Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
reáchtálann leithéidí run by the likes of
" Bíonn siad páirteach i seimineáir a reáchtálann leithéidí Corrymeela nó Democratic Dialogue nó an Glencree Reconciliation Centre.
á reáchtáil ag being run by
" AÓF: Conas ar thosaigh tú ar an gcláirseach? HL: Gach bliain bhí cúrsa traenála do mhúinteoirí an cheoil thraidisiúnta á reáchtáil ag Comhaltas sa Chultúrlann agus bhíodh muide ag dul ann mar fhoghlaimeoirí do na múinteoirí seo a bhí á dtraenáil.
reáchtáil imeachtaí the running of events
" ); seirbhísí oifige; reáchtáil imeachtaí sa Chlub, mar aon bainisteoireacht an Árais agus an Chlub.
imeachtaí a reáchtáiltear go sonrach events that are run especially
" Céard iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá foinsí éagsúla maoinithe againn, ina measc: spás san Áras a ligean amach ar cíos; teacht isteach ó imeachtaí an Chlub; Foras na Gaeilge; FÁS; urraíocht a bhaineann le Seachtain na Gaeilge; agus imeachtaí a reáchtáiltear go sonrach chun airgead a bhailiú.
á reáchtáil being run
" Na buntáistí ná go bhfuil tú ag sábháil ar an meán 20% ar an mbille i gcomparáid le hEircom agus, chomh maith leis sin, is comhlacht atá á reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge muid atá ag díriú ar phobal na Gaeilge.
á reáchtáil being run
" Nach léiríonn sé seo gur cuma sa diabhal le muintir na hÉireann faoi aon *"lúb ar lár" *atá ann? Agus nach maith atá a fhios ag an Aire é seo? Is cuma sa tsioc, ach an oiread, lenár gcomhghleacaithe san Eoraip (a bhfuil sé ráite go minic gur ar mhaithe leo siúd atá an reifreann á reáchtáil) faoin gceist seo.
a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit that the affairs of the State are run
" Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
reifreann a reáchtáil to run a referendum
" Tá sé i gcéist ag Ibarretxe reifreann a reáchtáil i dtreo is go mbeidh na Bascaigh ábalta a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin moladh atá aige.
reáchtálaimid imeachtaí we run events
" Bíonn lón earraigh againn agus cóisir Nollag, agus reáchtálaimid imeachtaí i gcónaí a bhaineann leis an gcomhdháil idirnáisiúnta atá le teacht.
a reáchtáladh cheana that were run already
" I gcás ealaíontóirí/eagraíochtaí áirithe, tá traidisún fada de chomhoibriú i gceist, agus is iomaí cruinniú agus comhdháil a reáchtáladh cheana faoi conas cur leis an gcomhoibriú seo.
a reáchtáladh which was run
" Roghnaíodh na healaíontóirí súl trí phróiseas inar ainmníodh 50% agus inar glacadh le 50% eile trí chomórtas oscailte a reáchtáladh idir an dá thír.
á reáchtáil being run
" Bhí ranganna Gaeilge á reáchtáil ar feadh tamaill chomh maith in Auckland (ba í Máire Áine Ní Cheallaigh as Conamara a bhí ina mbun) agus i Wellington (áit a raibh Ciarraíoch, Máire Wesley-Smith, ag múineadh) agus ag daoine eile nó in áiteanna eile, b’fhéidir, ach níl eolas ar bith agam faoi cad tá ar siúl san am i láthair.
á reáchtáil being run
" Is ceantar ilchultúrtha amach is amach é seo anois ina bhfuil siopaí agus bialanna de chuile chinéal á reáchtáil ag daoine ón Afraic, ón Áis agus as oirthear na hEorpa.
a reáchtáladh that were run
" Bheadh sé chomh maith acu a rá nár bhain na ciorcláin ach le comórtais a reáchtáladh ar an Luan agus an Mháirt! Ach bhí impleachtaí pearsanta ann fosta mar go bhféadfadh sé gur diúltaíodh ardú céime a bhí tuillte acu do státseirbhísigh a raibh Gaeilge acu mar nár cuireadh i bhfeidhm cinntí agus comhaontaithe Rialtais.
ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr running courses on every aspect of the culture
" Tá muid ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr agus ina theannta sin tá muid ag tógáil leabharlainne agus cartlainne faoin gcultúr céanna.
á reáchtáil being run
" Mí an-tábhachtach i gcónaí i gcúrsaí spóirt na hÉireann is ea mí an Mheán Fómhair, mar go mbíonn cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar siúl, ach bhí tábhacht bhreise léi i mbliana de bhrí go raibh Corn Ryder á reáchtáil sa K Club i gContae Chill Dara.
á reáchtáil trí Ghaeilge being run through Irish
" Ní féidir, sílim, luach a chur ar an ardú misnigh sin, nuair a fheiceann pobal mar phobal na Rinne go bhfuil fear áitiúil ábalta gnó a bhunú a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus an t-iomlán á reáchtáil trí Ghaeilge agus cláracha á gcur ar fáil do chainéil eile chomh maith le TG4.
Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste a public meeting was held in Belfast
" Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste an tseachtain seo caite inar cháin poblachtánaigh easaontacha seasamh Shinn Féin go binbeach.
reáchtáil muid ócáid we ran an event
" I 1986, tá mé ag ceapadh, reáchtáil muid ócáid dar teideal “Blues na Filíochta.
chun an tionscadal a reáchtáil to run the scheme
" De bhrí gur scéim phíolótach a bhí inti, d’úsáid muid í leis na bealaí is fearr chun an tionscadal a reáchtáil a aimsiú.
Reáchtálfar na cúrsaí cúig lá the five-day courses will be run
" Reáchtálfar na cúrsaí cúig lá i Sabhal Mòr Ostaig (www.
á reáchtáil ag Oideas Gael organised by Oideas Gael
" Tá Fiontraithe le Gaeilge á reáchtáil ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus ag Forbairt Feirste i mBéal Feirste.
á reáchtáil being run
" “Cad faoi sheinnt ag an bhféile seo a bheas á reáchtáil agam anseo?” ar sé.
nár reáchtáladh that wasn't run
" “Féile nár reáchtáladh le breis agus naoi gcéad bliain.
Reáchtálfar an cúrsa the course will be run
" Reáchtálfar an cúrsa i gConamara agus cuirfear tús leis i mí Dheireadh Fómhair.
a reáchtáiltear which is run
" Cheana féin tá cúrsa aistriúcháin Europus, a reáchtáiltear i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, ag baint leibhéal na máistreachta (MSc) amach agus tá céimithe an chúrsa in ardphostanna teanga ar fud na tíre agus na hEorpa.
á reáchtáil being run
" Ach deir daoine áirithe go bhfuil an iomarca cúrsaí dá leithéid á reáchtáil faoi láthair – idir chúrsaí i nDún na nGall agus Gaillimh agus chéim nua san iriseoireacht agus sa Ghaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – agus nach mbeidh go leor fostaíochta ar fáil do na rannpháirtithe ina ndiaidh.
reáchtáladh cluichí speisialta iomána special hurling matches were run
" Le hairgead a bhailiú don eagraíocht nua, reáchtáladh cluichí speisialta iomána i Learpholl agus i Londain, ar ghlac foirne Chorcaí agus Thiobraid Árann páirt iontu.
á reáchtáil ag being run by
" I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl, beidh cinn á reáchtáil ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, ag an Scoil Rince, ag Cumann Lúthchleas Gael Learphoill agus, dar ndóigh, ag Conradh na Gaeilge.
reáchtáladh reifreann a referendum was held
" Sa bhliain 1967, reáchtáladh reifreann inar chaith níos mó ná 95 faoin gcéad de dhaonra na háite vóta ar son Giobráltar a fhágáil faoi smacht na Breataine.
chostais reáchtála running costs
" Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
ag reáchtáil na bialainne running the restaurant
" Tharla sé go díreach go raibh ceangal againn ar fad leis an bhfear a bhí ag reáchtáil na bialainne ag an am.
