Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ráithe quarter
" Le deich mbliana bhí baill an chairtéil ag bualadh le chéile gach ráithe le praghsanna a phlé agus a shocrú.
ráithe quarters
" Ar nós *Janus*, amharcann Balor siar agus chun tosaigh; siar ar thrí ráithe de "Beo ar Éigean" agus ar aghaidh isteach sa bhliain 2002 lena chuid tairngreachtaí, mar a bheadh *Oraculum Delphi* ann.
na ceithre ráithe the four quarters
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
ráithe quarters
" 'Is cóir gearradh siar ar an fhéilire,' a dúirt mé leis agus mhínigh mé dó mo chuid cúiseanna leis an ráiteas: 'Mura mbíonn ach seachtain i ngach coicís agus coicís i ngach mí, ní bheidh ach an dá ráithe sa bhliain: tabharfaidh muid earrach agus samhradh orthu agus ní bheidh daoine ag téamh a gcuid tithe; ní bheidh caiteachas na Nollag níos mó ann; ní bheidh na múinteoirí dod' chrá nó beidh siad ar saoire níos mó ná leath na bliana; agus thar bhuntáiste ar bith eile: ar an bhliain seo chugainn, nuair a bheas mise tríocha trí bliain d'aois beidh mé sé bliana agus trí scór agus i dteideal dul amach ar an phinsean.
ráithe three-month period
" Bhí cónaí ar an teaghlach i mBaile Átha Cliath, ach chaith siad ar a laghad ráithe chuile bhliain i nDún Chaoin, i dteach a huncail, an Monsignor Pádraig de Brún.
ráithe a quarter of a year
" Caithfidh mé a admháil nach ndearna mé seo riamh! Chaith muid an chuid is mó de ráithe ag plé leis an amhrán "Tá na Páipéir dhá Saighneáil" agus is le deireanas a d'fhoghlaim mé é.
ráithe three-month period
" “Céad slán le fadhbanna na tíre go ceann ráithe eile,” a bhí mar mhantra ag lucht Dháil Éireann agus a gcairde thart orthu agus iad ag déanamh socruithe faoina gcuid laethanta saoire.
leanbh trí ráithe a baby three quarters of a year old
" Ní hamháin go gcuirtear ina leith gur mharaigh siad cuid mhór uan ach deirtear fosta gur sciob iolar leanbh trí ráithe de chuid Mháire Nic Fhionnlaoich ar an Chloigeann Mhór, sa pharóiste, thart fán bhliain 1700.
uair sa ráithe once every quarter
" Léiríonn na figiúirí is déanaí ón Suirbhé Náisiúnta Tí, a thagann amach uair sa ráithe, go bhfuil ceathrú milliún duine sa tír seo fostaithe sa tionscal tógála.
ráithe ó shin three months ago
" Scríobhas ráithe ó shin gurbh iad Barack Obama agus Hillary Clinton na príomhiarrthóirí don chéad toghchán eile, ach i ndíospóireacht phoiblí a reáchtáladh le déanaí, thug an tUasal Obama le fios gur mhithid ionruathar a dhéanamh ar an bPacastáin, in ainneoin thoil na tíre sin, dá mba ghá é chun an ruaig a chur ar Al-Qaeda.
trí ráithe three seasons, trimester
" Sílim nár mhiste na trí ráithe, nach mór, atá caite agam i ‘dtír na deise’ a mheas.
ráithe trimester
" Táimid tagtha go deireadh chéad ráithe Uachtaránacht Bharack Obama, agus mar is iondúil d'uachtarán nua, táthar á scrúdú go géar, féachaint ar éirigh go maith leis nó nár éirigh, agus ag lorg tuaranna don chuid eile dá thréimhse oifige.
ráithe three months
" Do chuid mhaith feisirí, seo é an chéad uair le ráithe nó níos mó a thug siad cuairt abhaile, agus dá réir sin, eagraíonn siad cruinnithe poiblí chun fáil amach cad iad na ceisteanna is mó atá ag déanamh scime dá dtoghthóirí.
