Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gciníochas racism
" Míníodh dom gur dócha nach raibh na cailíní óga thíos leis an gciníochas oiread agus a bhí glúin a máithreacha agus luadh eachtra amháin arís agus arís eile: an chonspóid a bhí ann faoi "school busing".
an-chiníochas a lot of racism
ciníochais racism
" In ainneoin na ndeacrachtaí atá ag teacht chun cinn sa tír ó thaobh ciníochais de, is maith le hAbdullahi a bheith ag cur faoi anseo.
chiníochais racism
" Mheall sé sin ar ais cuid de lucht an chiníochais agus níl leisce ar bith ar an rialtas glacadh le tacaíocht den chineál sin.
féith an chiníochais tendency to racism
" Ba léir don rialtas gur mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal agus bhí siad breá sásta an deis a thapú don toghchán i mí na Samhna.
ciníochas racism
" Is ábhar iontais é an ciníochas seo atá le mothú go forleathan, go speisialta nuair a smaoiníonn tú chomh cineálta agus chomh fial is a bhíonn muintir na hÉireann nuair a tharlaíonn tubaiste mhór, gorta nó crith talún, cuir i gcás, in áiteanna mar Goma nó an tSúdáin.
chiníochas racism
" Bunaíodh an choilíneacht seo ar phríosúnacht, ar chiníochas agus ar chinedhíothú.
an Chláir Náisiúnta Feasachta Frith-Chiníochais the National Anti-Racism Awareness Programme
" Sin an píosa is faide Gaeilge atá le feiceáil ar bhileog eolais an Chláir Náisiúnta Feasachta Frith-Chiníochais.
chiníochais racism
" Cuid d'fhoclóir an chiníochais is ea an bia.
ciníochas racism
" Déanann sé speisialtóireacht ar cheisteanna sóisialta - cearta daonna, bochtanas i measc páistí, ciníochas, agus a leithéid.
ciníochas racism
" Scrúdaítear an nasc idir cultúr na ngunnaí agus gnéithe eile den tsochaí, mar an t-impiriúlachas agus an ciníochas, agus easpa córais mhaith leasa shóisialaigh.
chiníochais racism
" Tá sé i gceist freisin ag an Choimisiún sraith seimineár a eagrú i bpáirt le hAmnesty International ar cheist an chiníochais.
ciníochas racism
" "Is beag rud a chuireann oiread feirge orm is a chuireann an sprionlaitheacht agus an ciníochas.
chiníochas racism
" Daoine ón Afraic agus ón Áis atá thíos leis an chiníochas seo ach, ainneoin gur Sínigh níos mó ná leath na ndaoine atá ina gcónaí i gCearnóg Whitehall, tá an bhéim anois á cur ar Chaitlicigh arís.
an ciníochas domhanda global racism
" "Tá an ciníochas domhanda ag cur isteach orainn anseo trí institiúidí ollmhóra na meán cumarsáide agus na téarmaí a úsáideann polaiteoirí.
chiníochais racism
" Tarraingíonn sé aird chomh maith ar "Fhondúireacht na Caoinfhulaingthe", a bhunaigh sé chun troid i gcoinne an chiníochais, agus deir sé gur fianaise é seo go bhfuil sé ag séanadh stair Naitsíoch a theaghlaigh.
chiníochas racism
" Chuimhnigh mé ar an eachtra seo nuair a chuala mé focail Mháire Mhic Ghiolla Íosa, ag cur an dearcaidh a bhí ag Protastúnaigh i leith na gCaitliceach i gcomparáid le dearcadh na Naitsithe ar na Giúdaigh (agus samplaí eile den chiníochas).
chiníochas racism
" ” Deir Brian gur cuimhin leis eachtraí den chineál céanna a tharla ina cheantar féin in Ard Mhacha, ach nach ligeann sé don chiníochas teacht isteach ina smaointe.
an t-ilchiníochas multi-racism
" Tá uathúlacht agus aontacht an náisiúnstáit á gcreimeadh i rith an ama; an t-iolrachas, an t-ilchineálachas, an t-ilchiníochas, an t-ilteangachas fiú, ag dul i dtreis taobh istigh d’fhormhór na náisiúnstát; deireadh ag teacht de réir a chéile le críochdheighilt na litríochta ina litríochtaí náisiúnta in institiúid na hollscoile; deireadh ag teacht leis na cúrsaí traidisiúnta litríochta; deireadh le príomhpháirt na litríochta in oiliúint na saoránach; agus deireadh le príomhaíocht an chló.