á reáchtáil acu being run by them
" Mhaígh na póilíní, a bhí ag faire orthu ar feadh bliana, go raibh campaí traenála á reáchtáil acu i bhforaoiseacha na hUreweras, sa Bay of Plenty, agus go raibh bagairt ann go bhfeallmharófaí George W.
reáchtáladh cruinniú a meeting was held, organised
" Mar is iondúil agus príomh-airí na hAstráile ar cuairt sa Bhreatain, reáchtáladh cruinniú oifigiúil idir Rudd agus an bhanríon.
ag reáchtáil comhdhála, organising a conference
" Beidh siad ag reáchtáil comhdhála, Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh, i Nua-Eabhrac i lár na míosa seo le lucht labhartha na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh a thabhairt le chéile agus le teagmháil níos láidre a chothú idir pobail na teanga ar an dá thaobh den Atlantach.
Reáchtáladh comórtas idirnáisiúnta in interational competition was organised
" Reáchtáladh comórtas idirnáisiúnta le plean don chathair nua a choimisiúnú agus bhuaigh ailtire Meiriceánach, Walter Burley Griffin, é sa bhliain 1912.
feachtais a reáchtáil to run campaigns
" Dála Michael O’Leary agus Ryanair, is dócha, cé nach dtaitneodh an chomparáid sin leis, táim cinnte! Céard iad na tréithe a bhaineann leis, dar leis, a chuireann ar a chumas feachtais a reáchtáil go héifeachtach? “Bhuel, measaim go bhfuil na buanna seo ag gach duine ach iad a mhúscailt iontu féin.
dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta. if it was run in a more professional way.
" SnaG Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d'fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta.
le himeachtaí a reáchtáil to run events
" Ach ní féidir dul i bhfeidhm ar na daoine sin i réimsí éagsúla mura féidir ábhar a chur ar fáil dóibh – na bileoga agus araile a bhíonn de dhíth le himeachtaí a reáchtáil le linn na féile, cuir i gcás.
go gcaithfí reifreann a reáchtáil that a referendum would have to be run
" A bhuíochas sin do chás Raymond Crotty i 1987, a dheimhnigh go gcaithfí reifreann a reáchtáil dá mbeifí ag moladh flaitheas na hÉireann a thabhairt don Aontas Eorpach.
á reáchtáil running it
" Muna bhfuil tú sásta le toradh reifrinn, reáchtáil arís é agus lean ar aghaidh á reáchtáil go bhfaighidh tú an toradh atá uait.
gur chóir pobalbhreith tháscach a reáchtáil that an indicative opinion poll should be run
" Sa chéad dul síos, mhol siad gur chóir pobalbhreith tháscach a reáchtáil ina ndéanfaí tuairimí an phobail a mheas i leith an nasc bunreachtúil leis an mBreatain a ghearradh.
Reáchtálann Fiontar scéim scoláireachtaí Fiontar runs a scholarship scheme
" Reáchtálann Fiontar scéim scoláireachtaí agus tá breis eolais faoi na scoláireachtaí seo ar fáil ó Sally Ní Fhatharta in oifig Fiontar ag 01 700 5614 nó fiontar@dcu.
reáchtálfar taispeántas an exhibition will be held
" I measc na n-imeachtaí éagsúla a bheas ar siúl lena linn, reáchtálfar taispeántas ina mbeidh ealaín chomhaimseartha de chuid na hÉireann le feiceáil, beidh sraith cainteanna ar siúl ina bpléifear tionchar na Gaeilge agus na nÉireannach ar stair Learphoill agus taispeánfar cláracha faisnéise Gaeilge.
nach féidir leo mórimeachtaí a reáchtáil that they can't organise big events
" Cinnte, tá a cuid féin de spídeoirí ag na Sínigh, ach ní fhéadfadh duine ar bith a rá nach féidir leo mórimeachtaí a reáchtáil.
