Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcruachás predicament
" Bhíomar ag cur agallaimh ar aontachtóir a bhí i bhfábhar an chomhaontaithe faoin gcruachás ina raibh sí toisc nach raibh ach iarrthóir aontachtach frithchomhaontaithe ag seasamh sa toghchán.
chruachás predicament
" Sa lá atá inniu ann tá triúr feisirí poblachtánacha sa chruachás céanna agus bhí sé spéisiúil píosa as dialann Tony Benn MP a léamh sa *Guardian* ar na mallaibh faoi na deacrachtaí a bhí aige leis an mhóid dílseachta don bhanríon i 1964.
a gcruachás their predicament
" Dúirt sé i gcónaí gur cheart iarracht a dhéanamh a thuiscint cén fáth a ndeachaigh poblachtánaigh i dtreo an fhoréigin, gur botún a bhí ann a bheith de shíor á gcáineadh, gan aon iarracht a dhéanamh a gcruachás a thuiscint.
i gcruachás in a predicament
" Cé go mbeadh sé an-deacair dóibh glacadh le Taoiseach as Páirtí an Lucht Oibre, tá an páirtí i gcruachás mar go bhfuil sé fiche bliain ó chuaigh siad isteach sa rialtas i ndiaidh toghcháin.
chruachás predicament
" Ach ní hé Gerry Adams an chéad fheisire leis an tuairim seo, mar bhí a lán daoine eile sa chruachás céanna anuas trí na blianta.
cruachás predicament, distress
" Tchí Dia an cruachás ina bhfuil muid.
sáinn predicament
" Dúradh chomh maith go raibh gá le preab a bhaint as lucht an pháirtí, nár thuig a bhformhór go fóill an tsáinn ina bhfuil Fine Gael.
i gcruachás in a predicament
" "Ach tá mé i gcruachás ceart anois, ceart go leor," a dúirt sí os íseal léi féin.
i gcruachás in a predicament
" Ach, ina ainneoin sin, tá siad i gcruachás.
i bponc in a predicament
" Ní raibh mórán trua ag an chumann tithíochta (is leo an teach) di nuair a d’inis sí dóibh go raibh sí i bponc.
cruachás predicament
" Ba é an easpa muiníne seo ba chionsiocair le Triail na nArm agus an cruachás ina bhfaigheadh Ó hEochaidh é féin.
chruachás predicament
" Ní ábhar dóchais é, áfach, a laghad airde a thug an dá rialtas ar chruachás náisiúnaithe na Sé Chontae an uair úd sna seascaidí a d'fhág an IRA an stáitse.
cruachás predicament
" Fuair Fowler ardmholadh ó na dugairí mar gheall ar an eachtra: “Tá sceitimíní orainn faoi seo - chuir sé ár gcruachás os comhair an tsaoil.
sáinn predicament
" Ní raibh suim dá laghad ag rialtas “New Labour” sa tsáinn ina raibh na dugairí, agus tar éis leanúint leis an streachailt ocht mí eile, agus dul trí Nollaig chrua eile, ghéill siad i mí Eanáir 1998 agus ghlac siad leis an airgead iomarcaíochta ón MDHC.
sáinn predicament, fix
" Is maith a thuig sé nach raibh aon éalú ann dó ón tsáinn a chruthaigh sé dó féin sa Háig.
i gcruachás in a predicament
" Tagann an dá abhainn sin le chéile in aice le Wentworth agus ba léir go mbeadh an baile i gcruachás nuair a thiocfadh na tuilte anuas chomh fada leo.
oiread airde ar chruachás theangacha an domhain. so much attention of the predicament of the languages of the world.
