Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
phríomhfheidhmeannach chief executive
" " Bhí an tSiúr Stanislaus mar phríomhfheidhmeannach ar FI roimhe seo; tá sí anois ina hUachtarán ar an eagraíocht agus bíonn sí ag traenáil fhoireann FI maidir leis an bhfís a bhí aici ón tús don eagraíocht.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" Ansin, ghlac mé le post mar phríomhfheidhmeannach i mí na Nollag 1999.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Tá aithne níos fearr ag léitheoirí *Beo!* air mar Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Is minic a labhair muid le chéile le cúpla mí anuas, mise ar mo dhícheall ag iarraidh coinne a dhéanamh le príomhfheidhmeannach an chomhlachta.
Phríomhfheidhmeannach chief executive
" De réir Phríomhfheidhmeannach Chumann Easpórtálaithe na hÉireann, John Whelan, tá an cogadh ag cothú fadhbanna cheana féin do chomhlachtaí atá ag trádáil leis an taobh seo den domhan.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" Is mise a bhunaigh Bard in Aibreán 1999, agus táim fós mar phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Le gairid sheol rúnaí ginearálta an cheardchumainn, Blair Horan, litir chuig príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht Bia, an Dr Patrick Wall.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" Bhí mé i mo phríomhfheidhmeannach ar DIGRM idir 2001 agus 2002 agus d'eagraigh muid "Gaelfest Frankfurt", an scoil samhraidh ba mhór riamh dá chineál áit ar bith sa Ghearmáin.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Dúirt Roger Davey, príomhfheidhmeannach an chomhlachta EnviroMission, go ndéanfar cinneadh faoi Mheán Fómhair na bliana seo an dtógfar an túr.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Cén ról atá agat féin i nGael Linn agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus tá mé sa phost le bliain anuas.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" I ndiaidh blianta de shíorghearán ón "talamh ard morálta" fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as "coireanna tromchúiseacha" a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh.
príomhfheidhmeannaigh chief executives
" Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí agus ó na príomhfheidhmeannaigh, i bhfad ón "*Wild Rover*" agus ó "*Brennan on the Moor*", bhí blaiseadh beag de na flaithis le fáil: na fíorGhaeil fhíorGhaelacha ina suí thart ag ceol agus ag ól agus ag bladar astu go fíorGhaelach, na fíorGhaeil Mheiriceánacha faoi dhraíocht acu agus ag freastal orthu le deochanna saor in aisce.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" "Ní cúis iontais ar bith é go bhfuil Huw Jones anois ina phríomhfheidhmeannach ar S4C agus go bhfuil Dafydd Iwan, ar cheoltóir é a raibh an-tóir air ar feadh na mblianta, ina chathaoirleach ar Phlaid Cymru," arsa Aled.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Beidh na daoine go léir a bhfuil cumhacht acu cinntí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge i láthair aige - an tAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív; Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Pádraig Ó hAoláin, Údarás na Gaeltachta; agus an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, má cheaptar é in am.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Labhair **Antaine Ó Faracháin** le hAntoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, faoin tionscadal eisceachtúil, stairiúil seo.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Cén ról atá agat féin in Port Láirge le Gaoluinn (PLleG) agus cén fhad atá tú ina bhun? Is mise an cúntóir teicniúil agus "fear na láimhe deise" (an dioscaire, más maith leat) aige Traolach Ó Braoin, an príomhfheidhmeannach.
braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór the pay and bonuses of the chief executives depend greatly on
" Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú, braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór ar luach na scaireanna.
cúraimí an Phríomhfheidhmeannaigh the responsibilities of the Chief Executive
" Is léir go bhfuil meas ag an mbainistíocht ar Ray chomh maith toisc gur iarr an bord bainistíochta air glacadh le cúraimí an Phríomhfheidhmeannaigh (le cois na gcúraimí mar Stiúrthóir Ealaíon a bhí air cheana féin) mí Iúil seo caite.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Cén ról atá agat féin sa Chomhairle agus cén fhad atá tú sa phost? Chuaigh mé i mbun dualgais mar Phríomhfheidhmeannach i mí Dheireadh Fómhair 2002.
