Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rath success
" Shíl mé go raibh féidearthachtaí iontacha ag baint leis, go bhféadfadh rath a bheith air, go mba mhaith an rud é a leithéid d'áit a bheith ann le heolas cruinn faoin gceol dúchasach a roinnt le daoine, ar bhealach spéisiúil agus taitneamhach.
rath success
" Má tá rath le bheith ar do ghnó, caithfidh do chuid custaiméirí muinín a bheith acu i do chomhlacht, caithfidh do chuid táirgí agus an dóigh a bhfuil siad curtha i láthair i do chatalóg a bheith taitneamhach do na custaiméirí agus caithfidh modh ordaithe agus íocaíochta na n-earraí a bheith éasca agus sásúil dóibh.
rath prosperity
" Tá postanna á gcailleadh go forleathan sa gheilleagar áitiúil aíochta agus seirbhísí agus tá tionchar an-díobháileach ag seo ar na teaghlaigh a bhíonn ag tarraingt ar Mary's Center, a bhfuil breis is 90% díobh ag brath go hiomlán ar an earnáil seo chun a mbeatha a shaothrú.
rath success
" Nach bhfuil cosúlacht ann idir an eachtra sin agus na rudaí a tharla ar na mallaibh? Tharla an rud céanna ó 1920 go 1922, nuair a bhí rath ar an chúis phoblachtánach sa deisceart, agus arís ag deireadh na 1960í, nuair a bhí gluaiseacht na gceart sibhialta ag baint amach leasuithe.
rath success
" Is álainn iad na moscanna anseo ach meabhraíonn na foirgnimh eile Beirlín dom, Oirthear Bheirlín aimsir an Chumannachais, agus is é a deir siad ná, "Nach téagartha sinn anois! Nach orainn atá an rath!" Is ea, tá Teamhair ina féar agus féach an Traí mar atá … An bhfuiltear ag teacht i dtír ar Indiaigh ar bhealaí eile fós? Chonaiceamar saothar an-bhreá le healaíontóir Indiach anseo, déanta as adhmad, iad ar díol ar 250 dirham an ceann, abair tríocha punt.
gach rath every success
" Guíonn muid uilig gach rath ar an Choileán agus é anois ag iarraidh bheith ina Mhadadh.
tá an-rath air it's very successful
" Ansin anuraidh d'fhoilsigh muid an chéad úrscéal grafach Éireannach, *An Sclábhaí* agus tá an-rath air.
bheadh rath uirthi it would blossom
" Dá gcaillfí an dearcadh diúltach atá ag go leor fós don Ghaeilge bheadh rath uirthi cuma cé chomh láidir is a d'éireodh an Béarla.
rath success
" Fuair muid teachtaireacht dhea-mhéine ó Mháire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann le gairid inar ghuigh sí rath is séan ar ár saothar.
ratha success
" Cé nárbh é Celtic an t-aon chlub Éireannach in Albain, bhí an oiread sin ratha orthu sna luath 1890í gur tosaíodh ag féachaint orthu gan mhoill mar an tslí ab éifeachtaí chun an fhéiniúlacht Éireannach-Chaitliceach a chur in iúl.
a bhfuil an-rath air which is very successful
" Cé gur seo tionscadal acadúil a bhfuil an-rath air é seo, tá na húdaráis in Institiúid Mhic Eochaidh den tuairim mar sin féin go bhfuil neart oibre le déanamh go fóill.
gach rath every success
" Guíonn *Beo! *gach rath ar an tionscadal úr fiúntach seo.
is a chuir ó rath é and rendered him useless
" " "Agus nach í an chos mhallaithe úd a chiceáil m'fhear céile sna magairlí is a chuir ó rath é, a chiceáil isteach doirse siopaí, a bhasc is a chuir cor coise i ndaoine macánta, a bhí ar lata luais an chairr seo inniu is a tharraing an trioblóid go léir uirthi féin is a chuir pobal neamhurchóideach an eastáit seo i mbaol agus trína chéile.
go gcuire Dia rath orthu go léir may God bring them all prosperity
" Chorcaí, gan trácht ach ar bheagán díobh, go gcuire Dia rath orthu go léir.
beidh rath ar an nuachtán seo this paper will be a success
" Ach i ndeireadh báire beidh rath ar an nuachtán seo má thig leis 5,000 cóip a dhíol agus tuilleadh fógraíochta a shaothrú.
Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo this television station has been very successful
" Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo ó bunaíodh é i 1996 agus is cinnte go bhfuil na ghníomhaígh teanga a raibh an fhís acu an chéad lá riamh, agus a throid ar feadh na mblianta fada go dtí gur fíoraíodh an fhís, breá sásta leis an toradh atá ar a saothar.
Tá rath as cuimse air. It's really successful.
tá an-rath ar an imeacht the event has been a great success
" Chinn siad ar fhéile bheag, Lá na nAmhrán, a chur ar bun an chéad bhliain sin, agus tá an-rath ar an imeacht ó shin i leith.
Gach rath agus beannacht air every success to him and blessing on him
" Gach rath agus beannacht air - tá bealach fada roimhe! *Is as Contae Mhuineacháin ó dhúchas é Pádraig Mac an Bhaird.
Ní bheidh mórán ratha orthu they won't have much success
" Ní bheidh mórán ratha orthu, a dúirt mé liom féin.
go raibh an-rath air i saol an airgeadais that he was very successful in the world of finance
" In ainneoin go raibh an-rath air i saol an airgeadais, ní fhéadfadh Buckley diúltú a thuilleadh don ghairm a chuala sé an chéad lá riamh agus é ag éirí aníos mar pháiste de chuid inimirceach Éireannach i gceantar Yorkville i Manhattan.
guím gach sonas agus rath oraibh I wish you every happiness and success
" Tréaslaím libh arís an t-albam seo agus guím gach sonas agus rath oraibh in bhur saol grá chomh maith! MÓR agus JNíC: Go raibh míle maith agat, a Antaine.
ní dóigh liom go mbeadh rath rómhaith orm I don't think I would have been very successful
" Dá leanfainn orm go hiomlán i m'aonar, ámh, ní dóigh liom go mbeadh rath rómhaith orm.
a raibh an-rath air which was very successful
" Déanfar *Padraic Ó Conaire *le Diarmuid de Faoite, dráma a raibh an-rath air roimhe seo, a léiriú ar an 7 Deireadh Fómhair.
ní bheidh rath ar an bpeil Ghaelach Gaelic football won't thrive
" Dáiríre, go dtí go mbíonn sé soiléir go n-íocfaidh imreoirí praghas daor as calaois "ghairmiúil" nó "chiniciúil", ní bheidh rath ar an bpeil Ghaelach.
rath success
" De réir a chéile, áfach, fágadh an focal "eacnamaíocht" ar lár sa teideal mar aithníodh, chun go mbeadh fad saoil agus rath i ndán don chomhphobal nua seo, go gcaithfeadh níos mó ná forbairt gheilleagrach bheith i gceist - gur ghá díriú ar ilghnéitheacht thraidisiúin chultúrtha na mór-roinne chomh maith.
ní bheidh rath ar Aer Lingus Aer Lingus won't succeed
" Go leor ráite! Ach ní bheidh rath ar Aer Lingus má leanann an rialtas lena easpa gnímh.
go bhfuil rath ar an lánúin seo that this couple is successful
" Ach, mar sin féin, is cinnte go bhfuil rath ar an lánúin seo.
guím gach rath uirthi I wish it every success
" É sin ráite, tugaim tacaíocht iomlán don scéim agus guím gach rath uirthi.
dhá ionradh gan rath two unsuccessful invasions
" Scríobh mé féin alt do *Beo!* (eagrán 36) faoin laoch seo de chuid na Breataine Bige, gan fios agam go raibh sé ina chara mór de chuid Risteard II agus go raibh sé ar na hoifigigh sin de chuid arm an rí Shasanaigh úd nuair a rinne sé dhá ionradh gan rath ar Éirinn i 1394 agus 1399 (*Feasta*, Deireadh Fómhair 2004).
