Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chothú to promote
" Deiseanna breise d'úsáid na Gaeilge, ar nós Dháil Bia, a chothú nó a spreagadh.
teangacha agus cultúir a chur chun cinn to promote languages and cultures
" D'fhoilsigh institiúid oideachais agus taighde sa Ghearmáin tuairisc i 1999 ar obair Ghaillimh le Gaeilge; dar leo go bhfuil an dara cur chuige is éifeachtaí ag an eagraíocht i measc iarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na hEorpa teangacha agus cultúir a chur chun cinn.
cur chun cinn the promoting of
" Tá na coistí páirteach i gcur chun cinn oideachas lán-Ghaeilge ina gceantair.
chothú aontais promoting of unity
" I ndiaidh blianta de phleanáil, d'ullmhú, de chothú aontais agus d'fhógraíocht - caitheadh €5 milliún ar fheachtas margaíochta na hÉireann - tógadh isteach bancnótaí agus boinn euro in dhá thír déag Eorpacha.
a chothú promote, maintain
" Chím go bhfuil rogha againn: is féidir linn an teanga a chothú nó ligean di dul i léig.
ag caomhnú promoting
" Cad é an pictiúr a chruthaíonn sin den "dream eile"? An bhfuil mé ag caomhnú an tseicteachais? Ar cheart dom ligint dóibh Gaeilge a labhairt ar Bhóthar na Seanchille?) Sochaí fhearúil ======= Sochaí fhearúil a bhí riamh i sochaí Thuaisceart na hÉireann, bródúil as neart a luachanna aicme oibre.
a chur chun cinn to promote
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
a chur chun cinn to promote
" Táimid ag súil le tuilleadh tacaíochta ó na heagraíochtaí Stáit agus deonacha in Éirinn a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
a chothaíonn fiontraíocht which promotes enterpreneurship
" Moladh Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine ag na RSUA Design Awards chomh maith, as ucht spás éifeachtach a chruthú a chothaíonn fiontraíocht sa chathair.
a gheobhadh ardú céime who would be promoted
" Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
cur chun cinn na hiomána the promoting of hurling
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
maidir le cur chun cinn na hiomána as regards the promoting of hurling
" An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae.
leis an Ghaeilge a chur chun cinn to promote Irish
" Bhunaigh grúpa gníomhaithe teanga an chraobh seo sa bhliain 1983 leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal Dhoire agus leis an ráchairt a bhí ann ag an am ar ranganna Gaeilge a shásamh.
an Ghaeilge a chur chun cinn to promote Irish
" Níl mé ar an choiste níos mó, ach tá mé i dteagmháil leo fós mar is mian liom an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo.
téama nua a chothú to promote a new theme
" Sa bpáipéar glas atá foilsithe ag an Rialtas le gairid, moltar stráitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm agus téama nua a chothú a bhainfeadh le gach gné den turasóireacht.
chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta to promote the language through drama
" Tar éis an dráma a chur ar an stáitse, rinneamar scannán de agus bhunaíomar eagraíocht chun an teanga a chur chun cinn trí mheán na drámaíochta.
a chur chun cinn to promote
" Bhí sé mar aidhm againn ón tús an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus an teanga a mhúineadh i Sasana Nua.
an Ghàidhlig a chur chun cinn to promote Gaelic
" "Ach, an dtuigeann tú, creidim go daingean go bhfuil dualgas orm an Ghàidhlig a chur chun cinn.
an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn to preserve and to promote the language
" Chabhraigh an tseachtain leis an eagraíocht an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.
a chur chun cinn to promote
" Ní hé amháin go bhfuil smacht acu ar an maoiniú ach tá na hacmhainní agus an chumhacht acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomhar linn go léir.
a chur chun cinn to promote
" Mar a mhíníonn **Mary Beth Taylor** anseo, tá na milliúin dollar á gcaitheamh ag Bush anois chun cláracha den chineál céanna a chur chun cinn ar fud na Stát Aontaithe.
ag cur chun cinn cláracha promoting programmes
" Anois, tá an tUachtarán Bush ag cur chun cinn cláracha ar fud na tíre ina leagtar béim ar staonadh go lá an phósta, athrú i bpolasaí sláinte atá tar éis díospóireacht theasaí a chothú faoin tslí is éifeachtaí chun daoine óga a choimeád sláintiúil go fisiciúil, go spioradálta agus ó thaobh mothúchán de.
