Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
phríosúnaigh eachtrannacha foreign prisoners
" Le breis agus bliain anuas táim ag tabhairt cuairte ar phríosúnaigh eachtrannacha atá ag íoc go daor as na coireanna a dhein siad - mar is cóir.
líon mór príosúnach a large number of prisoners
" Bhí líon mór príosúnach (b'as Éirinn a bhformhór) i mbeairic in iarthar Sydney a chinn ar éalú, máirseáil ar Sydney, longa a ghabháil agus filleadh ar Éirinn.
príosúnaigh pholaitiúla political prisoners
" Ní raibh cead ag na príosúnaigh pholaitiúla peann ná páipéar a bheith ina seilbh acu i gcaitheamh na seacht mí a chaith sé san institiúid sin sular aistríodh iad go Príosún Lewes.
ag tathant ar na príosúnaigh urging the prisoners
" Líomhaint thar a bheith tromchúiseach é seo atá ag teacht salach ar an léamh traidisiúnta ar an stailc ocrais, is é sin go raibh na ceannairí lasmuigh ag tathant ar na príosúnaigh éirí as an agóid.
ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh in which human rights are violated and prisoners tortured
" Deir sé fosta nach ndéantar ciapadh ar na cimí seo ainneoin go bhfuil an Úisbéiceastáin, Maracó agus an Éigipt áirithe ag Roinn Stáit Mheiriceá mar thíortha ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh.
príosúnach den Chineál A Category A prisoner
" Iarratas ======= Chun gur féidir le príosúnach den Chineál A cuairt a fháil ó dhuine éigin, caithfidh sé iarratas a chur faoi bhráid an ghobharnóra ar fhoirm oifigiúil agus ainm agus seoladh an chuairteora air.
príosúnaigh threascracha subversive prisoners
" Jabanna uirísle ======= Thug na húdaráis “príosúnaigh threascracha” ar na poblachtánaigh agus ní bhfuair siad cead ach jabanna uirísle a dhéanamh.
na mílte príosúnach poblachtánach agus dílseach thousands of republican and loyalist prisoners
" Is ag Donovan Wylie atá an focal scoir lena chuid pictiúr den Maze, an príosún cáiliúil inar coinníodh na mílte príosúnach poblachtánach agus dílseach agus ina bhfuair 13 óglach bás le linn na stailceanna ocrais.
mar a caitheadh le príosúnaigh Abu Ghraib san Iaráic how the prisoners of Abu Ghraib in Iraq were treated
" Is cosúil gur céasadh an-chuid de na príosúnaigh sna príosúin thar lear cheana féin (is eol don domhan anois mar a caitheadh le príosúnaigh Abu Ghraib san Iaráic, mar shampla), agus rialtas Mheiriceá den tuairim nach raibh stádas saighdiúra tuillte ag na hamhrasaigh, agus dá réir sin, nach raibh cearta ar bith acu de réir Choinbhinsiún na Ginéive.
a chúiseofar na príosúnaigh that the prisoners will be charged
" Chun seo a dhéanamh, ámh, beidh ar arm Mheiriceá Coinbhinsiún na Ginéive a shéanadh, mar is faoi dhlíthe an airm a chúiseofar na príosúnaigh.
go leor príosúnach many prisoners
" Bunaíodh an tír “nua” seo san 18ú haois, agus rinne go leor príosúnach as Sasana, Albain, Éirinn agus tíortha eile an turas fada ar bháid mhóra go dtí an áit aineoil seo.
céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, one hundred percent in favour of torturing prisoners,
" Labhraíos le hiníon léinn le déanaí a thug le fios os comhair ranga go raibh sí céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, fiú iadsan nach mbeadh cúiseanna curtha ina leith.
a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth a former convict colony
" Faraor, briseadh isteach sa charr a bhí ar cíos againn in Port Arthur, a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth – b’fhéidir gurbh é ceann de na taibhsí a bhí ciontach! Bhí draíocht éigin ag baint leis an Tasmáin domsa a bhí in easnamh ar an gcósta thoir.
líon na bpríosúnach the number of prisoners
" **Pionós seachas athinniúlú**Is de bharr drugaí atá líon na bpríosúnach i Meiriceá ardaithe ó thús na seachtóidí i leith, ach le fás na bpríosún i Meiriceá tá na dálaí i bhfad níos measa anois ná cheana, agus tá dearcadh na ndaoine i leith na bpríosún athraithe freisin.
in aghaidh chéasadh príosúnach against the torture of prisoners
" Ba é McCain an t-aon duine a labhair amach in aghaidh chéasadh príosúnach agus ba eisean an t-aon duine nach bhfuair bualadh bos ón lucht éisteachta.
ar nós príosúnaigh like a prisoner
" Shíl mé go raibh mé i ndiaidh éirí fíorleisciúil, agus bhraith mé ar nós príosúnaigh ar an tolg - ag titim níos faide agus níos faide isteach sna cúisíní.
phríosúnach poblachtánach republican prisoner
" Déanann Tony Birtill cur síos ar an tslí ar diúltaíodh cead dó cuairt a thabhairt ar phríosúnach poblachtánach i bPríosún Gartree sna hochtóidí.
i leith príosúnach polaitiúil as regards political prisoners
" Tá an-dochar á dhéanamh d’íomhá na Stát Aontaithe ar fud an domhain ag polasaí rialtas an Uachtaráin Bush i leith príosúnach polaitiúil, dar le Brian Ó Broin.
shaol phríosúnaigh Éireannacha Irish prisoners’ lives
" Tá léargas spéisiúil le fáil faoi shaol phríosúnaigh Éireannacha i Sasana sna seachtóidí ó litreacha a sheol beirt bhan Ghaeltachta chuig Rialtas na hÉireann ag an am.