bhí an-rath ar Lucca Lucca was very prosperous
" Radharc aisteach atá ann! Sa mheánaois, bhí an-rath ar Lucca mar gheall ar bhaincéaracht agus déantús síoda agus thóg ceannaithe saibhre túir mar seo.
go raibh rath ar an phlean sin that that plan succeeded
" ” Tá áthas orm a rá go raibh rath ar an phlean sin, gur tháinig biseach ar an othar i ndiaidh tamaill.
rath prosperity
" Sa 20ú haois, bhí rath ar Aberteifi mar go raibh ag éirí go maith leis an talmhaíocht sa cheantar máguaird.
rath success
" Tá súil agam go leanfaidh an rath atá air go ceann i bhfad agus go rachaidh an leagan Gaeilge ó neart go neart.
rath prosperity, success
" Anuas trí na haoiseanna, tháinig rath ar mhuintir Savage agus d’éirigh siad ní ba chumhachtaí.
ratha success
" Nuair a bhuail mé léi ina háit oibre, An Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, d’fhiafraigh mé di cén fáth a raibh oiread ratha ar an saothar sin.
rath success
" Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.
Tá an-rath ar na leabhair áirithe those particular books are very successful
" ” Tá an-rath ar na leabhair áirithe sin faoi Ruairí agus is léir go bhfuil Colmán an-bhródúil astu.
a bhithiúnaigh gan rath you useless scoundrel
" Balor: Agus guím gríos ar do ghabhal, a bhithiúnaigh gan rath.
rath an Tíogair Cheiltigh the success of the Celtic Tiger
" Ábhairín áibhéalach b’fhéidir, ach is é fírinne an scéil ná go bhfuil rath an Tíogair Cheiltigh bunaithe cuid mhór ar an bhorradh atá faoi thionscal na tógála sa tír le dornán blianta anuas.
rath success
" San idirlinn, bhí rath ar rialtas mionlaigh Lemass ar shála olltoghchán na bliana 1961.
rath success
" Óir is beag rath a bheadh ar stát a raibh a phobal gan féinmhuinín.
gach rath every success
" ’ “Guíonn muintir *Beo Ar Éigean *gach rath ar Fhear Dia Mac an Ali ina phost úr.
bhí clú agus rath ar an bhaile seo this town was famous and successful
" Ar feadh thart fá mhíle bliain, bhí clú agus rath ar an bhaile seo.
is léir go bhfuil an-rath air cheana féin it's obviously very successful
" Cé nach bhfuil Stillwater Communications, an comhlacht a bhuanaigh sí lena deartháir Cilian, ach bliain ar an saol, is léir go bhfuil an-rath air cheana féin.
tá an-rath air ó shin i leith it has been very successful ever since
" Is í Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, a chuir tús leis an chúrsa seo sa bhliain 1999 agus tá an-rath air ó shin i leith.
agus go bhfuil rath i ndán don phéintéir óg cumasach seo and that success beckons for this capable young painter
" ” Maidir leis an todhchaí, is cinnte go bhfuil na tuartha go maith agus go bhfuil rath i ndán don phéintéir óg cumasach seo.
an rath céanna the same success
" Ní móide go mbeidh an rath céanna orthu an iarraidh seo agus glactar leis go gcaillfidh siad idir deich suíochán agus cúig shuíochán déag.
Tá moladh mór tuillte agaibh agus guím gach rath oraibh sa todhchaí. You deserve a lot of praise and I wish you every success in future.
