Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réabhlóidí revolutionary
" Bhí náire ormsa ach bhí an chuma ar an scéal nár chuir an easpa príobháideachta isteach ar dhuine ar bith eile! Ag caint ar a bheith ag brath go rabhthas i gcónaí ag faire ort: tá pictiúir den réabhlóidí Che Guevara, a throid le Castro i réabhlóid na gcaogaidí, le feiceáil ar fud na háite.
ar thairseach na réabhlóide idirlín on the threshold of the Internet revolution
" Bhíomar ar thairseach na réabhlóide idirlín díreach agus Gaeltext á sheoladh ag Aertel agus bhí "saineolaithe" ann a cheap go mb'fhéidir go raibh deireadh le ré an teilithéacs le teacht ré nua na gcipirspásairí! Ach a mhalairt a tharla.
ag gríosú réabhlóidí inciting revolutions
" Crúthúnas go bhfuil Sinn Féin ag leanstan ar aghaidh lena chlár oibre Marxach agus ag gríosú réabhlóidí ar fud na cruinne.
réabhlóid revolution
" D'éirigh go hiontach leis an gcluiche Tetris roinnt blianta ó shin, agus beidh ar Microsoft teacht suas le cluiche cosúil leis chun a léiriú gur réabhlóid seachas éabhlóid atá san Xbox.
an Réabhlóid Tionsclaíoch the Industrial Revolution
" Tharla an Réabhlóid Tionsclaíoch sna 1840í ag an an am céanna leis an nGorta Mór in Éirinn, mar sin bhailigh na hÉireannaigh leo ina sluaite go cathracha na Breataine.
réabhlóid revolution
" "Tá drochfhadhb ansin agus beidh réabhlóid ann.
réabhlóidí revolutionary
" Tá Pádraig Ó Siadhail ag scríobh bheathaisnéis Phiarais Bhéaslaí faoi láthair agus beidh sé ag nochtadh leacht cuimneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus an réabhlóidí seo i Learpholl in 1881, mar ócáid eile san fhéile in 2004.
na réabhlóide síochánta the peaceful revolution
" I ndiaidh na réabhlóide síochánta sa bhliain 1989 (*sametová revoluce *nó an réabhlóid veilbhite), thosaigh daoine ag machnamh ar a bhfréamhacha, fréamhacha a d'imigh siar i bhfad roimh theacht na nGearmánach agus na Slavach, is é sin le rá, go dtí na Ceiltigh féin.
réabhlóidí revolutionary
" Meancóga ======= Rinne Rialtas Londain meancóg, ár ndóigh, nuair a chuir siad beagnach 2,000 réabhlóidí le chéile i gcampa amháin i 1916, mar thapaigh an Coileánach an deis leis an IRB a atheagrú ann.
réabhlóidí revolutions
" " Bhain Angela leis an nglúin mac léinn a tháinig i ndiaidh na réabhlóidí sna hollscoileanna ar an Mór Roinn.
réabhlóid bhunúsach fundamentalist revolution
" Faoi mar a bhí muintir na hIaráine i 1979, nuair a cuireadh tús le réabhlóid bhunúsach, tá muintir na hAraibe Sádaí fíor-mhíshásta leis na polasaithe a leanann rialtas na tíre i leith na Meiriceánach.
réabhlóidí revolutionary
" “Bíonn rud beag den réabhlóidí i ngach Éireannach," a deir Jim.
réabhlóid pholaitiúil political revolution
" Ciallaíonn seo nach féidir do réabhlóid pholaitiúil tarlú i Meiriceá, mar thógfadh sé breis is sé bliana (agus trí mhiontoghchán) chun gach ball tofa a chur as a shuíochán.
cur chuige níos réabhlóidí a more revolutionary approach
" Le tamall anuas d’fhéadfá cláracha a cheannach ón siopa ar líne ag iTunes freisin, agus anois tá cur chuige níos réabhlóidí á chur chun cinn ag an gcomhlacht teilifíse Meiriceánach ABC.
níos réabhlóidí more revolutionary
" Ba cheart go mbeadh sé i bhfad níos réabhlóidí ná sin.
nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, that no revolution would manage to support twenty languages,
" Is cinnte nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, cuid acu nach bhfuil ach níos lú ná 200 duine á labhairt.
aimsir na Réabhlóide, at the time of the Revolution,
" Troideadh cathanna i Manhattan aimsir na Réabhlóide, creid nó ná creid.
réabhlóid dhigiteach digital revolution
" Le fada an lá, táimid ag éisteacht le scéalta mar gheall ar dhúshaothrú sa tionscal ceoil, ach faoi dheireadh, leis an réabhlóid dhigiteach agus an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag na ceoltóirí.
nach dtiocfadh i bhfoisceacht scread asail do bheith ina réabhlóidí. who wouldn't come remotely close to being a revolutionary
" Ach is dóigh liomsa gur duine coimeádach é an t-Uasal Rudd, nach dtiocfadh i bhfoisceacht scread asail do bheith ina réabhlóidí.
ceannairí na réabhlóide. the leaders of the revolution.
