Pota Focal Intergaelic
| ríd | ríf | ríl | rím
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhua an Rí Liam King William's victory
" Go híorónta, mar gheall ar an 12 Iúil agus ceiliúradh bhua an Rí Liam ag Cath na Bóinne, bhí Mullach na Seangán tréigthe.
ríthe na hiomána the kings of hurling
" Ní fios, agus é seo á scríobh, cé acu an bhfuil an Chraobh Faoi 21 i seilbh na gCat nó nach bhfuil, ach is cinnte gurb iad Cill Chainnigh ríthe na hiomána arís i mbliana.
rí-aisteach very strange
" Tá cuma rí-aisteach orthu - mar bheadh cheithre roth ar an mbóthar (bhí trí roth ar chuid acu) agus clár leathan le grianchealla leagtha anuas sa mullach orthu.
uisce na Rí-Abhann the water of the Rhine
" Meán Fómhair 2022: I ndiaidh caismirtí idir buíonta Francacha agus Gearmánacha, tosaíonn cogadh idir an dá thír mar gheall, a deir siad araon, gur "goideadh" uisce na Rí-Abhann uathu féin.
rí na n-uirlisí king of the instruments
" Ba mhaith liom an fhidil a chasadh - rí na n-uirlisí! AÓF: An gcanann tú? SJW: Canaim - nuair nach mbíonn daoine ag éisteacht! Tá an-suim agam i dtraidisiún amhránaíochta na Mumhan.
Corónaíodh ina rí ar an Bhreatain Bheag é he was crowned king of Wales
" Corónaíodh ina rí ar an Bhreatain Bheag é agus tháinig arm ón Fhrainc chun cuidiú a thabhairt dó.
rí rua chaffinch
" An rí rua ======= Agus muid ag siúl, chuala muid ceol an rí rua.
forearm
" Huh? Agus leis sin d'imigh sé isteach as.
rí-thábhachtach extremely important
" Ach, ag an am céanna, tá sé rí-thábhachtach nach ndéanfar dearmad go bhfuil go leor fós le déanamh ag Rialtas na Síne.
idirdhealú rí-thábhachtach an extremely important distinction
" Ach, dar le Ray, is idirdhealú rí-thábhachtach é.
rí-thábhachtach extremely important
" AÓF: Cén tábhacht a bhaineann leis na mothúcháin duit? ÁNíD: Tá na mothúcháin rí-thábhachtach.
A Rí na bhfeart! O, almighty God!
" * Gluais • Glossary áilleagántrinket farasbarrsurplus seoidjewel conúsrubbish go cúil an spruadairto the refuse dump giollaí na leisceidle people gamailllouts glugaithesoft, flabby people ceannlitreachacapital letters cuidsúlachtbeauty scéimhebeauty A Rí na bhfeart!O, almighty God! caifeachwasteful ba í mo thríú huaireadóir íit was my third watch glacgrasp mo chuislemy pulse bhuaileadh mo chroí níos gaistemy heart used to beat more quickly nuair a mhothaínnwhen I used to feel mo phusmy face cad chuige a mbacfadh sí .
rí-thábhachtach extremely important
" Tá neamhpleáchas na gcúirteanna rí-thábhachtach agus caithfear aird a thabhairt ar na horduithe a thugann siad.
rí-shoiléir extremely clear
" Ar cheart go gcuirfí na cúinsí céanna teanga san áireamh le srian a chur ar thógáil i mBaile Chláir is a chuirtear san áireamh ar an Cheathrú Rua, mar shampla? Bhí an neamhréir seo rí-shoiléir i dtoghchán an Údaráis anuraidh fiú, tráth ar toghadh ionadaithe ar bheagán Gaeilge ó bhruachbhailte na Gaillimhe fad is a fágadh áiteanna eile i gcroílár na Gaeltachta gan ionadaíocht.
rí na láimhe clé the forearm of the left hand
" Mo thuismitheoirí a bhí ann, cúr tiubh gallúnaí ar mo mháthair suas ar rí na láimhe clé, an lámh eile á glanadh aice sular ardaigh sí í chun an cluasán clé (ceol, céard eile?) a bhaint di.
iníon rí Mhanann daughter of the king of the Isle of Man
" Mar ba nós lena gcuid ríthe, phós sé Affreca, iníon rí Mhanann.
rí-mhéaraithe much fingered
" Cóip rí-mhéaraithe de leabhar an Chaptaein O’Neill, *1001 Irish Tunes*, ar an mbord.
mar ríthe. like kings.
" Bhí siad lán dóchais agus uaillméine, iad ag súil go raibh saol níos fearr i ndán dóibh, in áit a mbeadh siad mar ríthe.
