Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clár ríomhaireachta computer program
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
cláracha ríomhaireachta computer programs
" Is cláracha ríomhaireachta iad a bhformhór a chóipeálann iad féin agus a scaipeann ó ríomhaire go ríomhaire gan mórán damáiste a dhéanamh.
chomhlachtaí ríomhaireachta computing companies
" Tharla go bhfuil brú mór ar chomhlachtaí ríomhaireachta faoi láthair, tá an-chuid fógraí do ríomhairí saora sna meáin chumarsáide le gairid.
áiseanna ríomhaireachta computing facilities
" Fásann go leor comhlachtaí ollscoile ó ghrúpaí taighde agus ní bhíonn siad dírithe ar theacht isteach ceart, cé go raibh sé úsáideach áiseanna ríomhaireachta na hollscoile a úsáid i dtosach.
cláracha ríomhaireachta computing programs
" Braitheann cuid mhaith cláracha ríomhaireachta ar úsáid na luiche chun iad a chur ag obair - ach tá sé deacair luch a chur ag obair nuair nach bhfuil úsáid do lámh agat, nó má tá éalang radhairc ort.
ríomhaireacht computing
" " Ganntanas múinteoirí ======= Tá géarchéim ann le blianta de thairbhe go bhfuil ganntanas múinteoirí sa tír, go mór mór in ábhair mar mhatamaitic, eolaíocht agus ríomhaireacht.
scileanna ríomhaireachta computer skills
" Cé go gceannaíonn cuid mhaith daoine ríomhairí chun gur féidir lena bpáistí óga iad a úsáid le scileanna ríomhaireachta a fhoghlaim, is beag úsáid a bhaintear astu tar éis dóibh a bheith bainte as an mbosca.
pacáistí ríomhaireachta computer packages
" Agus ón uair gur teanga nua-aimseartha í, níor mhór na háiseanna nua-aimseartha go léir a bheith ar fáil do lucht a labhartha: an teilifís, scannáin, oideachas tríú leibhéal, agus dar ndóigh, pacáistí ríomhaireachta.
Ríomhaireacht Computing
" ) Ríomhaireacht, Seoltóireacht *Faomhadh téarmaí:* Fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal.
bogearraí ríomhaireachta computer software
" Tá mé ag obair mar aistritheoir Gearmáinise do chomhlacht beag aistriúcháin agus dúchasaithe - is é is brí le "dúchasú" ná bogearraí ríomhaireachta a chur in oiriúint do do thír féin.
seomra ríomhaireachta agus idirlín computing and Internet room
" Tá áiseanna le haghaidh gach cluiche faoi dhíon san Áislann, chomh maith le leabharlann, seomra ríomhaireachta agus idirlín, seomraí feistis, cistin, seomraí cruinnithe, seomra do na naíonraí, seomra snúcair agus pictiúrlann/amharclann is féidir a chur in áirithe do chruinnithe móra chomh maith.
hirisí ríomhaireachta computing magazines
" Seans nach bhfuil i roinnt den chaint seo ach ráflaí gan bhunús (cé go bhfuil an-phlé á dhéanamh ar na cúrsaí seo sna hirisí ríomhaireachta faoi láthair), ach is fiú a bheith ar an airdeall faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag aon chaighdeán slándála nua.
cluichí ríomhaireachta computer games
" Idir an teilifís agus cluichí ríomhaireachta bíonn sé deacair iad a bhogadh, go háirithe má bhíonn an aimsir go dona faoi mar a tharlaíonn rómhinic sa tír seo.
scileanna ríomhaireachta computing skills
" Faraor, ní gá gurb iad na daoine a chaill a bpost le tamall anuas na daoine a mbeadh na scileanna ríomhaireachta acu chun obair a dhéanamh san earnáil teileachumarsáide.
bogearraí ríomhaireachta computer software
" "Tá deiseanna iontacha sa cheantar do chomhlachtaí Éireannacha a dhéanann bogearraí ríomhaireachta agus teileachumarsáide, mar aon le huirlísí leighis," deir sé.
chóras ríomhaireachta computer system
" ) Go bunúsach, deir an CPSU nach bhfuil an chigireacht chuí ar siúl ar bheithígh sna contaetha sin faoi láthair, mar gheall nach bhfuil na tréidlianna in ann teacht ar an eolas faoi chártaí agus uimhreacha aitheantais na mbeithíoch atá coinnithe ar chóras ríomhaireachta na Roinne.
ríomhaireachta computing
" Bhuail mé léi ina hoifig in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), áit a bhfuil sí ag obair mar Stiúrthóir ar Fiontar, an roinn a chuireann cúrsaí gnó agus ríomhaireachta ar fáil trí Ghaeilge.
