Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rannóga departments
" Is anois a fheicimid an difríocht idir na hoibrithe neamh- nó leathoilte agus iad siúd le hardoideachas atá ag obair i rannóga taighde agus forbartha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta.
rannóg section
"rannóg bhreá den suíomh dírithe ar pháistí scoile ina bhfuil cuid mhaith tionscnamh agus eolas ar conas éin éagsúla a mhealladh chuig do ghairdín - eolas atá úsáideach do dhaoine fásta freisin.
Rannóg Forbartha Development Department
" " Faigheann an Rannóg Forbartha an maoiniú a chuireann ar chumas an ionaid leanúint air ar cur seirbhísí ar fáil.
rannóg section, department
" Ba chóir rannóg ar leith a bhunú in Údarás na Gaeltachta, le buiséad cuí, chun gníomhaíochtaí a bheadh dírithe ar réamhscolaíocht agus ar naonraí a stiúradh, rannóg ina mbeadh foireann oilte agus coinníollacha cearta oibre acu.
Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá The US State Department
" Is spéisiúil freisin, sa tuarascáil is déanaí ar chúrsaí drugaí ó Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá, go gcáintear údaráis na tíre seo as gan a bheith ag déanamh dóthain leis an chósta a chosaint ó dhrugaí ag teacht isteach sa tír.
rannóga sectors
" Le déanaí, d'fhógair Paddy Power gur tháinig ardú 96 faoin gcéad ar a mbrabús go beagnach €18 milliúin in 2002, agus bhí an t-ardú ba mhó sna rannóga teileafóin agus idirlín.
rannóga éagsúla various sections
" Agus an Rialtas ag caint ar dhílárnú an státchórais, cén seans atá ann go nglacfaidh na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath le haistriú go Béal Átha na Slua nó go Liatroim má fheiceann siad go mbíonn na státseirbhísigh atá ann cheana féin ag obair faoi mhíbhuntáiste? Ní den chéad uair, tá rannóga éagsúla den státchóras ag feidhmiú ar bhealaí atá contrártha lena chéile.
rannóg dlí-eolaíochta forensic science department
" Ceisteanna ar nós cén fáth gur fhan na Gardaí uair a chloig i ndiaidh phléascadh na mbuamaí sular dhún siad bóthar ar bith agus cén fáth gur cuireadh fianaise thábhachtach maidir leis an bhuamáil chéanna ar ais thar teorainn sula raibh seans ag rannóg dlí-eolaíochta na nGardaí féin í a scrúdú.
rannóg department
" I Nollaig na bliana 1982 mharaigh ball ó rannóg Rúnda an RUC, E4A, an tUasal Grew i gContae Ard Mhacha.
rannóg cúrsaí reatha current affairs department
" I 1991, d'aistrigh sé chuig an BBC, áit a bhfuair sé post mar eagarthóir sa rannóg cúrsaí reatha Breatnaise, agus i mí Dheireadh Fómhair 1992 ceapadh é mar Cheannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha ar BBC Wales, rud d'fhág go raibh sé i gceannas ar an dara roinn is mó dá leithéid taobh amuigh de Londain.
rannóga faoi leith different compartments
" Is fada an lá ó chonaic mé pláta agus rannóga faoi leith ann - ceann don bhfeoil, ceann do na fataí agus ceann don mhilseog.
rannóg category
" Fuair an clár seo ainmniúchán ag Féile Scannánaíochta Montroux, éacht nach beag nuair a smaoiníonn tú go raibh sé sa rannóg chéanna le *The Office *agus léiriúcháin mhóra eile.
i rannóg na gcuntas in the accounts department
" B'fhir iad na dearthóirí bogearraí uilig, measaim, ach bhí cúpla bean ag obair i rannóg na gcuntas.
rannóga departments
" Ar ndóigh, chloisfeá go leor scéalta, agus scéal scéil, maidir leis an iomaíocht idir bainisteoirí éagsúla agus an sórt sin ruda, agus idir rannóga.