Reáchtáladh tionól a meeting was organized
" Reáchtáladh tionól de shliocht na ndílleachtaí seo ag Díseart Naomh Cléimint, atá corradh is céad ciliméadar siar ó thuaidh as Canberra, le comóradh céad bliain is seasca na scéime a cheiliúradh.
á reáchtáil being organised
" “Mar shampla, dá n-abrófá gur nascghabhadh na Stáit Bhaltacha, nó gur cheart easaontóirí a scaoileadh saor as an phríosún, chuirfí príosún ort, ach anois, chualathas an chaint seo ag na cruinnithe ollmhóra a bhíodh á reáchtáil agus ba iad na hollchruinnithe seo a chuidigh le deireadh a chur leis an chumannachas.
reáchtáladh was organised
" ” Go gairid tar éis chruinniú COAG, reáchtáladh comórtas sacair in Melbourne, príomhchathair Victoria, ar a dtugtar an Homeless World Cup.
reáchtáil organized
" Tugann an taispeántas ‘Bodies’, atá a reáchtáil ag an chomhlacht Mheiriceánach, Premier Exhibitions, léargas cuimsitheach dúinn ar fheidhmeanna an choirp ó thaobh dhearcadh an leighis air.
Reáchtáiltear searmanais services are organized
" Reáchtáiltear searmanais gach bliain le saoránacht a bhronnadh ar inimircigh chun na tíre.
Reáchtáladh was organized
" Reáchtáladh 318 searmanas sna cathracha agus sna bailte ar fud na tire i mbliana, agus bronnadh saoránacht ar chorradh is 13,000 duine as 120 tír éagsúla.
reáchtáladh were organized
" “Ach ansin, i mí Eanáir 2006 reáchtáladh toghcháin agus bhain Hamas an toghchán sin.
reáchtáil run, organize
" Comhdháil bhliantúil atá ann agus thig le hOllscoil ar bith cur isteach chun é a reáchtáil, ach tá an tOllamh Bakka a thabhairt go hOllscoil NUTU i dTrondheim le roinnt blianta anois - creidim cionn is go bhfuil Lochlannaigh Ríocht na hIorua chomh saibhir, agus, cinnte, bheadh roinn Ethnochoreology Ollscoil Luimnigh róbheag lena dhéanamh nó ghlacfaí foireann mheasartha mhór leis an scaifte a láimhseáil.
reáchtáiltear is organized
" Ach, tá cúis eile dar ndóigh go mbíonn deireadh seachtaine na Cincíse an-speisialta agus is é sin go reáchtáiltear Comórtas Peile na Gaeltachta áit éigin i gceann de na ceantair Ghaeltachta ag an deireadh seachtaine sin gach aon bhliain.
reáchtáladh was organized
" Páirc an Phiarsaigh I mbliana reáchtáladh an comórtas peile i Ros Muc i nGaeltacht Chonamara cúpla céad slat ó theach an Phiarsaigh.
Reáchtáladh were organised
" Reáchtáladh léirsithe ag na mic léinn in Melbourne agus Sydney le hagóid a dhéanamh i gcoinne na n-ionsaithe agus in éadan easpa ghnímh na bpóilíní.
Reáchtálann organize
" Reáchtálann siad ranganna teanga anseo san Oireachtas do na baill ar suim leo feabhas a chur a gcuid Gaeilge agus tá sé ar intinn agam freastal ar na ranganna sin nuair a bheidh na leanaí níos sine.
Reáchtáladh was organized
" Reáchtáladh comóradh mór sa bhliain 1992, áfach, le cothrom caoga bliain an fheachtais a cheiliúradh.
