Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht that religion and politics were synonymous
" Nuair a bhí cinneadh le déanamh an mbeadh Fear Manach mar chuid den Saorstát nó den Ríocht Aontaithe, bhí an cinneadh a rinneadh bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh 1911; agus de bharr gur ghlac daoine leis gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht, tá Fear Manach fós sa Ríocht Aontaithe.
doicheall roimh an reiligiún hostility toward religion
" Ag lua an Bhunreachta le tacú lena seasamh, deir AU nach léiríonnn an fhealsúnacht scarúnach seo "doicheall roimh an reiligiún", ach go bhfuil sé mar aidhm aici a chinntiú "go bhfanfaidh an rialtas neodrach maidir le ceisteanna reiligiúnda, agus go bhfágfar cinntí a bhaineann le Dia, le creideamh, agus le freastal ar ionaid adhartha i lámha na saoránach" (http://www.
a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh who will turn their back on the religion
" Ní dóigh liom go bhfuil mórán Caitliceach a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh díreach mar gheall ar an scannán *The Da Vinci Code* a fheiceáil.
creideamh mionlaigh minority religion
" **creideamh mionlaigh**Bhí an-iontas orm nuair a tháinig mé ar shéipéal mór Caitliceach, atá suite in aice leis an bhrú.
ana-fhiosúil faoin gcreideamh sin very knowledgeable about that religion
" Cén fáth ar scríobh sé dráma faoin Phrotastúnachas, go háirithe nuair is Caitliceach é féin? “Is é an fáth gur scríobhas *Protestants* ná go rabhas riamh ana-fhiosúil faoin gcreideamh sin – más féidir creideamh a thabhairt air – agus faoin athrú mór sin a tháinig chun cinn sa 16ú céad san Eoraip, arb é an Protastúnachas a ainm.
bunaithe ar chreideamh based on religion
" Tá scoileanna atá bunaithe ar chreideamh á ndruid mar gheall ar thitim i líon na ndaltaí in áiteacha a mbeadh scoil amháin imeasctha inmharthana.
eaglais church, religion
" Mormannach is ea Mitt Romney agus tá go leor de Chríostaithe Mheiriceá – atá báúil don Pháirtí Poblachtach i bhfad níos mó ná don Pháirtí Daonlathach – den tuairim gur seict aisteach é an eaglais seo.
bunaithe ar chreideamh. based on religion.
" "Bhí seanmhana ag aontachtaithe a dúirt gurbh ionann *Home Rule* agus *Rome Rule*, is é sin, go mba dhrochrud é an córas rialtais a bheadh bunaithe ar chreideamh.
ar son a gcreidimh for their religion
" Thug siad le fios le linn na dtrialacha go raibh siad bródúil as an ról a bhí acu ag troid ar son a gcreidimh.
chreidimh of religion
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil brú faoi chois an chreidimh i gceist, leis.
creidimh religions
" Cé go bhfuil an Chríostaíocht faoi bhláth in Ogoniland, tá greim daingean fós ag na creidimh thraidisiúnta ar aigne na ndaoine.
chreideamh religion
" Beidh eolas ar an chreideamh a bhí acu, agus ar a slí bheatha, agus beidh eolas ar dhaoine eile a bhí sa teach leo ar oíche an daonáirimh.
creidimh religion
" Ní tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí creidimh.
creideamh an fhuatha the religion of hate
" Ar ndóigh, tá conspóid go leor dúisithe faoin mbeartas faoi láthair, le daoine ag rá gurbh é Ioslam ba chúis leis an ionsaí, agus nach mbeadh sa mosc ach séideadh stoc an bhua do "creideamh an fhuatha", mar a thugann Jim Riches, leascheannaire Sheirbhís Dóiteáin Nua-Eabhrac, air.
a creideamh her religion
" Dúradh léi go mbeadh uirthi €500 a íoc le rialtas na hÉireann in aghaidh na míosa dá mba mhaith léi a creideamh a chleachtadh.
dílis dá gcreideamh loyal to their religion
" 
Tá an creideamh anois mar chlár bia à la carte agus ní fheiceann a lán Caitliceach fadhb ar bith a gcuid páistí a chur chuig scoil Stáit agus iad a bheith dílis dá gcreideamh ag an am chéanna.
sainchreidimh individual religions
" Ainneoin go bhfuil an Eaglais Chaitliceach in ísle brí - mar thoradh ar na oilbhéimeanna éagsúla san Eaglais Chaitliceach - ach ná déanaimis dearmad go bhfuil na sainchreidimh Phrotastúnacha faoi bhrú ag an saoltachas chomh maith.
chreideamh ann féin religion in itself
" An raibh aon eachtra amháin i gceist nó ar shraith tarlúintí a thit amach a chinn gur thugais droim láimhe don chreideamh i saol iarbháis, nó don chreideamh ann féin?** SÓhU: Bhíos sna Stáit Aontaithe nuair a bhí an cogadh ar siúl go tréan.
creideamh religion
" Iad siúd a bhfuil creideamh acu tá a bhformhór mór ina mball den Eaglais Shoiscéalach Liútarach.
chreidimh religion
" Tá éagsúlacht chine, chreidimh agus saoil mar dhlúthchuid de shaol na ndaoine abhus.
creidimh of religion
" 
Is é ról an ÚCÉ, a bunaíodh i 2009, "a chinntiú go bhfreastalaíonn an líon agus catagóirí na seirbhísí craolacháin a chuirtear ar fáil sa stát ar an gcaoi is fearr ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cuimhniú i gcónaí ar a dteangacha, ar a dtraidisiúin agus ar a n-ilchineálacht creidimh, eitice agus saíochta.
