Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ráta íseal boilscithe low rate of inflation
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
rátaí úis interest rates
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
ráta athraithe lucht oibre staff turnover rate
" Bhí an ráta athraithe lucht oibre iontach ard, ní nach ionadh.
ráta boilscithe inflation rate
" Agus an geilleagar ag fás go tapa, níor theastaigh ón rialtas go mbeadh tuilleadh brú ar an ráta boilscithe.
ráta úis athraitheach variable interest rate
" De réir na saineolaithe, tá rátaí úis ag bun a dtimthriall, rud a chiallaíonn gur fearr, b'fhéidir, dul le cuntas le ráta úis athraitheach chun buntáiste a bhaint as na méaduithe dóchúla sna rátaí úis i rith na gcúig bliana.
ráta fáis growth rate
" Déanann na hinstitiúidí breithmheas infheistíochta bunaithe ar chritéir ar nós ioncaim agus ráta fáis.
ráta dífhostaíochta unemployment rate
" Is ceantar bocht é, le ráta dífhostaíochta timpeall 9.
ráta an-íseal beireatais very low birthrate
"ráta an-íseal beireatais san Iodáil anois agus nuair a bhíonn sé sin amhlaidh i dtír mealltar daoine ó thíortha a bhfuil daonra ró-ard iontu.
ráta cánach tax rate
" "Mhol mé dó cúpla euro a chur ar leataobh leis an ráta cánach do scríbhneoirí *Beo Ar Éigean* a ísliú go 10%.
an ráta dífhostaíochta a laghdú to lower the unemployment rate
" Ansin, d'éirigh an Rialtas an-ghnóthach agus iad ag cur in iúl don phobal go rabhadar ag iarraidh an ráta dífhostaíochta a laghdú; bunaíodh coimisiún a raibh sé mar aidhm aige tuarascáil a chur ar fáil faoin dífhostaíocht! Sea, ó bhuaigh Schröder an t-olltoghchán in athuair i mí Mheán Fómhair 2002, táthar fós ag caint faoin tslí is fearr leis an ngéarchéim eacnamaíoch a shárú.
ráta coireachta crime rate
" Is é an toradh a bheidh air seo ná go dtiocfaidh méadú ar an ráta coireachta freisin.
ráta ard dífhostaíochta high rate of unemployment
" An chonstaic is mó roimh na feachtasóirí ná gur ceantar bocht é Doire agus an tír máguaird, agus tá ráta ard dífhostaíochta ann.
ar rátaí tarraingteacha at attractive rates
" Mar shampla, cuirfear níos mó airgid ar fáil chun taighde a dhéanamh agus tionscnaimh úra a fhorbairt; agus cuirfear iasachtaí móra ar fáil ar rátaí tarraingteacha do thionscadail ar leith - tionscadail iompair ina measc.
má thagann méadú ar na rátaí úis if the interest rates increase
" Mar sin, má thagann méadú ar na rátaí úis, titfidh geilleagar na tíre as a chéile.
rátaí bruscair bin charges
" Cé acu ar aontaigh tú nó nár aontaigh tú leis an seasamh a ghlac an Teachta Dála neamhspleách Joe Higgins maidir le ceist na rátaí bruscair - agus, i mo chás féin, níor aontaigh - ar a laghad léirigh sé tréithe ceannaireachta, sin le rá sheas sé lena phrionsabail.
an ráta toirchis i measc déagóirí teen pregnancy rate
" asp) Cuid 1 den alt anseo Ó thosaigh an curaclam ina gcuirtear béim ar staonadh ó ghnéas amháin i 1995, tá an ráta toirchis i measc déagóirí tar éis titim in Texas i gcoitinne - agus i Lubbock County go háirithe - ach ní chomh sciobtha is atá sé ag titim ar bhonn náisiúnta.
de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe as the inflation rate increases
" Cé go dtagann ardú ar an méid seo de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe, tá a fhios againn ar fad gur léim an saibhreas agus an costas maireachtála go mór sa tír seo le deich mbliana anuas nó mar sin.
ráta mortlaíochta mortality rate
" I measc na n-eisimirceach go dtí an Bhreatain, is iad na hÉireannaigh an t-aon ghrúpa amháin a n-ardaíonn a ráta mortlaíochta nuair a chuireann siad fúthu ansin.
rátaí úis interest rates
" Thagair an rialtas do na rátaí úis a bhí ann nuair a bhí an Lucht Oibre i réim sna seachtóidí agus sna hochtóidí, rátaí a bhí níb airde ná mar atá anois.
rátaí ísle marthanais low rates of survival
"rátaí ísle marthanais i gceist i gcás ailse scamhóg i dtuaisceart na hÉireann.