a chur chun cinn to promote
" D'fhreastail mé féin ar an scoil chéanna mar dhalta! AÓF: An gceapann tú go leagtar dóthain béime ar an gceol traidisiúnta sa gcuraclam? SJW: Cé go bhfuil sé mar phríomhaidhm sa churaclam an ceol traidisiúnta a chur chun cinn sa tseomra ranga, sílim go mbeadh sé níos oiriúnaí curaclam ceoil na scoileanna a bheith bunaithe díreach ar an gceol traidisiúnta.
chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn to promote the publishing of Irish language books
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh an Bord chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn sa tslí is go mbeadh ábhar maith léitheoireachta Gaeilge ag an bpobal.
chun an Ghaeilge a chur chun cinn to promote the Irish language
" uk)) Ócáid Éireannach/Bhreatnach a bhí i nochtadh leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 (*Beo!, *eagrán 14), áit a raibh 1,863 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 agus áit ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na Sróine Deirge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na bpríosúnach.
a chur chun cinn to promote
" Bhí sé ar spriocanna agus ar bhunchúiseanna an irisleabhair Oghma tráth a mhair sé an cruinneas sin a chur chun cinn, nó ar a laghad ar bith an fhaill a thabhairt do dhaoine féachaint leis an chruinneas sin a chleachtadh.
a chur chun cinn to promote
" Cén fáth ar bunaíodh é? Socraíodh ar chomhlacht teoranta a bhunú chun go bhféadfaimis urraíocht a dhéanamh ar thionscadail FÁS, Oifig Eolais don phobal a reáchtáil, scoileanna nó eile a bhunú agus maoiniú stáit a fháil chun an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCiarraí (agus lasmuigh den chontae).
a chur chun cinn to promote, advance
" An bhliain roimhe sin, chruinnigh Gaeil de chuid na háite le chéile chun eagras nua a chur ar bun, eagras a raibh sé mar aidhm aige an Ghaeltacht a chur chun cinn.
a chur chun cinn to promote
" Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann sa bhliain 1922 bhí sé mar pholasaí ag an rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn i réimsí éagsúla den saol poiblí agus bhí géarghá le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha na tíre chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm.
a chur chun cinn to promote
" Cén fáth ar bunaíodh an CC? Bunaíodh í chun teangacha agus cultúir na dtíortha Ceilteacha a chur chun cinn, chun eolas a scaipeadh ina dtaobh, agus chun deis a thabhairt do mhuintir na dtíortha sin taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile.
a chur chun cinn to promote
" “Chuir an fonn a bhí orm na píobaí agus feadóga a chur chun cinn isteach ar an Chomhaltas san áit a raibh mé i mo chónaí ag an am,” ar sé.
a chothú to promote
" Bronnfar pacáistí d’áiseanna teagaisc, urraithe ag Gael Linn, ar an dá choiste is fearr a dhéanfaidh úsáid na Gaeilge a chothú.
leis an amhránaíocht a chur chun cinn to promote singing
" Tá an-mheas agam ar dhuine ar bith a dhéanfadh moltóireacht ag aon chomórtas - gan moltóirí ní bheadh aon chomórtas ann agus, mar a dúirt muid níos luaithe, ní gá gurb é an comórtas an bealach is fearr leis an amhránaíocht a chur chun cinn ach, mar sin féin tá ról an-tábhachtach aige.
ag cothú na mbraistintí seo promoting these feelings
" Is minic an focal sin “*perception*” luaite i ráitis ó aontachtaithe agus ó dhílseoirí, agus ar an drochuair, ó lucht na n-eaglaisí Protastúnacha, ach cé tá ag cothú na mbraistintí seo? Má tá muinín ag daoine ionat, agus i bhfianaise an olltoghcháin dheireanaigh tá muinín ag an phobal aontachtach sa DUP, má deir tú le daoine go bhfuil siad beagmhaitheasach creidfidh siad tú, beag beann ar an fhianaise.
leis an Ghaeilge ar chur chun cinn to promote Irish
" Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
chur chun cinn promoting
" Ba mhór an tionchar a bhí ag ealaíontóirí Ollanacha ar fhorbairt agus ar chur chun cinn teicnicí péintéireachta agus, ag dul siar chomh fada leis an 14ú haois, thug a saothar léargas ar a saol dúinn, rud a spreagann ár suim ann go fóill.
