Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Acadamh Ríoga na hÉireann The Royal Irish Academy
" Tá foclóirí beaga tagtha amach ó Collins, Oxford agus araile, ach tá stop iomlán tagtha ar an obair ar an bhfoclóir mór Gaeilge-Gaeilge a gheall Acadamh Ríoga na hÉireann dúinn fiche bliain ó shin, gan oiread is focal amháin foilsithe go fóill.
teaghlach ríoga royal family
" Déanta na fírinne, chuirfeadh sé scanradh ort an chaoi go bhfuil náisiúnachas na Sasanach chomh dlúite leis an teaghlach ríoga agus le seónna le blas míleata.
sa Chontae Ríoga in the Royal County
" Ag tús ré Sheáin bhí contae na Mí in umar na haimléise ó thaobh fhoireann pheile an chontae de, in ainneoin thraidisiún na peile a bheith an-láidir agus an-fhada sa Chontae Ríoga.
san Acadamh Ríoga in the Royal Irish Academy
" Fiontar ======= An tAcadamh Ríoga agus Fiontar - dhá ionad oibre atá an-éagsúil lena chéile! san Acadamh Ríoga, bhíodh sí ag obair leis an teanga, le focail, le páipéar fiú! Le Fiontar, is le cúrsaí airgeadais, gnó agus ríomhairí a bhíonn sí ag plé.
ríoga royal
" Rose Kennedy ======= Tá cuntas mion, atá ar fheabhas ar fad, i leabhar Maier ar an chaidreamh rómansúil cinniúnach a bhí ag Kathleen "Kick" Kennedy, a thit i ngrá agus a phós Protastúnach a bhí gaolta le teaghlach ríoga na Breataine.
Acadamh Ríoga na hÉireann the Royal Irish Academy
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
ríoga regal
" An dtarlóidh an rud céanna i gcás na Teamhrach, lárionad sacrach, ríoga agus seandálaíochta na hÉireann? Tugadh fógra do lucht tógála go raibh an caisleán ar an mbealach ach níor tuigeadh i dtosach chomh fairsing is a bhí an láthair.
Acadamh Ríoga Ibéarnach Royal Hibernian Academy
" Sa 174ú taispeántas bliantúil, a bhí ar siúl san Acadamh Ríoga Ibéarnach ag tús an tsamhraidh, bhí suas le míle saothar ealaíne ó dhaoine éagsúla le feiceáil, agus go leor stíleanna difriúla.
Acadamh Ríoga the Royal Irish Academy
" Ní raibh mé in ann breathnú air mar mháchail faoin am sin ach bhraith mé imeallach agus tá sé an-íorónta dom anois go bhfuil mé le fada in aois tuismitheoirí na mac léinn agus tá mé mar chuid den *establishment*! "Toghadh mé mar bhall den Acadamh Ríoga le déanaí, tá mé i mo léachtóir sinsearach; tá mé i mo chónaí in áit ina bhfuil na tithe an-daor, cé nach raibh nuair a cheannaigh mé mo cheannsa.
gairdíní an vile ríoga the gardens of the royal villa
" Tráthnóna tais amháin, tháinig grúpa beag againn le chéile ag Piazza San Francesco (dála an scéil, tá bialann *pizza *iontach maith ansin) agus thug muid aghaidh ar Parco della Villa Reale (ciallaíonn sé sin “gairdíní an vile ríoga”).
sa Chabhlach Ríoga in the Royal Navy
" Bhí saighdiúir amháin, Paddy O’Mara, páirteach i gCeannairc Inbhear Gordon sa Chabhlach Ríoga i 1931.
portráid chumhachtach ríoga a powerful regal portrait
"portráid chumhachtach ríoga cruthaithe ag Robert Ballagh den iománaí Christy Ring, a théann leis an dán den ainm céanna leis an fhile Seán Ó Tuama, agus tá an rud céanna déanta ag John McNaught lena shaothar siúd a théann leis an dán “Turas Dhomhnaill do Glaschu” le Niall MacLeoid, a thugann rabhadh do mhná glice.
beannú láimhe ríoga regal hand blessing
" Is cuimhin liom fós an siúl mall, an ghluaiseacht réidh agus an beannú láimhe ríoga a rinne sé don slua a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh an lá áirithe sin.