" Tá moladh mór tuillte agaibh agus guím gach rath oraibh sa todhchaí.
ní bheidh rath air sa bhfadtéarma, it won't be a success in the long run,
" Níl sé ag oibriú mar atá sé eagraithe agus ní bheidh rath air sa bhfadtéarma, dar liom.
rath an Tíogair Cheiltigh the success of the Celtic Tiger
" Meastar go bhfuil rath an Tíogair Cheiltigh bunaithe, i measc rudaí eile, ar ráta íseal cánach corparáidí.
oiread ratha as much success
" Níl oiread ratha is a bhíodh, mar shampla, ar bhialanna Síneacha in Éirinn faoi láthair.
tháinig rath ar an oileán the island thrived
" Ansin sna meánaoiseanna, tháinig rath ar an oileán faoi choimirce Thiarnaí na nÓileán, a rinne suíomh ollmhór oilithreachta de.
má bhí rath le theacht ar na hiarrachtaí le rialtas logánta a athbhunú if the efforts to re-establish local government were to succeed
" Ba é dearcadh an rialtais thall go gcaithfí comhdhearcadh níos leithne a chruthú má bhí rath le theacht ar na hiarrachtaí le rialtas logánta a athbhunú ó thuaidh.
go mbeadh an-rath ar an Ghaeilge arís that Irish would prosper again
" ” Deir sé go magúil go mbeadh an-rath ar an Ghaeilge arís dá mba rud é gur chuir na Sasanaigh Éirinn ar fad faoi chois!Cuirim ceist ar Krauss cúpla uair le linn an agallaimh cad é is féidir linn a dhéanamh leis an taoide a chasadh agus stop a chur le meath na dteangacha.
tháinig rath ar an sráidbhaile the village thrived
" Ansin tháinig rath ar an sráidbhaile agus d’éirigh sé rachmasach, go háirithe i ndiaidh don iarnród dul ansin in 1885.
go mbeidh rath ort that you'll be successful
" Cuireann na téacsleabhair in iúl do dhaoine go mbeidh rath ort má dhéanann tú X, Y agus Z, má dhéanann siad cineálacha faoi leith anailíse agus má dhéanann siad tascanna faoi leith.
faoi rath successful
" Ceird a saolaíodh, a tháinig i méadaíocht agus atá faoi rath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, baile dúchais na ceirde.
ní raibh rath air. it didn't prosper.
" Thóg an tiarna talún an sráidbhaile ag deireadh an 18ú haois, ach ní raibh rath air.
rath success
" Tá mé cinnte nach mbeidh rath ar bith ar na bligeaird a rinne an damáiste seo.
Tháinig an-rath air it prospered
" Tháinig an-rath air sa 18ú haois, i ndiaidh d'fhear saibhir, George Ross, Eastát Chromba a cheannach sa bhliain 1767.
ní raibh rath ar bith ar fheachtas John John's campaign was being successful
" Tar éis ocht mí dhéag, de réir Wakefield, ní raibh rath ar bith ar fheachtas John agus d’fhill sé féin agus Richard de Walton ar Learpholl sa bhliain 1187 agus beirt chailíní Éireannacha i ngéibhinn acu.
rath sucess
" Mar shampla, tá Joe – páirt an aisteora Colm Meaney sa scannán – ar an duine is rathúla den bhuíon chairde, ach tiontaíonn seisean in éadan na Gaeilge.
go mbeadh rath ar Nemeton. that Nemeton would be sucessful.
" ” Sárú na ndúshlánMás fíor go mbíonn sé deacair a thomhas céard iad na comhlachtaí a bhfuil an *X factor* acu san earnáil theilifíse, b’fhéidir go bhféadfaí a thuar go mbeadh rath ar Nemeton.
rath success
" Frank McGrath to represent the Central council at the meeting.
Is beag rath a bhí ar an Rialtas go dtí seo, the government haven't had much success up to this point
" Is beag rath a bhí ar an Rialtas go dtí seo, mar sin.
rath an Tíogair Cheiltigh. the success of the Celtic Tiger.