a chur chun cinn to promote
" Bhí an tuarastal ab airde do phríomhoide i Sasana aige i 1998 (£118,000 sa bhliain) agus ba ghnách leis féin agus “a chara”, an leas-phríomhoide Jenny Dolphin, dul thar lear go minic “leis an choláiste a chur chun cinn”, in áiteanna mar an tSín, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Nua-Shéalainn, an Astráil agus Ceanada.
go gcothóidh siad that they will promote
" Drochsheans go gcothóidh siad aon mheas ar an teanga nó grá di ina gcuid páistí.
a chur chun cinn to promote
" Tá go leor daoine ann a déarfadh nár cheart go mbronnfaí marcanna breise ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu in aon chor agus nach é seo an dóigh is fearr leis an teanga a chur chun cinn.
an Protastúnachas a chur chun cinn to promote Protestantism
" Sa lá atá inniu ann, tá tuairim is ar 30,000 ball gníomhach san Ord, iad ag déanamh a ndíchill ag iarraidh an Protastúnachas a chur chun cinn agus clú glórmhar William of Orange a chosaint do dhream amháin; ach do dhream eile, is eagraíocht bhiogóideach, sheicteach, fhoréigneach í.
plé polaitiúil a chothú to promote political discussion
" An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
forbairt gheilleagrach a chur chun cinn to promote economic development
" ’” Glacadh leis ar feadh roinnt mhaith blianta, a deir sé, gurbh é an ról a bhí ag an Údarás ná forbairt gheilleagrach a chur chun cinn, postanna a chruthú, agus go dtabharfadh an teanga aire di féin ina dhiaidh sin.
a chur chun cinn to promote
" “Ní raibh aon chiste curtha ar fáil do Ghaeltarra riamh do chuspóir na teanga, ná go deimhin féin, go dtí gur tháinig Éamon Ó Cuív isteach mar Aire Stáit, ní raibh aon soláthar ar leith airgid curtha ar fáil ag an státchiste don eagraíocht le Gaeilge a chur chun cinn.
ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn very keen to promote Irish
" Ceann de na príomhrudaí a bheas le déanamh acu ná tacaíocht a chur ar fáil don iliomad eagraíochtaí agus grúpaí ar fud na tíre atá ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn, bíodh siad i saol an ghnó, i bpobail, i scoileanna nó in ionaid eile nach iad.
ag cothú na bhfoirne láidre tuilleadh promoting the strong teams more
" Ardaíonn sé an cheist arís: an bhfuil deireadh ré ag druidim le Craobhchomórtas Peile na Mumhan nó an bhfuil córas an chúldorais ag cothú na bhfoirne láidre tuilleadh seachas na contaetha laga a thabhairt chun cinn? Bealach éasca a fuair foireann Átha Cliath tríd go dtí an leathchraobh, gan aon fhoireann taobh amuigh de Chúige Laighean le himirt acu.
í a chur chun cinn to promote it
" Tuigeann an rialtas agus na daoine chomh tábhachtach is atá an earnáil siúl sléibhe do gheilleagar na tuaithe agus déanann siad gach iarracht í a chur chun cinn.
a chur chun cinn to promote
" Is é aidhm Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ná aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí agus eagraíochtaí ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid go laethúil agus atá, mar thoradh air sin, rannpháirteach san iarracht atá ar bun Gaillimh a chur chun cinn mar phríomhchathair dhátheangach na hÉireann agus inmharthanacht na hachmainne is tábhachtaí ó thaobh cultúir agus cúrsaí geilleagracha de a chinntiú.
an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn traschultúrtha. to promote Irish on a cross-cultural basis.
" Le cois na leabhair seo a fhoilsiú, déanann sé féin iad a dhearadh agus canann sé amhráin idir na ceachtanna! Ar bhord dhá eagraíocht Le trí bliana déag anois, tá Risteard ar bhord Iontaobhas Ultach, an eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste a bhfuil sé mar sprioc aici an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn traschultúrtha.
ag cuidiú leo a gcuid táirgí a chur chun cinn. helping them promote their products.