rannóga éagsúla various categories
" ) Dar leis na treoracha sin, tá rannóga éagsúla de threalamh iniompartha leictreonach ann - agus tugtar aird faoi leith ar na gutháin: "Caithfear gutháin ghluaisteacha a mhúchadh nuair a dhúntar doirse an eitleáin nó nuair a ordaíonn an fhoireann cábáin amhlaidh.
rannóg department
" Má bhreathnaíonn tú siar ar bhliain éigin, abraimis 1975, níl aon chomparáid idir an méid cláracha a táirgeadh sa rannóg seo i rith na bliana sin agus an méid cláracha a tháirgimid sa lá atá inniu ann.
rannóg na seirbhísí réigiúnacha regional services department
" Tá an Dr McMaster ag obair le rannóg na seirbhísí réigiúnacha do pháistí atá ag an mbord sláinte.
Stiúrthóir ar Rannóg na Margaí Rialaithe Director of the Regulated Markets Division
" " I 1996, ceapadh Goggin mar Stiúrthóir ar Rannóg na Margaí Rialaithe san Údarás Iomaíochta.
rannóg section
" Beimid ag cur leis an rannóg seo gach seachtain.
Rannóg Doiteáin Chathair Nua-Eabhrac New York City Fire Department
" B’fhéidir gur chuala tú faoin raic a bhí ann mar gheall ar Rannóg Doiteáin Chathair Nua-Eabhrac (FDNY) ag paráid Lá Fhéile Pádraig? Ní ligfeadh an dream atá i gceannas ar an rannóg do ghrúpa fear dóiteáin as na Bronx a gcuid bairéad cáiliúil glas a chaitheamh agus iad ag siúl suas Fifth Avenue i Manhattan.
rannóg section
" Beimid ag cur leis an rannóg seo gach seachtain.
rannóg na n-iontaobhas the trust department
" Ní raibh sé deacair obair a fháil ag an am; ní raibh sé coicís sa tír go dtí go bhfuair sé post i mbanc, an Marine Midland, ag obair i rannóg na n-iontaobhas.
rannóga éigeandála emergency departments
" Bhí sé ag tagairt do mholadh a rinne an Roinn Sláinte níos luaithe i mbliana maidir le breis leapacha a chur ar fáil i mbardaí ospidéil, chun an brú a bhaint de rannóga éigeandála.
rannóg section
" Tá muid i ndiaidh rannóg nua a oscailt, mar atá Cumann Óige, a bhfuil triúr fostaithe inti.
rannóg section
" Má bhíonn duine ag obair mar chléireach i rannóg airgeadais nó cheannaigh ar an Ómaigh, mar shampla, agus má bhogann na seirbhísí sin go dtí an Srath Ban, an mbeidh air bogadh beag beann ar na dualgais atá air sa bhaile, nó a phost a chailleadh? Beidh tionchar mór á imirt ag an RPA ar shaol an ghnáthdhuine ar fud na Sé Chontae.
rannóg taighde research section
" I mí na Samhna, fógraíodh gur cuireadh deireadh le triail a bhí ar siúl ag an Commonwealth Scientific and Industrial Research Organisation (CSIRO), rannóg taighde de chuid rialtas na hAstráile.
Shiortaíomar an rannóg. We searched the section.
cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit some of the corporate memory of the various state departments
" Leis an mhéid athruithe foirne atá tuartha, níl dabht ar bith ach go gcaillfear cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit.
rannóg nua san eagraíocht a new section in the organisation
" Tar éis trí bliana a chaitheamh mar sin, ceapadh Pádraig mar bhainisteoir ar rannóg nua san eagraíocht, is é sin, rannóg na dtionscal Gaeltachta, agus é freagrach as forbairt phobail, as tionscadail bheaga a d’fhostaigh idir duine agus cúigear, agus as cúrsaí teanga agus cultúir.
rannóg na bpost the jobs section
" Seachtain tar éis di slán a fhágáil lena comhghleacaithe in “Léargas”, d’fhéach sí i rannóg na bpost san *Irish Times *(rud, a deir sí, nach ndearna sí roimhe sin nó ó shin) agus chonaic sí go raibh Stiúrthóir Tiomsaithe Airgid á lorg ag Fianna Fáil.