Ní thiocfadh liomsa riamh a bheith i mo rí, I could never be a king
" Ní thiocfadh liomsa riamh a bheith i mo rí, ach d’fhéadfainn a bheith i m’uachtarán.
mac rí prince
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
naíonán nuabheirthe ina rí a new born child is king
" Tuairimí nach bhfaigheadh mórán éisteachta sa Fhrainc (ná in Éirinn) ar na saolta seo, áit a bhfuil an naíonán nuabheirthe ina rí! 1.
ríthe á ngairm kings being proclaimed
" An chéad phríomhchathair san Iorua a bhí inti, agus leoga, is ansin a mbíodh na ríthe á ngairm agus á bhfeisiú i bhfad ó shin.
rí-rá agus ruaille buaille hullabaloo
" Cuir i gcás, áfach, an rí-rá agus ruaille buaille a bheadh ann dá mbeadh ‘namhad’ ar nós na hIaráine i gceist.
Rí an Phopcheoil the king of pop music
rí rá rumpus
" De réir an scéil, bhí rí rá sa BNP faoin mbratach nua seo, ach sin an dearcadh nua atá acu, creid é nó ná creid ! Is iad beirt Caitliceach, Peter Tierney agus Peter Malloy, atá ina n-urlabhraí don BNP i Learpholl, chomh maith le Joey Owens.
king
" Is go St Germain a theith Séamas II, nó Séamas an Chaca, a bhí ina ar Shasana, ar Albain agus ar Éirinn ó 1685 go 1688, tar éis dó Cath na Bóinne a chailleadh in 1690.
rí-rá razzamatazz
" Fiú amháin iad siúd nach dtaitníonn rí-rá agus fuadar na Nollag leo, faigheann siad suaimhneas éigin le linn na féile.
rí-rá rumpus
" As seo an rí-rá i rith Mhí na Nollag.
rí uaineola a leg of lamb
" Déanta na fírinne, aon uair a théim chuig an margadh chun rí uaineola nó bradán a cheannach, tugann an díoltóir le fios go mbíonn beagáinín leisce air an táirge a thabhairt uaidh agus é cinnte de nach mbeidh sé ar mo chumas agam é a réiteach i gceart.
ríthe kings
" Shíl mé mo thacaíocht a thabhairt do Chorcaigh agus do Mhaigh Eo, ach buíochas le Dia thiontaigh mé go tapa … thosaigh mé ag tacú leis an bhfoireann cheart! Is cuimhin liom gur Corcaíoch thú agus bíonn mé i dtrioblóid le muintir Chorcaí i gcónaí!” Cé gurbh í an fhoireann peile is fearr le hAnna a rug an chraobh leo i 2004, ba iad ríthe na hiománaíochta, na Corcaígh, a bhuaigh ar Chill Chainnigh sa bhliain chéanna.
Óstaí an Rí The King's Inns
" Tá dalladh eolais le nochtadh go fóill as na gníomhais talún in Óstaí an Rí go deimhin, chomh maith leis na lámhscríbhinní ginealais in Acadamh Ríoga Éireann, ach ní bhfuair an obair sin a líon ceart scoláire go sea.
Iníon Rí princess
" Bhí ‘Ys’ ag na Briotánaigh ============== Tá finscéal ann faoi chathair darbh ainm Ys a bhí ann fadó, a slogadh go hiomlán as amharc go tóin poill í de dheasca ceanndánacht an Iníon Rí darb ainm Dahut.
ríthe kings
" 867 agus, de réir lucht staire, chuaigh ríthe Eabhrac, mar Ivarr, Halfdan agus Sigfrith ar feachtas i nÉirinn.
Rí-Thaighleach royal family
" Fair play di – pé eile faoi, tuigeann Rí-Thaighleach na Breataine cumhacht an tsiombalachais.
rí rá rumpus
" Tá an rí rá agus an ruaille buaille agus an rúscam raindí ar fad thart.
rí gan freasúra unopposed king
" An dúshlán atá roimh Annraoi Mac Giolla Comhaill mar sin ná an gradam ‘Curadh gan Chonspóid’ – rí gan freasúra - a bhaint amach trí gach curadh eile de chuid na n-eagraíochtaí éagsúla a bhualadh.
rí-annamh very seldom
" Bhreathnaigh sí orm gan mórán tuisceana Is rí-annamh a d’fhágadh sí féin an baile dúnta.
rí ar an Ungáir king of Hungary
" Sa 12ú aois déag, le linn do Geisa II a bheith ina rí ar an Ungáir, nuair a bhí cogadh na croise á chur ar Ioslam, tháinig pobal ó cheantar an Réin in iarthar na Gearmáine agus chuir siad fúthu sa Transalváin.