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
an tsáinn the predicament
" Glacann cuid mhaith cáinteoirí leis gurb é díomas Bush agus a chomhairleoirí is cúis leis an tsáinn ina bhfuil an tír anois.
i bponc, in a predicament,
" Trí bliana ó shin, díreach roimh an olltoghchán deireanach, bhí an tUasal Howard i bponc, de réir na bpobalbhreitheanna.
as an tsáinn out of that predicament
" “Thángamar as an tsáinn áirithe sin,” a deir sé, “agus d’fhoghlaíomar ár gceacht gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin.
i bponc. in a predicament
" Ach an oiread liom féin sé bliana roimhe sin, bhí Fan i bponc.
as an tsáinn ina raibh sí. out of the predicament which she was in
" Go gairid i ndiaidh sin, tháinig trí otharcharr, inneall dóiteáin agus foireann tarrthála le trealamh speisialta leis an taismeach a bhaint as an tsáinn ina raibh sí.
cás na n-íochtarán the side/case/predicament of the underdog
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
a thuig siad ár gcás. when they understood our predicament
" ***Tacaíocht:*** Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus is gá dúinn ár mbuíochas a chur in iúl do na gníomhaithe Gaeilge agus do na polaiteoirí a ghníomhaigh go sciobtha nuair a thuig siad ár gcás.
go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad that he will manage to come through this whole predicament
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
i gcruachás, in a predicament, hardup
" Tá míchlú ar na busanna seo agus is é an pictiúr atá i mo chloigeann féin fúthu ná go bhfuil siad ann do dhaoine atá i gcruachás, iad siúd nach bhfuil fágtha acu ach an cúpla dollar deireanach le ticéad a cheannach le héalú as an áit a bhfuil siad.
cruachás predicament
" Is ríléir go bhfuil cosúlachtaí idir an chonspóid a tháinig chun cinn mar gheall ar mhótarbhealach an M3 a bheith ag dul trí shéadchomhartha náisiúnta na hÉireann - a tharla, dar ndóigh, i ndáiríre - agus cruachás Lios na gCat sa scéal.
i gcruachás in a predicament
" Glacadh leis go ndéanfaimis gach iarracht i gcónaí cuidiú leo siúd a bhí i gcruachás.
an tsáinn the predicament
" Tháinig tionóntaithe Caitliceacha as an tsáinn a raibh siad ó shin agus díoladh a mbanc leis an Danske Bank Group trí bliana ó shin mar nár riachtanach a thuilleadh é do shliocht sleachta an dreama a bhunaigh é.
tsáinn predicament
" Dhruid sé a shúil agus chuaigh sé ag smaoineamh ar chruachás na hÉireann agus orthu siúd a chuir leis an tsáinn sin ó thus na bliana úire.
tsáinn predicament
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
gcruachás predicament
" Ní haon réiteach é an carr ar an gcruachás atá romhainn.
tsáinn predicament
" Glas lochtach a ba shiocair leis an tsáinn a raibh sí agus toisc nach gcónaíonn aon duine eile léi, ní raibh éinne ann a thiocfadh i gcabhair uirthi.
go raibh sí i sáinn that she was in a predicament
" I ngeall nach raibh fuinneog ar bith sa seomra folctha, ní raibh de rogha aici ach bualadh ar na píobáin uisce ag súil go dtabharfaí faoi deara go raibh sí i sáinn.
an tsáinn the predicament
" B’ait don bheirt againn gur gortaithe seachas cúrsaí eile ar nós scrúduithe, saoire, cúrsaí oibre nó eisimirce ba chionsiocair leis an tsáinn ina raibh an fhoireann.
an tsáinn ina bhfuilimid the predicament in which we find ourselves
" Imreoirí gortaithe agus imreoirí eile imithe in áiteanna ar fud an domhain faoi deara an tsáinn ina bhfuilimid.
gafa idir dhá thine Bealtaine caught in a predicament
" Í gafa idir dhá thine Bealtaine, cliseann Mija ar Mr.
ar an bhfód céanna in the same predicament
" B’fhéidir go ndéarfadh daoine gur seafóideach an beart a bhí ann, ach ní dóigh liom féin gur féidir linn breith a thabhairt muna bhfuil muid féin ar an bhfód céanna.
chruachás predicament
" Tá Darran Ó Súilleabháin as Ciarraí sa chruachás céanna.
an tsáinn geilleagair the economic predicament
" Ba olc an mhaise é dá ndéanfadh pobal na tíre seo cinneadh gearrthréimhseach deireadh a chur leis an tSeanad mar thoradh ar an tsáinn geilleagair ina bhfuilimid.
eochair éalaithe a chruacháis féin the key to release him from his own predicament
" An dtiocfaidh eochair éalaithe a chruacháis féin as an tóraíocht? An ligfear spiorad an athar chun suain? Ná lig do Cheyenne an dallmullóg a chur ort lena thuin monotónach.
leanann an tsáinn the predicament persists
" Is beag dul chun cinn atá déanta acu ó shin, áfach, agus leanann an tsáinn.