Reáchtáil organized
" Reáchtáil siad roinnt cruinnithe poiblí le gairid.
reáchtáil to organise
" Faoin chiste seo, bhronnfaí deontais ar fheirmeoirí sléibhe a bheadh ag iarraidh gnó a bhunú ar an tsléibhteoireacht, bíodh sé ina mhórthogra ar nós brú a thógáil nó ina ghnó beag ar nós ceapairí a dhíol, leaba agus bricfeasta a chur ar fáil, málaí a aistriú nó mionbhus a reáchtáil le daoine a thabhairt go tóin an tsléibhe.
Reáchtáladh was organized
" Reáchtáladh réimse leathan d’imeachtaí san Astráil agus sa Tíomór Thoir ar na mallaibh le ceiliúradh a dhéanamh ar eachtraí áirithe a tharla sa Tíomór Thoir sa bhliain 1999.
reáchtáiltear are organised
" Gnáthlá Oibre ag Roinnt Daoine Ní féidir le gach duine freastal ar ráschúrsa ar an lá, ámh, ach reáchtáiltear imeachtaí éagsúla le deiseanna a thabhairt dóibh siúd a bheith páirteach sa cheiliúradh náisiúnta.
reáchtáil to run, organize
" Is dóigh liom nach dtuigeann daoine an tábhacht a bhaineann leis na healaíona a reáchtáil i gceart.
reáchtáil run, organized
" B’annamh ach an oiread nach n-eitlíodh Airí rialtais go Béal Feirste nuair a bhí cruinnithe á reáchtáil sa bhaile sin, cé nach nglacann sé ach uair go leith dul ann ar an mhótarbhealach ó Bhaile Átha Cliath.
reáchtáladh were run
" Sna toghcháin áitiúla a reáchtáladh i gcaitheamh 2009, fuair FG 32% den vóta i gcomórtas le 25% do Fhianna Fáil: an chéad uair go bhfios dom, gur tháinig FG amach chun tosaigh ar FF ó bunaíodh é.
reáchtálamar we organized
" An bhféadfá Clár seo an Mháistir agus a Dhalta a mhíniú dom? LH: Nuair a bhunaigh mise agus dream d’Indiaigh Chalifornia Advocates for Indigenous California Language Survival, reáchtálamar comhdháil agus dúirt gach éinne: is éard atá uainn ná a thuilleadh cainteoirí, a thuilleadh cainteoirí; níl doiciméadú breise uainn, níl aon rud mar sin uainn, tá breis cainteoirí uainn.
reáchtáil run, organized
" Tá an comórtas nua seo á reáchtáil i gcomhar le BEO!.
Reáchtáladh was organized
" Reáchtáladh comóradh náisiúnta ar 25 Aibreán 1916 agus ainmníodh an dáta go hoifigiúil mar Lá Anzac an bhliain dár gcionn.
reáchtáil organized
" Rinne muid stocaireacht le cinntiú go mbeadh forálacha ar an chraolachán Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta, agus sa deireadh reáchtáil muid cúrsa traenála le cruthú gurbh fhéidir earnáil teilifíse a bhunú in aicearracht.
reáchtáil to run, organize
" Córas Ateangaireachta? ========== Níl aon soláthar ag Rialtas na hAlban faoi láthair le cruinnithe poiblí a reáchtáil trí mheán na Gàidhlige, ach tá sé i gceist a leithéid a chur ar fáil fá mí na Nollag 2011 i gcásanna a bhainfeadh go sonrach le cainteoirí Gàidhlige.
reáchtáil to run, organize
" Baineann an fhadhb is mó atá againn le cumas an Éireannaigh foras nó reacht a chruthú, a reáchtáil agus a fhorbairt.
reáchtálfar are run
" An Phobalbhreith ======== Nuair a reáchtálfar na fothoghcháin san earrach seo chugainn, beidh an scéal níos measa don Chomhrialtas.