Liostáil sé sa Chabhlach Ríoga he enlisted in the Royal Navy
" Liostáil sé sa Chabhlach Ríoga le troid in aghaidh na bhfaisisteach arís agus cuireadh ar ais go dtí an Ibéir é, áit a raibh sé ar dualgas i gCaolas Ghiobráltair.
Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann in the Royal Hospital Kilmainham
" Lean Derek Culley air ag péintéireacht go páirtaimseartha agus bhí taispeántas mór dar teideal “Five Years of Culley” aige in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath i 1989.
marc ríoga royal mark
" I dtús báire bhí bratach na dtaoiseach aontaithe ann agus meirge coilíneach (mar chomharthaí cosantacha do longa i gcoinne na n-údarás a sciob aon rud nach raibh marc ríoga air).
cairt ríoga royal charter
" Ceiliúradh lá breithe Learphoill ar an 28 Lúnasa i mbliana mar b’ar ar an dáta sin sa bhliain 1207 a shínigh an Rí John cairt ríoga a thug aitheantas oifigiúil don áit mar bhuirg.
don iar-bhád ríoga Britannia for the former royal boat Britannia
" Tá ionad siopadóireachta ollmhór darb ainm Ocean Terminal ann freisin a bhfuil leaba ancaire don iar-bhád ríoga Britannia in aice leis.
seachas eachtrannach ríoga instead of a royal foreigner
" Tá siad ag tnúth leis an lá a bheidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil ina cheann stáit, seachas eachtrannach ríoga a bhfuil cónaí air nó uirthi ar an taobh eile den domhan.
seachas eachtrannach ríoga instead of a foreign royal
" Mar chomhtharlú, mar dhea, tá an-chosúlacht idir an moladh seo agus polasaí Pháirtí an Lucht Oibre – an páirtí arb é Kevin Rudd a cheannaire! Le blianta fada anuas, léirigh – agus léiríonn – na pobalbhreitheanna ar tugadh fúthu i leith na ceiste áirithe seo go bhfuil formhór mhuintir na hAstráile i bhfách leis an aidhm go mbeidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil, seachas eachtrannach ríoga, ina cheann stáit.
Chabhlach Ríoga Royal Navy
" Ghabh long de chuid Chabhlach Ríoga na hAstráile an bád ar 15 Aibreán, chomh luath is a tháinig sé taobh istigh dár gcuid uisce teorann.
ríoga royal
" Nuair a shocraigh Louis XIV an chúirt ríoga a bhogadh ó St Germain go Versailles in 1682, chaill an baile cuid den stádas a bhí aige mar ‘ville royale’.
teaghlach ríoga royal family
" Is cinnte nach bhfuil sé de chleachtas ag teaghlach ríoga Shasana a leithéid a dhéanamh!
fuil ríoga royal blood
" Cé nach fuil ríoga a ritheann trí mo chuislíse chomh fada le m’eolas, ba mhinic mé ag freastal ar rásaí capall in éineacht le m’athair le linn m’óige.
teaghlaigh ríoga royal family
" Cloisim daoine ar RTÉ ag plé cuairt na banríona ar Éirinn roimh i bhfad, ach ní chloisim éinne i mbun scagtha faoi ról an teaghlaigh ríoga sa mharú in Afganastáin agus i dtíortha eile.
heitleoige ríoga royal flight
" Ba thomhaiste freisin an fháilte a d’fhear mo chomharsa ag bun staighrí na heitleoige ríoga roimpi - rinne an Tánaiste an beart le dínit.
Ríoga royal
" Gidh ea, ní miste dó tagairt bheag a dhéanamh dá Mórgacht Ríoga Impiriúil Chorgiach agus don fhear a raibh sí ag brostú abhaile as Éirinn chun an leaba a chóiriú dó i dTeach Buckingham.
An Suí Ríoga being Queen
" An Suí Ríoga ====== Tá sé deacair a shamhlú sa lá inniu an cineál gliondar croí agus támhnéal áthais a spreag an Bhanríon óg nuair a tháinig sí chun na hAstráile faoi dheireadh.