chomh-phríomhfheidhmeannaigh joint chief executives
" Éamon Ó Caoimhnis agus Bertie Ahem atá mar chomh-phríomhfheidhmeannaigh ar an chomhlacht seo, cuideachta a bhfuil sé mar chuspóir acu tithe, scoileanna agus láithreacha oibre na tíre a théamh leis an aer te a ghineann an bheirt acu gach uair a ligeann siad orthu go bhfuil siad ag freagairt ceiste.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Is aisteach an chomhtharlúint é gur as an gcontae sin triúr de na fir is gníomhaí i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i nGaillimh ó na seachtóidí ar aghaidh: Pól Ó Foighil a bhásaigh le gairid, Pádraig Ó hAoláin atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta agus Donncha féin.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Roimhe sin, d’oibrigh sé mar Uachtarán agus príomhfheidhmeannach ar an *New York City Partnership*, eagraíocht ardiomrá gnó agus pobail.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Táimid an-bhuíoch freisin de Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties; murach eisean, is beag seans go n-éireodh linn spás a fháil i mBarra an Teampaill.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Táimid an-bhuíoch freisin de Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Temple Bar Properties; murach eisean, is beag seans go n-éireodh linn spás a fháil i mBarra an Teampaill.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Ansin tabharfaidh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, forléargas ar staid na Gaeilge sa chóras oideachais.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Ansin tabharfaidh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, forléargas ar staid na Gaeilge sa chóras oideachais.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Ansin tabharfaidh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, forléargas ar staid na Gaeilge sa chóras oideachais.
mar Phríomhfheidhmeannach as Chief Executive
" ” An-tógtha leis an obair Baineann Ó hAoláin an-sásamh as a ról mar Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.
Leas-Príomhfheidhmeannach Deputy Chief Executive
" Ceapadh é mar Leas-Príomhfheidhmeannach ansin, agus bhí sé freagrach as forbairt réigiúnach, agus an réimse leathan a chlúdaíonn an teideal sin: na hoifigí réigiúnacha, cúrsaí traenála, cúrsaí teanga agus cultúir, cúrsaí an Aontais Eorpaigh agus na comharchumainn.
ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach appointed as Chief Executive
" “Cé hé an Fear Dia Mac an Ali seo?” a d’fhiafraigh mé de Bhalor an Scolardach Scolártha, i ndiaidh dom léamh i bpreasráiteas ó Fhoraois na Gaeilge go raibh an fear sin ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach i gcomharbacht ar an fhíor-Joe MacDonagh.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Tús úr atá ann don Fhoras, mar thig le príomhfheidhmeannach nua dul i bhfeidhm go cruthaitheach ar eagras agus a fhoireann, agus clár oibre éifeachtach a leagan amach don am atá le teacht.
chomh-phríomhfheidhmeannach joint chief executive
" Ansin, tugadh le fios go raibh Noel Forgeard, an Francach a bhí mar chomh-phríomhfheidhmeannach ar EADS, tar éis mórán scaireanna a dhíol cúpla seachtain sular fógraíodh an mhoill seo.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
"Príomhfheidhmeannach eagraíocht lucht Leaba agus Bricfeasta, Town and Country Homes, tar éis straitéis nua a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm aici an earnáil sin a shábháil, agus tá súil ag go leor daoine go n-éireoidh léi mar straitéis.
príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge the chief executives of the Irish language organisations
" Ní raibh ann ach cur síos ar bhrionglóid a bhí agam, brionglóid álainn inar chaith Éamonn Ó Doornail liomsa mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí a dhéanann iarracht mhacánta; mar a chaitheann príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge le hoifigigh nach gcuireann isteach orthu barraíocht i rith na bliana; mar a chaitheann airí stáit le státseirbhísigh a thugann ómós cuí dóibh ó cheann ceann na bliana – is é atá i gceist agam, i mbeagán focal: an mhórluaíocht; an féirín; an beagchúiteamh saothair – an turas go Féile na nGael i Milwaukee.
