Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réimsí tábhachtacha important areas
" Fágann seo gur gá do na na páistí dul i muinín an Bhéarla i réimsí tábhachtacha den saol.
réimse range
" D'úsáid siad é sin ar fad le réimse níos leithne de chomhlachtaí ardteicneolaíochta a bhunú sa cheantar.
réimsí sectors, areas
" Sa lá atá inniu ann tá daoine dubha le feiceáil i go leor réimsí den tsochaí Mheiriceánach a raibh cosc orthu a bheith páirteach iontu roimhe seo.
réimse range
" Is sa Ghaillimh chomh maith a chuir sí tús lena saol i réimse na craoltóireachta nuair a ghnóthaigh sí post páirtaimseartha le Raidió na Gaeltachta i gCasla agus í fós ina mac léinn.
réimse leathan wide range
" Níos mó agus níos mó tá gá ag an oibrí le réimse leathan scileanna in ionad an réimse chúing a bhí go breá fiche bliain ó shin.
réimse a range
" Bheadh réimse toghlach ann, mar shampla Toghlach na Gaeilge agus na Gaeltachta, Toghlach na gCeardchumann, Toghlach na mBan, an Toghlach Deonach agus Pobail agus mar sin de.
réimse leathan a wide range
" Sílim go bhfuil rud éigin ann do réimse leathan daoine.
réimse range
" Gníomhach i ngach réimse de shaol an phobail.
réimsí areas
" Tosaíodh le cúig cheannteideal i réimsí a measadh go mbeadh spéis ag an bpobal iontu: Nuacht, Sceidil Raidió agus Teilifíse, Ranganna Gaeilge, Féilire Imeachtaí agus Fógraí.
réimsí gaolmhara related areas
" Den chéad uair riamh beidh clár cuimsitheach forbhartha chun taighde idirdhisciplíneach a dhéanamh ar an Stair, an Léann Ceilteach agus Litríocht na hÉireann agus na hAlban, an Béaloideas, Staidéar Cultúrtha, an Ultais, Tíreolaíocht Chultúrtha chomh maith le réimsí gaolmhara eile.
réimsí areas
" "Nuair a bhí muid cúig bliana ar an aer, shocraigh muid grianghraf a fháil de na daoine ón stáisiún a bhí ag obair le RTÉ agus bhí dhá dhuine dhéag a bhí ag obair i réimsí difriúla sa stáisiún sin.
réimse saineolais area of expertise
" " Tar éis céim a bhaint amach sa Luibheolaíocht, thosaigh Diarmuid ag caitheamh níos mó ama ag aisteoireacht leis na Fánaithe, compántas taistil drámaíochta a bhí lonnaithe i nGaillimh, seachas gairm a lorg ina réimse saineolais.
réimse leathan cúlraí a wide range of backgrounds
" Bhí sé seo amhlaidh de bharr gur tháinig siad ó réimse leathan cúlraí agus nach raibh siad páirteach san "arty-farty scene" i nGaillimh.
réimsí areas
" Tá sciar maith d'obair an Choiste Téarmaíochta a bhaineann le réimsí eile saoil - an t-oideachas, an tseoltóireacht, cúrsaí ealaíne - agus nár foilsíodh riamh i bhfoirm leabhair.
réimse area
" Tá féidearthachtaí iontacha ag baint leis an teicneolaíocht nua seo i ngach réimse den saol, an spioradáltacht ina measc.
réimsí areas
" Is staidéar é a fheidhmíonn ar dhá leibhéal, *Prospect* agus *Site*, agus a dhíríonn ar an fhorbairt agus an fás atá ag tarlú, gan réamhshampla, i réimsí áirithe sa tír seo.
réimse range
" Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo! Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d'imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear.
réimsí areas
" Tá an t-oideachas ar cheann de na réimsí a bhfuiltear ag díriú air.
réimse area
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Breacadh? Mar go ndearnadh neamart sa réimse seo oideachais le fada.
réimse leathan wide range
" Bíonn saothar ealaíontóirí na hÉireann chomh maith le saothar ealaíontóirí ar cuairt ón Eoraip agus Meiriceá le feiceáil sa dánlann agus bíonn réimse leathan téamaí i gceist.