Acadamh Ríoga na hÉireann RIA
" Thug tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann le fios go bhfuil ár gcóras oideachais lochtach ó thaobh teangacha de.
saol agus dualgais an teaghlaigh ríoga life and duties of the royal family
" Ábhar maith scríofa is ea saol agus dualgais an teaghlaigh ríoga.
Agus tuairisc an chromáin ríoga curtha ag having inquired about his royal hip
" Agus tuairisc an chromáin ríoga curtha ag Scott, thug sé le fios go ndeachaigh sé féin ar mhuin eilifinte cúpla geábh, ach nár scaoil sé urchar fúithi riamh.
ar iompar agus ar bhéascna ríoga of royal behaviour and custom
" Bíodh sí mar atá, tuigeadh domsa gainne m'eolais ar iompar agus ar bhéascna ríoga tar éis ghabháil an leithscéil.
an bheirt bhan ríoga seo these two royal women
" Rinne scaifte dílseoirí ionsaí ar an bhuíon a chuir an mana agus an bhratach in airde le casúir agus le hairm eile i mionchogadh gairid an dá Bhanríon, ach tá cosúlachtaí idir an bheirt bhan ríoga seo.
shíolraíonn clann ríoga na Sasana the English royal family descend
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
dálta clanna ríoga eile like other royal families
" Ní luaitear go minic gur de shliocht na Gearmáine a shíolraíonn clann ríoga na Sasana, dálta clanna ríoga eile ar mhór-roinn na hEorpa.
ríoga royal
" Bunaíodh coimisiún ríoga leis an gcás a scagadh agus léiríodh ann go raibh an fhianaise fhóiréinseach thuas go hiomlán lochtach.
seoladh an árais ríoga a fháil to obtain the address of the royal residency
" Ní raibh le déanamh agam ansin ach glaoch ar oifigí an rialtais i mBúcaraist, rud a rinne mé, le seoladh an árais ríoga a fháil.
ná a fear céile ríoga nor her royal hubby
" Agus is léir nach raibh Kate féin, ná a fear céile ríoga, róshásta go raibh brollach s’aicise ar taispeáint ar an idirlíon le go ndéanfadh daoine googleáil air.
an brollach ríoga nocht the bare royal bust
" Ach is é is mó a bhí ag cur as don bheirt ná go raibh an brollach ríoga nocht ar taispeáint sa Réalta ar fud na hÉireann.
An Pósadh Ríoga the royal marriage
" An Pósadh Ríoga agus Suim sa Ghaeilge =============== “Thosaigh muid cúrsa eile le blaiseadh ar an Ghaeilge a thabhairt,” a mhínigh sí.
coimisiún ríoga a royal commission
" An Mheitheal in Aghaidh na Córa ============== Cuireadh go mór leis an amhras faoin bhfíorasc nuair a cruthaíodh le linn coimisiún ríoga ar na póilíní in NSW go raibh cuid de na bleachtairí a bhí i gceannas ar an bhfiosrúchán in éadan Seisear na Cróite lárnach san ‘éilliú sistéamach’ san fhórsa.
gur ceart droichead in oirthear na cathrach a bhaistiú as an leanbh úr ríoga thall that it’s right to call a new bridge in East Belfast after the new royal child over beyond
" Mhol sé ráiteas ó Naomi Long, Pháirtí an Alliance, gur ceart droichead in oirthear na cathrach a bhaistiú as an leanbh úr ríoga thall cionn is go gcuirfeadh sé isteach ar phoblachtaigh.
Is ball de theaghlach ríoga na hAstráile mé mar sin I’m a member of the A. royal family then
"Is ball de theaghlach ríoga na hAstráile mé mar sin!” a dúirt sé ar an toirt.
Acadamh Ríoga Royal (Irish) Academy
" Bhí mé ag obair san Acadamh Ríoga thuas i mBaile Átha Cliath agus leis an iris Comhar ag an am.
Coláiste Ríoga na Máinlianna The Royal College of Surgeons
" Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Eanáir, rinneadh an ceangal stairiúil idir an iománaíocht agus Coláiste Ríoga na Máinlianna a chomóradh.