iar-phríomhfheidhmeannach former CEO
" Daoradh Jeffrey Skilling, iar-phríomhfheidhmeannach Enron, an t-ollchomhlacht cumhachta, chun príosúin ar feadh 24 bliana ar an 25 Deireadh Fómhair, mar gheall ar a pháirt i gcomhcheilg ghadaíochta, an lá céanna a thug an comhlacht gluaisteán Ford le fios go gcaillfeadh siad timpeall $10 mbilliún in 2006.
Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Chairman and Chief Executive
" ”* Barry Meyer, Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Warner Bros Spreagadh go leor cuimhní geanúla ar na mallaibh nuair a fógraíodh go raibh an nuálaí cartúin Joseph Barbera i ndiaidh bás a fháil sa bhaile i Los Angeles.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Is é Doug Humann príomhfheidhmeannach Bush Heritage.
príomhfheidhmeannach chief executive officer
" Ní sin mar a shamhlaíonn Michael O’Leary, príomhfheidhmeannach Ryanair, seirbhís chianaistir ar chostas íseal, áfach.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Ba chás le Riobard an tsiamsaíocht ach go háirithe agus bhí baint mhór aige le hAmhaclann an Damer, Cabaret Gael Linn, Amharc Éireann agus leis na scannáin *Mise Éire *agus* Saoirse?* Ag labhairt dó ar bhás Riobaird, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin: San iliomad slite nuálacha d’éirigh le Riobard Mac Góráin an Ghaeilge a chur chun tosaigh i saol cultúrtha na hÉireann.
príomhfheidhmeannach CEO
" Ina measc tá Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge; Connla Lawlor, ar príomhfheidhmeannach *Lá Nua* í; agus Sadhbh Bhreathnach a chaith tréimhse mar bhainisteoir branda le L’Oreal sular thosaigh sí ag soláthar seirbhísí cumarsáide trí mheán na Gaeilge le Stillwater Communications.
príomhfheidhmeannach CEO
" In ainneoin go bhfuil sí ina príomhfheidhmeannach ar chumann carthanach a bhfuil na milliúin de theacht isteach aige, níl saothrú ar bith aici.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Dúirt Nicky Lidbetter, príomhfheidhmeannach Anxiety UK, go ndearnadh an taispeántas seo gan beann ar mhothúcháin an ghrúpa mhóir daoine a bhfuil eagla orthu roimh dhamháin alla.
phríomhfheidhmeannach CEO
" Sa deireadh tháinig siad ar chomhréiteach agus chuir siad rialtóir airgeadais ar bun a bhfuil a phríomhfheidhmeannach féin air, ach atá ina chuid den Bhanc Cheannais.
príomhfheidhmeannach managing director
" Dúirt príomhfheidhmeannach an mháthairchomhlachta, British Gas, i mí Eanáir na bliana seo, go mbeidh ísliú fuinnimh sa Bhreatain mura ndéanfar infheistíocht chuí i bhfoinsí in-athnuaite.
an príomhfheidhmeannach the CEO
" Fuadach feidhmeannaigh Agus a chúis acu! D’fhuadaigh oibrithe i monarcha de chuid Sony, gar do Dax in iardheisceart na Fraince, an príomhfheidhmeannach atá acu nuair a fógraíodh go ndúnfaí an mhonarcha i mí Aibreáin.
phríomhfheidhmeannach managing director
" “*Last time there was this much excitement about a tablet, it had some commandments on it*” a scríobhadh sa *Wall Street Journal* roimh cur i láthair bliantúil phríomhfheidhmeannach an chomhlachta theicneolaíochta.