réimse leathan dearcadh leo a wide range of viewpoints/outlooks
" Tugann na mic léinn ó chúlraí éagsúla sóisialta réimse leathan dearcadh leo freisin.
réimsí areas
" Cuid mhór de na Gearmánaigh a théann ar saoire go hÉirinn, is daoine sna réimsí thuas iad cheana féin: ceoltóirí nó damhsóirí gníomhacha.
réimsí areas
" Cuid mhór de na Gearmánaigh a théann ar saoire go hÉirinn, is daoine sna réimsí thuas iad cheana féin: ceoltóirí nó damhsóirí gníomhacha.
réimse mór talún a large tract of land
" Bhí siad seo ina dtaoisigh ar réimse mór talún in oirthear Dhún na nGall.
réimse range
" Ach ar an lámh eile tá sé pas beag níos deacra dóibh anseo in Éirinn de bharr go bhfuil siad mar chuid de *scene* leathan a bhfuil réimse fairsing ceoil ann, murab ionann agus i Meicsiceo áit a mbíodh siad ag seinm do dhaoine den chuid is mó a raibh dúil acu sa chineál ceoil atá acusan.
réimse area
" Cé go bhfuil cuid mhaith cluichí ríomhaireachta foilsithe ag Microsoft mar bhogearraí cheana féin, is é seo an chéad uair gur chuir siad a ríomhaire cluichí féin ar fáil, agus tá siad ag dul in iomaíocht le comhlachtaí go bhfuil seantaithí acu ar an réimse sin, ar nós Sony agus Nintendo.
réimse leathan ábhar a wide range of subjects
" Tá clár laethúil raidió ann, cúig huaire sa tseachtain, a bhfuil réimse leathan ábhar clúdaithe ann.
réimse range
"réimse breá dlúthdhioscaí inléite do-athraithe curtha ar fáil ag Fios Feasa ((www.
réimse range
" Ach níl sé seo amhlaidh toisc go dteastaíonn uainn a chruthú gur teanga nua-aimseartha í an Ghaeilge, ach toisc go gcreidimid go bhfuil sí amhlaidh cheana, agus más amhlaidh di, caithfidh fás teacht sa réimse seo den fhostaíocht atá le fáil do lucht a labhartha.
réimse area
" Ceann de na cúiseanna dar leis a bhfuil cáil bainte amach ag an chlub ar fud na hÉireann ná go mbíonn réimse leathan ceoil á sheinm ann, murab ionann agus go leor clubanna eile i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, ina seinntear cineál amháin an oíche go léir.
réimse area
" Le dhá bhliain déag atá mé ag obair sa réimse seo.
réimse leathan fostaíochta a wide range of employment
"réimse leathan fostaíochta ag muintir na háite anois.
réimse area
" Tá na húdaráis ag diúltú cead pleanála a thabhairt ar na cúiseanna seo: dochar don timpeallacht agus milleadh radharcanna tuaithe; easpa infrastruchtúir tuaithe agus an costas a bhainfeadh le caighdéain sasúil a bhaint amach sa réimse seo.
réimsí areas
" Beidh scríbhneoirí nua ag teacht chun cinn i gcónaí agus réimsí nua i saol na foilsitheoireachta le treabhadh.
réimse area
" Ba cheart do Rannóg an Aistriúcháin, d'fhoireann an Ghúim agus do shaineolaithe eile i réimse na teanga teacht le chéile agus aontú faoi cheart na Gaeilge agus go gcuirfí na rialacha sin i bhfeidhm in iomlán a gcuid foilseachán.
réimse area
" Tá daoine áirithe ag obair sa réimse a bhfuil Gearóidín gníomhach ann nach bhfuil an fhoighid nó an tsuim acu a bheith ag plé le daoine atá ar bheagán Gaeilge ach is léir go mbaineann sise an-sásamh as an obair seo.
réimse scileanna a range of skills
" Teastaíonn obair - agus obair a bhfuil réimse scileanna ag baint léi - leis an gcuspóir sin a bhaint amach.