reáchtálfar shall be run
" Tá deighilt mhór ar an gceist i bPáirtí an Lucht Oibre, gan aon agó, ach beidh an cheist ar an gclár oibre ag a gcéad chomhdháil náisiúnta eile, a reáchtálfar i mí na Nollag i mbliana.
reáchtálfar é shall it be made law
" An barrshaothar dá chuid, an bille um fhreagairt don athrú aeráide, tá sé curtha ar leataobh acu, agus ní fios d'éinne an reáchtálfar é, nó an reáchtálfar leagan de fiú amháin ar chor ar bith amach anseo.
as reáchtáil from running
" D’fhoghlaim mé as reáchtáil na céad bhliana agus d’éirigh linn go breá ar fad.
Reáchtáladh was run
" Reáchtáladh reifreann faoin gceist sin in 2005, ach níor glacadh leis an rún an uair sin.
reáchtáil organizing
" 
Bhí sé dubh in éadan an ruda a rinne an tAire Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta ó thuaidh, Nelson McCausland, nuair a dúirt sé gur ceart do Fhéile Bhéal Feirste, an fhéile ealaíne is mó sa tuaisceart, níos mó imeachtaí a reáchtáil a bheadh i bhfathach leis an Iosrael.
Reáchtáladh was organized
" Reáchtáladh picéad fáiltithe dó taobh amuigh de Theach Laighean nuair a ceapadh é.
imeachtaí á reáchtáil events being run
" Cá bhfios nach bhfeicfidh muid Oireachtas na Gaeilge ar ais i nDoire go fóill agus roinnt dá chuid imeachtaí á reáchtáil i seanbheairic de chuid Arm na Breataine? Is ait an buachaill an saol.
reáchtáladh was run
" Bhí Tony Abbott, atá ina cheannaire ar an bhfreasúra anois, ina Aire Sláinte ag an am a reáchtáladh an tionscnamh deireanach seo.
reáchtálann runs
" (Féach ailt Bhriain Uí Bhroin agus Robert McMillen san eagrán reatha de Beo!) Soir uainn, maítear gurb é an KGB, > FSB na linne, a reáchtálann an Rúis agus a mharaíonn iriseoirí beag beann ar aon iniúchadh nó cáineadh.
reáchtáiltear is run, organised
" Tugtar croí Ceilteach Mheiriceá Thuaidh ar an Rinn Bhriotánach, oileán ar chósta thoir thuaidh Cheanada, agus is cinnte go mbíonn cuisle láidir an chroí Cheiltigh sin le brath ag Féile na nDathanna Ceilteacha a reáchtáiltear ar an oileán san Fhómhar gach bliain.
Reáchtálfar shall be organized
" Reáchtálfar na Cluiche Oilimpeacha i Londain idir 27 Iúil agus 12 Lúnasa faoi dhianslándáil gan fasach.
Reáchtáladh léirsithe móra massive demos were organized
" Reáchtáladh léirsithe móra fud fad na tíre agus labhair Abbott ag cuid mhór acu, ag maíomh nach raibh sa reachtaíocht ach gotha gan bun ná barr air leis an Páirtí Glas a shásamh.
reáchtáladh cruinnithe meetings were organised
" Chaith an coiste bliain ag taisteal timpeall na tíre ina gclár comhairliúcháin agus reáchtáladh cruinnithe in 84 áit éagsúla.
Reáchtáladh pobalbhreith a poll was taken
" Ag Ullmhú don Reifreann =========== Reáchtáladh pobalbhreith ar an moladh go ndéanfaí athrú ar an mbunreacht le haitheantas a thabhairt don mhuintir dhúchais go díreach tar éis fhoilsiú na tuarascála thuas agus léirigh na torthaí gur thacaigh dhá dtrian de na rannpháirtithe leis.
a reáchtáil being run
" **SÓC: An mbeidh an lá ann a mbeidh na comórtais a reáchtáil i gceann de na cathracha seo?** MMGE: Ní thig liom dul san áit sin; sa tsaol seo níor chóir duit rud ar bith a fhágáil amuigh.
a reáchtáladh which was organized
" D’fhreagair sé go raibh ardú mheán an sainuimhir intleachta ag tarlú sa dá thír dá bharr! Lá ’le Pádraig i gCathair Séanna ================= Thug Julia Gillard, Príomh-Aire na hAstráile, aitheasc croíléiseach ag dinnéar ollmhór a reáchtáladh in Sydney le Lá ’le Pádraig a cheiliúradh i mbliana.