an t-ilchiníochas multi-racism
" Tá uathúlacht agus aontacht an náisiúnstáit á gcreimeadh i rith an ama; an t-iolrachas, an t-ilchineálachas, an t-ilchiníochas, an t-ilteangachas fiú, ag dul i dtreis taobh istigh d’fhormhór na náisiúnstát; deireadh ag teacht de réir a chéile le críochdheighilt na litríochta ina litríochtaí náisiúnta in institiúid na hollscoile; deireadh ag teacht leis na cúrsaí traidisiúnta litríochta; deireadh le príomhpháirt na litríochta in oiliúint na saoránach; agus deireadh le príomhaíocht an chló.
ciníochas bunúsach underlying racism
" I bpobalmheas tar éis na trioblóide i gCronulla, dúirt 75% den phobal go raibh ciníochas bunúsach san Astráil.
chiníochas racism
" Ó, is mór an meas atá agam orthu go léir, nó níl rian ar bith den chiníochas ionam.
chiníochais racism
an ciníochas frith-Ghiúdach the anti-Jewish racism
" Níor chabhraigh ach oiread an ciníochas frith-Ghiúdach a bhí le sonrú i gcuid dá bhfoilseacháin.
ciníochas racism
" Chuir lucht a cháinte ciníochas ina leith.
camchuairt in aghaidh an chiníochais. an anti-racism tour.
" Bhí beirt mhac de chuid Peel, William agus Thomas, ar fhoireann amháin agus bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, Cream, i The Picket, roimh cheolchoirm le Pete Wylie agus The Mighty Wah! “Ceann de na spriocanna atá againn ná daoine a thabhairt le chéile tríd an cheol,” a dúirt Phil liom agus ba é Billy Bragg an chéad cheoltóir a sheinn sa Picket nua i mí Feabhra 2006 mar chuid de Hope not Hate, camchuairt in aghaidh an chiníochais.
ciníochas brúidiúil brutal racism
" Tuige a mbeidís agus an-mheas acu ar James Brown (nach maireann) nó Michael Jackson? Cinnte, níl an ciníochas brúidiúil a léiríodh daoine tútacha trí leasainmneacha garbha ar nós *nigger* a thabhairt ar dhaoine dubha chomh forleathan is a bhí.
den chiníochas dofheicthe of the invisible racism
" Sin sampla amháin den chiníochas dofheicthe nach féidir méar a leagan air.
an ciníochas racism
"an ciníochas ina mhórfhadhb sa Fhrainc agus sa Bhreatain, agus tá leibhéal díréireach den mhíbhuntáiste sóisialta i measc na mionlach sa dá thír sin fosta.
ciníochas láidir strong racism
"ciníochas láidir i gceist sna Stáit Aontaithe ó bunaíodh an tír.
ó thaobh an chiníochais de. in terms of racism
" Aimsir dhorcha ab ea é sna Stát Aontaithe ó thaobh an chiníochais de.
seantraidisiún ciníochais an old tradition of racism
"seantraidisiún ciníochais i gceist i measc an lucht oibre, a chaithfeadh vóta ar son Hillary Clinton dá bhfaighidís an rogha.
ciníochas racism
" Tá cead ag na Sasanaigh mórtas cine a bheith acu, oiread le dream ar bith eile, fad is nach bhfuil an ciníochas fite fuaite ann.
ciníochas úr a new racism
"ciníochas úr le feiceáil sa tír seo, thug mé faoi deara.
chiníochas racism
" Maíodh sna meáin san India go raibh na hionsaithe bunaithe ar chiníochas agus ar dhearcadh diúltach san Astráil i leith na nIndiach.
ciníochas racism
" Ní hé go bhfuil ciníochas i gceist, agus tá dul amú ar dhaoine a deir go bhfuil.
