Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réaltaí stars
" Tá físeáin ghairide ann, agus nithe ón tréimhse féin - réaltaí déanta as éadach buí a bhí ar na Giúdaigh a chaitheamh, mar shampla.
réaltaí popcheoil popstars
" Bíonn sé faiseanta i measc réaltaí popcheoil drugaí a ghlacadh, agus molann cuid acu iad ina gcuid ceoil.
réaltaí stars
" Bheadh sé furasta na tuilsoilse a mhúchadh agus radharc na réaltaí a fháil ar ais, ach ní féidir an portach a fháil ar ais nuair a bheas an galfchúrsa tógtha.
réaltaí peile agus iomána na bliana the football and hurling stars of the year
" Gach bliain sa scoil s'againne fógraítear réaltaí peile agus iomána na bliana agus bronntar plaiceanna ar na buaiteoirí ar an lá a bhronntar duaiseanna eile na scoile.
réaltaí stars
" Déantar é sin dar ndóigh ar bhealaí éagsúla cheana féin tré “fhear an chluiche”, “réaltaí” agus a leithéid a roghnú.
réaltaí stars
" Bhuaigh sé craobh an chontae lena chlub i 1989 agus bhí sé ar fhoireann na réaltaí i 1984 agus 1986.
réaltaí stars
" Ba é an 17ú haois an Ré Órga agus sa tréimhse sin rinne réaltaí ar nós Rembrandt, Vermeer agus Frans Hal ceannródaíocht i saol na healaíne.
réaltaí móra scannáin big film stars
" Dé Domhnaigh seo chugainn, 5 Márta, beidh súile an domhain ag amharc ar na réaltaí móra scannáin ag déanamh a mbealaigh go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre i Hollywood, iad lán dóchais go mbeidh siad ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus an deilbhín beag clúiteach sin, a aithníonn achan duine mar Oscar, faoina n-ascaill acu.
na réaltaí agus an mhuir the stars and the sea
" Ní dhearna mé mórán ann seachas luí ar an trá, snámh san fharraige the agus beoir fhuar a ól, ag breathnú amach ar an ngealach, na réaltaí agus an mhuir.
réaltaí móra big stars
" ” Léirigh Reynolds albam deireanach Spillane, *Hey Dreamer*, chomh maith agus tá sé tar éis go leor oibre a dhéanamh le réaltaí móra mar Sinead O’Connor agus Damien Dempsey.
na réaltaí the stars
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
sár-réaltaí cartúin excellent cartoon stars
" *“Chruthaigh Joseph Barbera, in éineacht lena pháirtí William Hanna, ní hamháin sár-réaltaí cartúin ach cuid den phopchultúr Meiriceánach a bhfuil dúil againn uilig – idir pháistí agus dhaoine fásta – ann.
réaltaí spóirt sports stars
" Is réaltaí spóirt de chuid na tíre seo iad, agus de chuid na hAstráile amach anseo, agus de bharr an chláir tá siad thuas ansin sa strataisféar céanna le réaltaí spóirt ar nós Uí Dhrisceoil, Uí Arrachtáin agus Uí Chatháin.
bóthar na gaoithe agus bóthar na réaltaí the road of the wind and the road of the stars
" Léim inscríbhinn ar leacht a deir: ‘Donde se cruza el camino del viento con el de las estrellas’ (An áit a dtrasnaíonn bóthar na gaoithe agus bóthar na réaltaí a chéile).
réaltaí móra big stars
" Ar ndóigh, ní raibh a fhios acu go mbeadh siad ina réaltaí móra sa todhchaí, ach deir Seán go raibh an chomrádaíocht go hiontach i measc na mbuachaillí.
na réaltaí the stars
" Toisc nach mbíonn solas (nó cumhacht aibhléise) ar bith ar siúl tar éis a deich a chlog, agus nach mbíonn mórán feithiclí ar na bóithre, bíonn na réaltaí dochreidte – téann siad an bealach ar fad go dtí bun na spéire, agus uaireanta bíonn siad chomh geal gur féidir iad a fheiscint in uisce na lochanna.
réaltaí stars
" Le bheith cóir, réaltaí de chuid na gcluichí Gaelacha atá iontu.
(réaltaí roc, (rock stars,
" Tá rogha agat; casann roinnt daoine (réaltaí roc, baincéirí agus a leithéid) ar chlé, agus ar aghaidh leo go dtí na suíocháin mhóra chompordacha.
