Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réadúil realistic
" Má fhéachann muid ar ghluaiseacht na Gaeilge mar aon *dynamic* amháin (agus sin mar ba cheart do chúrsaí a bheith), cad iad na rudaí a bhfuil sé réadúil tosaíocht a thabhairt dóibh sa bhliain 2002? Tá fadhb bhunúsach ag pobail Ghaeltachta agus lucht na Gaeilge i gcoitinne ó bunaíodh an Stát seirbhísí a fháil ó áisínteachtaí i nGaeilge.
réadúil realistic
" Cé go bhfuil na grafaicí tar éis feabhsú ón staid ag a raibh siad tamall de bhlianta ó shin, níl siad réadúil fós.
réadúil realistic
" Is dócha ná raibh sé sin riamh réadúil.
níos réadúla more realistic
" Tá sé ag obair ar úrscéal níos réadúla chomh maith, a bhfuil an teideal caolchúiseach *Crackheads* air.
go réadúil realistically
" " D'admhaigh Denise go raibh sí dóchasach go ndéanfadh gníomhartha den chinéal seo difear sa todhchaí ach, go réadúil, ba é an phríomhaidhm a bhí ann ná muinín agus dearcadh dearfach a chothú i ndaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, macasamhail na ndaoine a bhí páirteach sa tionscadal.
moltaí réadúla realistic recommendations
" In ionad a bheith ina shíorfhreasúra, gan ach an focal "No" ina bhfoclóir, beidh ar an DUP moltaí réadúla a chur chun tosaigh mar cheannairí an phobail aontachtaigh.
teilifíse réadúla reality TV
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
réadúil realistic
" Sa dóigh sin thig libh a rá libh féin i gceann cúpla lá, nuair a bheas gach a mbaineann leo caite sa bhruscar, nach raibh siad réadúil an chéad lá riamh.
réadúil realistic
" Rud mór cruálach réadúil beo is ea an saol in Éirinn.
go réadúil realistically
" Chuaigh sé sin i bhfeidhm orm mar bhí an Ghaeilge ann go réadúil agus bhí sé sothuigthe.
sa saol réadúil in real life
" Éisteann siad le ceol chomh maith, agus bíonn fístéipeanna ar siúl ó am go chéile chun go gcloisfidh siad agus go bhfeicfidh siad an teanga sa saol réadúil.
rogha réadúil realistic choice
" Ainneoin an mhórmheasa atá ag ceannaire an Lucht Oibre Pat Rabbitte air féin, is é an fhírinne gurb é Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, an t-aon rogha réadúil Taoisigh eile atá ann.
mí-réadúil unrealistic
" Tá aistear fada siúlta ag lucht ceannasaíochta Shinn Féin agus bheadh sé mí-réadúil bheith ag ceapadh nach mbeadh cúpla cor gan choinne ar an bhóthar sin.
sprioc mí-réadúil unrealistic goal
" Chomh maith leis sin, is dócha gur sprioc mí-réadúil é do stiúrthóir an oibiachtúlacht a bhaint amach.
go réadúil realistically
" Ach, go réadúil, sna deich nó fiche bliain atá romhainn, is dócha go dtógfar níos mó stáisiún “salach” cumhachta núicleach chun fuinneamh a tháirgeadh leis an méadú a bheas ar an éileamh ar hidrigin a shásamh.
réadúil realistic
" Caithfidh siad é seo a dhéanamh ar dhóigh mhuiníneach, stuama, réadúil.
réadúil realistic
" ” An dóigh léi go bhfuil sé réadúil na carachtair go léir sa leabhar bheith ag labhairt Gaeilge agus cónaí orthu i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath? “Tá a fhios agat nach mbeadh Gaeilge á labhairt ag na daoine seo dá mba rud é go raibh sé réadúil.
réadúil realistic
" Déarfadh an té atá réadúil, áfach, gur theip orthu ceachtar don dá sprioc sin a bhaint amach.
domhain shaorga níos réadúla a chruthú to create more realistic artificial worlds
" Cuirfidh an teicneolaíocht seo ar chumas foilsitheoirí domhain shaorga níos réadúla a chruthú le, mar shampla, uisce a shreabhann i gceart agus deatach a scaipeann go réalaíoch.
chomh réadúil céanna quite as realistic
" Ní dóigh leis, áfach, go bhfuil sé sin chomh réadúil céanna mar sprioc anois, i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse.
ró-réadúil, rófhíor, too realistic, too true,
" Má tá aon locht ar an phictiúr seo le Picasso, is é go bhfuil sé ró-réadúil, rófhíor, uafásach fíor.
réadúil realistic
" Is mithid dúinn a admháil gur cur i gcéill atá i gceist – *the emperor is naked*! Cur amú acmhainní agus fuinnimh atá inti ar gá dúinn a bheith réadúil fúithi anois.
an pholaitíocht réadúil real politics
" Cé a dúirt go mbeadh an pholaitíocht réadúil leadránach? Bhí tréimhse ann agus bhí an choimhlint ó thuaidh “gnéasach”.
