus bronntanais Nollag á gceannach ag daoine.
eolas príobháideach agus eolas poiblí private information and public information
" Léiríonn na fadhbanna a chruthaigh úinéirí Facebook dóibh féin nach dtuigeann siad an teorainn idir eolas príobháideach agus eolas poiblí a gcuid úsáideoirí.
príobháideach private
" Ach rinne siad dearmad gurb é seo an cineál eolais atá príobháideach de ghnáth – eolas atá níos rúnda fós agus bronntanais Nollag á gceannach ag daoine.
ag roinnt eolas príobháideach a gcuid úsáideoirí sharing the private information of its users
" Tá súil agam nach mbeidh eolas níos tábhachtaí agus níos pearsanta – ar nós cúrsaí sláinte nó airgeadais – i gceist má tharlaíonn scannal eile atá bainteach le seirbhísí idirlín a bheith ag roinnt eolas príobháideach a gcuid úsáideoirí le fógróirí.
rud príobháideach, a private thing,
" Is rud eile ar fad, rud príobháideach, an pósadh.
airgead poiblí nó príobháideach public and private money
" Má bhaintear mí-úsáid as airgead poiblí nó príobháideach nó má shantaíonn polaiteoirí airgead, fágfaidh sé smál orthu, fiú mura bhfuil a dhath ar bith mídhleathach i gceist.
síceolaithe príobháideacha private psychologists
" Níl ciall ná réasún ag baint leis an chóras mar atá agus buntáiste á thabhairt do scoláirí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu dul go síceolaithe príobháideacha le dearbhú a fháil uathu go bhfuil fadhb foghlama teanga acu ar nós disléicse.
an iomarca eolais phríobháidigh too much private information
" Ach an maith an rud é go ndéanfar taifead leictreonach dár dturais ar fad? Agus go mbeidh muid "á leanúint" i mbunachar sonraí mór lárnach ar nós Big Brother? I Londain, tá an cárta Oyster tar éis an córas taistil a athrú go mór, ach tá go leor daoine buartha go bhfuil an iomarca eolais phríobháidigh á bhailiú mar gheall orthu de thairbhe an córas sin a bheith i bhfeidhm.
earnáil phríobháideach the secretive sect
" Tá mise ag múineadh na Gaeilge san earnáil phríobháideach le deich mbliana anuas anois agus níl thar ocht milliún euro curtha ar leataobh agam.
seilbh phríobháideach private ownership
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
thalamh phríobháideach private land
" Cé go raibh an seanchosán in aice leis, ní raibh cead ag siúlóirí dul suas ar an bharr mar thalamh phríobháideach, le Diúc Devonshire, a bhí ann, Bhí caismirtí idir na siúlóirí agus na maoir ar an lá sin, agus gabhadh cumannach óg, Benny Rothman agus ceathrar eile agus gearradh téarma phríosúin orthu.
earnáil phríobháideach private sector
" Fuíoll Fógraí? Ach theip ar aon nuachtán Gaeilge go n-uige seo líon cruthanta de fhógraí a mhealladh ón earnáil phríobháideach, agus iad i dtuilleamaí, cuid mhór, ar fhógraíocht stáit agus ar phinginí beaga ó na heagrais Ghaeilge.
saol príobháideach a private life
" Is fada iriseoirí agus dlíodóirí in adharca a chéile faoi chearta an duine aonair saol príobháideach a bheith aige agus saoirse cainte na meán.
na táillí a ghearrann a mhílíste príobháideach the charges levied by his private militia
" Tá sé ar an duine is saibhre sa chúige mar gheall ar na táillí a ghearrann a mhílíste príobháideach ar gach feithicil a thaistealaíonn ar na bóithre ann.
obair san earnáil phríobháideach to work in the private sector
" Beidh ar státseirbhísigh agus ar airí fanacht dhá bhliain sula mbí cead acu obair san earnáil phríobháideach.
iompar príobháideach an tsaoránaigh the citizen’s private behaviour
" Buanna Mórálacha agus an Geilleagar ============== Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair? Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair.
infheistíochtaí príobháideacha private investors
" In Amhras faoi go Leor ============ Pé uair a léim úrscéalta stairiúla Vidal, scéalta atá lán go béal le leochaileacht agus botúin, tagann saothar daoine cosúil le Charles Beard chun cuimhne, an chéad stairí a chur béim ar bhunús eacnamúil Bhunreacht na Stát Aontaithe agus a tharraing aird ar an nasc idir infheistíochtaí príobháideacha ailtírí an bhunreachta céanna agus a gcuid smaointí polaitiúla.
comhlachtaí príobháideacha private companies
" nó le comhlachtaí príobháideacha.
comhdhálacha príobháideacha private conferences
" B’eisean, dar leo, an duine a chur isteach go tubaisteach ar na comhdhálacha príobháideacha a bhí ar siúl i gcónaí idir ceannaire Katanga, Moise Tshombe agus ceannairí an Rialtais Lárnaigh sa Chongó.
príobháideach ná cumann pobail private or community group
" Tá tábhacht ag baint le chuile cheann, is cuma beag ná mór é, príobháideach ná cumann pobail.
níos ísle ná modhanna eile teagaisc phríobháidigh cheaper than other means of private teaching
" Sás staidéir is ea PoetryBeo a chuireann filíocht Ghaeilge na hArdteiste ar fáil ar bhealach atá i dtiúin leis an bhforbairt thar cuimse atá ag teacht ar an nuatheicneolaíocht, ar phraghas níos ísle ná modhanna eile teagaisc phríobháidigh.
a bhaineann le fiacha príobháideacha which pertain to private debt
" B’é an Breitheamh Hogan an breitheamh a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta le cúpla bliain anuas, cásanna cosúil le sáinn uafásach Mrs Fleming a bhí cromtha fén MS, agus na cásanna ilghnéitheacha a bhaineann le fiacha príobháideacha agus na bancanna.
an earnáil phríobháideach private sector
" Cé aige a raibh fhios go raibh ár ndlúthrúin phearsanta á roinnt leis an earnáil phríobháideach? Faoin 21ú Meitheamh bhí Snowden ina theifeach, nach mór.
bheartaigh a rúnaí príobháideach her private secretary decided
" Ní fhaca *Mrs Thatcher* an clár seo riamh agus bheartaigh a rúnaí príobháideach téip a thabhairt isteach di i Sráid Downing.