Bhí an rialtas i sáinn the government was in a predicament
" Dúnghaois an Doichill ========= Bhí an rialtas i sáinn le linn 2012 nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile agus bhunaigh siad coiste saineolaithe le comhairle a chur orthu.
i bponc fisiciúil uafásach in a terrible physical predicament
" Dhearbhaigh na breithimh ná féadfhaidís aon fhaoiseamh a thabhairt do Mrs Fleming toisc: ‘*the State has provided ample evidential basis to support the view that any relaxation of the ban on assisted suicide would be impossible to tailor to individual cases…*’ Ach ní fíor sin i gcás Mrs Fleming amháin toisc gur aithin na breithimh go raibh sí i bponc fisiciúil uafásach agus go raibh a fear chéile sásta cabhrú léi (amháin) deireadh a chur lena fulaingt muna gcuirfeadh an DPP isteach air ex post facto.
sáinn predicament
" Baineann Treme le sáinn New Orleans i ndiaidh na speirlinge uafasaí, Katrina, a tharraing formhór na cathrach ársa seo go tóin poill i 2005, agus níl deifir ar bith ar Simon tubaiste na cathrach a léiriú dúinn.
Déanann sé iarracht sáinn na sonóige óige he attempts to (imagine) the young mascot’s predicament
" Déanann sé iarracht sáinn na sonóige óige a chuireann tús le cluiche idir Federer agus Nadal a shamhlú dúinn, ’sé sin buachall seacht mbliana d’aois darbh ainm William Caines a thugann an cuireadh don bheirt imreoir ceann nó cruit a roghnú nuair a chuirtear ar chrannaibh é, sa ‘coin-toss’ (bonn arís), ag tús cluiche.
cosúil le sáinn uafásach like the terrible predicament
" B’é an Breitheamh Hogan an breitheamh a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta le cúpla bliain anuas, cásanna cosúil le sáinn uafásach Mrs Fleming a bhí cromtha fén MS, agus na cásanna ilghnéitheacha a bhaineann le fiacha príobháideacha agus na bancanna.
Nuair a thagann an chéad chruachás eile inár dtreo when the next predicament comes our way
" Nuair a thagann an chéad chruachás eile inár dtreo, agus tiocfaidh luath nó mall, tá an baol ann nach n-oibreodh an sceach sa bhearna agus beidh géarchéim eile coinsiasa ag an tír agus ag ár gcuid polaiteoirí, nach mbeifear in ann a réiteach de bharr Airteagal 40.
in áit an-chontúirteach in a severe predicament
" Sílim go bhfuil Ghaeilge in áit an-chontúirteach.
Ní maith liom an tsáinn I don’t like the predicament
" Bealach Éalaithe ======== Ní maith liom an tsáinn ina bhfuil an ASTI agus tá súil agam go mbeifear in ann bealach éalaithe a aimsiú sna cainteanna atá ag tiocht aníos idir an ceardchumann agus an tAire, sa gcaoi is go mbeidh deis ag an ASTI deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch atá ar bun acu sna meánscoileanna.
Sin an tsáinn that’s the predicament
" Cá bhfuil an DUPóir a déarfaidh lena lucht leanúna gur ceantracha Caitliceacha iad na ceantracha is boichte ó thuaidh? Nó a admhóidh go bhfuil an dífhostaíocht nios measa i measc na gCaitliceach? Sin an tsáinn ina bhfuil an DUP.
B’í sáinn na heisimirce the predicament of emigration was
" B’í sáinn na heisimirce príomhbhéim na haiste seo, ach go háirithe iadsan a dhiúltaigh aon rud a dhéanamh chun é a leigheas ós rud é go gceaptaí go raibh buntáistí creideamhacha agus sóisialta ag baint leis an sruth daonna ollmhór sin.
fréamhacha aigneolaíochta agus socheolaíochta sáinn na hÉireann the psychological and sociological roots of Ireland’s predicament
" Theastaigh uaidh fréamhacha aigneolaíochta agus socheolaíochta sáinn na hÉireann tar éis 1945 a bhéimniú freisin.