" Ba bhaill de CAUSA, eagraíocht fhrithchumannach eile de chuid Moon, ceannairí na réabhlóide.
réabhlóid chiúin quiet revolution
" Ar bhealach, thiocfadh leat a rá gur réabhlóid chiúin na teanga is ea an méid atá ar siúl i Meiriceá Thuaidh.
réabhlóid shóisialach social revolution
" Tharla réabhlóid shóisialach ag an am céanna.
réabhlóid dhigiteach digital revolution
" Is cuid den réabhlóid dhigiteach é an gnó seo; tá daoine ag dul i ngleic le ceol ar bhealaigh dhifriúla gach lá agus táthar ag seachaint cuairt a thabhairt ar shiopaí ar nós Mojo Records.
nuair a mhaolóidh ar an réabhlóid dhigiteach. when the digital revolution will abate
" Tá mé cinnte go dtiocfaidh an t-am nuair a bheas cúrsaí níos socra; nuair a mhaolóidh ar an réabhlóid dhigiteach.
Réabhlóid na Rósanna Rose Revolution
" Cinnte, luadh sna meáin go bhfuil Saakashvili i gcumhacht sa tír sin ó tharla Réabhlóid na Rósanna sa bhliain 2003, ar cheann de na “Réabhlóidí Datha” í a bhí ar siúl san Iar-Aontas Sóivéadach.
Réabhlóidí Datha Colour Revolutions
" Cinnte, luadh sna meáin go bhfuil Saakashvili i gcumhacht sa tír sin ó tharla Réabhlóid na Rósanna sa bhliain 2003, ar cheann de na “Réabhlóidí Datha” í a bhí ar siúl san Iar-Aontas Sóivéadach.
réabhlóid gan mharú bloodless revolution
" Ach níor míníodh cé a bhí ag tacú leis an réabhlóid gan mharú seo, ná cén fáth.
réabhlóid chumarsáide communications revolution
" Tá na corporáidí proifisiúnta ag labhairt leis na saineolaithe "amaitéaracha" seo chun tuiscint níos mine a fháil ar an réabhlóid chumarsáide seo.
Réabhlóide revolution
" Ó aimsir na Réabhlóide Tionsclaí i leith, tá na geilleagair is mó bunaithe ar an charbón.
Páiste na Réabhlóide a child of the revolution
" Craolfar an clár raidio ‘An tAthair Seosamh Mallin – Páiste na Réabhlóide’ ar Raidió na Life 106.
réabhlóid an tionscail the industrial revolution
" Tuigtear go maith fosta nár tharla réabhlóid an tionscail in Éirínn mar ar tharla sí in áiteanna eile, rud a d’fhág fréamhacha an lucht oibre an-lag ar bhonn náisiúnta anseo.
Réabhlóid an Chultúir the cultural revolution
" Aos Ealaíne gan Náire =========== Chaith Ai Weiwei a óige i gcampa sclábhaíochta, nuair a cuireadh a athair, an file Síneach Ai Qing ansin le linn Réabhlóid an Chultúir i 1958.
chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir consolidated the counter-culture revolution
" Maidir le Kerouac, maítear gurb iad a chuid scéalta agus dánta siúd a chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir a tharla ar fud an domhain sna seascaidí agus i Meiriceá ach go háirithe.
ar fhaitíos na réabhlóide fearing a revolution
" D’fhill sé ar a thír dhúchais i 1992, ach bhí fáilte chomh croíúil ag an slua roimhe gur chuir an rialtas thar teorainn ar an iasacht arís é ar fhaitíos na réabhlóide.
sí eochair na réabhlóide the key to the revolution
" Ach ’sí eochair na réabhlóide i ndáiríre ná *YouTube Live*, atá ag tarlú go ciúin cheana féin ach a bheas ina scéal mór millteach an bhliain seo chugainn.
réabhlóidí revolutionary
" Tá comóradh á dhéanamh i Learpholl an mhí seo ar shaol Phiarais Bhéaslaí, an réabhlóidí agus file a rugadh sa chathair in 1881.
réabhlóid dhigiteach digital revolution
" Céim eile chun tosaigh sa réabhlóid dhigiteach is ea é, ach tá súil ag Colm Ó Snodaigh nach mbeidh deireadh iomlán choíche leis na siopaí beaga ceirníní i mBaile Átha Cliath.