rannóg section
" ” Nuair a bhí ceithre bliana curtha isteach ag Ó Ciardha i Raidió na Gaeltachta, tháinig folúntas chun cinn i nuacht an Bhéarla agus d’éirigh leis post a fháil sa rannóg sin.
rannóg section
" Agus i rannóg na Gaeilge, bhí úrscéal leis, *Tearmann*, le fáil.
ag tabhairt cúnaimh don rannóg smidithe helping the make-up department
" Taithí oibre le TG4 Tá an-spéis agam sa smideadh - tugadh ‘Umpa Lumpa’ orm minic go leor - mar sin, chaith mé lá ar thaithí oibre in TG4 ag tabhairt cúnaimh don rannóg smidithe ar an gclár *Comhrá*.
Tchímse trí rannóg I see three categories
" ) Tchímse trí rannóg de chainteoirí óga Gaeilge.
ón rannóg pleanála from the planning department
" Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne.
rannóg section
" Is mór an áis sa chás iad na nótaí canúna agus eagarthóireachta (lgh 47-57, 356) atá curtha ar fáil aici, gan trácht ar an rannóg treorach chun úsaid an leabhair féin (lch 71), agus is saothar ealaíne iontu féin iad in amanna a cuid aistriúchan Béarla, cf lgh 229, 231: ‘The Man who had Three Sisters’).
rannóg division
" Bhíodh sé ag dornálaíocht agus bhí sé ina churadh náisiúnta ar Éirinn sa rannóg throm-mheáchan éadrom.
Rannóg department
" Ar ndóigh, tá Rannóg Cheilteach mar chuid de Roinn an Bhéarla san Ollscoil Caitliceach ó lár na n-ochtóidí agus bhí cairde agam ann a thug uchtach dom tabhairt faoin teanga a fhoghlaim!” Tréithe Teanga ======= Níorbh í an Ghaeilge an teanga Cheilteach ab ansa le hAnna ón tús, áfach.
rannóg oideachais educational sector
" Faigheann muintir labhartha na Gaeilge deis ionadaithe faoi leith a roghnú don Údarás agus deir Bourgeois “má tá a leithéid sin againn (i gcúrsaí geilleagair) cén fáth nach bhfuil an rud céanna ann sa rannóg oideachais atá i bhfad níos tábhachtaí”? Sin é an argóint atá aige bunaithe ar an méid eolais atá aige faoin gcás in Éirinn.
rannóg na cáise the cheese section
" Nuair a tháinig mé go Penn ar Bed ar dtús, is cuimhin liom seasamh le barr iontais ag rannóg na cáise san ollmhargadh ar feadh deich nóiméad ar a laghad.
Rannóg section
" D’aithin Rannóg Pleanála Chun Cinn na Roinne Oideachais, de réir taighde mionsonraithe, go raibh Ráth Tó i gContae na Mí, ar cheann de na limistéir sin a bhfuil éileamh ardaithe ann do bhunú bunscoileanna le tosú i mbun feidhmíochta i Meán Fómhair 2010.
rannóige department
" “Chinn mé go mbeadh an Gaeloideachas mar chuid de remit gach rannóige agus nach mbeadh sé scoilte ó chinntí eile mo Roinne.
rannóg ghlas green section
" Cuirim i gcás, má bhíonn eolas ar an tuiseal ginideach uatha uait, tá na sonraí go léir ar fáil sa rannóg ghlas.
rannóga imeartha playing sectors
" Leagan amach nua maidir le himirt agus rannóga imeartha a thionscnamh.
rannóg section
" Is éard atá ann, rannóg san ollscoil ag plé le mic léinn ón iasacht a thabhairt isteach agus scéimeanna malartaithe ar fud an domhain.