iar-phríomhfheidhmeannach ex-CEO
" Shíl mé gur thuig mé céard ba bhrí le ‘sotal’ go dtí gur léigh mé scéal David Drumm, iar-phríomhfheidhmeannach Anglo Irish Bank, ar an pháipéar le déanaí.
príomhfheidhmeannach CEO
" Fuaireamar an deis dráma den scoth a fheiceáil ar an teilifís le déanaí nuair a cuireadh iachall ar ghníomhairí Goldman Sachs, an príomhfheidhmeannach Lloyd Blankfein ina measc, labhairt go poiblí os comhair coiste Seanaid faoinar thit amach ina chomhlucht i dtaobh infheistíocht agus caimiléireacht i 2007 and 2008.
príomhfheidhmeannach CEO
" Tá sé curtha i leith an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Éamonn Ó Riain TD, ag príomhfheidhmeannach Aontas Peil Rugbaí na hÉireann (IRFU), Philip Browne, go scriosfaí an cluiche rugbaí in Éirinn má chuirtear moltaí áirithe ón Aire maidir le craoladh teilifíse cluichí móra rugbaí i bhfeidhm.
príomhfheidhmeannaigh executives
" Do bhí ceannairí na gceardchumann i ndáiríre, i bpócaí an rialtais agus bhíodar ag obair agus ag maireachtaint mar a bheadh príomhfheidhmeannaigh comhluchtaí móra príobhaideacha seachas mar ionadaithe a throidfeadh ar son an lucht oibre.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" - Agus ag caint ar fhoireann *Quora*: tá an feidhmchlár idirlín seo cruthaithe ag meitheal innealtóirí, iar-Facebook ina measc, Adam d’Angelo an chéad phríomhfheidhmeannach teicneolaíochta ar *Facebook*.
phríomhfheidhmeannach CEO
" Is fiontraí sóisialta é McKeon, a bhí ina phríomhfheidhmeannach ar cheann de na bainc infheistíochta is mó sa tír tráth.
príomhfheidhmeannach CEO
" An Fhírinne Throm ========= D’eisigh an Dochtúir Lyn Roberts, príomhfheidhmeannach an Heart Foundation, ráiteas i dtaca leis an ngéarchéim seo le déanaí inar mhaígh sí go raibh fadhb an rómheáchain chomh dona i measc na glúine óige go raibh an chontúirt ann nach mairfidís chomh fada lena dtuismitheoirí.
Príomhfheidhmeannach CEO
" Ach dhá sheachtain sular ghlac sé an mhóid dhílseachta i mí Eanáir 2003, labhair Alan Greenspan, ceannaire an Bhainc Chúlchiste Fheadarálaigh, agus Robert Rubin, Príomhfheidhmeannach Goldman Sachs, leis an cheannaire nuathofa.
Phríomhfheidhmeannach CEO
" Is léir ó na comhaid go ndearna an chéad Phríomhfheidhmeannach a bhí ag an Údarás iarracht tionchar a imirt ar cé a bheadh roghnaithe ar bhord na heagraíochta.
Phríomhfheidhmeannach CEO
" Tá cluainire de Phríomhfheidhmeannach, Charles (Bruno Todeschini, soifisticiúil, síodúil, dathúil – teaspeántas sármhaith) ag iarraidh go mbeadh sí ina giota beag maisiúil ar thaobhlíne a ego féinig.
príomhfheidhmeannaigh CEOs
" Mar aon leis na baincéirí, ar ndóigh, tá príomhfheidhmeannaigh na gcomhlachtaí móra a shaothraigh 27 oiread an mhéid a bhíodh ag an ghnáthoibrí sa bhliain 1973 ach a shaothraigh 262 oiread an ghnáthphá sa bhliain 2005.
príomhfheidhmeannach CEO
" Dá mba in Éirinn seachas ar an gcoigríoch a chaithfeadh an duine sa triúr an tsaoire, d’fhéadfaí 40,000 post a chruthú, dar le Mike Webster, príomhfheidhmeannach GoIreland.
phríomhfheidhmeannach CEO
" Chun léirstean cruinn a fháil ar an chóras iasachta úr seo, chuaigh Balor chun cainte le Richie Babhstar, atá ina phríomhfheidhmeannach ar cheann de na bainc seo.