an ráta dífhostaíochta is airde the highest unemployment rate
"an ráta dífhostaíochta is airde sa tír ann.
rátaí na gcomhlachtaí teileachumarsáide traidisiúnta the rates of the traditional telecommunications companies
" Má chláraíonn tú le ceann de na comhlachtaí seo is féidir glao a dhéanamh ó ríomhaire ar an idirlíon go dtí gnáthuimhir ghutháin aon áit ar domhan ar chostas an-íseal i gcomparáid le rátaí na gcomhlachtaí teileachumarsáide traidisiúnta.
méadóidh siad na rátaí úis they will increase the interest rates
" Tiocfaidh scaoll ar rialtais na hEorpa agus méadóidh siad na rátaí úis chun smacht a choinneáil ar an bhoilsciú.
rátaí úis interest rates
" De réir taighde atá déanta ag Banc an IIB agus an ESRI meastar go mbeidh deacrachtaí ag breis is 50,000 úinéir tí cloí lena gcuid aisíocaíochtaí mar gheall ar an mhéadú beag atá tagtha ar rátaí úis.
an ráta boilscithe the inflation rate
" Tá an céatadán seo i bhfad níos airde ná an ráta boilscithe de 3%.
an ráta táirgiúlachta the productivity rate
" Le cúig nó sé bliana anuas tá an ráta táirgiúlachta feabhsaithe beagán.
ráta íseal úis a low rate of interest
" Tá an rialtas feidearálach agus stáit ag teacht i gcabhair ar na daoine agus tá $100 milliún fógartha go dtí seo i bhfoirm deontas agus iasachtaí le ráta íseal úis.
rátaí úis interest rates
" Is le linn tréimhse ina raibh na rátaí úis ag leibhéal fíoríseal a bhí an tógáil as cuimse seo faoi lán seoil ach ní hamhlaidh atá anois.
an ráta maraithe míosúil is airde, the highest monthly death rate,
" Idir seo agus uilig, tá an cogadh ag leanúint ar aghaidh san Iaráic, agus daoine cinnte anois go marófar níos mó ná céad saighdiúir Meiriceánach i mí Dheireadh Fómhair amháin, an ráta maraithe míosúil is airde, beagnach, ó thús an chogaidh.
an ráta is ísle the lowest rate
" Táthar ag tuar nach gcaithfidh ach 36% den phobal a vóta sa toghchán an mhí seo, an ráta is ísle le 14 bliana.
sa ráta cánach corparáidí in the corporation tax rate
" Lena chois sin, iarrfaidh siad ar an Uasal Brown moill a chur ar chur i bhfeidhm táillí úra uisce agus laghdú a dhéanamh sa ráta cánach corparáidí a íocann comhlachtaí ó thuaidh.
go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí that a reduced corporation tax rate will attract
" (Measann na páirtithe go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí níos mó infheistíochta ó thar lear.
costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais the cost of rates, energy, transport, environment and insurance
"costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais ag méadú chomh maith leis an choiriúlacht gheilleagrach.
ráta níos sciobtha a faster rate
" Agus faoi láthair, tá na heitleáin seo á dtógáil ag ráta níos sciobtha ná mar a tharla riamh roimhe: tagann ceann amháin nó an ceann eile amach as monarcha gach lá den bhliain.
tá rátaí liostála sách íseal, the rate of enlisting is quite low,
" Bhí an ceart ag an uachtarán nach raibh an t-arm mór go leor chun déileáil leis na fadhbanna atá roimh an tír, ach cá bhfaigheadh sé trúpaí breise? Le fada anois tá rátaí liostála sách íseal, agus bheidís níos ísle arís murach gur ísligh an t-arm na caighdeáin iontrála d’earcaigh.
ráta an-ard timpistí a very high rate of accidents
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
an ráta boilscithe. the rate of inflation.
" Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
i ráta na cánach corparáidí in the corporate tax rate
" San am atá le theacht, b’fhéidir go bhfeicfeadh muid an DUP agus Sinn Féin ag dul go Londain le chéile ag iarraidh deirce, *oops*, ag iarraidh laghdú i ráta na cánach corparáidí ar Gordon Brown.
rátaí pá íosta difriúla different rates of minimum wage
" 52 é ar an 1 Deireadh Fómhair) ach, de réir an *Daily Telegraph*, tá roinnt tuarascálacha faighte ag Gordon Brown a mhaíonn gur cheart go mbeadh rátaí pá íosta difriúla i réigiúin éagsúla na tíre.
