Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
reilig na cille the graveyard of the church
" Raghaidh éinne a chuirtear i reilig na cille sin go díreach go neamh, gan aon bhaol súil a leagadh ar Ifreann ná ar Phurgadóir.
reilig mheigiliteach megalithic graveyard
" Tugtar reilig mheigiliteach air, ach níl sé sin cruinn mar chur síos.
reilig graveyard
" Ná ní thógfadh an sagart paróiste leis í le cur sa reilig nuair nach bhféadfadh sochraid iomlán agus searmanas a bhaint aisti.
reilig mórán long the graveyard of many ships
" Tá sé dochreidte gur chuir tú ceist orm faoi sin! Sílim go bhféadfainn dul agus an trá fhada Outermost a shiúl: na riasca, na dumhcha, na maidhmeanna fiáine toinne - reilig mórán long - na míolta móra caite i dtír uaireanta, an tsnámhraic agus an muirchur, reilig ag ceann amháin di ina bhfuil coirp gaolta agus cairde curtha, agus na tithe solais aonair atá mílte óna chéile ar dhroim an Outermost.
reilig graveyard
" Is leagan nua-aimseartha é seo d'úsáid cailce agus páipéir chun an scríbhneoireacht atá greanta i gclocha (i reilig, mar shampla) a dhéanamh níos soiléire.
reilig graveyard
" Baintear úsáid as an suíomh mar reilig go fóill, agus bhuail mé le cúpla duine a bhí ag tabhairt cuairte ar uaigh a muintire.
reiligí graveyards
" Bíonn réimse maith áiteanna i gceist, ina measc caisleáin agus tithe ceann tuí, eaglaisí agus iar-mhuilte lín, reiligí agus príosúin.
reilig graveyard
" Nuair a rinneadh tochailt ar an láithreán, fuarthas reilig mhór ón ré Luath-Chríostaí, agus búcla cré-umha agus rudaí eile ón 7ú nó 8ú haois.
fuarthas reilig mhór a big graveyard was found
" Nuair a rinneadh tochailt ar an láithreán, fuarthas reilig mhór ón ré Luath-Chríostaí, agus búcla cré-umha agus rudaí eile ón 7ú nó 8ú haois.
reilig graveyard
" Bhí an reilig seo go hálainn ach bhí sé pianmhar agus brónach bheith ansin.
reilig áitiúil local cemetry
" Tá sé curtha sa reilig áitiúil i measc a mhuintire féin.
phlódaithe is a bhíonn reiligí na tíre how crowded the cemeteries of the country were
" Ach ba é ba mhó a chuaigh i gcion orm tar éis dom an Pholainn a bhaint amach i mí Dheireadh Fómhair 2003 ná a phlódaithe is a bhíonn reiligí na tíre ar an 1 Samhain, Lá na Naomh Uile.
nach dtugann aghaidh ar reilig who doesn't head for a cemetery
" Ar an lá seo dírítear lánaird ar Pholannaigh nach maireann agus is beag duine nach dtugann aghaidh ar reilig le coinnle a lasadh nó bláthanna a chur ar uaigh.
agus cuairt a thabhairt ar an reilig áitiúil and to visit the local cemetery
" "Chuaigh an teaghlach go léir, mar is nós linn, go dtí an baile ina bhfuil cónaí ar mo sheanmháthair leis an lá a chaitheamh léi agus cuairt a thabhairt ar an reilig áitiúil ina bhfuil mo sheanathair curtha.
an reilig is cáiliúla the most famous cemetery
" Cosúil leis na mílte eile rinne mé ar Powazki, an reilig is cáiliúla sa Pholainn.
i Reilig Ghlas Naíon, in Glasnevin Cemetery,
" Nochtfar leacht ar uaigh Maguire (1956-1987) i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh, 4 Feabhra ar 2.
reilig Chaitliceach Learphoill Liverpool's Catholic graveyard
" Níl trácht ar bith ar Bhéaslaí sa leabhar seo agus chuir Ó Siadhail an cheist: "*How easy is it for someone to fall between the cracks? What's a life worth*?" Thug Pádraig Ó Siadhail cuairt ar reilig Chaitliceach Learphoill, áit a bhfuil leacht a tógadh mar chuimhneachán ar Éirí Amach na bhFíníní in 1867.
reilige cemetery
" Shuigh mé síos le mo lón a ithe ag geata reilige ar an bhealach amach as an bhaile mar bhí suíochán deas ann agus foscadh le fáil ón ghrian.
reilig cemetery
" Uaigheanna go híor na spéire Níl aon chuid den champa míleata ina sheasamh anois ach tá reilig mhíleata ann ina bhfuil os cionn 11,000 saighdiúir agus lucht ospidéil as tíortha éagsúla an Chomhlathais curtha ann.
reilig a cemetery
"reilig ann freisin ina bhfuil níos mó ná 1,500 saighdiúir Meiriceánach curtha, saighdiúirí a fuair bás de bharr a gcuid créachtaí nó den Fhliú Spáinneach ag deireadh an Chogaidh Mhóir in ospidéil na príomhchathrach.
