Pota Focal Intergaelic
ras | ás | grás | prás |
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rásaí capall agus con horse and greyhound races
" ) Tá blianta fada caite aige ag scríobh faoi gach cineál spóirt, ina measc rugbaí, sacar, peil, iománaíocht, rásaí capall agus con, dornálaíocht agus cruicéad.
Capall rása racehorse
" Capall rása, nó leath de chapall ba chirte a rá, a bhí ann agus an plean ná go mbeadh an bainisteoir feicthe in éineacht leis an gcapall ag na hócáidí móra rásaíochta agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin - nó rud éigin mar sin, sílim.
rásaí idirnáisiúnta international races
" *Bantries* an t-ainm atá tugtha orthu agus is daoine óga a thógann iad (glacann siad páirt i rásaí idirnáisiúnta iontu gach dhá bhliain).
ag iarraidh capall rása a dhéanamh d’asal trying to make a race horse out of a donkey
" Is cur amú ama é bheith ag iarraidh capall rása a dhéanamh d’asal.
ó chapall rása folaíochta from a thoroughbred horse
" Tógann sé misneach bheith ábalta titim ó chapall rása folaíochta ag rith ar luas na gaoithe agus ansin dul ar ais sa diallait arís le haghaidh rása eile go gairid ina dhiaidh sin.
bheadh rás carranna buaite a car race would be won
" Mar shampla, bheadh rás carranna buaite nó bheadh na heachtráin ar fad dúnmharaithe.
rith an rása ina iomláine clean sweep
" Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag muintir Chonamara ag ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí.
i mbun rása le chéile. racing each other.
" Roinnt míonna ó shin, mar shampla, níor dhícháiligh breitheamh beirt fhear óga a thiomáin ag beagnach 200 ciliméadar san uair in aice leis an Mhuileann gCearr agus iad i mbun rása le chéile.
eagraítear rás a race is organised
" Go deimhin, eagraítear rás gach bliain ó Brooklyn go Manhattan ina mbíonn rothair, traein faoi thalamh, agus tacsaithe páirteach.
ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir. winning a cup or league or big race.
" An chéad uair ar éirigh lena gcontae Craobh na hÉireann a bhuachaint, mar shampla, nó duine aonair ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir.
Ní cuimhin liom aon rud faoin rás, I don't remember anything about the race,
" Ní cuimhin liom aon rud faoin rás, ach amháin go ndeachaigh ceiliúradh agus caint na ndaoine ní ba shine i bhfeidhm ar an aois óg.
dhá chuileog i rás two flies in a race
" Deirtear dá mbeadh dhá chuileog i rás ar bhalla sa chathair go mbeadh scaifte cruinnithe thart timpeall orthu ag béicíl tacaíochta.
rása sealaíochta relay race
" ”* Ní raibh ach beirt Ghiúdach ar fhoireann raoin agus faiche na Stát Aontaithe ag na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i mBeirlín sa bhliain 1936 – Marty Glickman agus Sam Stoller – ach baineadh den fhoireann iad roimh chraobh an rása sealaíochta 400 méadar.
go mbeidh a rás rite faoi leathama that his race will be run by half-time
" ***Míbhuntáistí:* **Tá an t-ádh dearg leis a áit a choinneáil ar an fhoireann agus is dócha ná a mhalairt go mbeidh a rás rite faoi leathama nuair a chuirfear fios ar an chéad fhear ionaid.
rásaí bád seoil sail boat races
" Mionchluichí Oilimpeacha atá i gceist ar bhealach, nó meascán de lá spóirt agus oireachtais, de fhleá cheoil agus rásaí bád seoil, mar a bhíonn ar siúl in áiteanna éagsúla in Éirinn i rith an tsamhraidh.
Rás Tailteann Tour of Ireland
" Thugtaí ‘Rás Tailteann’, tráth, ar an rás rothair timpeall na hÉireann, ach is cosúil go bhfuil an Ghaeilge ligthe i ndearmad ag muintir na rothar le scaitheamh.
an rás rite the game (was) up
" Bush go raibh an rás rite ag na tiarnaí cogaidh, ghríosaigh siad Meles Zenawi, deachtóir na hAetóipe nach bhfuil thar mholadh beirte ó thaobh cearta daonna de (ach ós rud é go dtéann sé i bpáirt leis an Iarthar, déanann na meáin neamhaird ar a chuid coireanna), dul isteach sa tSomáil, rud a rinne ar an 24 Nollaig, 2006.
rás rite race was run
" Bhisigh mé ach ba léir go raibh a rás rite ag an rothar.
rás capaill horse race
" Tá an Corn, mar a thugtar air, ar an rás capaill is cáiliúla agus is saibhre sa tír agus ritear an rás ar an gcéad Mháirt de mhí na Samhna gach bliain.
rásaí na gcon dog races
" Tá na puntaí meáchain curtha suas ag Balor agus na puntaí airgid curtha síos aige ag rásaí na gcapall agus rásaí na gcon.
tá an rás rite acu their race is run
" Anois, tá turgnamh mór an Chomhaontais Ghlais tagtha chun deiridh anois agus tá an rás rite acu.
Rás Putin ina Chúlóg ar Each Putin's race riding pillion on a stead
" Rás Putin ina Chúlóg ar Each ============= Ba bhreá le Balor dul ar chlár le *Miss Panti*, ach beidh air dul sa scuaine.
Cuirfear tús leis an rás rothaíochta the cycling race shall start
" Cuirfear tús leis an rás rothaíochta an Giro d'Italia - lá partenza - i mBéal Feirste ar an 9ú Bealtaine i mbliana agus beidh babhtaí ann ar an chósta thuaidh sula rachaidh sé ó Ard Mhacha go Baile Átha Cliath ar an 11ú Bealtaine.
rás cliath hurdles
" D’imrímis, idir bhuachaillí agus chailíní, go leor cineálacha spóirt eadrainn féin – iománaíocht, peil, sacar, rásaíocht chapall, cruicéad, dornálaíocht, iomrascáil /an choraíocht, leadóg, lúthchleasa (rith, léim, rás cliath, caitheadh meáchain, caitheadh sleá, léim chuaille, saighdeoireacht san áireamh), galf, snámh agus araile.
rás fadachair seachas ráibrás a marathon race rather than a sprint
" Easpa Gnímh i Leith an Straitéis Fiche Bliain:** Maíodh i gcónaí gur rás fadachair seachas ráibrás a bhí ann ach is geall le 'Straitéis Fiche Bomaite' í anois ó thaobh tiomantas an rialtais i leith fhorálacha na cáipéise thoirtiúla úd.
sa rás don uachtaránacht. in the race for the presidency
" Chuaigh Ian Mór chuig na Stáit Aontaithe le gairid le rudaí tábhachtacha a mhúineadh dóibh siúd atá sa rás don uachtaránacht.
Rás Tailteann Tour of Ireland
" Bhéarfaidh Colm Mac Séalaigh siar trí chonspóidí na rothaíochta sinn chomh maith le cuntas a thabhairt san alt seo ar fhear de laochra spóirt ár linne, Lance Armstrong, agus a chuairt ar Éirinn le haghaidh Rás Tailteann na bliana seo
rás capaill horse race
" Chaill Bearnaí Ó Doibhlin cúpla cianóg le rás capaill san Astráil i mbliana.