Iompó Creidimh change of religion
" * Iompó Creidimh mar Réiteach ar an Scéal ===================== Tá sé scathamh fada ó d’éirigh mise as a bheith ag cleachtadh an chreidimh lenar tógadh mé agus b’fhéidir gur dána an mhaise domsa a bheith ag cur mo ladar isteach sa scéal, ag moladh réitigh do dhaoine a bhfuil an creideamh fós acu.
chreidimh religion
" * Iompó Creidimh mar Réiteach ar an Scéal ===================== Tá sé scathamh fada ó d’éirigh mise as a bheith ag cleachtadh an chreidimh lenar tógadh mé agus b’fhéidir gur dána an mhaise domsa a bheith ag cur mo ladar isteach sa scéal, ag moladh réitigh do dhaoine a bhfuil an creideamh fós acu.
beag beann ar chreideamh regardless of religion
" Ach seo muid ag caint ar an scoilt sheicteach nuair atá deis ag Robinson, an DUP agus Sinn Féin seasamh le baill an phobail beag beann ar chreideamh nó ar dhearcadh polaitíochta.
saoirse creidimh freedom of religion
" Creideann Liobraígh i saoirse creidimh, ginmhealladh, agus cead drugaí a thógáil, rudaí a chuireann olc ar formhór na bPoblachtánach.
an chreidimh of religion
" Cuireann sé an-bhéim ar na tosca aiceanta, tíreolaíochta a raibh tionchar acu ar na céimeanna nó ar na hathruithe ar nós tosca aeráide, ithreach agus fásra agus tosca cultúir ar nós na scríbhneoireachta agus an chreidimh.
creidimh of religion
" I leabhair ficsean eolaíochta Margaret Atwood, is aistriú sochaí, creidimh nó polaitíochta a tharraingíonn an ghloine dhorcha idir sinn agus ár staid bheatha.
bunaithe ar an chreideamh a bhí agat based on your religion
" I measc na gCaitliceach, meabhróidh siad go bhfuil siad ar ais chuig na seanlaethanta réamh-Thrioblóide nuair a fuair tú teach bunaithe ar an chreideamh a bhí agat - Protastúnach.
creideamh religion
" Ní fios na deasghnátha a chleacht siad anseo ar an iargúil, cén teanga a labhair siad, ná cén creideamh a bhí acu.
chreidimh dhúchais native religions
" Meascán den Chaitliceachas, de chreidimh dhúchais na hAmasóine agus ruainne de na creidimh Afra-Bhrasaíleacha atá sna creidimh Santo Daime.
faoina gcreideamh about their religion
" Ag Déanamh Chailleach an Uafáis ======= Cuireadh go mór lena daoradh sna meáin nuair a foilsíodh scéalta faoina gcreideamh, Ateachtaigh an tSeachtú Lá.
solas an chreidimh chirt the light of the true religion
" Ní miste dúinn ár ndícheall a dhéanamh solas an chreidimh chirt a shoilsiú ar dhílseánaigh bhochta an Phápa.
idir chreideamh agus pholaitíocht both in religion and politics
" Ní maith liom an focal seicteachas mar ceileann sé bunfhadhb an tuaiscirt - an frith-Chaitliceacheas, idir chreideamh agus pholaitíocht.
sainchreidimh specific religions
" Tá Críostaithe na Siria, lena n-áirítear na sainchreidimh Chríostaí is sine ar domhan, i gcruachás ceart, iad gafa idir fhórsaí an fhreasúra agus arm na Siria.
a raibh an creideamh ceart acu who had the correct religion
" Bogadh na Palaistínigh de leataobh agus tugadh isteach lucht plandála, teaghlaigh as gach cearn a raibh an creideamh ceart acu.
nuair a d’áirigh sé a chreideamh when he enumerated his religion
" mar sin tharla gur Phoblachtánach é ina leagan amach polaitíochta, gur Ghael é ina theanga agus nuair a d’áirigh sé a chreideamh, cúlra staire a mhuintire, taobh tíre a thógála srl.
lena seanchreideamh with their old religion
" D’fhan na Sean-Ghaill lena seanchreideamh, ní a dhealaigh iad de réir a chéile le lucht cinsil nua na tíre, na Nua-Ghaill agus óna dtailte féin dá réir.