" Is cinnte go n-oibríonn sé ó thaobh na gcumann spóirt agus na gcomhlachtaí ach an bhfuil an teachtaireacht cheart á cur chun cinn ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus ag lucht an rugbaí? Is léir go gcreideann na comhlachtaí go bhfuil an urraíocht ag cuidiú leo a gcuid táirgí a chur chun cinn.
chun féiníomhá na tíre a chur chun cinn to promote the country's self-image
" Ar shlí amháin, chun féiníomhá na tíre a chur chun cinn agus, ar shlí eile, go meallfaidh mé daoine chuig an dearcadh Maorach – sa chaoi chéanna ar mealladh mise isteach i saol na bPākehā agus mé óg.
cur chun cinn na n-ealaíon sa phobal the promoting of arts in the community
" Airím go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cur chun cinn na n-ealaíon sa phobal agus go bhfuil sé riachtanach go mbeadh maoiniú poiblí ar fáil.
d'fhéach siad le hí a chur chun cinn they sought to promote it
" “Bhí múinteoirí den scoth ann; chuir siad cuid mhór béime ar an teanga agus d'fhéach siad le hí a chur chun cinn sa scoil agus sa cheantar.
a chur chun cinn to promote
" Is é an aidhm a bhí againn ná amhránaíocht thraidisiúnta an chontae a chur chun cinn, idir amhráin Bhéarla agus amhráin Ghaeilge.
a chur chun cinn to promote
" Caithfear bealaí a aimsiú leis an spórt a chur chun cinn agus na cluichí a fhógairt ar bhealach níos éifeachtaí.
atá á cur chun cinn is being promoted
" Sa chéad dul síos, cé leis í? Cé atá i dteideal athrú a dhéanamh? Cén fáth? Cén íomhá den tír atá á cur chun cinn ag bratach? Agus i gcás na Nua-Shéalainne, cén bhaint atá acu anois leis an mBreatain? Is dócha gur maith an rud é féiniúlacht a cheistiú, agus mar a dúirt duine sa lucht éisteachta ansin, ba cheart do chuile shaoránach an rud a phlé, ní hamháin an Ríchomhairle.
a chur chun cinn to promote
" Is bealach maith é le d'ainm a chur chun cinn agus cáil éigin a tharraingt ort féin.
a chothaigh sé whom he promoted
" Ar na hamhránaithe agus ceoltóirí a chothaigh sé bhí Seosamh Ó hÉanaigh, Seán Ó Riada agus an grúpa Clannad.
a chur chun tosaigh to promote
" Ba chás le Riobard an tsiamsaíocht ach go háirithe agus bhí baint mhór aige le hAmhaclann an Damer, Cabaret Gael Linn, Amharc Éireann agus leis na scannáin *Mise Éire *agus* Saoirse?* Ag labhairt dó ar bhás Riobaird, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin: San iliomad slite nuálacha d’éirigh le Riobard Mac Góráin an Ghaeilge a chur chun tosaigh i saol cultúrtha na hÉireann.
chun é féin a chur chun tosaigh to promote himself
" I gcaolthoghcháin, mar an ceann seo, má bhuann iarrthóir imeallach an vóta, is féidir leis an fuinneamh sin a úsáid chun é féin a chur chun tosaigh mar iarrthóir réalaíoch i stáit eile.
a chur chun cinn. to promote
" Is éard atá i gceist le Leabhar Power ná feachtas bolscaireachta a cuireadh ar bun chun leabhair Ghaeilge a chur chun cinn.
a chur chun cinn. to promote, bring to the fore
" Agus na Cluichí Oilimpeacha ar tí a bheith ar siúl i mBéising i mí Lúnasa, ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú le cearta daonna mhuintir na Tibéide a chur chun cinn.
agus mé i mbun cúis a chur chun cinn when I'm promoting a cause
" Ach is dócha gurb é an cur chuige atá agam agus mé i mbun cúis a chur chun cinn ná go ndéanaim na daoine ar fad a bhfuil comhchúspóir ar leith acu a thabhairt le chéile le go mbeidh guth aontaithe i gceist.
a chur chun cinn. to promote
" * Nóta ón eagarthóir: Chuathas i dteagmháil le daoine éagsúla i rith na míosa seo caite le cuireadh a thabhairt dóibh alt a chur ar fáil do *Beo!* ina ndéanfaí argóintí ar son dhaingiú an chonartha a chur chun cinn.
a chur chun cinn. to promote
" Tá sé de dhualgas ar an duine a bhíonn ag scríobh do dhaoine óga cothromaíocht, seachas aicmíocht idé-eolaíoch róshimplí, a chur chun cinn.
a chur chun cinn to promote
" Cé gur éirigh leis na Sínigh cuid mhór a dhéanamh le linn na gCluichí lena n-íomhá a chur chun cinn ar ardán idirnáisiúnta, rinne siad an-dochar dá gcáil féin chomh maith mar gheall ar an dóigh ar caitheadh le daoine éagsúla ar theastaigh uathu agóid shiocánta a dhéanamh i gcoinne polasaithe áirithe de chuid na tíre.