ísliú sa ráta Cánach Corparáidí a lowering of the Corporation Tax rate
" Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
thiomáin sé rátaí na saoroibrithe it drove up the rate of the freelancers
" Ach ag an am céanna, mar gheall ar go raibh an oiread sin airgid le caitheamh ag an gciste in aon iarracht amháin, thiomáin sé rátaí na saoroibrithe in airde ar fad ar fad – ceamaradóirí, eagarthóirí, stiúrthóirí srl.
ráta dífhostaíochta unemployment rate
" Tá laghdú 7 faoin gcéad tagtha ar an ráta dífhostaíochta ó 2004, tá líon na n-earraí a onnmhairítear ag méadú an t-am ar fad, tá an-chuid infheistíochta coigríche sa Pholainn agus tá na céadta milliún euro á gcur abhaile ag Polannaigh atá ag obair i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
an ráta cháin corparáidí the corporate rate of tax
" TuarascáilTháinig tuarascáil Varney amach an tseachtain seo agus bhí na daill ag dúil go ngearrfadh an tiarna an ráta cháin corparáidí ó thuaidh.
ráta malairte exchange rate
" Is féidir an Linden a cheannach le fíorairgead – is é an ráta malairte ná US$1: 268 Linden.
rátaí ísle cánach. low rates of tax.
" Chuirfeadh sé seo as go mór do chúrsaí fostaíochta in Éirinn agus don straitéis atá ag an rialtas le tamall anuas tionscail a mhealladh isteach sa tír le rátaí ísle cánach.
an ráta céanna cánach the same rate of tax
" Ní bheadh Éire, tír bheag ar imeall na hEorpa, chomh tarraingteach céanna do thionsclóirí dá mbeadh an ráta céanna cánach i bhfeidhm anseo agus atá i dtíortha eile an AE.
an cúigiú ráta is airde the fifth highest rate
" (Paragraf 12) I measc thíortha an Aontais Eorpaigh, tá an cúigiú ráta is airde ag an tír seo ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig.
ráta fáis rate of growth
" Dá mba rud é go raibh tionchar ag na meáin ar ráta fáis an Tíogair Cheiltigh, tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú.
ráta boilscithe rate of inflation
" Mar gheall air seo – agus mar gheall ar an gcúlú sa mhargadh tithíochta agus tógála; an ráta boilscithe; na rátaí úis; an euro láidir agus an géarchor creidmheasa – tá gach cuma ar an scéal go mbeidh meathlú tromchúiseach i gceist sa tír seo gan mhoill.
rátaí úis interest rates
" Mar gheall air seo – agus mar gheall ar an gcúlú sa mhargadh tithíochta agus tógála; an ráta boilscithe; na rátaí úis; an euro láidir agus an géarchor creidmheasa – tá gach cuma ar an scéal go mbeidh meathlú tromchúiseach i gceist sa tír seo gan mhoill.
ráta dífhostaíochta rate of unemployment
" De réir na tuarascála céanna, méadóidh an ráta dífhostaíochta ó 5.
ráta úis interest rate
" *CMA: Thugamar cúram an ráta úis do Bhanc Lárnach na hEorpa.
ráta malartaithe exchange rate
" Mar a luaigh mé an mhí seo caite, tá an ráta malartaithe idir an punt sterling agus an euro ina chuidiú ag lucht turasóireachta (agus ag Tesco, comhlacht a ghnóthaigh brabús roimh cháin de £2,803 milliún punt anuraidh.
ráta dífhostaíochta unemployment rates
" Thig linn a bheith réasúnta cinnte de go gcaillfear lear mór postanna an mhí seo agus go mbeidh ráta dífhostaíochta na hÉireann os cionn 10% roimh dheireadh na bliana.
ráta úis interest rate
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
ráta boilscithe inflation rate
" Siadsan a íocann na préimheanna seo (a mhéadaigh faoi dhó le deich mbliana anuas, agus atá ag ardú a cheithre oiread níos tapúla ná an ráta boilscithe), agus dá réir sin, is mó an méid fostóirí atá ag éirí as árachas sláinte a thairiscint dá bhfostaithe.
ráta beireatais birth rate
" * Tá ceist an daonra fite fuaite le dúnghaois inimirce mar go bhfuil fás an daonra ag brath beagnach go hiomlán ar inimirce, ní hionann is an ráta beireatais atá ag titim san Astráil le fada an lá.
rátaí beireatais birth rates
" Ádhúil go leor, tá ceann de na rátaí beireatais is airde san Aontas Eorpach ag an bhFrainc.
ráta úis interest rate
" Tarrtháil nó Pianseirbhís? ========== Deir roinnt daoine nach fiú dúinn an t-airgead seo d’fháil toisc go gceapann siad go bhfuil an ráta úis, 5.
ráta boilscithe inflation rate
" Tá feabhas suntasach tagtha ar iomaíochas na tíre toisc go bhfuil an ráta boilscithe an-íseal le dhá bhliain anuas.