réimse leathan tionscadal a wide range of projects
" Tá acmhainní nach beag ar fáil ag Foras na Gaeilge le straitéisí teanga a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht agus tá tacaíocht tugtha ag an eagraíocht chéanna do réimse leathan tionscadal ó thuaidh agus ó dheas.
réimsí areas
" Thiocfaí díospóireacht bliana a reáchtáil ar na gnéithe éagsúla den cheist seo ach thig cúrsaí a shimpliú agus féachaint ar céard is féidir a dhéanamh sna réimsí seo: an teaghlach, an t-oideachas, an pobal agus cúrsaí siamsaíochta.
réimse uirlisí range of instruments
" Bhíodh réimse uirlisí á chasadh aige agus nuair a bhíodh air athrú ó cheann go ceann, ba mhinic a thógadh sé ruball a chóta agus go ndéanadh sé damhsa beag i lár an stáitse.
réimse ceoil a range of music
" Ní dóigh liom gur féidir linn a rá ná gur féidir le héinne a rá go bhfuilimid ag díriú isteach ar *niche *áirithe amhrán mar tá réimse ceoil idir lámha againn, agus ceapaim go dtaitníonn sé sin leis an lucht éisteachta freisin.
réimsí areas
" Cad é atá ar siúl in Éirinn faoi láthair? Tá fianaise ag teacht chun cinn an t-am ar fad na laethanta seo a léiríonn go bhfuil caimiléireacht fhadbhunaithe i gceist i go leor réimsí de chuid na sochaí.
réimsí fairsinge wide areas
"réimsí fairsinge san Astráil Thiar agus san Astráil Theas tirim freisin, cé nach bhfuileadar i ngar a bheith chomh dona leis na stáit san oirthear.
réimse leathan wide range
" Meallann an tréimhse sin in Éirinn, mar aon leis an réimse leathan cúrsaí Éireannacha a thairgíonn Institiúid Mhic Eochaidh, go leor mac léinn fochéime mar Sean O'Brien go Notre Dame.
réimse range
" Go mbeadh réimse na bhfoinsí foghlama don Ghaeilge chomh maith leis an réimse áiseanna atá ar fáil d'fhoghlaimeoirí teangacha eile.
réimsí areas
" In áit féachaint le srianta nua a chur ar dhaoine ba chóir don Rialtas scóip an Achta a leathnú - go dtí an Garda Síochána, abair, nó réimsí eile den chóras nach dtagann faoin Acht go fóill.
réimse leathan daoine a wide range of people
" Tá bialann bhreá ansin a bhíonn gnóthach i gcónaí - agus ní lucht na Gaeilge amháin a bhíonn ag úsáid na háise ach réimse leathan daoine a meallann an t-atmaisféar agus an bia blasta iad.
réimse range
" Rinneadh athstruchtúrú ar an eagraíocht agus tá líon na n-oibrithe agus réimse na seirbhísí Gaeilge i ndiaidh fás ó shin.
réimse leathan wide range
" Bíonn réimse leathan laethanta speisialta oscailte ar siúl san ionad, agus cúrsaí deireadh seachtaine fosta.
réimse iontach ábhar a great range of subjects
réimse leathan taithí a wide range of experience
" Bítear ag súil go mbeidh cúlra maith acu ag teacht isteach agus bíonn deis acu réimse leathan taithí a fháil laistigh den mbanc.
réimse leathan wide range
" Mar sin, éistím le réimse leathan rudaí.
in achan réimse in every area
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Teanga bheo, láidir ar féidir í a fheiceáil, a chluinstin agus a úsáid in achan réimse den saol.
réimse leathan imeachtaí agus tionscadal a wide range of events and projects
" Is mar sin a saolaíodh Iomairt Cholm Cille agus, ó shin i leith, tá an Iomairt taobh thiar de réimse leathan imeachtaí agus tionscadal, a bhfuil an Ghaeilge/an Ghàidhlig istigh ina lár, agus a thugann daoine le chéile as Albain agus as Éirinn (thuaidh agus theas) chun a chéile a spreagadh agus a mhisniú.
i réimse na nana-theicneolaíochta in the area of nano-technology
" Mar shampla, baineann fisiceoirí a bhíonn ag déanamh taighde i réimse na nana-theicneolaíochta úsáid as ríomhchláir chun anailís a dhéanamh ar na patrúin ar dhromchlaí criostail.