ríomhaireachta computing
" Níl dlúthdhiosca ar bith agam den snagcheol nó de na gormachaí! AÓF: Cén obair eile a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol? SR: Tá cúlra agam in obair ríomhaireachta ach tá mé ag iarraidh athrú go rud eile faoi láthair, go cúrsaí airgeadais agus cuntasóireachta.
scileanna ríomhaireachta computer skills
" Roinnt blianta ó shin, bunaíodh tionscadal nua oideachais, Muintearas, áit a gcuirtear cúrsaí foghlamtha agus oiliúna ar fáil don phobal, cúrsaí a dhíríonn den chuid is mó ar fhorbairt scileanna ríomhaireachta.
cláir ríomhaireachta computer programs
" Sna laethanta sula raibh an t-idirlíon forleathan bhíodh dioscaí flapacha agus na cláir ríomhaireachta orthu ag feidhmiú mar óstaigh, ach anois is leor teachtaireacht ríomhphoist.
comhlachtaí ríomhaireachta computer companies
" Leis an teicneolaíocht físe atá ar fáil faoi láthair, is féidir linn go léir iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh ar eachtraí Hector ar TG4 - ach cén fáth a bhfuil na comhlachtaí ríomhaireachta ag tabhairt na mbogearraí cuí amach saor in aisce? Is beag ríomhaire nua nach mbíonn bogearraí le fáil air a chuireann ar chumas duine eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseáin.
cúrsa Físe agus Ríomhaireachta a Video and Computing course
" An clár eile atá á reáchtáil againn ná cúrsa Físe agus Ríomhaireachta.
hiarollamh ríomhaireachta a former professor of computing
" Tá scata breá daoine sa chumann - tá cuid mhaith acu scortha agus cineálacha éagsúla cúlra acu, ó iarfhear an phoist go hiarollamh ríomhaireachta.
dhomhan nuaghinte nuafhaiseanta na ríomhaireachta the nascent, newly-fashionable world of computing
" Tá dabht orm nach bhfuil, ach cionn is nach nós linn leas ar bith a bhaint as an aidiacht sin agus sinn ag caint nó ag meabhrú ar ghnáthréaltacht ár saoil laethúil, is fada ó chuir muid ina luí orainn féin nach dtéann an dá fhocal, "réaltacht" agus "fíorúil", nach dtéann siad le chéile taobh amuigh de dhomhan nuaghinte nuafhaiseanta na ríomhaireachta.
den saol ríomhaireachta of the world of computing
" Tá na fógraí ríomhphoist sin mar chuid chomh lárnach sin den saol ríomhaireachta go bhfuil téarma oifigiúil Gaeilge ann do *spam *anois agus é i gcló in *Foclóir Fiontar *(áis iontach atá lán de théarmaí nua-aimseartha, a foilsíodh le déanaí).
chláraitheoir ríomhaireachta computer programmer
" Fuair José post mar chláraitheoir ríomhaireachta láithreach agus rinne mé féin céim sa Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
háiseanna ríomhaireachta computing facilities
" D'fhógair Microsoft le déanaí go bhfuil siad chun leagan Gaeilge de Windows agus Office a chur ar fáil laistigh de bhliain, rud a chuirfidh go mór leis na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil do phobal na Gaeilge.
an líon feidhmchlár ríomhaireachta the number of computer applications
" Cur chuige comhoibríoch ======= Tá an cur chuige comhoibríoch atá ag an gcomhluadar foinse oscailte tar éis cur go mór leis an líon feidhmchlár ríomhaireachta atá in ann déileáil leis an nGaeilge - mar shampla, tá forbairt déanta ar litreoir Gaeilge don chóras saor in aisce OpenOffice.
théarmaí ríomhaireachta computing terms
" Mar an gcéanna agam i ndiaidh tamaill Matamaitic na hArdteistiméireachta, stair Chonradh na Gaeilge, liosta de théarmaí ríomhaireachta, úrscéal do dhéagóirí nó saothar litríochta de shórt ar bith.
chumas ríomhaireachta computing ability
" Agallamh anseo is ansiúd, scrúdú Fraincise, tástáil ar mo chumas ríomhaireachta, ranganna samplacha chun TEFL a dhéanamh agus mar sin de.
gcluichí ríomhaireachta computer games
" Dúirt sí ag comhdháil a tionóladh i Leitir Ceanainn go mbaineann athruithe sa tsochaí chomhaimseartha go dlúth leis an scéal - an bheirt tuismitheoirí ag obair, cuir i gcás, agus iad i muinín an chairr leis na páistí a thabhairt ar scoil nó go dtí an naíonra, tionchar na teilifíse agus na gcluichí ríomhaireachta, agus mar sin de.
