Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Thug fear eile ardú meanman dúinn Another man raised our spirits
" Thug fear eile ardú meanman dúinn nuair a scríobh sé: "Táim i mo chónaí anseo in Áth Luain ach déanaim mo chuid guí fós trí Ghaeilge.
nach n-ardófaí na caighdeáin that the standards wouldn't be raised
" Mhaígh siad go mbeadh na hathruithe a bhíothas ag cur i gcrích ina míbhuntáiste acusan, go mbeadh an córas i gcoitinne thíos leis, nach n-ardófaí na caighdeáin, agus go mbeadh nithe níos casta ná riamh do na daltaí agus do na múinteoirí.
a tógadh raised
" iad siúd a tógadh i mBaile Átha Cliath, a tógadh le Gaeilge agus a tógadh leis an gcultúr domhanda teilifíse.
a fuineadh agus a fáisceadh Bríd Seoighe that Bríd Seoighe was born and raised
" I nGaeltacht bheag idir An Fháirche agus Tuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo a fuineadh agus a fáisceadh Bríd Seoighe, an té is sine de sheachtar clainne.
á n-ardú being raised
" Níl na laincisí sin orthu a thuilleadh, áfach, agus tá ceisteanna á n-ardú go flúirseach acu anois.
d’éirigh an dá mhala aici she raised her eyebrows
" “An bhfuil anois,” arsa Ellen agus d’éirigh an dá mhala aici.
á n-ardú being raised
" Fiú murar aontaigh sé leis na fir, ba cheart dó a rá, ‘Tá ceisteanna tábhachtacha maidir le polasaí náisiúnta na hÉireann á n-ardú ag na daoine seo.
á ardú being raised
" Tá glór amháin á ardú a aithníonn an dá thréith sin den Ord agus, an rud is annamh is iontach, baineann an glór sin le ball de chuid an Oird féin.
á ardú go caithréimeach being raised triumphantly
" Tá lucht leanta na hiomána i mBaile Átha Cliath ag tnúth agus ag súil leis an lá le fada go bhfeicfidh siad Craobh Iomána na hÉireann gnóite ag foireann na hardchathrach agus Corn Liam Mhic Cárthaigh á ardú go caithréimeach ag captaen na *Dubs*.
á n-ardú in aghaidh an lae being raised by the day
" Le Ben Dunne ag caint ar bhronntanais airgid sa bhreis ar an milliún punt a thug sé do Haughey sna hochtóidí, agus ceisteanna míchompordacha eile á n-ardú in aghaidh an lae ina choinne, ar deireadh ní raibh aon áit fágtha ag Haughey le dul i bhfolach.
chroch Balor suas a mhisneach Balor raised his spirits
" Ach i ngach aon chás chroch Balor suas a mhisneach agus dúirt *boy boy* leo.
a rugadh agus tógadh ansin. who was born and raised there.
" Cuireann Bríghid síos ar shaol na nÉireannach bocht i nDún Éideann ag deireadh an 19ú haois, go háirithe James Connolly, a rugadh agus tógadh ansin.
ní bheadh an cheist á tógáil. the matter wouldn't continue to be raised.
" Dá dtiocfadh an CPS agus, sa deireadh thiar, Rialtas na Breataine, amach agus gan clóca a chaitheamh ar an fhírinne, nó murar bhain fórsaí “slándála” úsáid as sceimhlitheoirí dílseacha le Caitlicigh a mharú, ní bheadh an cheist á tógáil.
a rugadh agus tógadh faoin tuath. who was born and raised in the country
" Ministir Baisteach oirnithe is ea é, a rugadh agus tógadh faoin tuath.
ba bheag nár ardaigh siad díon they nearly raised the roof
" Sheinn Ciaran Tourish, Dermot Byrne, Mike McGoldrick, John Doyle agus John Joe Kelly roinnt fonn, agus ar feadh cúpla bomaite le linn na bhfonn sin, ba bheag nár ardaigh siad díon an Royal Glasgow Concert Hall.
an áit ar rugadh agus ar tógadh é. the place he was born and raised
" Tá an bailiúchán anois sa Warhol Museum in Pittsburgh, an áit ar rugadh agus ar tógadh é.
ardófar ceisteanna questions will be raised
" Má tharlaíonn a leithéid, ardófar ceisteanna nár ardaíodh i Meiriceá ó aimsir an cheannaire ghoirm Martin Luther King.
curtha in airde ar phlionta raised on a plinth
" Tá íomhá de bhean eile, Sara, le feiceáil ar scáileán eile atá curtha in airde ar phlionta – tá sí ag damhsa go leanúnach taobh amuigh den dánlann féin ar Chearnóg Parnell.
a rugadh agus a tógadh who was born and raised
" Tá siad ag tnúth leis an lá a bheidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil ina cheann stáit, seachas eachtrannach ríoga a bhfuil cónaí air nó uirthi ar an taobh eile den domhan.
Rugadh agus tógadh é he was born and raised
" Rugadh agus tógadh é féin i Learpholl agus tá ceangal láidir aige le paróiste St Teresa's sa chathair go fóill mar is paróiste Oblátach é sin fosta agus tá a mháthair ina chónaí sa cheantar.
rud a thug ardú meanman dom, something which raised my spirits
" Thaitin pé ní a bhí agam go mór leis, rud a thug ardú meanman dom, óir thuigeas cé chomh géar is a d'éist sé.
n-ardaítear is raised
" Ach le roinnt ama anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go n-ardaítear i gcónaí ábhar conspóide éigin sna sála ar aon drochnuacht eacnamaíochta.
tógadh raised
" Ach b'shin roimh an 4ú Samhain, 2008, nuair a bhain Barack Hussein Obama, fear gorm a tógadh in Hawai'i, an teach bán amach.
ar crochadh were raised
" Rinneadh an fhógairt a athchraoladh ceithre lá ina dhiaidh sin, ar an 22 Meitheamh, agus cuireadh póstaeir ar crochadh in áiteanna éagsúla sa Fhrainc ag meabhrú don phobal: La France a perdu une bataille! Mais la France n’a pas perdu la Guerre.
lucht curtha na mbrat in airde those who raised the flags
" ” Ar athraigh an scéal a dhath ó shin? An fíor don scéal a bhí ar leathanach tosaigh an Sunday World a mhaíonn gur ghríosaigh ball nó baill an PSNI an t-ionsaí frí theachtaireacht téacs a chur chuig duine de na dílseoirí a dúirt: “*The tricolours are still up in the town- are yis real men or what?*” Agus cad é fá na polaiteoirí? “Iompar frithshóisialta” a thug aontachtaithe ar an eachtra nó cuireadh an locht ar lucht curtha na mbrat in airde.
tógadh was raised
" Ní spéis leis aon ní lasmuigh den fiche míle inar tógadh é, inar beathaíodh é, ina gcothaítear é.
tógadh was raised
" tógadh iad le suaimhneas éigin a thabhairt do dhaoine ar a ndéantar ionsaí rialta seicteacha, in am marbh na hoíche go minic.
ón gcliabhán raised with
" Bhí an Ghiúdais (teanga atá cosúil leis an nGearmáinis le roinnt Eabhraise tríthi) agus Liotuáinis aige ón gcliabhán.
d’ardaigh raised
" Chuir siad deireadh leis an cháin sin agus le go leor táillí eile nach í, an mhótarcháin ina measc, agus d’ardaigh siad caiteachas an rialtais go suntasach.
tógadh was raised
" Mar sin, is i gCalifornia a tógadh mé féin is mo dhreatháir, agus ba é an saol mar a scríobh John Steinbeck faoi a chaith mé i dtuaisceart Chalifornia.
D’ardaigh an cholainn the body raised
" D’ardaigh an cholainn a glór le gach duine acu agus stad, mar nach rabhthas ag éisteacht.
tógtha mar seo raised like this
" Cheap mise go raibh chuile dhuine tógtha mar seo, ar bhealach, is go raibh tú i measc filí agus scoláirí dá leithéid agus bhí uathúlacht faoi leith ag baint leofa chomh maith.
Ardaíodh was raised
" Ardaíodh an deontas go €5 sa bhliain sa bhliain 1946 agus go £10 é sa bhliain 1965.
ardaigh raised
" Ba í 1938 an bhliain deiridh ar ardaigh iománaithe Átha Cliath Corn Mhic Cárthaigh agus ba í 1961 an bhliain deiridh ar shroich an fhoireann iomána cluiche ceannais sinsearach na hÉireann agus ar bhuaigh an fhoireann shinsearach Craobh Laighean.
rugadh agus a tógadh was born and raised
" Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh) teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh.
d'ardaigh raised
" Sa chás seo, d'ardaigh Davis a chloigeann agus bhreathnaigh ar an lucht féachana.
lenar tógadh iad in which they were raised
" Is cinnte go bhfuil an ghráin ag cuid acu ar an dteanga lenar tógadh iad agus diúltaíonn siad í a labhairt.