réimsí areas
" Molann sé go gceapfaí *ombudsman *a bheadh freagrach don chomhairle, ar a mbeadh baill ó eagraíochtaí na meán cumarsáide, an NUJ agus ionadaithe ó réimsí eile den tsochaí.
réimsí an-chúnga very narrow areas
" " An gcuireann sé díomá air go bhfuil lucht léinn na Gaeilge, den chuid is mó, gafa le réimsí an-chúnga agus nach spéis leo saothar mar seo a chur i gcló? "Sílim an rud atá ann ná go bhfuil cineálacha áirithe léinn faoi mheas agus go bhfuil cineálacha eile léinn ansin nach bhfuil meas orthu.
sa réimse eacnamúil in the economic sphere
" Bheadh go leor buntáistí le fáil ag an Ghaeilge ón ardú stádais seo, go háirithe sa réimse eacnamúil, mar go mbeadh postanna breise ar fáil do dhaoine a mbeadh Gaeilge líofa acu, sa Bhruiséal agus anseo in Éirinn chomh maith.
réimse leathan seirbhísí a wide range of services
" Cuireann an tÁras réimse leathan seirbhísí ar fáil don phobal - seirbhís chomhairleach in úsáid na Gaeilge, seomraí cruinnithe, seirbhísí rúnaíochta, dearadh póstaer, leabhrán, ticéad, etc.
réimse area
" "Tá an tráchtas fós thuas san ailéar sa mbaile agus lá breá éigin tabharfaidh mé isteach go dtí mo chomhairleoir acadúil é!" Ní saol léinn a bhí i ndán do Bhríd mar bhí sé de rún i gcónaí aici dul ag obair i réimse na meán cumarsáide.
réimse area
" Seo réimse amháin den saol ina bhfuil sé i bhfad níos fearr úsáid a bhaint as peann agus pár, seachas as an teicneolaíocht.
réimse leathan imeachtaí a wide range of activities
" Tá an fheidhm chéanna ag an Áras anois agus tá réimse leathan imeachtaí ar siúl ann ar bhonn lánaimseartha, agus tá breis agus tríocha grúpa difriúil ag baint úsáide as na háiseanna.
réimse imeachtaí range of events
" Tháinig ionaid Bharra an Teampaill le chéile le haghaidh Lá Oscailte cuimsitheach i lár mhí na Nollag, rud a thug deis don phobal blaiseadh a fháil den réimse imeachtaí atá ar siúl sa cheantar faoi láthair: inbhuanaitheacht (Cultivate), ceol (Ionad Ceoil Bharra an Teampaill), taispeántais ghrianghrafadóireachta (Scoil Ghrianghrafadóireachta DIT), amharcealaíona (Gailearaí Bharra an Teampaill), drámaíocht (Project Arts Centre) agus scannáin (Institiúid Scannán Éireann).
réimsí areas
" Bhí dreamanna áirithe ann a raibh neamhspleáchas iomlán ag teastáil uathu ón Danmhairg, i réimsí mar oideachas, cúrsaí riaracháin agus cúrsaí gnó.
Réimse leathan d'imeachtaí a wide range of events
" Réimse leathan d'imeachtaí a bheith ar fáil d'éinne a bhfuil suim aige páirt a ghlacadh sa tSeachtain, pé áit sa domhan ina bhfuil sé.
réimsí areas
" I measc na rudaí eile a bheidh ag tarlú beidh saineolaithe i láthair chun ceardlanna a chur ar siúl ar na réimsí seo: Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide, Taighde Idirdhisciplíneach sa Ghaeilge agus Caighdeán na Gaeilge do Bhunmhúinteoirí.
réimse leathan gníomhaíochtaí gnéasacha a wide range of sexual activities
" I gcás True Love Waits, tagraíonn "staonadh ó ghnéas" do réimse leathan gníomhaíochtaí gnéasacha.
réimse leathan postanna a wide range of jobs
" Deis iontach a bhí ann fáil amach cad é atá ar siúl sa chathair, agus bualadh le daoine as cineálacha éagsúla cúlra - daoine ón dá thaobh den teach, mar a déarfá, agus daoine i réimse leathan postanna, ó stiúrthóirí bainistíochta go hoibrithe monarchan.