chláraitheoirí ríomhaireachta computer programmers
" Cén fáth a bhfuil trí litir in úsáid do na hacrainmneacha seo ar fad? Bhuel, blianta beaga ó shin bhí ar chláraitheoirí ríomhaireachta ar ríomhairí MS-DOS (an teicneolaíocht ar a bhfuil ríomhairí Windows anois bunaithe) a chinntiú nach raibh an t-ainm ar aon chomhad faoi leith níos faide ná ocht litir.
anailísí córas ríomhaireachta computer systems analyst
" I measc na bpostanna eile a bhí go hard sa liosta, bhí achtúire, pleanálaí airgeadais, anailísí córas ríomhaireachta, cuntasóir, innealtóir bogearraí, meitéareolaí, staitisteoir, agus réalteolaí.
ríomhaireacht computing
" “I rith an ama sin chuir mé féin, Donncha Ó Cróinín agus Fachtna Ó Drisceoil iarratas isteach chuig an BCI agus d’éirigh linn €6,000 a fháil le sraith cláracha dar teideal ‘An Ríomhchlár’ a dhéanamh faoi chúrsaí ríomhaireachta agus cúrsaí teicniúla agus tá sin á chraoladh ar Raidió na Life faoi láthair.
saineolaí ríomhaireachta computing expert
" Bainim úsáid as na háiseanna atá ar fáil ar an idirlíon freisin, ach uaireanta bíonn fadhbanna teicniúla ann a chuireann isteach orm toisc nach saineolaí ríomhaireachta mé.
clár ríomhaireachta ar leith a special computer program
" Scríobhadh clár ríomhaireachta ar leith don phróiséas ar dtús, ina dhiaidh sin seoladh an t-ábhar ó na seancheirníní go ríomhaire agus as sin go dlúthdhiosca.
clár ríomhaireachta ar leith a special computer program
" Scríobhadh clár ríomhaireachta ar leith don phróiséas ar dtús, ina dhiaidh sin seoladh an t-ábhar ó na seancheirníní go ríomhaire agus as sin go dlúthdhiosca.
cúrsaí ríomhaireachta computer courses
" Rinne mé cúrsaí ríomhaireachta, rinne mé cúrsaí teilifíse ach b’in é.
cláraitheoirí ríomhaireachta computer programers
" Má tá na cláraitheoirí ríomhaireachta in ann rudaí bunúsacha mar dhomhantarraingt a athchruthú laistigh do dhomhan saorga, is féidir leo déileáil leis an gcaoi a bhfuil rudaí á gcaitheamh timpeall, mar shampla.
an clár ríomhaireachta the computer program
" Ach an coiscéim mhór chun tosaigh atá sna bogearraí nua seo nó an bhfuil siad á n-athrú ar mhaithe le margaíocht agus poiblíocht?Cé go gcuireann an clár ríomhaireachta Microsoft Word as do dhaoine ó am go ham is cinnte gur pacáiste iontach úsáideach atá ann agus go bhfuil sé tar éis an tslí ina gcuireann daoine doiciméid de gach saghas le chéile a athrú.
i gcúrsaí leighis agus ríomhaireachta, in medicine and computing,
" Tá an-tóir anseo faoi láthair ar dhaoine atá ag obair i gcúrsaí leighis agus ríomhaireachta, ar shiúinéirí agus suirbhéirí.
san earnáil ríomhaireachta in the computing sector
" Dar le suirbhé nua ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC), tá thart ar 14,000 post ar fáil faoi láthair san earnáil ríomhaireachta sa tír seo.
comhlacht mór ríomhaireachta, big computer company
" Bhíos díreach i ndiaidh mo phost a chailliúint le comhlacht mór ríomhaireachta, agus chonacthas dom nach raibh todhchaí romham sa réimse sin pé scéal é.
bogearraí ríomhaireachta computer software
" Tá tionchar Patrick Caulfield agus Michael Craig-Martin le feiceáil ar a shaothar sa dóigh a mbaineann Opie úsáid as bogearraí ríomhaireachta chun grianghraif agus gearrscannáin a athchruthú agus íomhánna atá bunaithe ar an duine – nó ar fhigiúir éigin – a léiriú.
feidhmchlár ríomhaireachta computer application
" Is éard atá i gceist ná feidhmchlár ríomhaireachta a ligeann duit seomra a "phéinteáil" ar do ríomhaire.
comhlacht ríomhaireachta computing company
" ” GaelchultúrRud suntasach eile atá bainte amach ag Julian le blianta beaga anuas ná go bhfuil comhlacht nua, Gaelchultúr Teoranta, curtha ar bun aige i gcomhar le hÉamonn Ó Dónaill (iar-eagarthóir na hirise seo) agus le Darren Ó Rodaigh (a bhunaigh an comhlacht ríomhaireachta Zamano).