réadúil real
" “Is ceist réadúil an chéid seo í an sceimhlitheoireacht,” a deir an Dr Rawiri Taonui, “dála cheist na gceart sibhialta”.
gnáthshaol réadúil normal realistic life
" Meastar freisin nach dtuigeann muid gnáthshaol réadúil na ndaoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den chathair seo atá faoi phribhléid, dar leo.
gan bhunús réadúil without realistic basis
" Tá an tacaíocht seo gan bhunús réadúil mar atá léirithe go ríshoiléir ag USAIG.
réadúil realistic
" Óir caithfear a bheith réadúil i dtólamh faoi shrianta an mhargaidh.
réadúil realistic
" Is pictiúr réadúil é den saol ileitneach atá sna bruachbhailte sa Fhrainc faoi láthair agus den obair atá ar siúl ag daoine chun teacht ar thuiscint ar an saol atá thart orthu agus ar a chasta is a d’fhéadfadh an saol sin a bheith.
saol réadúil real world
" “Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
réadúil realistic
" Beidh orthu a bheith straitéiseach agus réadúil faoin mhéid atáthar ag iarrraidh a chosaint ó mholtaí Thuarascáil McCarthy.
réadúil realistic
" Is dócha, go nglacann daoine leis nach bhfuil sé réadúil a bheith ag súil le páipéar laethúil; cé gur éirí le lucht LÁ seo a dhéanamh, ní raibh sé gan stró, ná gan chailliúint airgid.
saol réadúil real world
" Ach trí scileanna tumoideachais agus cainte agus cumarsáid bhéil a bhaineann leis an saol réadúil, laethúil a mhúineadh do dhaoine, cruthaíodh cainteoirí nua, cainteoirí breátha cumasacha, i gcúig cinn agus fiche de theangacha éagsúla.
saol réadúil real life
" An Chróise Bealach amháin i mo shaol féin ar tháinig an teicneolaíocht agus an saol réadúil lena chéile ná trí crochet.
réadúil realistic
" BD: An gceapann tú go bhfuil na spriocanna sa dréachtstraitéis, maidir le cainteoirí Gaeilge de, réadúil? PÓC: Tá sé ráite ag roinnt tráchtairí go bhfuil sé ró-uaillmhianach, ach b’fhearr a bheith uaillmhianach, dar liom.
réadúil realistic
" Chun an sprioc sin a bhaint amach tá Frank Feighan ag iarraidh tosnú ar oileán beag i Maigh Eo agus é de rún aige an Ghaeilge a chur i mbéal na ndaoine i gCliara mar ghnáth-theanga laethúil an phobail! Cuireann sé iontas orm go bhfuil Fine Gael agus Frank Feighan ag glacadh leis gur sprioc réadúil é líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú fá thrí sa fiche bliain den Stráitéis.
réadúil realistic
" Bheadh amhras orm an mbeadh aon saineolaí le meas ar an bhfírinne, sásta a rá go poiblí go bhfuil an sprioc sin réadúil.
saol réadúil real world
" An fear eile, tá sé dírithe ar theangacha agus ar an aistriúchán, ach tá sé ag breathnú ar an saol réadúil ina bhfuil siad suite freisin.
níos réadúla more realistic
" Díol spéise gur figiúir níos ísle - agus níos réadúla - é seo ná an ceann náisiúnta atá fós luaite sa leagan deireanach den straitéis.
gníomha réadúla realistic actions
" Tá an Ghaeltacht faoi bhrú millteanach i láthair na huaire, ach is é atá ag teastáil ná gníomha réadúla cearta chun tacú leis an nGaeltacht.
réadúil realistic
" Sa dóigh sin thig libh a rá libh féin i gceann cúpla lá, nuair a bheas gach a mbaineann leo caite sa bhruscar, nach raibh siad réadúil an chéad lá riamh.
dream ba réadúla the most radical group
" Thosaigh an patrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
réadúil realistic
" Dá gcruthófá féiníomhá náisiúnta réadúil sa lá atá inniu ann, is dóigh liom go mbeadh sí an-éagsúil ón Aussie umhadhaite thuas.
dream ba réadúla the most radical group
" Thosaigh an seanphatrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
réadúil realistic
" Go bhfios dom, níl aon saineolaí teangeolaíochta sásta a rá go poiblí go bhfuil an uimhir sin réadúil.
réadúil realistic
" Ag pilleadh ar cheist na gramadaí ansin, b’fhearr go mbeadh eolas ag daoine ar an ghramadach ach caithfear a bheith réadúil faoin teorainn atá ar chumas daoine fásta agus leoga, níor mhaith leat iad a chur ó dhóras.
chomh réadúil how realistic
" Níl ann ach gimic ach tugann sé le fios cé chomh cumhachtach is chomh réadúil is atá na cluichí atá le fáil ar uirlisí soghluaiste anois.