réimsí areas
" Ba chóir an éiginnteacht a bhaineann lenár n-infheistíocht i gcúrsaí taighde a laghdú trí thacaíocht a thabhairt do réimsí éagsúla.
gheall eolaithe sa réimse sin scientists in that area promised
" Cheana féin tá infheisteoirí príobháideacha ag éirí amhrasach faoin réimse nana-theicneolaíochta toisc gur gheall eolaithe sa réimse sin a lán rudaí nár tharla fós.
réimse area
" Praghsanna ======= "Beir bua le Rua" an mana atá ag Rua - mar sin cad faoin tsábháil airgid seo? "Tá an choigilt is mó ar fáil i gcás glaonna idirnáisiúnta, go háirithe i rith an lae," a mhíníonn Ruairí, "ach táimid ar comhphraghas nó níos saoire i ngach réimse.
réimse leathan cláracha a wide range of programmes
"réimse leathan cláracha sa sceideal agus nuacht ar fáil ar an uair chuile uair ó mhoch maidine go dtí deireanach san oíche.
réimse maith coinnle a good range of candals
" Bhí scaifeanna daite síoda ar díol ann, agus réimse maith coinnle, agus iad maisithe go geal gleoite.
réimse léinn area of learning
" Tá sé ag tarraingt as tobar domhain a chuid eolais féin ar an litríocht, ar an fhealsúnacht agus ar an chritic, agus sin go héasca soléite ionas go mbeadh a chuid argóintí soleanta ag mo leithéid a bhfuil breaceolas aige ar an réimse léinn atá i gceist.
réimse iontach a great range
"réimse iontach rudaí le déanamh sa cheantar sin.
i réimse an ghnéis in the area of sex
" " Tá an lámh in uachtar á fáil i bpolaitíocht na Stát Aontaithe anois ag polasaithe a bhfuil luachanna na gCríostaithe coimeádacha, go háirithe i réimse an ghnéis, mar bhunús leo.
réimse ró-leathan too wide a range
" Má tá réimse ró-leathan i dtíún, mar shampla, ní fheilfidh sé de ghnáth don ghlór.
réimse leathan earraí a wide range of goods
" Díoltar réimse leathan earraí a bhfuil baint acu leis an nGaolainn sa siopa: leabhair, foclóirí, cártaí, bratacha agus dlúthdhioscaí - ana-chuid rudaí i ndáiríre.
réimse range
" Is gá tosnú le daoine ag aois an-óg agus réimse spóirt a chur os a gcomhair.
réimse area
" Tá an oiread sin a thiocfadh leat a rá faoi Eamonn McCann go bhfuil sé deacair díriú isteach ar chúpla réimse go díreach dá shaol.
ag freastal ar réimse mór daoine catering for a wide range of people
" B'fhacthas do na dreamanna sin nach raibh Bus Éireann ag freastal ar réimse mór daoine a bhí scaipthe i gceantair tuaithe agus nach raibh seirbhís iompair poiblí ar fáil acu.
i réimse an oideachais in the area of education
" Nuair a rinne Bertie Ahern an t-athrú airí ag deireadh mhí Mheán Fómhair, d'fhág an tAire Noel Dempsey carn amháin fadhbanna ina dhiaidh i réimse an oideachais chun glacadh le carn eile fadhbanna.
réimse leathan gníomhachtaí a wide range of activities
" Ní hamháin go mbreathnaíonn daoine ar an idirlíon mar inneall cuardaigh nó mar uirlis taighde sa lá atá inniu ann, ach úsáidtear é chun réimse leathan gníomhachtaí a chur i gcrích: bainistiú caidrimh chustaiméara, seachadadh, déanamh orduithe, agus ag tabhairt tacaíochta do chianúsáideoirí an chomhlachta.
réimsí areas
" Baineann a cuid freagrachtaí le léiriú inmheánach, agus coimisiúnú ón earnáil neamhspleách, na gcláracha sna réimsí atá faoina cúram.