Príomhfheidhmeannach CEO
" Labhair Nick Taylor, Príomhfheidhmeannach an Tim Parry/Jonathan Ball Foundation for Peace i Warrington.
Príomhfheidhmeannach CEO
" Seo an méid a dúirt Michael Duncan, Príomhfheidhmeannach na Roinne Digití le Telefonica, leis an EuObserver le déanaí, “Bhí an Eoraip chun cinn i gcúrsaí móibíleacha agus teicneolaíochta, ach leis an fhírinne a rá, táimid titithe ar gcúl”.
príomhfheidhmeannach the CEO
" Ina leabhar Titanic's Last Secrets, deir Cheiro go ndearna sé lámh William Pirrie a léamh, príomhfheidhmeannach Harland agus Wolff, tógálaithe an Titanic, mar ar thuar Cheiro go mbeadh “troid chun an bháis” os comhair Pirrie sula i bhfad.
Príomhfheidhmeannach Gníomhach acting chief executive
" An Trédhearcacht ======= Dar le Loretta Dignam, Príomhfheidhmeannach Gníomhach le Fundraising Ireland, “is ábhar buartha é titim na síntiús, tráth go bhfuil níos mó éilimh ar sheirbhísí ann.
Príomhfheidhmeannach CEO
" Tá na rialacháin á gcur i bhfeidhm de réir a chéile, ach go dtí seo níl ach 67 ionad pórucháin cláraithe leis na húdaráis, dar le staidreamh a thug Brian Gillen, Príomhfheidhmeannach an CBFA ag an gcéad chomhdháil um leas ainmhithe a d'eagraigh an Roinn Talmhaíochta i mí Bealtaine.
Ceapfar príomhfheidhmeannach nua a new chief executive will be appointed
" Ceapfar príomhfheidhmeannach nua ar Fhoras na Gaeilge go luath.
phríomhfheidhmeannach chief executive
" Is fear é a dtaitníonn dúshlán leis agus is cinnte go bhfuil an-dúshlán ag baint lena phost nua mar phríomhfheidhmeannach ar an an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an eagraíocht atá i gceannas ar thionscadal Luas Bhaile Átha Cliath.
Phríomhfheidhmeannach Chief Executive
" Tá sé bliain anois ó ceapadh Dermot McLaughlin, an ceoltóir as Doire, mar Phríomhfheidhmeannach ar Mhaoin Bharra an Teampaill.
mar Phríomhfheidhmeannach as Chief Executive
" Níl Pádraig Ó hAoláin ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ach le bliain anuas ach tá go leor pleananna curtha le chéile aige cheana féin chun dul i ngleic le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht.
príomhfheidhmeannach chief executive
" Beidh deis ag príomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge, Ferdia Mac an Fhailigh, rian dearfach a fhágáil ar an eagraíocht sna blianta atá romhainn.
Príomhfheidhmeannach Chief Executive
" Tugann Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, eolas anseo faoi ábhar an scannáin, atá á eisiúint ar DVD an mhí seo den chéad uair.
iar-Phríomhfheidhmeannach former Chief Executive
" Cailleadh iar-Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Riobard Mac Góráin, ar an 30 Lúnasa.
príomhfheidhmeannach CEO
" Bhuail Seosamh Mac Muirí le Ciarán Ó Cofaigh, príomhfheidhmeannach ROSG, an comhlacht a thug Cré na Cille ina scannán dúinn, a thug Scéal na Gaeilge dúinn a bhain Gradam an Chumarsáide an Oireachtais 2012 an mhí seo caite agus a roinneann mórán eile lena gcois siúd orainn chaon tseachtain.
an Phríomhfheidhmeannach CEO
" Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára.