Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fáil réidh le get rid of
" Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh fáil réidh le Fadhb na hÉireann.
fáil réidh get rid of
" Cé gur mhol Tuarascáil Patten fáil réidh le piléir phlaisteacha, agus go bhfuil an L21A1 níos contúirtí ná an seancheann, fuair an t-arm/RUC an L21A1 ar an chéad lá de mhí an Mheithimh i mbliana.
seachas fáil réidh instead of getting rid of
" Mar sin, is é atá ag teastáil, seachas fáil réidh leis an Seanad, ná córas a chuirfeadh deireadh le smacht na bpáirtithe polaitiúla ar an Teach Uachtarach agus a chuideodh le níos mó daoine cumasacha ar nós sheanadóirí na nOllscoileanna suíochán a bhaint amach.
fáil réidh get rid of
" Mar an chéad chéim sa treo seo, deir sé, caithfidh Westminster fáil réidh leis an mhionn dílseachta don bhanríon.
fáil réidh le get rid of
" Ba é an plean a bheith acu ná fáil réidh le máthair Erika, agus ansin déanamh amhlaidh leis an athair, sa dóigh is go mbeadh níos mó saoirse ag an déagóir.
go réidh easily, without question
" Ach sílim chomh maith go dtiocfaidh athrú bunúsach sa dóigh a gcleachtaíonn daoine a gcultúr agus sa dóigh a n-úsáideann siad na meáin; nach nglacfaidh daoine go réidh le cibé rud a chuireann craoltóirí agus lucht tráchtála srl.
réidh easy, laid-back
" Rudaí breá réidh i dtús an chláir, ach ansin píosaí cainte ó sheanchairde agus mise ar an bhfóidín mearaí arís.
réidh le heisiúint ready to be issued
" Oll-liosta de théarmaí ilghnéitheacha atá beagnach réidh le heisiúint ar an suíomh gréasáin, (www.
agus a bheith réidh leis and to be done with it
" Bheadh sé chomh maith againn ár gcuid tithe agus tailte a bhronnadh orthu agus a bheith réidh leis.
trí fáil réidh leis by getting rid of it
" 8 milliún in aghaidh na bliana, creidtear nach ndéanfaí aon airgead a shábháil trí fáil réidh leis, óir go mbeadh ar dhream éigin eile obair an tSeanaid a dhéanamh.
réidh leis an mhuineál a chasadh ag Frank ready to wring Frank's neck
" Ar ndóighe, bhí ábhar aige nó bheadh sí féin réidh leis an mhuineál a chasadh ag Frank dá mbeadh an bhróg ar an chos eile.
Nach réidh a tháinig an bhréag leat doesn't lying comes easy to you
" Bhris an gáire ar Frank ach char dhúirt Bróna ach "Nach réidh a tháinig an bhréag leat," agus shuigh sí isteach sa tacsaí.
réidh lena lámh a shíneadh amach ready to extend her hand
" "Bhí sí i gcónaí réidh lena lámh a shíneadh amach i dtreo rudaí nua.
fáil réidh le get rid of
" Ag an bpointe sin bhí daoine ag iarraidh fáil réidh le Seán Boylan ach sheas na himreoirí leis, go mórmhór na himreoirí ba shine ar nós Colm O'Rourke agus Liam Hayes.
go mall réidh slowly, steadily
" D'éirigh na mogaill ar shúile Joan go mall réidh agus níor dhúirt sí focal ach lámh Aifric a fháisceadh.
díreach chun fáil réidh leis just to get rid of
" Le blianta fada tá eagraíochtaí ar nós Comhlámh ag gearán go bhfuil an tAontas Eorpach ag dumpáil bia ar mhargaí na dtíortha neamhfhorbartha ar phraghsanna atá thar a bheith íseal, díreach chun fáil réidh leis na sléibhte ime agus mairteola, na lochanna bainne agus na lochanna fíona.
réidh easy
" Thaitin an coláiste léi, ach faoin am a bhí an chéim bainte amach aici, bhí sí réidh le rudaí nua a thriail.
réidh finished
" AÓF: Ar thóg sé mórán ama ort? TM: Thosaigh mé i 1997 agus mé ag ceapadh nach mbeadh stró ar bith orm a bheith réidh don bhliain ina dhiaidh sin, ach gach áit a bhreathnaigh mé tháinig mé ar a thuilleadh ábhair! Níor éirigh liom é a chríochnú faoi dheireadh go dtí an bhliain dhá mhíle! AÓF: Dhá n-iarrfainn ort rud amháin a phiocadh amach nach dtaitníonn leat faoi staid an cheoil thraidisiúnta in Éirinn faoi láthair, céard a déarfá? TM: An rud is mó a chuireann isteach orm ná an bealach go bhfuil deighiltí tar éis teacht isteach sa traidisiún.
réidh relaxed
" Níl sé chomh gleoite sin mar bhaile, measaim, ach tá atmaisféar breá réidh ann, leis na báid sa chuan agus aonach seó beag agus bialanna ag tairiscint iasc úr.
fáil réidh leis to get rid of him
" Agus sin rud a chuir fearg ar Charlie agus Sidney Lennon: go bunúsach, nach raibh spás ag Julia do John óg ina saol agus, mar sin, go raibh sí ag iarraidh fáil réidh leis.
réidh fána choinne ready for it
" " Ach cad faoi dhaoine a bheadh ag teacht anseo de bharr nach bhfuaireadar leas sóisialach sa Bhreatain Mhór? "Bhuel, má tharlaíonn sin caithfimid a bheith réidh fána choinne.
dá bhfaighidís réidh le Riail 42 if they got rid of Rule 42
" Níl aon dabht ach go mbeadh go leor dea-phoiblíochta le fáil ag an eagraíocht dá bhfaighidís réidh le Riail 42.
Go réidh take it easy
" * Glactar leis go coitianta go dtarlóidh cibé athruithe aeráide atá i ndán dúinn de bharr thionchar an tí ghloine Go réidh, de réir a chéile.
le fáil réidh leis an Chomhaontú to get rid of the Good Friday Agreement
" Tháinig siad isteach le Sinn Féin a scrios agus le fáil réidh leis an Chomhaontú.
réidh finished
" Chaith Hopper seal i bPáras nuair a bhí sé réidh sa choláiste ealaíne agus, in áit spreagadh a fháil ó shaol na healaíne ansin, ní dheachaigh an áit i bhfeidhm air ar bhealach ar bith.
ba réidh a tháinig an bhréag sin leis he told that lie effortlessly
" An miste libh?" arsa Louis agus ba réidh a tháinig an bhréag sin leis.
atmaisféar níos réidhe a more relaxed atmosphere
" Úsáidim cluichí cártaí agus cluichí eile le mo chuid mac léinn, mar go bhfuair mé amach go gcruthaíonn gníomhaíochtaí mar seo atmaisféar níos réidhe sa seomra ranga.
gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga that Fionn found it fine and easy to lie
" " Mhol Eilís leis, ach bhí sí ag meabhrú di féin gur Fionn a bhí breá réidh leis na bréaga.
go raibh a chuid réidh until his meal was ready
" Thiocfadh Feargal isteach tráthnóna agus chuirfeadh sé a shoc sa pháipéar go raibh a chuid réidh, agus ní thabharfadh sé faoi deara gur chaith sí am agus saothar ag glanadh.
ag déanamh réidh na masc preparing the masks
" D'oibríodh sé sna mianaigh ghuail mar leictreoir, agus d'oibrínn féin os cionn na talún, ag déanamh réidh na masc.
fuair mise réidh leis an áit I got rid of the place
" “Ní bheidh duine ar bith agaibh ag dul ar saoire in Dingle i gcás ar bith,” a mhaígh Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, “nó fuair mise réidh leis an áit! Is iomaí duine sa tír seo a bhunaigh baile úr – Neilstown, Blakestown, Tyrellstown, Quarry.
fáil réidh le ceann acu to get rid of one of them
" Tá an scéal amuigh, mar shampla, go mbeidh siad ag breathnú ar ranna beaga cosúil leis an Léann Ceilteach agus ag cur ceiste: ‘An bhfuil gá le ceann i gColáiste na Tríonóide, in UCD agus i Maigh Nuad?’ Táthar ag rá go mbeidh siad ag iarraidh fáil réidh le ceann acu nó fiú péire acu.
réidh finished
" Nuair a bhíos réidh sa mheánscoil, isteach san ollscoil liom agus roinnt blianta ina dhiaidh sin bhain céim tréidliachta amach.
réidh le pilleadh ar an fhoréigean ready to return to violence
" Cad é atá ann? Tuilleadh fianaise go bhfuil an IRA réidh le pilleadh ar an fhoréigean lá ar bith anois, dar leis an DUP.
Beidh mo chuid réidh my dinner will be ready
" Beidh mo chuid réidh ag Síle agus tá a fhios agat Síle; níor mhaith don dinnéar fuarú.
ag tógáil rudaí go réidh taking things easy
" Bhí níos mó foinn ar Eoin bheith ag seinm ceoil agus ag tógáil rudaí go réidh.
go réidh unhurriedly
" Thosaigh sé ag seinnt go réidh cúramach ach go tobann d’éalaigh sé ón bhfonn.
bhí mé réidh léi I had finished with her
" “An bhfuil a fhios agat seo?” arsa bean acu, “bhí mé réidh léi agus an ghruaig agus eile déanta.
réidh unhurried
" Tá stíl bhinn réidh acu agus taispeánann siad nach bhfuil call an ceol a chasadh róthréan le go mbeidh sé beoga agus meidhreach.
an ghluaiseacht réidh the unhurried movement
" Is cuimhin liom fós an siúl mall, an ghluaiseacht réidh agus an beannú láimhe ríoga a rinne sé don slua a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh an lá áirithe sin.
bheimis réidh ar fad mar mhórchumhacht we'd be finished as a major power
" “Polasaí an bhata mhóir,” a thugann cara ar an gcaoi a ndéileálann Meiriceá le pobal an domhain, “ach cén dara rogha atá againn? Murach é, bheimis réidh ar fad mar mhórchumhacht.
ba mhian leo a bheith réidh they wanted to be ready
" Ba léir dóibh nach leanfadh rialtas Clinton ar aghaidh i gcónaí, agus ba mhian leo a bheith réidh.
réidh le sileadh ready to flow
" Shiúil mé síos an staighre go mall agus go ciúin, mo chroí ag bualadh go fiáin i mo chliabhrach, na deora réidh le sileadh.
Is maith liom a bheith réidh leis. I'm glad to be finished with it.
" Is maith liom a bheith réidh leis.
fáil réidh leo to get rid of them
" Dá ligfeá isteach i do theach iad, bheadh sé deacair fáil réidh leo.
ba ghá fáil réidh leo they had to be gotten rid of
" Cén fáth? Mar ba ghá fáil réidh leo chun a chraiceann féin, Rialtas Fhianna Fáil agus an Stát Deisceartach a chosaint.
fáil réidh leo ar fad get rid of them totally
"fáil réidh leo ar fad agus deis a thabhairt d’Fhine Gael.
aclaí agus réidh fit and ready
" Ní den chéad uair le cúpla bliain anuas, bhí sé de mhí-ádh nach raibh a gcuid imreoirí go léir aclaí agus réidh don choimhlint.
ag déanamh réidh do thaispeántais getting ready for exhibitions
" Chomh maith le bheith i gcónaí ag iarraidh a chumas mar phéintéir a fhorbairt agus bheith ag déanamh réidh do thaispeántais (beidh ceann aige i Nua-Eabhrac gan mhoill), tá mac beag aige darb ainm Lucas, nach bhfuil ach cúig mhí dhéag.
Atógadh an chórlann, ach fuarthas réidh leis an chorp. The choir was rebuilt but the nave was gotten rid of.
" Atógadh an chórlann, ach fuarthas réidh leis an chorp.
Níor ghrástúil, réidh, mín a cheol. His music was not graceful, easy, gentle.
" Níor ghrástúil, réidh, mín a cheol.
Mhothaigh mé sona sásta ach réidh le dul abhaile. I felt happy but ready to go home.
" Mhothaigh mé sona sásta ach réidh le dul abhaile.
réidh le dul i mbun foréigin, ready to become violent,
" Bhí scuaine mhór ag stad an bhus agus nuair a osclaíodh doras uathoibríoch an bhus cé a bhí ina sheasamh ansin, réidh le dul i mbun foréigin, ach *skinhead* agus suaitheantas de chuid an NF á chaitheamh aige.
séidim go mall réidh, I blow slowly and smoothly,
" Agus gach lá ar feadh leathuair an chloig ar a laghad séidim go mall réidh, seinnim go cúthaileach.
ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha trying to get rid of the native languages
" Ach bhí an Roinn Oideachais san ollscoil ar a dícheall ag an am ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha agus ag iarraidh an daonra dúchasach a ghalldú.
ag fáil réidh leo getting rid of them
" Mary: Nár cheap mé go raibh tú ag fáil réidh leo cúpla mí ó shin? Peaitín: Ar ndóigh, bhí is ní raibh, a Mhary, a leana.
an saol a thógáil go réidh dhuit féin. to take life easy.
" Peadar: Tá sé in am a’dsa anois, a Pheaitín, an saol a thógáil go réidh dhuit féin.
réidh go fóill ready yet
" Ní fhágann sin ach Clinton mar iarrthóir, dáiríre, rud a chuirfidh áthas ar Phoblachtánaigh, a cheapann (agus an ceart acu, b'fhéidir) nach bhfuil Meiriceá réidh go fóill d'iarrthóir mná, go háirithe bean chéile fir chonspóidigh.
go deas réidh. nice and slowly.
" Luíonn luas an scéil trí chéile le sceitheadh a rún agus déantar ar an *dénouement *go deas réidh.
réidh le titim ready to all
" Mar sin, bhí smionagar réidh le titim dá n-ardódh leibhéal an uisce sa loch taobh thiar de.
go nádúrtha réidh naturally and easily
" **Dúil mhór**Tugann an leabhar léargas ar an dúil mhór a bhí ag Sylvia Plath san ealaín ó aimsir a hóige, agus ar an dóigh éasca a n-aistríodh sí idir an scríbhneoireacht agus an líníocht, ag meascadh an dá rud go nádúrtha réidh lena chéile.
ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, getting ready for the Junior Certificate,
" Saoirse faoi dheireadh! Bhí cúpla mí d’obair chrua déanta agam agus mé ag déanamh réidh le haghaidh an Teastais Shóisearaigh, agus creid uaim é, bhí sos tuillte agam.
réidh le dul sa tóir ar thionscadal eile. ready to go after another project.
" Creid uaim é, caitheann sé a lán den stuif oráiste! Agus bítear ag tabhairt Umpa Lumpa ormsa! Bhraith mé spreagtha anois agus bhí mé réidh le dul sa tóir ar thionscadal eile.
cúrsaí a thógáil go réidh to take things easy
" Tá mé breá sásta cúrsaí a thógáil go réidh agus deiseanna a thapú de réir mar a thagann siad chun cinn.
tá drogall orthu fáil réidh leo. they are reluctant to get rid of them
" Céard leis a bhfuil siad ag fanacht? De bhrí, b’fhéidir, gur féidir le scríbhneoirí an obair a dhéanann eagarthóirí agus foilsitheoirí a fheiceáil go fisiciúil – san eagarthóireacht agus sa leabhar – tá drogall orthu fáil réidh leo.
réidh le luí isteach ready to concentrate
" Tá muid réidh le luí isteach ar an obair.
ag déanamh réidh getting ready
" Is é m’albam féin atá idir lámha againn, agus tá Fiachna ag déanamh réidh leis an giotár a sheinn ar chúpla rian.
ag déanamh réidh preparing
" Cad é a spreag Warhol le tús a chur leis na taisceadáin todhchaí seo? Dar le Vincent Fremont – a d’oibrigh le Warhol ón mbliain 1969 go dtí aimsir a bháis – go raibh sé féin agus Warhol ag déanamh réidh le haghaidh an Factory a aistriú ó Union Square go dtí láthair níos mó.
ag déanamh réidh le haghaidh an t-amhrán a chanadh. preparing to sing the song
" Samhlaím an drumadóir ina shuí taobh thiar de na drumaí, a shúile ag faire go cúramach ar gheáitsíocht Nina agus í ag déanamh réidh le haghaidh an t-amhrán a chanadh.
ag déanamh réidh preparing
" Éacht nach beag é sin i dtír ina mbíonn daoine ag maíomh go bhfuil gramadach na Gaeilge tar éis damáiste síceolaíoch a dhéanamh dóibh!Bhuail mé le Des i Vicar Street, an t-ionad i lár Bhaile Átha Cliath, ag deireadh mhí Feabhra agus é ag déanamh réidh le haghaidh seó.
fáil réidh le get rid of
" Dealraíonn sé anois gur mithid do lucht an pháirtí sin fáil réidh le hEnda Kenny.
réidh don todhchaí ready for the future
" Deir cathaoirleach an scáthghrúpa *Te Roopu Tawharau*, Patrick McGarvey, go mbeidh siad réidh don todhchaí.
I measc na n-arm a bhfuarthas réidh leo amongst the arms which were gotten rid of
" I measc na n-arm a bhfuarthas réidh leo bhí gránáidí roicéadtiomána agus tancanna.
réidh don athrú ready for the change
" Mar sin, murab ionann agus an Eoraip, níl bonneagar Mheiriceá réidh don athrú.
agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin. while he was getting ready for that evening's show
" *” Bhuail mé le King ar an 28 Iúil agus é ag déanamh réidh le haghaidh sheó na hoíche sin.
é réidh lena mhéara a dhíriú ar him ready to concentrate his fingers on
" Agus Rossa chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua.
bricfeasta réidh relaxed breakfast
" D’itheadh muid bricfeasta réidh uirthi agus an chathair ag múscailt.
go bhfuair siad réidh le that they got rid of
" BuaMá ghlacann an DUP leis an fhoclaíocht sin, beidh siad ábalta a rá go bhfuil an bua acu, is é sin, go bhfuair siad réidh le "Seanóirí na Sceimthlitheoireachta" – ar mór-eileamh dá gcuid é – agus mar sin, do dtig leo muinín a bheith acu as Sinn Féin.
Nuair a bhí siad réidh leis an chaint when they were finished talking
" CúrsaíNuair a bhí siad réidh leis an chaint (agus Oscar bainte agam i mo chloigeann), scairt siad amach ainmneacha na gcúrsaí MA ar fad ceann ar cheann.
ag iarraidh fáil réidh le wanting to get rid of
" Agus ní hé pobal na Seoirsia amháin a bhí ag iarraidh fáil réidh le Shevardnadze, iar-Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Shóivéadaigh.
dá bhfaighfí réidh le were one to do away with
" Dúirt an tAire ag an am gur chun leas na tíre agus na teanga a bheadh sé dá bhfaighfí réidh le roinnt eagraíochtaí Gaeilge mar go bhfuil barraíocht airgid á chaitheamh ar riarachán seachas ar chur chun cinn na teanga féin.
ní haon ribín réidh é it's no easy matter
" Bíonn ar an tír 90% dá fuinneamh a allmhairiú ina bhreosla iontaise agus ní haon ribín réidh é a bheith ag brath, ní hamháin ar sholáthar na mbreoslaí féin, ach a bheith ag brath, chomh maith leis sin, ar na praghsanna atá socraithe ag an margadh míthrócaireach idirnáisiúnta.
réidh easily
" Ní raibh aon ghá le bubble-shobal d’aon shaghas – ba leor teas an uisce le gach matán tuirseach agus gach cnámh cráite a mhealladh ar ais chun sláinte go mall, réidh.
tonnta réidh fuaime even waves of sound
" Cantaireacht Ghréagórach a chleacht na manaigh - amhránaíocht mhall, beagnach gan rithim, canta i Laidin a líon an eaglais le guthanna fearúla, binne: le tonnta réidh fuaime a shruthlaigh timpeall orthu mar a mbeidís i bhfolcadh fuaime.
réidh ready
" Bhí gliondar orainn ár dtrealamh geimhridh a fáil réidh, go mór mór nuair a chuala muid an aimsir tuartha a bheith go maith.
fáil réidh leis to get rid of
" Táthar ag súil go n-éireoidh leis an scéim fáil réidh leis na coiníní, na francaigh agus na luchóga atá ina bplá ar an oileán.
dhéanann réidh an achair paves the way (for)
" Cúrsaí treabhchais de, is ionann gan freastal ar thórramh duine bocht a dúnmharaíodh agus taobhú na treibhe, is dóigh, ach an té a mhaireann i bhficheadaí an chéid seo caite, tá sé in am aige a thuiscint nach bhfuil slí dá iompar a thuilleadh, slí a dhéanann réidh an achair don mharú sheicteach i saol na linne seo.
réidh ready
" Chomh maith leis sin ní raibh mé féinspéiseach a dhóthain gur shíl mé go mbeadh spéis ag an saol mhór i ngach bolgam de mo bhéile dheireanach! Ach ní bhfuair mé réidh leis riamh agus lean mé leis de bheag nó de mhór.
bhearna réidh gap open
" Fágann an fhuarchúis seo an bhearna réidh le baint amach ag an BNP.
fáil réidh leis to get rid of it
" Bhí an cnámharlach lúbtha agus níorbh fhiú an iarracht é a dheisiú, ach ba dheacair dom fáil réidh leis an rothar sin.
réidh easily, slowly
" Agus mo bhrollach lán fanaim soicind beag agus scaoilim an t-aer amach go deas réidh ar an mbéal.
Ní haon ribín réidh it's no pushover
" Ní haon ribín réidh a bhfuil rompu, ach níl aon amhras faoi chumas lucht a stiúrtha.
ar a réidhe for its levelness
" Tá trácht againn ar Dhoire de réir an tseanchais siar chomh fada le ré Cholaim Chille: Is uime ’ charaim Doirear a réidhe, ar a glaineis ar iomad na n-aingeal finnón chinn go soich araile.
Is Réidh le Cách Stiall den Duine Eile everyone is generous with other people's property
" Is Réidh le Cách Stiall den Duine Eile Ar bealach sin ceann de na fáthanna a cheapaim go bhfuil pointe ag Nicholas Carr.
réidh ready
" Ní raibh i gceist aige ach go ndéanfaí an doiciméad a chur os comhair an Chomhchoiste Oireachtais, a bhíonn ag déileáil le cúrsaí Gaeilge agus, mar a bhainfeá smeach, bheadh sé réidh le cur os comhair an Rialtais roimh an Nollaig agus á cur i bhfeidhm ó thús na bliana.
fáil réidh le get rid of
" Ar ndóigh, idir an dá linn, dá bhféadfadh Fine Gael fáil réidh le Kenny, d’athródh sin an scéal.
réidh i dtólamh always ready
" Cé go mbíonn siad réidh i dtólamh a ndúiche a chosaint, is fíorannamh a dhéanann ceann acu ionsaí ar aon duine.
réidh ready
" Ach dá olcas iad, níl pobal na hÉireann réidh le Fianna Fáil a chur arais i gcumhacht.
réidh ready
" Glacaim leis nach bhfuil an córas leath chomh casta i do chomhlacht féin! - Faigh réidh leis na leithscéalta dóibh: Breathnaigh ar an liosta fáthanna: conas gur féidir leatsa cabhrú le do chustaiméirí na bacanna sin a shárú? - (a)“Níl an t-am ag daoine” - cabhraigh leo am a aimsiú: cuir oideas chucu nó sceideal béiltí don tseachtain nó roghnaigh culaith éadaí bunaithe ar eolas a bhailigh tú ón suirbhé.
réidh level
" Má bhí na Sléibhte Creagacha agus Sléibhte Appalachia ann, bhí mánna fada réidh eatarthu agus ar gach taobh díobh, agus bhí línte traenach ag ceangailt cathracha móra na tíre go léir sar i bhfad.