réimse níos leithne ábhar Gaeilge a wider range of Irish language materials
" Ba bhreá liom dá mbeadh réimse níos leithne ábhar Gaeilge ann amach anseo, ach braitheann sé sin ar chúrsaí airgid.
réimsí areas
" Sé huaire an chloig taistil ó Ghlaschú, thart le Loch Lomond, trí Ghleann Comhann agus "trasna na farraige go *Skye*" (nó, sa lá atá inniú ann, trasna an droichid go *Skye*!) Is áit ar leith é Sabhal Mòr Ostaig, an coláiste ina bhfuil os cionn 100 mac léinn agus 60 ball foirne fostaithe i réimsí éagsúla.
réimse seirbhísí agus sochar range of services and benefits
" Deir John Guerrera, ar leas-uachtarán de chuid an Irish Business Organization é, gur cheart do na grúpaí sóisialta Éireannacha sna Stáit Aontaithe na hÉireannaigh atá i Nua-Eabhrac a chur ar an eolas maidir leis an réimse seirbhísí agus sochar atá ar fáil dóibh.
réimse areas
" Tá sé beartaithe 236 tionscadal a chur ar siúl sa chathair i rith na bliana a chlúdóidh ocht réimse éagsúla ealaíne: ceol, ailtireacht/dearadh, litríocht, cúrsaí amharclainne/damhsa, féilte, scannáin/na meáin agus spórt.
réimse leathan oibre a wide range of work
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
réimse toipicí range of topics
" Is liosta le háireamh an réimse toipicí atá i gceist.
réimsí éagsúla various areas
" Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann sa bhliain 1922 bhí sé mar pholasaí ag an rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn i réimsí éagsúla den saol poiblí agus bhí géarghá le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha na tíre chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm.
as réimse leathan foinsí scríofa from a wide range of written sources
" Bailíonn an taighdeoir leaganacha stairiúla de na hainmneacha as réimse leathan foinsí scríofa; is iad na cáipéisí oifigiúla stáit agus eaglasta na príomhfhoinsí a is mó a úsáidtear; cáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis ón 19ú céad, ionchoisní agus suirbhéanna talún den 16ú - 17ú céad, rollaí éagsúla den 13ú - 14ú céad, anáidí eaglasta ón 15ú céad.
réimse leathan bealaí nua a wide range of new routes
" Dar le Michael O'Leary agus a ghnáth-thaidhleoireacht, thosódh Ryanair réimse leathan bealaí nua ó Bhaile Átha Cliath dá mbeadh áiseanna níos saoire ar fáil acu.
i réimse na teangeolaíochta in the area of linguistics
" " Teangeolaíocht fheidhmeach ======= Is í an fhís atá ag Anna maidir le todhchaí Ionad na dTeangacha ná go ndéanfar tuilleadh oibre i réimse na teangeolaíochta feidhmí.
i réimse na dteangacha in the area of languages
" Ach is é an rud is suntasaí faoi ná go bhfuil sé ag teacht i dtír ar an obair atá déanta cheana féin sa Eoraip i réimse na dteangacha.
réimse leathan cúraimí a wide range of responsibilities
" " Ní hamháin go mbaineann éagsúlacht ó thaobh tenagacha lena post, áfach, ach tá réimse leathan cúraimí i gceist fosta.
i réimse na teangeolaíochta feidhmí in the area of applied linguistics
" " Teangeolaíocht fheidhmeach ======= Is í an fhís atá ag Anna maidir le todhchaí Ionad na dTeangacha ná go ndéanfar tuilleadh oibre i réimse na teangeolaíochta feidhmí.
i ndóthain réimsí den saol in enough areas of life
" Tá an baol ann i gcónaí nach mbeidh an Ghaeilge, dála mionteangacha eile, in úsáid i ndóthain réimsí den saol.
réimse leathan a wide range
" Táimid ag freastal ar réimse leathan d'fhoghlaimeoirí lenár gcuid cúrsaí agus áiseanna foghlama.
i ndóthain réimsí den saol in enough areas of life
" Tá an baol ann i gcónaí nach mbeidh an Ghaeilge, dála mionteangacha eile, in úsáid i ndóthain réimsí den saol.