ó thaobh na ríomhaireachta de as regards computing
" Tá John Mac Gabhann ó Aontas Múinteoirí Éireann den tuairim go bhfuil fadhb na cibirbhulaíochta níos leitheadaí i gceantair shaibhre mar gheall ar go mbíonn daltaí níos liteartha ó thaobh na ríomhaireachta de sna ceantair sin agus go mbíonn fáil níos fairsinge ar ríomhairí.
earnáil na ríomhaireachta the computing sector
" Tá dhá oiread daoine ag roghnú gnó & dlí, mar shampla, ná an innealltóireacht agus tá an céatadán a roghnaíonn an ríomhaireacht ag leibhéal an-íseal ar fad, in ainneoin go ndeirtear go bhfuil neart postanna in earnáil na ríomhaireachta.
Ríomhaireacht computing
" Airgeadais, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, ba shin iad na bunchlocha.
ríomhaireacht computing
" Leis an mborradh a tháinig faoin ríomhaireacht le linn blianta an tsaibhris, d’imigh mé féin agus mo chairde - cosúil le chuile dhuine eile - bán i ndiaidh an suntas ba dhéanaí: na ‘gréasáin sóisialta’.
ríomhaireachta computing
" Tá sé ag obair do chomhlacht mór ríomhaireachta.
ríomhaireachta computing
" Níorbh é a chéad uair thiar ansin, mar chaith sé seal in Ollscoil Princeton cheana féin, faoi stiúir John von Neumann - duine de na matamaiticeoirí is mó san fhichiú haois a d'fhág a rian ar shaol na heolaíochta agus ríomhaireachta.
ríomhaireacht computing
" An Chéad Ghabháil ========== Agus an sé bliana déag d’aois slánaithe aige, chuaigh sé le ríomhaireacht, agus thug sé an t-ainm bréige “Mendax” air féin, a tháinig ó fhrása Laidine Horace - “splendide mendax”.
chomhlacht ríomhaireachta computing company
" Tháinig a lán Éireannach go Milwaukee ag obair do chomhlacht ríomhaireachta sna nóchaidí.
hOllamh ríomhaireachta a computing professor
" Ba iad Uwe Mundlos, 38, mac le hOllamh ríomhaireachta, agus Uwe Böhnhardt, 34, beirt de na nua-Naitsithe ba mhó tóir sa Ghearmáin.
réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta realms of biology, computing
" Cibé bealach a rachaidh na hÉireannaigh chun cinn, is as críocha aineoil anama slua beag daoine ina measc a eascróidh gach fuinneamh le hiad a iompar chun tosaigh i réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta, fuinnimh, nó cibéard a bhéarfas rath.
cluichí ríomhaireachta computer games
" com atá díríthe ar thograí ealaíne don chuid is mó ach tá cluichí ríomhaireachta ann, tograí faisean, bia agus damhsa.
tús na ríomhaireachta pearsanta the start of the personal computer
" Samhlaítear scéal an phobail idirnáisiúnta seo anois le tús na ríomhaireachta pearsanta, go háirithe le linn an chéad *“Hardware Innovation Workshop”* le *Make* a bhí ar siúl mí Bealtaine seo chaite.
aois na ríomhaireachta pearsanta the personal computing age
" Is do na speisialtóirí amháin a bhí na cairteanna, catalóganna agus uirlísí seo ar fáil thar na blianta ach anois le teacht aois na ríomhaireachta pearsanta, soghluaiste agus líonraithe is féidir linn uile gabháil i ngleic leis na réaltaí.
don mbradaí ríomhaireachta for the computer hacker
" Bliain shuntasach a bhí ann don mbradaí ríomhaireachta agus fiontraí óg atá 20 bliain d’aois.
mar bhradaí ríomhaireachta as a computer hacker
" Níl fonn air freastal ar an ollscoil agus is mór an t-ábhar mórtais dó an teideal atá bainte amach aige mar bhradaí ríomhaireachta.
tar éis dó comórtas ríomhaireachta a bhuachan dá scoil having won a computing competition for his school
" Bronnadh an gléas air mar dhuais tar éis dó comórtas ríomhaireachta a bhuachan dá scoil, Coláiste na Toirbhirte i gcathair Chorcaí.
b'iad na cluichí ríomhaireachta it as the computing games
" Dar leis, b'iad na cluichí ríomhaireachta agus na scannáin fuilteacha ba chúis leis an slad.
ríomhaireachta computing
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
Is é am ríomhaireachta an duais is fearr computer time is the greatest prize
" Is é am ríomhaireachta an duais is fearr is féidir thabhairt dóibh agus tuilleann siad dearbháin timpeall an tí gur féidir leo trádáil ar son 15 nóiméad anseo is ansiúd.
ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne thieving throughout the Chinese computer system
" Chomh dona céanna, is cosúil go raibh rialtas Mheiriceá ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne ag an am ceannann céanna is a raibh Meiriceá ag clamhsán go hoifigiúil agus go hidirnáisiúnta go raibh rialtas na Síne ag déanamh bradaíl orthu! B'fhéidir an rud is mó nach ndearnadh suntas de go fóill ná go raibh an tUasal Snowden ag obair do chomhlacht príobháideach spiaireachta, Booz Allen Hamilton, faoin am a d'fhoilsigh sé an t-eolas rúnda, agus go raibh sé ar dhuine de 0.
i stair na ríomhaireachta in computing history
" Cé go bhfuil stair níos faide ag an haischlib i stair na ríomhaireachta is ar Twitter a chuaigh sé ó neart go neart.
ríomhaireachta agus bithleighis computing and biomedicine
" Is é sin go dtarlóidh an líon sin forbairtí teicneolaíochta, idir ríomhaireachta agus bithleighis, nach féidir tuiscint nó tuar céard a tharlóidh don chine daonna ina dhiaidh.
achan saineolaí ríomhaireachta every computer expert
" Ar ndóigh níl achan saineolaí ríomhaireachta den tuairim sin.
víreas ríomhaireachta computer virus
" Is beag duine nach bhfaigheann teachtaireacht ríomhphoist go rialta mar gheall ar víreas ríomhaireachta - ach ní bhíonn bunús ar bith le formhór na dteachtaireachtaí sin.
gcomhlacht ríomhaireachta computer company
" Bhí ar eagarthóir an bhréagnuachtáin aoraigh, The Portadown News, éirí as a phost lánaimseartha i gcomhlacht ríomhaireachta mar gheall ar fheachtas a cuireadh ar siúl ina choinne.
gcluichí ríomhaireachta computer games
" Tá iomaíocht ghéar i gceist i margadh na gcluichí ríomhaireachta, go háirithe ó láinseáil Microsoft a ngléas féin, an Xbox.
cláraitheoir ríomhaireachta computer programmer
" Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge.
cláraitheoir ríomhaireachta computer programmer
" Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge.
cláraitheoir ríomhaireachta computer programmer
" Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge.
comhlachtaí ríomhaireachta computer companies
" Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén fáth a bhfuil comhlachtaí ríomhaireachta sásta iad seo a chur ar fáil gan aon chostas.
clár nua ríomhaireachta a new computer program
"clár nua ríomhaireachta díreach eisithe a chuireann go leor áiseanna ar fáil don té ar mian leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.
i saol na ríomhaireachta in the computing world
" Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén bhrí atá le cuid de na hacrainmneacha trí litir atá in úsáid go coitianta i saol na ríomhaireachta anois.
lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta the creators of computer games
"lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta ag teacht i dtír ar an bhfisic anois, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, chun domhain níos réadúla a chruthú.
in earnáil na ríomhaireachta in the computing sector
" Measann Diarmaid Mac Mathúna go n-aistreofar go leor post in earnáil na ríomhaireachta go tíortha mar an Ind sna blianta atá romhainn mura n-éiríonn linn costais a ísliú sa tír seo.
ríomhaireachta of computing
" Tá giolla úrnua i ngarraí na ríomhaireachta darb ainm Quora agus tá cuma mhaith air de réir cuntas Roseanne Smith.
oiliúint lucht ríomhaireachta training computer personnel
" Molann Roseanne Smith go ndéanfaí roinnt athruithe in oiliúint lucht ríomhaireachta in ollscoileanna na hÉireann go luath.
an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta computing shall shape us from now on
" Ní sinne a mhúnlaíonn an saol oiread is a shílimid, ach an ríomhaireacht a mhúnlóidh sinne feasta, is baolach.
ar an áis ríomhaireachta on the computer app
" Bhuail splanc fiannaíochta Eoin Mac Aodha Bhuí ach cén t-ionadh nó is i mbun taighde a bhí sé ar an áis ríomhaireachta, nó an áis tochmhairc, Tinder.