D’ardaítí an cloigeann the head was raised
" D’ardaítí an cloigeann i ndiaidh a bhainte ag rá “Justice est faite”.
cuireadh in airde it was raised up
" Ar ndóigh, ní raibh gach duine sásta faoi Ériu ársa agus ná faoina bratach nuachumtha thrídhathach a cuireadh in airde le “fáilte” a chur roimh Bhanríon Shasana, Eilís II, a bhí ar cuairt ar na Sé Chontae le 60 bliain a réime a cheiliúradh.
rugadh is a tógadh was born and raised
" Tugtar Tír Aodha ar an áit a rugadh is a tógadh mé féin, an limistéar tíre i ndeisceart Thír Chonaill idir Béal Átha Seanaigh agus an Bearnas Mór i ngar do bhaile Dhún na nGall.
ardaíodh brat náisiúnta national flag was raised
" É sin ar fad ráite, in ainneoin chonspóidí faoi dhrugaí, faoi bhaghcait pholaitiúla, chiníochas agus faoi oilbhéimeanna éagsúla (mar shampla shiúil foireann sacair ban na Cóiré Thuaidh den pháirc nuair a ardaíodh brat náisiúnta na Cóiré Theas roimh a gcluiche), leanann an Ghluaiseacht Oilimpeach ar aghaidh agus í ag díriú ar na hidéil a spreag Baron Pierre de Coubertin in 1894 í a bhunú.
cromcheannach le dorn in airde head bent and a fist raised skyward
" Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadh – na húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980! Tá grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt.
cé gur rugadh agus gur tógadh anseo iad although they were born and raised here
" Deirtear i Sasana go bhfuil a lán de mhuintir Learphoill measctha sa chloigeann os rud é go síleann siad nach Sasanaigh iad, cé gur rugadh agus gur tógadh anseo iad.
Ardaítear an cheist the matter is raised
" ) Ardaítear an cheist faoin dualgas reachtúil atá ar RTÉ ‘réimse cuimsitheach clár Gaeilge’ a sholáthar do réir Alt 114 den Acht Craolacháin 2009.
ardaíodh an cuirtín the curtain was raised
" Ag a hocht a ardaíodh an cuirtín.
mhúscail sé ceist spéisiúil it raised an interesting question
" Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir! De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo.
taobh tíre a thógála the area he was raised in
" mar sin tharla gur Phoblachtánach é ina leagan amach polaitíochta, gur Ghael é ina theanga agus nuair a d’áirigh sé a chreideamh, cúlra staire a mhuintire, taobh tíre a thógála srl.
crochadh an bhratach in airde the flag was raised
" Agus tuigeann tú cén fáth? Breithlá Bhandiúc Cornwall a bhí ann, agus crochadh an bhratach in airde go barr an chrainn le barr measa is urraime uirthi, mar is cóir.
faoin tuaith a tógadh mise in the country I was raised
" “Ó dheas de Bheirlin faoin tuaith a tógadh mise,” arsa an buachaill.
a tógadh le Gaeilge go coinsiasach who were purposefully raised with Irish
" Cuid acu, a tógadh le Gaeilge go coinsiasach, cloisim iad ag brú Béarla ar dhaoine fásta ar nós leo Gaeilge a labhairt go hiondúil.
dtógfaí mé féin is mo dheartháir myself and my brother would be raised
" Ba shin an cinneadh a rinne mo thuismitheoirí, go dtógfaí mé féin is mo dheartháir anseo le Gaeilge.
thóg seisean clann le Gaeilge he raised a family with Irish
" Fear eile a chloigh leis an nGaeilge i ndiaidh theacht as an gCurrach, Maitiú Ó Néill, thóg seisean clann le Gaeilge.
Tógadh le raised with
" Tógadh le Gaeilge agus le Béarla í féin agus a deartháireacha Risteard agus Cormac (Cormac@5 ar RnaG) sa bhaile ar an Cheathrú Rua mar b'as Sligeach a hathair agus cé go bhfuil Gaeilge aige anois is Béarla a labhair sé sa bhaile.
a rugadh is a tógadh who were born and raised
" Ba iad 1909-10 buaicbhlianta Chonradh na Gaeilge: bhain an eagraíocht bua mór amach ó thaobh cúrsaí oideachais, nuair a d’éirigh le Dúghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill an Ghaeilge a dhéanamh éigeantach do mhic léinn a rugadh is a tógadh in Éirinn, le fáil isteach sna coláistí nuabhunaithe a bhí mar chuid den NUI, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann.