Ciníochas racism
" Ciníochas === Is léir mar sin gur ar bhonn ciníoch a chuirfear an dlí i bhfeidhm.
ciníochas racism
" 'Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ==================== Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil, áibheileach féin: canablacht agus ciníochas, gliúcaíocht agus fealsúnacht, dílseacht agus grá, feall agus éad, fir mná agus muca - lón machnaimh agus pléisiúir don té a thabharfaidh faoi.
a gcuid ciníochais their racism
" Is follasach an tubaiste maidir leis na Pailistínigh gan amhras, ach go dtí le gairid, bhí muintir an Iarthair dallta ar an tubaiste seo ag a gcuid ciníochais agus claontacht na meán, dar leis.
i dtreo an chiníochais towards racism
" Agus níl aon fhianaise ann fós go bhfuil muintir na hÉireann ag tiontú i dtreo an chiníochais.
An Ciníochas racism
" An Ciníochas ====== Fuair an Coimisiún 454 scairt ghutháin anuraidh a a bhain le leatrom ciníoch, bunús acu a bhain le cúrsaí fostaíochta a fuair an Coimisiún
“4,000 duine sa bhliain a iarrann comhairle ar an Choimisiún agus 400-450 sa bhliain a iarrann cúnamh an Choimisiúin chun cás dlí a thógaint agus cuirimid an cúnamh sin ar fáil do idir 100 agus 150 gach bliain.
ciníochas a sheachaint avoiding racism
" Ar ndóigh, is fiú a chuimhneamh go mbíonn go leor fadhbanna agus dúshláin ag cathracha na Breataine maidir le héagsúlachtaí a aithint agus le ciníochas a sheachaint, agus is cosúil nár aithníodh a dtábhacht siúd sna hiarrataisí eile a cuireadh isteach an oiread is a rinne Doire.
ceist an chiníochais the matter of racism
"ceist an chiníochais mar a bhaineann sé le cúrsaí spóirt ina ábhar imris arís.
cheannfháthanna ciníochais prime causes of racism
" Is mór an t-aighneas a chothaigh an cás seo, go háirithe an drochbhealach fíor-amscaí inar thug na póilíní faoi, ag díriú le fada ar choireacht eagraithe i bpobail eitneacha seachas ar cheannfháthanna ciníochais agus seineafóibe.
chiníochas racism
" É sin ar fad ráite, in ainneoin chonspóidí faoi dhrugaí, faoi bhaghcait pholaitiúla, chiníochas agus faoi oilbhéimeanna éagsúla (mar shampla shiúil foireann sacair ban na Cóiré Thuaidh den pháirc nuair a ardaíodh brat náisiúnta na Cóiré Theas roimh a gcluiche), leanann an Ghluaiseacht Oilimpeach ar aghaidh agus í ag díriú ar na hidéil a spreag Baron Pierre de Coubertin in 1894 í a bhunú.
in éadan ciníochais agus leithscartha against racism and apartheid
" Bhí OPHR i mbun feachtais in éadan ciníochais agus leithscartha sna Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) um an dtaca sin.
mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal the matter mustered up racism amongst the public
" Scríobh Ó Colchúin san alt thuasluaite go raibh sé soiléir don rialtas gur “mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal agus bhí siad breá sásta an deis a thapú don toghchán”.
ciníochas na Breataine racism in Britain
" Chothódh an cumannachas misneach i measc na n-imirceach chun go bhféadfaidís ponc sóisialta na hÉireann a cháineadh, agus thugadh an meon aigne sin foclóir eile dóibh ag an am céanna chun impriúlachas agus ciníochas na Breataine a cháineadh freisin.
ciníochas racism
" Mar is léir, tagann drochthréithe an duine chun cinn sa spórt chomh maith le comhthéacs ar bith eile - ciníochas, falcaireacht, dópáil, maistíneacht, bréagadóireacht, troid, achrann ar pháirceanna, ionsaithe ar réiteoirí, alcólachas agus cearrbhachas (tá aitheantas tugtha ag CLG don fhadhb seo), drochíospairt leanaí agus daoine óga (dhearbhaigh an sárdhornálaí clúiteach Sugar Ray Leonard gur thug traenálaí drochíospairt dó agus é i mbun traenála do na cluichí Oilimpeacha mar shampla).
níl an ciníochas thart go fóill racism isn’t finished yet
" Go cinnte níl an ciníochas thart go fóill.