ráta tacaíochta support rate
" De réir na pobalbhreithe deireanaí a rinneadh le linn a réimis tá ráta tacaíochta de 87 faoin gcéad aige.
ráta aicíde a disease rating
" Caiteachas Ard an Leighis ============= Ní áibhéil é a rá go bhfuil fadhb an iomarca meáchain agus an mhurtaill ag ráta aicíde i measc daoine fásta san Astráil.
ráta báis death rate
"ráta báis níos airde ag an rón glas ach fágann an bhainirseach é ar an gcladach ar feadh tréimhsí agus mar thoradh ar seo, téann an t-eán róin i dteagmháil le daoine níos minice.
ráta ratha success rate
" Ach is é an damhsa an catagóir is rathúla le ráta ratha de 69.
gearradh siar na rátaí cánach cutbacks in tax rates
" Chuir gearradh siar na rátaí cánach ar thuarastail mhóra (agus ar bhrabúis) leis an treocht seo gan amhras.
córas ráta malairte chomhlúthaigh floating exchange rate system
" Tar éis Bretton Woods ní raibh ceangail dhaingne idir na hairgeadraí – tháinig córas ráta malairte chomhlúthaigh ar an fhód agus cuireadh deireadh de réir a chéile leis sna srianta trasteorann.
ráta tubaisteach an bhoilscithe the desperate rate of inflation
" Cé gur chaith Ferguson cúpla bliain ag obair insa Ghearmáin ar ráta tubaisteach an bhoilscithe i ré Weimar, ní fear umhail ná ciúin é, rud a léiríodh arís le déanaí nuair a thug an *BBC* cuireadh dó Léachtaí Reith a thabhairt ar an dtéama *“the rule of law and its enemies”*.
rátaí arda bochtanais high rates of poverty
" Meastar go bhfuil suas le 15,000 inimirceach ón Afraic Fho-Shahárach ag maireachtáil gan cead i Ríocht Mharacó, tír 33 milliún duine ina bhfuil rátaí arda bochtanais, dífhostaíochta is neamhlitearthachta.
ráta úis (low) interest rate
" Smacht a choinneáil ar an soláthar airgid agus ar an ráta úis a choinneáil ard, ba iad dúnghaoisí an stáit faoi Thatcher agus Major, ach theip orthu agus chaill siad an t-olltoghchán i 1997 mar gheall orthu.
cuireadh le ráta na dífhostaíochta unemployment rates increased
" Ós rud é go ndearnadh cána siúcra a fhás ar mhórscála ag tús na haoise seo caite, cuireadh le ráta na dífhostaíochta i bPórtó Ríce agus d’imigh roinnt de na daoine a fágadh díomhaoin go dtí na Stáit.
rátaí coiriúlachta crime rates
" Cheap coireolaithe go dtí roinnt blianta anuas go raibh baint mhór ag rath geilleagair le rátaí coiriúlachta.
ráta úis níos airde ar a higher interest rate
" Dá dtarlódh sé, bheadh an baol ann go ngearrfadh tíortha eile ráta úis níos airde ar an tír d'iasachtaí as seo amach, agus go dtarraingeofaí amhras ar an Dollar mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta.
ráta beireatais birth rate
" Chuaigh an líon daoine a d’fhreastail ar an aifreann i laghad, agus taobh istigh de dheich mbliana chuaigh an ráta beireatais ón gcúige is airde i gCeanada go dtí an ráta is ísle sa tír.
an ráta íosphá ardaithe the low rate of pay increased
" Cén fáth mar sin a fuair an rialtas seo an leadradh a fuair siad? Chuir an rialtas seo tús maith leis an obair – faoi cheann céad lá bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu, bhí reifreann fógartha ar thuarastail na mbreithiúna, agus bhí an ráta íosphá ardaithe acu ar ais go dtí an luach ag a mbíodh sé sular ghearr rialtas Cowen é.
an ráta úis the rate of interest
" D’éirigh leo an ráta úis ar iasachtaí na Triúrachta a ísliú.
ráta chomh hard sin féinmharaithe such a high rate of suicide
" Níltear ag cur go leor cabhrach ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna móra pearsanta acu agus seo ceann de na cúiseanna a bhfuil ráta chomh hard sin féinmharaithe againn.
an ráta pá íosta the minimum wage rate
" Má chuirtear moltaí maidir leis an ráta pá íosta sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm, beidh na hoibrithe is lú pá sna Sé Chontae thíos go mór leis, a deir Robert McMillen.
rátaí tí rates
" Tá Ciarán Mac Aonghusa sásta rátaí tí a íoc leis an tír a chur ar ais ina neart, ar a dhá bhoinn go luath.