Bhí sé ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, he wanted to make stars out of us
" Bhí sé ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, tá a fhios agat.
hiompar na réaltaí star-like behaviour
" Agus don dream óg, cosúil liom féin, cén mhaith é sin? Cén mhaith a dhéanfaidh sé, dar le cuid againn, an sclábhaíocht scoile go léir, nuair is féidir cúig nóiméad déag faoin spotsholas a lorg ina háit? An bhfuil uaillmhian ar bith níos uaisle ná an clú? Is rídheacair a chreidiúint, ar na saolta seo, cé chomh mór is a bhíonn an brú ar dhaoine óga cloí le híomhá agus le hiompar na réaltaí.
réaltaí scannáin film stars
" Nó an mbeidh? Má tá Brown agus Cameron agus Clegg chomh séimhbhladrach sin, tá siad mar a bheadh réaltaí scannáin ann i gcomórtas leis an drong a bhfuil sé d'uaillmhian ag a mbunús muid a threorú isteach sa 20ú haois (sic).
Réaltaí stars
" Seo mar a bhí scríofa: Réaltaí an Oireachtais ========= - Seisiún Ceoil le Meaití Jó Shéamuis agus Johnny Óg Connolly - Lúibín le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail - Seisiún Amhránaíochta le Gearóid Ó Mórghuth & Emer de Barra - Damhsa ar an Sean-Nós ar Bhairille le Brains Ó Cuinneagáin - Agallamh Beirte le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail - Tuilleadh Ceoil le Meaití Jó, Johnny Óg, Ray agus Gearóid - Ranganna Gaeilge Uladh le Joe agus Ray - Ranganna Gaeilge Bhaile Átha Cliath le Gearóid & Emer de Barra - Ranganna Seana-Ghaeilge Chonamara le Meaití Jó agus Johnny Óg - Ranganna Gaeilge Nua Mheiriceá le Brains Ó Cuinneagáin - Ranganna Bladair le Joe, Ray, Mí, Fá, Só, Lá… “In ainm Chroim!” arsa Balor leis féin, “Seo tromluí cinnte.
réaltaí éagsúla various stars
" Cé gur sheachain sé féin an phoiblíocht, dhírigh sé ar phoiblíocht a lorg dá bhannaí ceoil agus do na réaltaí éagsúla a d’fhostaigh sé in imeacht na mblianta.
réaltaí móra an lae inniu today’s big stars
" Ar ndóigh, is iad na fir agus mná grinn réaltaí móra an lae inniu.
Tá spreagadh nua de dhíth ar na réaltaí is mó freisin the biggest stars need new inspiration also
" Tá spreagadh nua de dhíth ar na réaltaí is mó freisin gan amhras.
na réaltaí móra the big stars
" Chomh maith le míle suíochán an Sala Grande i bPálás an Chineama agus an 1700 suíochán a líonadh lá i ndiaidh lae i Pala Biennale, foirgneamh a tógadh go sonraíoch i gcomhair na féile, bhí hallaí féachana eile a bhí níos lú is níos teolaí inar taispeánadh scannáin gan na réaltaí móra, nó gan réaltaí móra na linne seo pé scéal é.
Ghradaim Réaltaí na Bliana annual star awards
" Bhíos ag smaoineamh ar na mná le déanaí tar éis dom freastal ar Ghradaim Réaltaí na Bliana de chuid Chumann Peil Gael na mBan a bhí urraithe ag TG4.
réaltaí scannánaíochta film stars
" Is ait an mac an saol ach cé go n-admhaíonn an dornán dearthóirí slachtaíochta is clúití ar domhan agus na réaltaí scannánaíochta a mbíonn siad ag dearadh éadaí dóibh go mba é Balenciaga an dearthóir slachtaíochta Eorpach is fearr san fhichiú haois, is annamh a chloisimid tada eile faoin bhfear ciúin seo a raibh iascaire mar athair agus bean fuála mar mháthair aige.
Gradaim na Réaltaí the All-Star Awards
" Cothaíonn Gradaim na Réaltaí go leor conspóide gach bliain ach tá Colm Mac Séalaigh go mór i bhfábhar na scéime.
réaltaí stars
" Chaith Balor cúpla lá pléisiúrtha i measc réaltaí na Gaeilge ag an Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá an mhí seo caite.