réadúil realistic
" Sa riocht ina bhfuil an tír, bheadh deis níos fearr ann go mbeadh tacaíocht forleathan ón bpobal le fáil, ach na smaointe a bheith réadúil.
comhshaoil réadúil real environment
" ) atá “ag cosaint a gcóipceart” agus comhshaoil réadúil an chultúir chéanna seo.
réadúil realistic
" Dhealródh sé gur bhean réadúil seachas bean réabhlóideach ina dearcadh í Libuše Palachová.
mholtaí réadúla realistic recommendations
" Má tá ciall acu, beidh cur chuige réamhghníomhach acu agus tiocfaidh siad féin ar mholtaí réadúla chun gearradh siar ar chostais riaracháin agus ar dhúbláil oibre.
níos réadúla more realistic
" Bheadh an sprioc sin níos réadúla agus d’fhéadfaí é a shárú.
sprioc réadúil a realistic target
" Cúpla bunrudaí a bhí ann ná sprioc réadúil a bheith agat agus na spriocanna sin a roinnt le do chomhluadar chun tacaíocht a chaomhnú.
go réadúil realistically
" An Té a Bhíos Siúlach, Bíonn sé Saothrach ==================== Ach go réadúil ní trí fionnachtana móra a tharlóidh na hathruithe seo i staid daonna.
tá daoine beo i saol réadúil an gheilleagair people live in the real economic world
" Mar a dúirt Eamon Phoenix, tá daoine beo i saol réadúil an gheilleagair, an cúlú geilleagair, cúrsaí oideachais, fadhbanna pearsanta agus feiceann siad gur féidir na cuspóirí pearsanta agus na gairm-mhianta atá acu a chomhlíonadh sa tuaisceart.
bunaithe níos réadúla based more realistically
" Feictear dom go bhfuil sé thar am go raibh cáil na nGael san Astráil a bheith bunaithe níos réadúla agus níos cruinne ar iomlán ár scéil sa tír, in ionad a leagan ar eachtraí cheithearnach coille a tharla beagnach céad go leith bliain ó shin.
tá samhail an tsaoil réadúil cruthaithe a real semblance of life has been created
" In alt i 2005 (tá fhios agam - ársa go maith!) scríobh forbróir cluiche amháin, David Braben, go bhfuil ardchaighdeán léiriúcháin sroichte: tá samhail an tsaoil réadúil cruthaithe ach “*The Holy Grail we are looking for in fifth generation gaming is the ability to have freedom, and to have truly open ended stories*.
spriocanna réadúla realistic targets
" Is spriocanna réadúla iad san ach cén caoi a mbainfí amach iad? Ar an gcaoi seo: is cosúil go bhfuil 70% de lucht fágáil meánscoile ag dul ar aghaidh chuig coláistí tríú leibhéal sa stát seo.
fís réadúil a real vision
" Cruthaíonn Banks fís réadúil den tsibhialtacht seo i bhfad uainn i spás ach a bheith comhaimseartha linn.
domhan réadúil a realistic world
" Chun “an scéal a oscailt do dhaoine nach bhfuil Briotáinis líofa acu” agus “domhan réadúil” (dátheangach) a chur in iúl, shocraigh foireann Lann Vras Fraincis agus Béarla a chur i mbéil na gcarachtar, ach is í an Bhriotáinis is mó a chloistear.
a d’aistrigh isteach sa saol réadúil which translated into real life
" Níl a fhios agam an raibh an ealaín ag déanamh aithrise ar an saol nó a mhalairt ach chonaic mé mír amharclannaíochta an tseachtain seo caite a d’aistrigh isteach sa saol réadúil lá nó dhó ina dhiaidh.
bheith réadúil ina gcuid spriocanna be realistic in their targets
" Tuiscint ar na laincisí:** I mbeagán focal caithfidh nuachtán beag le foireann bheag a bheith réadúil ina gcuid spriocanna.
dhá rogha réadúil two realistic choices
" Ar na huimhreacha sin tá an chuma ar an scéal go bhfuil dhá rogha réadúil ann: FF agus FG i gcomhrialtas le chéile agus 84 suíochán eatarthu nó FF, LO agus SF le chéile le 79 suíochán agus iad ag brath ar roinnt Teachtaí Dála neamhpléacha, leis an rialtas a choinneáil i gcumhacht.
as líne sa saol réadúil off-line in real life
" Úsáidfear teicneolaíocht an chomhlachta seo chun dearbháin a chruthú ar líne gur féidir a úsáid as líne sa saol réadúil chomh maith céanna.
chun domhain níos réadúla a chruthú to create more realistic worlds
" Tá lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta ag teacht i dtír ar an bhfisic anois, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, chun domhain níos réadúla a chruthú.
gan bhunús réadúil without realistic basis
" Tá an tacaíocht airgid gan bhunús réadúil, dar le Robert McMillen, agus tá teipthe go tubaisteach ar iarrachtaí an teanga a chur chun cinn.