Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fear an chroiméil raithní the man with the fern-like moustache
" 'A Bhaloir, a chara mo chléibh,' arsa fear an chroiméil raithní liom, agus é ag stánadh go drochmhúinte isteach i mo shúil.
raithneach weed
" Is beag nach bhfuil cócaon ar fáil chomh héasca agus chomh saor le raithneach na laethanta seo.
raithneach fern
" Creidtear gur tháinig ainm an bhaile ón dath "rua" a bhíonn ar raithneach agus ar fhásra eile an cheantair sa bhfómhar.
raithneach fern
" Casann sé suas trí fhéar domhain, raithneach, driseacha, agus aiteann.
ag baint raithní cutting fern
" Amuigh ag baint raithní le speal i nGarraí na Céileoige Bige a bhí Seán Liam.
ag caitheamh raithní smoking weed
" Mo chairde ar fad bhí siad ar an *dole* agus ag caitheamh raithní.
cnapáin ollmhóra raithní huge lumps of hash
" Anois, níl aon tuairim agamsa faoi cheol ach bhí Pat i gcónaí ag seinnt (ón uair a chuireas aithne cheart air sa mheánscoil) agus cén fáth nach mbeadh gig ag teastáil uaidh – bia, deoch, leaba don oíche, grian is girseacha na Spáinne? Ach, focann *hell*, ghlaoigh mé isteach chuige ar a laghad dosaen uair agus fiú agus mé ina theannta ar feadh dhá uair an chloig agus cnapáin ollmhóra raithní caite againn, bhíodh sé fós ag rá ‘b’fhéidir’ nó ‘níl mé cinnte an oirfeadh mo chuidse ceoil don tábhairne seo.
an ciorcailín soláthair raithní the hash supply circle
" Go luath tar éis dom bogadh isteach a chuireas an ciorcailín soláthair raithní ar bun.
raithneach ferns= hash
" Bíonn dúil ag daoine áirithe sa tobac agus daoine eile sa raithneach, ach san fhraoch a chuir Balor a spéis agus a dhúil i dtólamh.
raithneach fern
" Cuid mhaith de na garrantaí, a bhíodh coinnithe glan ag an seandream rompu, tá siad faoin dris is faoin raithneach anois.
Raithneach (the) fern
" Raithneach rua,ceilte a chló,ardaíonn cadhana sheanghlór.
duilleoga raithní fern leaves
" Géaga crann agus imeallbhoird tíortha, gan amhras, ach sliabhraonta, deilteanna abhann, caisirníní deataigh, duilleoga raithní, agus go leor leor nach iad chomh maith.
raithneach cannabis, (ferns)
" Deir sé gurb í an chúis lúcháire is mó atá ag an Teachta Eorpach is úire ná go mbeidh sé ag obair níos gaire d’Amsterdam anois, agus mar sin nach baol dó rith amach as raithneach.
ní lasfaidh mé aon raithneach I won’t light up any weed
" Tá roinnt daoine den bharúil gur cuma liomsa faoin timpeallacht, ach níl sé sin fíor; agus i bhfianaise air sin, ní lasfaidh mé aon raithneach taobh amuigh.