Is rí-éadócha it’s most unlikely
" Is rí-éadócha nár léigh Peter Robinson Mo Bhealach Féin ach thuigfeadh sé an chéad abairt ann.
is rí-annamh it’s very seldom
" Is breá liom a bheith ag obair léise freisin mar is rí-annamh a fhaigheann tú drámadóir a scríobhann go maith do mhná agus tuigeann sí mná agus scríobhann sí go maith do mhná.
ní nós le ríthe kings don’t habitually
" Cad a thug go dtí an Afraic é, agus fonn seilge air, nuair atá duine as ceathrar dá lucht géillsine gan obair ar bith? Baineann costas mór le turas mar é, is ní nós le ríthe tarraingt as a n-acmhainní féin.
Oidhreacht na ríthe it’s the royal thing to do
théadh an Rí ag spaisteoireacht the King used to go strolling
" Nuair a théadh an Rí ag spaisteoireacht cois farraige tráthnóna, chuirtí Martha Panchici suas staighre leis na seomraí a ghlanadh.
Rí go bhFreasúra a king facing opposition
" Rí go bhFreasúra ======= Bhí cuid den cheart ag an stiúrthóir.
dTobar Rí an Domhnaigh Sunday’s Well
" Osclaíodh Páirc Mhic Gearailt i dTobar Rí an Domhnaigh i gCathair Chorcaí mar áis phoiblí i 1901 cúpla bliain gonta i ndiaidh an *Exposition universalle* de chuid mhuintir Phárais agus an tionól cáiliúil i Chicago Mheiriceá in 1893, an *World Columbian Exposition*, tionól dar chum an *Pledge of Allegiance* síoraí.
an rí a iarrann tú i bhfus the king whom you seek here
" Is minic agus is fada Gaeil ag tarraingt ar an Róimh ag déanamh a n-anamacha, mar is léir ón rann seo ó ré luath na Críostaíochta: Dul don Róimh, mór saothar, beag tairbhe; an rí a iarrann tú i bhfus, mur’ dtug tú leat, ní bhfaighir.
ar leis an rí na tailte fós where the king still owned the lands
" Toibreacha Dúchais Thall is Abhus ================ An gcastar an mazurka go forleathan sa bPolainn? 'Mhair cultúr na ndaoine san áit ar leis an rí na tailte fós sa seachtú haois déag,' arsa Janusz.
don ábhar rí de shiotalach acu to pudgy little king in waiting
" Is deis iontach í dá ghéillsinigh Astrálacha, leithéidí an ollaimh thuas, a ndílseacht a nochtadh don ábhar rí de shiotalach acu.
Is é Rí an tÉadach clothes make the king
" Is é Rí an tÉadach ====== Níor luaithe an bheirt acu thar thairseach an chaisleáin nuair a thosaigh siad ag moladh chuid éadaí a chéile agus thuin chainte a chéile agus sheodra a chéile.
rí dár gcuid féin againn a king of our own
" Anois cén bronntanas eile atá agat dom?” “Bhuel, cé gur Poblacht atá againne sa chuid sin den tír nach libhse é, tá rí dár gcuid féin againn fosta; ach tá mé sásta é a bhronnadh ortsa ionas go mbeidh Rí agaibh i Sasana chomh maith le Banríon.
Rí na nDearg le Feirg the King of the infuriated Reds
" ” Amach as an bhosca mhór le Patsaí Dan, Rí na nDearg le Feirg, fíor-Rí Ráth na Ríogh, Dhún Bhaloir agus Dhún na Gliondála ar fad, Imperator Scottorum, Fomoraigium et Windsororum.
péire ríthe a pair of kings
" Seo a bhí acu: Pollock: {Q-Triuf}{7-Triuf} Clarke: {K-Muileata}{8-Muileata} Bhí Clarke chun tosaigh le péire ríthe agus is mar sin a chríochnaigh sé nuair a chomhlánaigh an déantóir le {4-Hart} agus {J-Hart}.
Teamhair na Ríthe a réabadh to rip royal Tara apart
" Ní bheadh Éire sa riocht ina bhfuil sí dá mbeadh spiorad an niachais beo inár measc; ní ligfí do na húdaráis Teamhair na Ríthe a réabadh; ní ligfí don Triúracht (Troika) cos a leagan ar thalamh bheannaithe na hÉireann.
A Rí na bhfeart Janey Mac
" A Rí na bhfeart, tá Diarmuid Johnson tar éis litir a scríobh chuig rí saolta na Rómáine faoina fhidil, fidil an rí, atá ar buanchoimeád in Iarsmalann sa bPolainn.
rí saolta na Rómáine the present king of Romania
" A Rí na bhfeart, tá Diarmuid Johnson tar éis litir a scríobh chuig rí saolta na Rómáine faoina fhidil, fidil an rí, atá ar buanchoimeád in Iarsmalann sa bPolainn.
fíor-rí the real king
" Is é Pádraig Domhnaill fíor-rí Dhún Windsor dar le Balor agus níl gar ná gaobhar ag Mícheál Domhnaill air.