a chur chun cinn to promote
" Cinnte, thit an lug ar an lag orm ar feadh cúpla lá, ach ansin, rinne mé athmhachnamh ar chúrsaí agus tháinig mé ar an tuiscint gur pribhléid iontach a bhí ann gur tugadh an deis sin dom mo chuid cúiseanna a chur chun cinn agus aird a tharraingt orthu ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
a chur chun cinn to promote
" Socraíodh ar eagraíocht náisiúnta a bhunú chun an rince céilí neamhiomaíoch a chur chun cinn i measc achan aoisghrúpa.
ardú céime a thabhairt dóibh promote them
" Tabharfaidh sé daoine óga fuinniúla isteach gan olc ar bith a chur ar na seanfhondúirí, earcóidh sé níos mó mná agus ardú céime a thabhairt dóibh sin atá sa pháirtí cheana.
chur os comhair an tsaoil to promote widely
" Tuigeann lucht ealaíne agus polaitíochta go bhfuil deiseanna bolscáireachta san amhrán seo lena gcásanna féin a chur os comhair an tsaoil agus is amhlaidh an cás don ealaíontóir easaontach Síneach, Ai Weiwei.
tugadh ardú céime he was promoted
" Deireadh Tochta ======= Agus ní ar son na carthanachta nó le sprid an athmhuintearais a spreagadh a tugadh ardú céime do Bhéal Feirste.
chun an Ghaeilge a chur chun cinn to promote the Irish language
" Cén fáth ar bunaíodh an t-eagras an chéad lá riamh? Is eagraíocht mhargaíochta dheonach é Gael-Taca a bunaíodh chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn ginearálta, ach go háirithe i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.
a chothú to promote
" Tá baill áirithe d'Fhianna Fáil ag caint ar chomhoibriú níos fearr a chothú idir iad féin agus an SDLP.
cur chun cinn na Gaeilge promoting the Irish language
" Bhí aithne ag Nikki Ragsdale tráth ar roc-cheoltóirí mór le rá, ach na laethanta seo tá sí níos tógtha leis an chultúr Gaelach agus le cur chun cinn na Gaeilge i gceantar San Francisco.
an Ghaeilge a chur chun cinn to promote Irish
" D'éirigh Bob Burke as a phost mar fhiaclóir i mBaltimore, Maryland anuraidh ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé ar tí éirí as a chuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn ina thír dhúchais.
ag cur na Gaeilge chun cinn promoting Irish
" Tá an lámh in uachtar ag an mBéarla sa Bhruiséil ach tá Rachel Mac Gowan agus roinnt cairde léi ar a ndícheall ag iarraidh a bheith ag cur na Gaeilge chun cinn.
leis an teanga a chur chun cinn to promote the language
" Labhair Stiofán MacGréill le hAlasdair Mac Caluim, fear óg atá ceaptha ag an Pharlaimint leis an teanga a chur chun cinn, faoin bhille seo agus faoin obair atá ar bun aige féin.
atá ag cur na Gaeilge chun cinn thar lear who are promoting the Irish language abroad
" An mhí seo caite, sheol Glór na nGael comórtas nua Gaeilge atá dírithe ar dhreamanna atá ag cur na Gaeilge chun cinn thar lear.
a chur chun cinn. to promote.
" Tá struchtúr nua ag baint le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronntar gach bliain ar lucht gnó agus ar eagraíochtaí i nGaillimh a fhéachann leis an nGaeilge a chur chun cinn.
a chur chun cinn to promote
" Tá struchtúr nua ag baint le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronntar gach bliain ar lucht gnó agus ar eagraíochtaí i nGaillimh a fhéachann leis an nGaeilge a chur chun cinn.
a chur chun cinn to promote
" Bhí an cheolchoirm seo mar chuid de “Abair Amhrán ar an Sean-nós”, tionscadal de chuid rannóg ealaíon Chomhairle Chontae Loch Garman a bhfuil sé mar aidhm aige amhránaíocht thraidisiúnta an chontae a chur chun cinn sna scoileanna.
a chur chun cinn. to promote.
" Measann Tony Birtill go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun an comhshaol in iardheisceart Dhún na nGall a chosaint agus an éiceathurasóireacht a chur chun cinn.
an teanga a chur chun cinn. to promote the language
" Tá an tacaíocht airgid gan bhunús réadúil, dar le Robert McMillen, agus tá teipthe go tubaisteach ar iarrachtaí an teanga a chur chun cinn.