ráithe seasons
" As ceithre ráithe na bliana is é an geimhreadh is mó a fhágann a lorg ar intinn an duine.
ráithe season
" ‘*Nowhere Boy*’ – Sam Taylor Wood‘*Bright Star*’ – Jane Campion Ní minic a thagann dhá scannán úrnua ó bheirt bhanléirtheoir inár dtreo san aon ráithe amháin.
ráithe three months
" Tá sé tar éis Club Leabhair a bhunú, a thagann le chéile uair sa ráithe i Lárionad Éireann Nua-Eabhrac i Long Island City, Queens.
ráithe na raiméise silly season
" Deirtear gurb é an dá mhí Iúil/Lúnasa ‘ráithe na raiméise’ sna meáin chumarsáide.
ráithe three months
" B'fhíor sin, ach bhíodar ceart ar fad agus ní raibh sé mórán thar ráithe go raibh Teilifís Éireann agus a gcairde sna meáin chumarsáide ag tarraingt ar Bheantraí mo léan.
ráithe úrnua fresh new season
" Tá na héin tosaithe ar na saolta beaga seo ag déanamh neadacha agus is léir go bhfuil siad fós misniúil deimhneach go mbrisfidh a n-ál as an mblaosc an ráithe úrnua seo.
le ráithe for three months
" Ainneoin an Nollaig a bheith curtha caillte le ráithe tá an gheamaireacht ag dul ar aghaidh ó thuaidh, go háirithe taobh istigh den UUP.
ráithe three month period
" 2% sa ráithe a chríochnaigh i mí an Mheithimh i mbliana, cuirim i gcás, sa tréimhse chéanna ina raibh an geilleagar ar an dá thaobh den Atlantach Thuaidh ag meath.
i rith na ráithe sin during that season
" Roghnaítear cúlra an Fhómhair leis an gceiliúradh a chur ar bun mar tagann claochló ar an timpeallacht i rith na ráithe sin ar an oileán.
ráithe three months
" Thar an sliabh anall a tháinig muide ráithe dár gcionn.
in aghaidh na ráithe per quarter
" Íocann an comlacht corradh le 13,000 yuan (€ 1300) in aghaidh na ráithe le cúrsa Béarla a chur ar fáil do Peter, costas bia agus leaba san áireamh.
go ceann ráithe for a season
" Íseal Grian, Gearr a Rith ======== Má ba dhona an samhradh a fuair Éire, is doirche, is fliche agus is fuaire a bheas an aimsir in íochtar domhain go ceann ráithe.
a breith faoi cheann ráithe its judgment in three months time
" Tabharfaidh an chúirt a breith faoi cheann ráithe.
le linn an chéad ráithe i mbliana in the first quarter of this year
" ie/en/statistics/crimeandjustice) Thug alt le déanaí ar an Irish Times (28 Meith 2013) le fios gur cosúil gur leanadh ar an chaoi seo mar gur tháinig titim eile ar líon na gcoireanna le linn an chéad ráithe i mbliana.
le ráithe anuas for the last three months
" B'fhearr liom scéal na Breatnaise a inseacht de réir mar atá sí á cloisteáil agam le ráithe anuas ó d'fhill mé ar thír dhúchais mo mháthar le deireanas tar éis cúig bliana a chaitheamh sa bPolainn agus sa nGearmáin.
chéad ráithe first quarter
" De réir an taighde is déanaí atá foilsithe ag Fundraising Ireland, bhí laghdú 11% ar líon na ndaoine a thug síntiúis sa chéad ráithe don bhliain.
ráithe of three months
" Díoladh suas is anuas le milliún cóip de leabhar nuafhoilsithe sa Bheilg agus sa Fhrainc in imeacht ráithe agus cheannaigh PJ Mac Gabhann a chóip féin.