a rugadh agus a tógadh who was born and raised
" Áirítear William John Warner, Éireannach a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, agus ar tugadh an leasainm Cheiro dó, (1866-1936) i measc lucht fáistine cháiliúil an fhichiú haois.
portaigh lagáin raised bogs
" bratphortaigh), chomh maith leis portaigh lagáin (.
le híoc as dúnadh na bportach lagáin to pay for closing the raised bogs
" An t-airgead mór a thug an Eoraip dúinn le híoc as dúnadh na bportach lagáin, caitheadh ar na bóithre é.
an mbothán inar tógadh iad the shanty where they were raised
" Agus iad ag fás aníos agus ag teacht in inmhe, ba ghnáth le deartháireacha Uí Chathasaigh a bheith ag dreapadh an tsléibhe in aice leis an mbothán inar tógadh iad nó ag rámhaíocht ar Abhainn na Snaidhme arb í an bealach ba ghaire taistil a bhí acu idir an baile, Bealach, agus An tSnaidhm, an baile ba ghaire dóibh.
bheith crochta do being raised to
" “Tugann sé uchtach mór do Chomhaltas Charraig Mhachaire Rois agus d’Oidhreacht Mhachaire Cluaine an séadchomhórtha seo a bheith crochta do Phádraig Ó Beirn.
phointí a d’ardaíodh matters raised by
" Le linn do reachtaíocht a bheith os comhair an Oireachtais, thugtaí aird ar phointí a d’ardaíodh an Chomhdháil.
a chuir leac who raised the tombstone
" N’fheadar arbh í oidhreacht Mhary a chuir leac os cionn ár gcara Brion? Is an-chomhluadar go deo dúinn taibhsí na muintire seo.
a chroch na daoine which people raised aloft
" Tugadh an mhuirthéacht fhlannbhuí air as siocair na bratacha oráiste nó flannbhuí a chroch na daoine le linn na mórshiúlta.
tógtha raised
" **CMacS: Cén caitheamh aimsire atá agat agus cén chaoi a gcaitheann tú do shaoire?** AÓC: Leis an gceathrar clainne tógtha, tá mé in ann breis ama a chaitheamh ar rudaí a thaitníonn liom - an drámaíocht agus an ceol.
in airde raised up
" *’ Conas nach bhfuil ainm draoi seo na caide in airde sa leathsféar thuaidh, arsa mise liom féin? Conas nár chaith sé sealanna fada ina dhia beag ag Rossoneri an San Siro, ag Madridistas an Bernabéu – nó ag Culés an Camp Nou fiú? Gan trácht ar lucht fulaingthe (déanaí) Old Trafford - an dea-mhéin idir Manchester United agus pobal na Seapáine curtha san áireamh? Bearna le Líonadh ======= I gcead di, tá Parramatta fós sna garbhchríocha sacair.
Chroch raised
" Chroch Balor Mairnéalach suas a mhisneach, agus ina dhiaidh sin Chroch sé suas a chuid seolta móra geala go barr na gcrann.
ceisteanna a ardaíodh questions raised
" Rud amháin a thaitin liom faoin réiteach seo ar fadhb na gadaíochta rothair ná gur éist siad leis na léirmheastóirí agus cruthaigh siad leagánacha éagsúla a d’freagair na ceisteanna a ardaíodh faoi infheiceacht na huirlise.
Tógadh (we) were raised
" Tógadh sa teach muid le drámaíocht i gcónaí.
amhráin fir a tógadh ina measc songs of a man who was raised in their midst
" Cad é chomh maith is a bheadh sé go mbeadh amhráin fir a tógadh ina measc agus a scríobh amhráin fána cheantar dúchais - Cyprus Avenue.
agus clampar a thógáil and raised a rumpus
" An comhartha é sin ar chomh lag is atá pobal na Gaeltachta? Má tá aon phobal rathúil Ghaeilge ann, tá sé thar am é féin a chur in iúl agus clampar a thógáil faoin gceist.
tógadh was raised
" Céard a tharraingíonn duine isteach i gcultúr? Cén fáth a shantódh duine a tógadh i gcultúr láidir na milliún cainteoirí dúchais, cultúr nach bhfuil chomh líonmhar ná chomh fairsing lena cultúr féin? Sin an cineál ceiste a bhí ar Katie Nic Aindréis thall i Virginia.
faoina fód dúchais where she was raised
" Bhuail Seosamh Mac Muirí léi in Oifigí Ghaillimh le Gaeilge chun fiafraí faoin eagraíocht agus faoina fód dúchais.