Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
róthógtha le too taken with
" Ní bhím róthógtha le tithe tábhairne de ghnáth, mar is annamh a ólaim, agus ní maith liom an méid toite a bhíonn iontu.
róthógtha le too taken with
" Nílim féin róthógtha le rialacha, gramadach, stair na teanga agus mar sin de - oireann sé níos fearr dom seans a bheith agam éisteacht le cainteoir líofa.
nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise who are not too taken with foreigners of Asian origin
" Tá roinnt daoine san Astráil nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise, ach is cinnte go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí bia anseo mar gur tháinig siad, díreach mar a tharla i gcás na ndaoine as an Eoraip blianta roimhe sin.
róthógtha leis an scoil áirithe sin. too taken with that school.
" ” Fuair Risteard a chuid meánoideachais i gColáiste Cholmcille i nDoire ach is léir óna chuid cainte nach raibh agus nach bhfuil sé róthógtha leis an scoil áirithe sin.
róthógtha lena shaothar. too taken with his work.
" D’éirigh leis an dochtúireacht a bhaint amach ach ní dóigh leis go raibh an ollscoil róthógtha lena shaothar.
róthógtha le too taken with
" D’éirigh leis an dochtúireacht a bhaint amach ach ní dóigh leis go raibh an ollscoil róthógtha lena shaothar.
róthógtha too taken with
" Tá iomaíocht ghéar i gceist in Iowa faoi láthair mar sin, go háirithe mar go bhfuil a fhios ag an saol mór nach bhfuil aon duine róthógtha leis na móriarrthóirí i gceachtar páirtí.
róthógtha leis greatly taken with it
" Ni raibh bunadh na Gaeltachta róthógtha leis ach oiread!” arsa Liam.
róthógtha le too enamoured with
" Níl Cathy róthógtha le cathracha na Gearmáine ar nós Dusseldorf atá róluite le tionscal, deir sí.
róthógtha too enamoured
" “Níl aon suim agam i dteilifís réaltachta agus nuair a fuair mé glao ón gcomhlacht léirithe ní róthógtha a bhí mé leis an smaoineamh.
róthógtha le very fond of
" Aithníonn Garbo, atá curtha i láthair ag Caroline Lagerfelt, go bhfuil cosúlachtaí idir í féin agus Paulie, bean aonarach uaigneach an tí, agus cé nach bhfuil sí róthógtha le deartháir meisciúil Paulie, agus a bhean chéile chantalach Sylvia, tá sí meallta ag iníon s’acu, Collette, atá ag brath staidéar a dhéanamh ar an leigheas i mBaile Átha Cliath.
róthógtha too occupied
" Is minic a deirtear gur tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, nó róthógtha, de réir tráchtairí áirithe.
róthógtha greatly enamored
" Níl an Comhchoiste róthógtha leis an moladh sa Dréacht Straitéis go mba cheart Údaras na Gaeilge a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta.
róthógtha leo greatly enthused with them
" Ba léir nach raibh Frainc róthógtha leo mar smaoineamh.
Ní rabhas riamh róthógtha I wasn’t ever too enamoured
" Féinfhoilsiú? Ní rabhas riamh róthógtha leis an tuairim ach tá beagnach scór leabhar féinfhoilsithe agam ar na mallaibh.
nach raibh mé róthógtha leis that I wasn’t too captivated with
" Caithfidh mé a admháil nach raibh mé róthógtha leis an Škoda Yeti an chéad uair a chonaic mé í.
nach bhfuil sé róthógtha le coincheap na hiomaíochta that he isn’t very appreciative of the concept of competition
" ” Is léir nach bhfuil sé róthógtha le coincheap na hiomaíochta … “Nílim róthógtha le comórtais – tuigim an gá a bhaineann leis an Oireachtas agus an luach a bhaineann le gradam a thabhairt do dhuine, ach níor mhaith liom go mbeadh aicme ealaíne ar nós amhránaíocht ar an sean-nós ag brath chomh mór sin ar chomórtais.
róthógtha le háiteanna áirithe too taken with certain places
" Sa tuairisc dheireanach seo uaithi, míníonn sí cén fáth nach raibh sí róthógtha le háiteanna áirithe san Astráil.
níl sé róthógtha leis he’s not very impressed with
" Ach níl sé róthógtha leis na daoine atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair ar nós Chluain Dolcáin i mB’leá’ Cliath agus ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.