Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag réabadh blasting
" An tAigéan Atlantach ag réabadh na gcarraigeacha thíos fúm ag bun na bhfailltreacha agus na Blascaodaí ag lonrú faoi sholas na gréine.
réabtha as a chéile blown apart
" ) Ach leis an spotsolas á dhíriú ar "an chogadh salach" tá seans (caol) ann go mbeidh an íomhá dhubh agus bhán den choimhlint ó thuaidh réabtha as a chéile.
cé go raibh an croí ag réabadh ina ucht although he was heart-broken
" Agus cé go raibh an croí ag réabadh ina ucht ag smaointiú go scarfadh siad, bhí sé anois den bharúil gur cineál faoisimh a bheadh ann, dó féin agus don bheirt acusan.
an Réabadh the Disruption
" Ansin sa bhliain 1843, bhí an Réabadh ann.
réabadh tearing asunder, destruction
" Tharla an cleas céanna sna seachtóidí nuair a tháinig deireadh leis an réabadh in oirdheisceart na hÁise agus thug na sluaite as an gcuid sin den domhan a n-aghaidh ar an Astráil.
á réabadh being devastated
" Ba cheart go mbeadh rudaí eile ag dó na geirbe aige, shílfeá, in Aibreán na bliana 1940, agus an Eoraip á réabadh ag an Dara Cogadh Mór agus bagairt láidir ann go n-ionsafaí Éire fosta.
réabadh rending, tearing
" org/wiki/Black_Pig's_Dyke) Fás faoi Líon na mBallaí Thóg Arm na Breataine na chéad bhallaí síochána i mBéal Feirste ar an 10ú Meán Fómhair 1969, i ndiaidh na racáin uafásacha a bhí ag réabadh na cathrach.
réabadh tearing
" Bíonn sé ag réabadh thart ó cheann ceann na páirce, tugann sé ugach d’imreoirí a bhíonn in ísle brí agus tugann sé íde béil fhíochmhar d’imreoirí nach mbíonn ag déanamh a gcuid ar son na foirne, saighdeann sé imreoirí níos réchúisí chun gnímh agus cuireann sé ’chuile mhónóg allais dá bhfuil ann ar son na cúise.
réabadh explosion
" Níor samlaíodh riamh go dtiocfadh le réabadh aníos as bolcáin cosúil le Eyjafjallajökull san Íoslann cur isteach a oiread ar ghnáthshaol daoine ar fud an domhain is a rinneadh.
chroí réabtha broken hearted
" Dúirt an fealsamh Kierkegaard agus é ag machnamh ar an ábhar seo gurb é is file ann: > Duine míshona, a bhfuil a chroí réabtha ag buairt cheilte, ach a bhfuil a bhéal múnlaithe ar bhealach chomh speisialta sin, nuair a thagann osnaí agus olagóin amach as, go mbíonn binneas ceoil ag baint leo.
réab tore
" Dá mbeadh sé chomh feidhmiúil agus bhí na déantóirí ag dúil leis, bheadh an buama a réab tríd an Grand Hotel i mBrighton ag 2:54rn ar an 14 Deireadh Fómhair 1984 ar cheann de na hionsaithe ba mhó tionchar ar stair na hÉireann riamh.
réabadh wreaking
" An comhartha eile é “Oileán Oighear Peterman (2010)”, mar a dtugtar air anois, go bhfuilimid ar chonair chaoch a chríochnóidh i réabadh ár ngnáthóg féin? Deir Andreas Muenchow, a bhfuil taighde déanta aige ar oighearshruth Petermann leis na blianta, go bhfuil sé deacair ceangal cinnte a dhéanamh idir an sceitheadh seo agus athrú aeráide an domhain.
réabadh amach was rooted out
" An teanga féin, réabadh amach as láthair na tíre í, ar mhodh sách brúidiúil in amanna mar a léiríonn na hannála dúinn (Annála Inis Faithleann 1305.
ag réabadh rending
" Is beag duine nach gcreideann go mbeidh Iosrael thíos leis na muirthéachtaí atá ag réabadh an Mhéanoirthir ó thús na bliana seo — in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurb iad lucht Iosrael is mó atá ag tacú le heasaontóirí an taoibh sin domhain le roinnt blianta anuas.
a shúile réabtha his torn eyes
" Níl fágtha ag an dtruán dóite seo ó thaobh ghrá an tsaoil de ach lámha grámhara na n-altraí, lámha a chuireann bindealáin gharbha ar a shúile réabtha agus a thomann é gan tuiscint i bhfolcadán uisce.
Réabann an tsamhlaíocht imagination bursts (apart)
" Réabann an tsamhlaíocht firinní an tsaoil iarbhír as a chéile.
ag scréachaíl faoi réabadh na gaoithe squealing from the force of the wind
" Ba léir go raibh tine leictreach ollmhór cúpla scór méadar ónár dteach, bhí an tsráid lán le feithiclí éigeandála, agus bhí an teach féin ag scréachaíl faoi réabadh na gaoithe.
cineál réabadh pobail a type of community upheaval
" Bhí cineál réabadh pobail ag dul ar aghaidh, rud nach raibh fíor sna 40í agus sna 50í,” arsa Feargal.
leis an chuid istigh atá réabtha with what’s torn inside
" Beidh ar Ray Moran, an máinlia i Seantrabh é sin a leigheas i dtosach sular féidir leis aon cheo eile a dhéanamh leis an chuid istigh atá réabtha.
réab siad they wrecked
" Tús na bliana anuraidh, níorbh iad an BSL amháin a shaighdigh comhlacht príobháideach amach le géaga a ghearradh siar ar na crainn, ach sheol comhlacht gutháin éicint lucht na dtoireasc slabhra amach agus réab siad na crainn ar cholbha an bhóthair.
Teamhair na Ríthe a réabadh to rip royal Tara apart
" Ní bheadh Éire sa riocht ina bhfuil sí dá mbeadh spiorad an niachais beo inár measc; ní ligfí do na húdaráis Teamhair na Ríthe a réabadh; ní ligfí don Triúracht (Troika) cos a leagan ar thalamh bheannaithe na hÉireann.
Aisling eile réabtha another dream shattered
" Aisling eile réabtha! An ridireacht! Cé a chuir tús leis an mbréag mhór? File.
réabadh destruction
" Ní as an aer a thosaigh an réabadh agus an marú.