iontrálacha ó na rannóga éagsúla entries from the various sections
" Baineann an comórtas leis na tíortha Ceilteacha amháin - Alba, Éire, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, Corn na Breataine agus an Bhriotáin, agus cuirtear iontrálacha ó na rannóga éagsúla faoi bhráid choiste náisiúnta i ngach tír i dtosach leis an scoth a roghnú le dul san iomaíocht ag an tionól idirnaisiúnta seo.
as an rannóg out of the section
" Má éiríonn le foireann na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh as an rannóg ina bhfuil siad leis an Spáinn, an Iodáil agus An Chróit, beidh éacht nach beag déanta acu.
trí rannóg meáchain three weight divisions
" Ualach trom le hiompar ann féin ab ea an stádas sin agus le dúshlán níos mó le sárú i gcás na gCluichí Oilimpeacha, socraíodh nach mbeadh ach trí rannóg meáchain i gceist, rud a chiallaigh go mbeadh líon níos mó de dhornálaithe maithe in gach rannóg seachas mar a bhíonn sna comórtais eile.
rannóg amháin den daonra one section of the population
" Tugann sé le fios fosta nach féidir a bheith ag caint ar dhaonlathas i stát a cruthaíodh le go mbeadh móramh buan ag rannóg amháin den daonra.
chríoch iomlán leis an rannóg a complete ending to the section
" Tá an scéim seo anois i mbaol, ní hamháin mar gheall ar chiorruithe deontais ach mar gheall ar chríoch iomlán leis an rannóg a bhí ag riar na ndeontas féin.
sa rannóg chéanna léi in the same class
" Ní hamháin go bhfuil an E46 níos deise ná carranna eile ón tréimhse agus ón aicme chéanna, ach tá sí níos spéisiúla le hais na gcarranna eile atá sa rannóg chéanna léi.
atá mar rannóg faisnéise Culture which forms the intelligence section of C.
" Lonnaithe i sibhialtacht an “*Culture*” tá an chuid is mó de na leabhair gafa le dream darb ainm “*Contact*” atá mar rannóg faisnéise Culture.
rannóg faoi leith a designated section
" Fiú i Roinn an Taoisigh féin tugadh comhairle dó gan a bheannacht a thabhairt don Phlean go dtí go mbeadh dianmhachnamh déanta aige faoin mholadh go mbeadh rannóg faoi leith ina Roinn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge fán bhliain 1987.
an rannóg neamhchas the simple quatrain
" Bhí an gligín le cloisteáil i bhfógra teilifíse, cuid d’fheachtas fógraíochta ar son mhonaróir na ngluaisteán, Holden, agus ní haon áibhéil a rá go raibh an rannóg neamhchas mar chuid de theanga na coitiantachta abhus.
Rannóg na hIriseoireachta Teilifíse television journalist section
" Bhain an scannán an Príomh-Ghradam - Rannóg na hIriseoireachta Teilifíse - ag an National Media Awards, 1998.
rannóg oideachais education section
" Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.
bhainisteoir rannóige section manager
" Ceapadh mé i mo bhainisteoir rannóige.
bhí sé roinnte eadar rannóga it was divided between sections
" Chuir mé isteach air agus fuair mé cúig lá na seachtaine, agus bhí sé roinnte eadar rannóga.
rannóg liteartha chúng sin this narrow literary sector
" Sa rannóg liteartha chúng sin, rannóg na mbotún, d’fhéadfaí Henry Adams a lua.
Rannóg department
" Tá Neasa Ní Chinnéide ar shos gairme faoi láthair óna post mar Cheannasaí Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ.
Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac Fire Department of New York
" Tá Tom Deignan tar éis leabhar nua a léamh faoi Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac (FDNY), saothar a léiríonn an ceangal láidir atá ag na hÉireannaigh leis an rannóg sin leis na glúnta.
rannóg ealaíon arts department
" Bhí an cheolchoirm seo mar chuid de “Abair Amhrán ar an Sean-nós”, tionscadal de chuid rannóg ealaíon Chomhairle Chontae Loch Garman a bhfuil sé mar aidhm aige amhránaíocht thraidisiúnta an chontae a chur chun cinn sna scoileanna.