" Is léir mar sin nach dtig caitheamh le hAlbain a thuilleadh mar chúinne beag iargúlta den Ríocht Aontaithe a shamhlaítear le Braveheart, barraí seacláide domhainfhriochta agus Rab C Nesbitt! Is le héad a amharcann náisiúnaithe na hAlban trasna Shruth na Maoile ar rath an Tíogair Cheiltigh.
rath success
" Ní bheidh rath ná éileamh ar shuíomhanna nó ar sheirbhísí, mar sin, má ghearrann siad síntiús rialta ar úsáideoirí.
rath ná éileamh success or demand
" Ní bheidh rath ná éileamh ar shuíomhanna nó ar sheirbhísí, mar sin, má ghearrann siad síntiús rialta ar úsáideoirí.
an-rath a lot of sucess
" Ealaíontóir eile a bhfuil an-rath air sa saol nua seo ná StarAx Statosky, ar ainm fíorúil é.
chun go mbeadh rath ar an nuachtán so that the newspaper would be sucessful
" Margadh?An cheist is mó agus is bunúsaí, is dócha: an bhfuil pobal na Gaeilge (pé rud é sin) sásta nuachtán laethúil Gaeilge a cheannach? Léireodh taithí *Lá* agus *Lá Nua* nach bhfuil go leor acu sásta é a dhéanamh chun go mbeadh rath ar an nuachtán agus nach mbeadh sé i dtuilleamaí na ndeontas an iomarca.
rath success
" ‘Scéal dhá Chathair’ ba ea teideal an phríomhscéil ag Lá Nua (nach maireann) ar 3ú Mí Iúil 2008 faoi theip ar iarracht naíscoil a bhunú i Londain, ach go raibh an rath ar iarracht Learphoill leis an naíonra a bhunú.
rath le brath success noticeable
" Ach caidé mar atá ag éirí le cultúr na hÉireann a fhréamhacha a shíniú thar sáile? An bhfuil rath le brath ar chultúr na hÉireann i gcéin? Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar gach uile áit a bhfuil rian de chultúr na hÉireann, ach más sampla ar bith é Virginia, áit a bhfuil mé féin faoi láthair, nílimid ag déanamh ródhona thar lear.
rath success
" Chonaic an tÉireannach an teip agus an rath le linn a chuid oibre ó 1974 ar aghaidh.
a laghad ratha such lack of success
" Léiríonn na figiúirí a laghad ratha is atá ar pholasaithe an Rialtais le dornán blianta anuas tuilleadh fear a earcú.
rath success
" Sin ráite, ar íorónaí an tsaoil é, creidim féin nach mbeadh an rath atá ar Shinn Féin inniu ann ach go bé í.
gan rath flawed
" Ar aon dul leis na hinnill vótála gan rath nach raibh aon fhianaise ann go gcuirfidís le líon na ndaoine a chaithfeadh vóta, is beag spreagadh a thabharfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla do dhaoine an Ghaeilge a labhairt, dar leis.
rath i ndán success in store
" D’fhág siad coinneal an dóchais ar lasadh tamall eile, agus súil acu go bhfuil rath i ndán dá dtír mhór, álainn, ársa.
an-rath great success
" Is éigean a admháil go bhfuil an-rath ar McCausland mar urlabhraí ar son na canúna.
rath success
" An Tiontú Teanga Mhaigh an tOllamh Declan Kiberd in aiste ar an Irish Times le déanaí go ndearna muintir na hÉireann margadh leis an todhchaí sna 1830í – go dtabharfaidís cúl dá dteanga is dá gcultúr mar mhalartú ar rath eacnamaíochta (rath nach bhfuair siad faraor géar!).
gach rath every success
" SMM: Guíonn BEO gach rath ort agus oraibh faoi Shamhain leis na gasúir.
rath success
" Tá fás Facebook pléite agam cheana sa cholún seo agus aon duine a cheanglaíonn leis an gcumhacht sin, agus a thuigeann gurb é sin an áit ina bhfuil an margadh, beidh rath orthu, cinnte.
rath success
" Tá fás Facebook pléite agam cheana sa cholún seo agus aon duine a cheanglaíonn leis an gcumhacht sin, agus a thuigeann gurb é sin an áit ina bhfuil an margadh, beidh rath orthu, cinnte.
bhí rath orthu they were successful
" Níor éirigh leo an coincheap a dhíol go fóill, ach nuair a roinn Twitter a API (comhéadán feidhmchlár) leis an saol mór, bhí rath orthu.