Reáchtáladh cruinniú mullaigh a summit meeting was organized
" Reáchtáladh cruinniú mullaigh d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) i Chicago i mí na Bealtaine inar chíor na ceannairí straitéis scoir a dtrúpaí as cogadh na hAfganastáine.
Chraobh na hIbéire a reáchtáil to organize the Iberian Championship
" Cúrsaí caide faoi deara é seo, óir ba é an chéad uair ag cumann na peile Gaelaí abhus, Os Fillos de Breogán, comórtas de chuid Chraobh na hIbéire a reáchtáil.
Reáchtáladh was organized
" Reáchtáladh an dara hionchoisne cróinéara bliain ní ba dhéanaí agus moladh ann go gcúiseofaí Lindy as dúnmharú a hiníne agus Michael as a bheith ina cúlpháirtí tar éis an ghnímh.
Reáchtáladh was run
" Reáchtáladh an taispeántas seo san Iarsmalann Náisiúnta abhus in Canberra anuraidh (Eagrán 121, Bealtaine 2011) agus bhí tuairim is 500 réad uathúla ann le léargas a thabhairt ar scéal na nÉireannach abhus.
Reáchtáladh preasagallamh a press conference was organised
" Reáchtáladh preasagallamh leis an tuarascáil a eisiúint agus labhair an tAire Inimirce, Chris Bowen, ann faoi na tíortha as ar tháinig an líon is mó de na hinimircigh chun na hAstráile.
Reáchtáladh coiste cróinéara a coroner’s court was held
" Reáchtáladh coiste cróinéara ar bhás Bebensee in Darwin tar éis na trialach agus níor chuir an cróinéir fiacail ann ina thuarascáil.
ag reáchtáil cruinnithe dá gcuid anseo organizes meetings here
" "Rud a chuir iontas orainn, ná go mbíonn Comhlachas Tráchtála na cathrach ag reáchtáil cruinnithe dá gcuid anseo.
imeachtai a reáchtáil to organize events
" Beidh cead fosta ag fógróirí cuid den droichead a úsáid lena mórchlár fógraíochta a chrochadh fad a mhairfeas an t-athchóiriú seo agus chomh maith le seo, beidh cead acu imeachtai a reáchtáil i bPiazza San Marco agus i bPálás an Dóig.
Reáchtáiltear mórshiúlta large parades are organised
" Reáchtáiltear mórshiúlta i ngach cathair fud fad na tíre tar éis na gcluichí le comhghairdeas a dhéanamh leis na rannpháirtithe iontu, leo siúd a bhuann boinn go mór mór.
na himeachtaí uilig á reáchtáil the entire process to be performed
" Ina bhreithiúnas siúd, rialaigh an Breitheamh Henchy go raibh láncheart ag cosantóir a chuid fianaise agus fianaise finnéithe eile a chur os comhair na cúirte trí mheán na Gaeilge, ach nach raibh aon chead aige a éileamh go mbeadh na himeachtaí uilig á reáchtáil i nGaeilge.
Reáchtáladh was run
" Reáchtáladh dojo do pholaiteoirí sa Dáil i Mí Iúil agus ghuigh an Taoiseach Enda Kenny gach rath ar an bhfeachtas.
Roimhe sin reáchtáladh cruinnithe meetings were organized prior to that
" Roimhe sin reáchtáladh cruinnithe le tuismitheoirí lena gcuid tuairimí a fháil.