Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rabharta feirge fit of anger
" Chuir Sue a chuid roimhe chomh gasta agus a thiocfadh léi nó d'aithin sí an rabharta feirge a bhí ag éirí air.
rabharta daoine óga greannmhara a wave of funny young people
" Cá bhfuil na fir/mná grinn a dtig leo gearradh fríd an bhealachtachas uilig ar a bhfuil an córas polaitíochta ó thuaidh bunaithe? Tháinig rabharta daoine óga greannmhara chun cinn sna 90í ach cá bhfuil siad anois? Sa chianaimsir, ba iad leithéidí Frank Carson, Jimmy Cricket agus Roy Walker ambasadóirí grinn an tuaiscirt.
an rabharta litreacha the flood of letters
" Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn an rabharta litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanacht leis an dea-obair, ag maíomh gur mise amháin as measc scríbhneoirí na tíre a thugann misneach don phobal - agus géillim arís.
rabharta mór ólacháin a big bout of drinking
" Níos minicí ná a mhalairt, áfach, ní raibh de thoradh ar a gcuid iarrachtaí ach rabharta mór ólacháin.
rabharta mór ólacháin a big bout of drinking
" Níos minicí ná a mhalairt, áfach, ní raibh de thoradh ar a gcuid iarrachtaí ach rabharta mór ólacháin.
rabharta flood
rabharta cuimhní a wave of memories
rabharta flood
" Is é an dúshlán is mó a bheas le sárú ag meáin chraolta na Gaeilge ná a chinntiú nach gcaillfidh siad an sciar beag dílis den mhargadh atá acu nuair a thiocfaidh rabharta cainéal breise teilifíse agus raidió ar an aer tríd an chóras digiteach.
rabharta mór na mbailéad, the big flood of ballads,
" gur imigh sé as Éirinn nuair a bhí an *ballad boom*, rabharta mór na mbailéad, tosaithe anseo, ag tús na seascaidí, nuair a bhí na Dubliners agus na Clancy Brothers i mbarr a réime.
lag trá rabharta a low neap tide
" Tá an fharraige ag trá go fóill agus cá bhfios cé eile atá ina sheasamh san uisce ag fanacht go faiteach roimh an lag trá rabharta?
rabharta flood
" Tháinig na cuimhní cinn chugam ina rabharta: múinteoir a spreag i dtreo na réalteolaíochta mé, oícheanta fuara geimhridh ar chúl an tí leis na déshúiligh, turas ar an réadlann in Ard Mhacha, an corrú a bhíodh faoi mo chroí nuair a thagadh fear an phoist le leabhar úr.
rabharta abundance
" Nuair is in ísle brí ar fad atáim casaim ‘Window To Paris’ le Yuri Mamin (1993) – pléaráca ceart faoi dhornán beag Rúiseach ar féidir leo dreapadh caol díreach isteach i bPáras mealltach na mbrionglóidí trí fhuinneog a n-árasán suarach i gCathair Naoimh Peadar! Mairid idir ganntanas na scuainí vodca sa bhaile agus an rabharta raidhsiúil thar lear.
rabharta flood
" Tá tart ar mhuintir bhocht fhadaraíonach Chorcaí, agus an rabharta uilig thart orthu; ach bhíodh sé á mhaíomh ag Balor an Bhéil Nimhe go raibh tart i gcónaí riamh ar mhuintir Chorcaí.
rabharta flood
" Tógaim sos beag ón rabharta scannán, a bhformhór mór den dara grád, is baolach, (seachas *‘Shutter Island’*, *‘The Girl with the Green Tatoo’*, *‘A Single Man’* agus cúpla ceann eile) a seoltar amach ar chúr an tsrutha stiúraigh a leanann seó-oíche na nOscars.
rabharta a flood
"rabharta eolais (íomhánna agus fuaimeanna ach go háirithe) ag sileadh isteach ina intinn an t-am ar fad.
rabharta a flood
" D’fhág tonnta an chlaochlaithe seo a rian ar iriseoireacht na Gaeilge fosta agus ní fada go raibh rabharta blaganna á sholáthar don té a mbeadh an t-am aige iad a léamh.
gur rabharta de ráitis dhiúltacha a tháinig that a torrent of negative statements came
" ’ Tugadh cuireadh d'achan roinn rialtais a gcuid tuairimí a nochtadh faoi mholtaí an phlean sular foilsíodh é agus ní haon áibhéil a rá gur rabharta de ráitis dhiúltacha a tháinig mar thoradh ar an iarratas sin.
ach rabharta Breatnaise just a flood of Welsh
" Focal Béarla ní raibh á labhairt san áit ach rabharta Breatnaise.