rath success
" Ní raibh an gnáthdhuine ag iarraidh rud ar bith a fheiceáil nó a chluinstin ach an rud a bhí in ainm is rath a chur air agus an méid sin a dhéanamh gan aon dua.
rath success
" ” (*Stillwater*) An Ghlúin atá Thuas Tréaslaímid le foireann Ghaelscéal an chéad eagrán a bheith amuigh inár measc agus guímid gach rath ar a saothar san am atá amach romhainn.
rath a ghuí to wish the best
" Deis ag ionadaithe tofa a mbuíochas a ghabháil linn as obair na bliana díreach caite agus rath a ghuí orainn in obair na bliana amach romhainn.
rath success
" Toisc gur roghnaigh na héisteoirí an podcraoladh, toisc go bhfuil muinín acu sa láithreoir agus toisc go luíonn ábhar na bhfógraí go teann le hábhar na bpodchraoltaí, bíonn rath ar aon urraitheoir atá sásta tacú leo.
rath success
" Mar sin, caithfidh sé gur cheart aitheantas ar leith a thabhairt do dhuine arbh éigean dó treabhadh trí dhá thréimhse seachráin éagsúla - polaitíocht na Sé Chontae agus polaitíocht na Gaeilge, ag an am chéanna! Má mholann an obair an fear, tá rath an Iontaobhais Ultaigh ag mealladh na ngártha molta dá stiúrthóir, Aodán Mac Póilin.
rath success
" Luíonn sé le céill go bhfuil rath ar an innealtóíreacht sna tíortha atá faoi fhorbairt ghasta.
gan rath unsuccessful
" ) Aiséirí gan rath a bhí ann i ndeireadh ama agus chríochnaigh a sheal mar a thosaigh sé agus é díbeartha go hiarghúil na gcúlbhinsí tar éis oilbhéim eile inar cuireadh ina leith go ndearna sé iarracht tionchar a imirt ar iarratas ar chlóichead do fhear saibhir as an Ind.
an-rath great success
" Muna mbíonn an-rath ar fheachtas José Serra idir seo agus sin, níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh an lámh in uachtar ag Dilma Rousseff: na daoine a thug ‘vóta agóide’ do Marina Silva sa chéad bhabhta, níl baol ar bith go dtabharfaidh siad tacaíocht do José Serra.
Guím gach rath oraibh I wish you the best of luck
" Guím gach rath oraibh!’ Sular fhág mé slán leis an Dr.
rath ar success
" “Próiseas fada a bhí ann ach ag a dheireadh, beidh straitéis láidir againn agus Rialtas atá lándáiríre faoin deis stairiúil seo a thapú chun a chinntiú go mbeidh rath ar an teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di amach anseo.
a húirín gan rath ya useless little twat
" “Tusa agus do sissy prissy River Dance! Cad é a bheadh a fhios agatsa faoi fhíordhamhsa, a húirín gan rath?” Ní miste a rá go raibh Balor thar a bheith sásta léi, ní hamháin le caighdeán a cuid Gaeilge, ach gur aontaigh sé go hiomlán lena raibh le rá aici fosta.
rath fáistine a successful fortune telling
" Ghlac Ray Burke agus Liam Lawlor le breabanna agus bhí rath fáistine ag Bertie Ahern leis na caiple.
Ba bheag an rath was of little success
" Ba bheag an rath a bhí uirthi ag cruthú postanna san am atá thart agus is éadocha go bhfuil siad inchurtha leis an dúshlan inniu.
rath success
" De bharr an triomaigh, ní raibh rath ar fheirm a mhuintire agus go gairid tar éis do Lula teacht ar an saol, thug a athair aghaidh ar chathair mhór São Paulo, mar a rinne na milliúin eile.
bláth agus rath success and progress
" Go deimhin, tháinig bláth agus rath ar gheilleagar na tíre.
rath success
" Tá go leor dul chun cinn déanta ag an nGaeilge le fiche bliain anuas agus tá súil agam anois go mbeidh rath i ndán don teanga.