laghdófaí ar an aineolas is ar an gciníochas the ignorance and the racism would be lessened
" ” Dá múinfí an cúlra is an comhthéacs seo i gcóras oideachais SAM, ar ndóigh, b’fhéidir go laghdófaí ar an aineolas is ar an gciníochas a imrítear ar Laidin-Mheiriceánaigh ó cheann ceann na Stát.
lucht tacaíochta forchiníochas supporters of extreme racism
" Fir fronta agóid na mbratach, lucht tacaíochta forchiníochas an Oird Fhlannbhuí.
níor coscadh an ciníochas racism didn't end
" Bhí mórchuid de lucht gorm na háite sin ina sclábhaithe go dtí 150 bliana ó shin, ach fiú má saoradh iad i ndiaidh cogadh cathartha na tire in 1865, níor coscadh an ciníochas.
a chuir ciníochas i leith who accused of racism
" Faoi bhrú ollmhór ó ghníomhairí cultúrtha, a chuir ciníochas i leith Zimmerman agus póilíní an bhaile, ní raibh an dara rogha ag na húdaráis ach Zimmerman a chúiseamh i ndúnmharú.
chruthaíonn sochaí a chuideodh leis an gciníochas creates a society which would assist racism
" Is é a dhéanann na deacrachtaí seo go léir a chuirtear roimh eachtrannaigh, ar ndóigh, ná béim a leagan ar an idirdhealú idir saoránaigh agus inimircigh, rud a chruthaíonn sochaí a chuideodh leis an gciníochas.
ciníochais racism
" Bhí fuacht agus teas againn ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cheardchumann Bhord Soláthair an Leictreachais de; agus bhí dubh agus bán againn i gconspóidí agus achrainn go leor, fiú cinn nár bhain le cúrsaí ciníochais.
an forchiníochais of extreme racism
" Ach ní deoch mheisciúil atá i gceist anseo ach gloine lán gheire na staire, an díoltais, an forchiníochais agus an fhuatha.
ní oibríonn an ciníochas mar sin racism doesn’t work like that
" Ba bheag screadbhach nó foréigean a bhí le feiceáil mar, níos minice ná a mhalairt, ní oibríonn an ciníochas mar sin.
ceist an chiníochais the matter of racism
" Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
cháin sí an ciníochas go géar she sharply critised racism
" Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
claonadh chun ciníochais an inclination to racism
" Mar is léir do DiFranco, ní mór di glacadh leis go bhfuil claonadh chun ciníochais ionainn uilig agus nach féidir linn i dtólamh chás an chine eile a thuiscint – ach gur féidir linn foghlaim uaidh mar fhorbairt leanúnach phearsanta.
ciníochais of racism
" Tá tuairiscí tagtha chugam ó mhúinteoirí óga Gaeilge faoi eachtraí maistíneachta agus ciníochais.
chiníochas racism
" Ach níor lig don chiníochas, a bhí sách forleathan sna Stáit go fóill, dóibh cur fúthu áit ar bith ba mhian leo.
chiníochais racism
" Sheas Tony Birtill an fód i gcoinne an chiníochais sa choláiste ina bhfuil sé ag obair agus d'éirigh leis damáistí agus leithscéal poiblí a fháil.
ciníochas racism
" Cé go bhfuil Pauline Hanson ón bpáirtí ciníoch One Nation sa phríosún anois, tá an ciníochas fós beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin.
chiníochas racism
" D'fhreastail Liz Curtis ar chruinniú i mBéal Feirste faoin chiníochas an mhí seo caite agus ghoill an méid a chuala sí ansin faoin fhadhb go mór uirthi.
ciníochas racism
" Léiriú ab ea na círéibeacha ar thrá Cronulla san Astráil an mhí seo caite ar an gciníochas atá beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin .
ciníochas an-chaolchúiseach very subtle racism
" Measann Christoph Wendler go bhfuil ciníochas an-chaolchúiseach le fáil na laethanta seo – sna meáin chumarsáide, mar shampla.
go leor ciníochais a lot of racism
" In ainneoin gur cathair ilchultúrtha é Learpholl, tá go leor ciníochais i gceist ansin.
Tá fadhb an chiníochais le brath the problem of racism is tangible
" Tá fadhb an chiníochais le brath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rud a thuig Brian Ó Broin ar a chéad eitilt ann na blianta ó shin.