Reilig na Cathrach city cemetery
" Bhí sé in éadan comharthaí dátheangacha a bheith crochta in airde i Reilig na Cathrach i mBéal Feirste.
reilig cemetery
" Tá sé curtha i reilig Ghlasnaoín, Baile Átha Cliath.
reilig cemetery
" Tá sé curtha in uaigh na mbochtán sa reilig i Walton, áit a bhfuil mé fein i mo chónaí.
reilig graveyard
" Sa chomhthéacs seo, níl muid ag caint ar íospartaigh an Ghorta amháin ach ar na reiligí go léir agus iad lán d'uaigheanna atá coinnithe go maith.
reilig cemetery
" Chuir muintir na háite an-dóchas san Fhéile a tháinig ar an saol nuair a bhí bunadh iarthar Bhéal Feirste in ísle brí i ndiaidh dhúnmharaithe Ghiobráltar, ionsaí Michael Stone ar an reilig agus marú thar a bheith poiblí bheirt shaighdiúirí ar Bhóthar Andarsain.
reilig neamhghnách an unusual cemetery
" Tamall gearr ón áit inar baisteadh Íosa tá reilig neamhghnách.
reilig cemetery
" Ní fios go díreach cá’il a uaigh ach go bhfuil sé sa reilig ar an bhFiacail.
Ciúnas na Reilige a deadly silence
" Ciúnas na Reilige ========= Ach tá na blaganna Gaeilge ar fiú iad a léamh tearc go maith, anois.
na reiligí faoi thalamh seo these underground cemeteries
" Cé go samhlaítear an focal “catacóm” leis an Impireacht Rómhánach, ní sa Róimh amháin a fhaightear na reiligí faoi thalamh seo, gan amhras, ach i mbeagnach gach tír a bhfuil cathracha móra.
reilig cemetery
" Agus is maith is cuimhin le gach mac léinn bunscoile inniu na nathanna eile uaidh; *‘the Father of Waters goes again unvexed towards the sea’*, *‘the quiet dogmas of the past’*, *‘ a new birth of freedom’*, mar aon leis an sainmhíniú simplí doimhin ar an ndaonlathas dar thairg sé féinig i reilig Gettsburg, *‘government of the people, by the people, for the people’*.
sa reilig chéanna in the same cemetery
" An tAthadhlacadh ======== Cuireadh na taisí an lá dár gcionn in Greta, baile fearainn in aice le Wangaratta, sa reilig chéanna inar cuireadh a mháthair agus a mhuintir.
faoin gcaoi nach gcuirtí sa reilig sin iad it wasn’t the practice to bury them in that graveyard
" Bhí clár eolais sa tseanreilig i lár chathair Bhoston ag tabhairt eolais faoin chine gorm agus faoin gcaoi nach gcuirtí sa reilig sin iad mar bhí ceann dóibh féin i dtuaisceart an bhaile sa seanam.
trasna na reilige across the cemetery
" Ghlaoigh sí láithreach ar a cara Hayden (nach bhfuil Gaeilge aige), a bhí trasna na reilige agus i mbarr a gutha ghlaoigh as Béarla "A Hayden - níl Gormaigh ar bith sa reilig seo!" Ní phléitear cine i Meiriceá go poiblí, agus is é an t-ábhar is conspóidí i Meiriceá go fóill é, déarfainn, ach bhí Ána agus a comhdhaltaí ag foghlaim faoi stair an chine ghoirm le déanaí ar scoil, óir is é Feabhra "Mí Stair an Chine Ghoirm" i Meiriceá.
i reilig éigin in some cemetery
" Nuair a chríochnaigh beirt ag caint lena chéile i reilig éigin ag tús Ulysses, dúirt Leopold Bloom leis féin: “*On his wise shoulders through the checkerwork of leaves the sun flung spangles, dancing coins*.
léigh sé í os ard sa reilig he read it aloud in the cemetery
" Níor shroich an fealsúnaí William James sochraid a athar, ach nuair a tháinig sé abhaile chum sé litir dá phater muirneach agus léigh sé í os ard sa reilig.
Chuala na hioraí rua reilige the cemetery’s red squirrels heard
" Chuala na hioraí rua reilige é seo: *“And it comes strangely over me in bidding you goodbye how a life is but a day and expresses mainly but a single note, it is so much like the act of bidding an ordinary goodnight.
reilige Caitlicí is ársa oldest Catholic graveyard
" A Thiarcais! Sin seoladh na reilige Caitlicí is ársa san Astráil.
reilig áitiúil local cemetery
" Maíonn fear eile “go bhfaca” sé duine sa reilig áitiúil maidin fhliuch amháin, duine a fuair bás cúpla lá ní ba luaithe agus a bhí cúisithe as ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín sa sráidbhaile.
reiligí na Polainne the cemeteries of Poland
" Tugann an t-uafás daoine aghaidh ar reiligí na Polainne ar an gcéad lá de mhí na Samhna, mar a mhíníonn Alan Desmond.
d’fhág ‘an reilig mhéith filled the cemetery
" Chonaic Tony Birtill Nollaig bhog a d’fhág ‘an reilig mhéith’ agus méala ar na Gaeil i Learpholl.
i reilig Gael in an Irish cemetery
" Fuair Pat Butler lón machnaimh i reilig Gael sa domhan theas ag Parramatta na hAstráile.