Ní leideadh iontaofa creidimh an duine ar one’s religion is not a reliable lead about one’s (background)
" Ní leideadh iontaofa creidimh an duine ar chúlra an duine ná ar dhearcadh an duine, bíodh gur samhlaíodh creidimh éagsúla le héagsúlacht féiniúlachta, ó thuaidh agus ó dheas, ó leagadh síos teorainn an dá stát.
Síocháin Traschreidimh peace among religions
" Síocháin Traschreidimh ======= Ní inniu ná inné a tháinig ann don teannas idir Chríostaithe agus Mhoslamaigh.
níos dílse don cheartchreideamh more loyal to the true religion
" ” Ach, mar is dual don duine (ná don eagraíocht) a thiontaíonn ar an chreideamh ceart, beidh na bainc s’againne níos dílse don cheartchreideamh ná na dílseoirí is dílse amuigh.
nach raibh creideamh ar bith agam that I didn’t have any religion
" Déanta na firinne agus mé ag fás aníos, bhí mé thar a bheith bródúil as nach raibh creideamh ar bith agam mar ba é an creideamh ba bhun le cuid mhór den olc sa tsochaí thart orm - an seicteachas agus rudaí eile a chuir samhnas orm - a bhí in ainm is a bheith Críostúil.
an creideamh mar bhunchloch having religion as the foundation
" Agus an creideamh mar bhunchloch bhunús na n-aontachtach, ní raibh seans ar bith ann go n-éireodh leis an bhille.
de dheascaibh a gcreideamh i gcoinne due to their religion being against
" Dhiúltaigh tuismitheoirí an linbh cead a thabhairt de dheascaibh a gcreideamh i gcoinne aistriúchán fola.
comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin a very important symbol of one religion
" *” Theip air anseo aon thagairt a dhéanamh dos na hailt eile sa Bhunreacht céanna a thug aitheantas sollúnta don “Tríonóid Naofa”, comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin nó dos na hailt a thug cead don Eaglais Chaitliceach airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste, airgead a úsáidtear chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.
chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh to teach the basic rules of that religion
" *” Theip air anseo aon thagairt a dhéanamh dos na hailt eile sa Bhunreacht céanna a thug aitheantas sollúnta don “Tríonóid Naofa”, comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin nó dos na hailt a thug cead don Eaglais Chaitliceach airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste, airgead a úsáidtear chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.
Bhaintí mífheidhm as creideamh religion was abused
" Bhaintí mífheidhm as creideamh i bpolaitíocht na tíre seo na blianta ó shin.
ach laistigh den chreideamh féin but within the religion itself
" **SMM: Ar bhun seicteach?** RM: Ar bhealach, ach laistigh den chreideamh féin.
bíodh plé faoin gcreideamh let there be a discussion about religion
" Má tá plé le bheith ann faoin gcreideamh, bíodh plé faoin gcreideamh, ach má tá plé le bheith ann faoin gceart agus faoin meas a bheith againn ar an mbeatha, fiú i gcásanna deacra, fanaimist leis an díospóireacht sin.
deireadh le ‘Bliain Creidimh an end to the year of religion
" Chuir an ceiliúradh seo deireadh le ‘Bliain Creidimh’ a thosaigh an Pápa Bheinidict XVI i 2012 agus a chuir i gcuimhne do Chríostaithe an bhaint atá acu le traidisiún fada a théann siar go dtí Naomh Peadar, an chéad Phápa, iascaire bocht agus deisceabal, a fuair bás ar son a chreidimh sa Róimh 1,950 bliain ó shin.
a dtacaíonn go leor leor creideamh éagsúla léi which many religions ascribe to
" Tugann teachtaireacht na Nollag, teachtaireacht a dtacaíonn go leor leor creideamh éagsúla léi, cuireadh dúinn chun aire a thabhairt dá chéile agus a bheith – i gciall na heiticiúlachta – mar chúramóirí a chéile.
An Creideamh ina Pholaitíocht religion as politics
" An Creideamh ina Pholaitíocht ========== Ábhar aiféaltais a bhí ann don DUP ach níor fáth ar bith iontais é do pháirtí ina bhfuil an creideamh bunchreidmheach agus an pholaitíocht measctha do dlúth ina chéile.
ina bhfuil an creideamh bunchreidmheach whose religion is fundamentalist religion
" An Creideamh ina Pholaitíocht ========== Ábhar aiféaltais a bhí ann don DUP ach níor fáth ar bith iontais é do pháirtí ina bhfuil an creideamh bunchreidmheach agus an pholaitíocht measctha do dlúth ina chéile.
i dtaca le creideamh de in regard to religion
" ) Agus is beag athrú atá i ndiaidh theacht ar Paisley ó shin i leith i dtaca le creideamh de.
creidimh éagsula various religions
" Agus na forálacha a bhaineann le roinnt cumarsáidí idir an Stát agus creidimh éagsula in Éirinn á scagadh ag na cigirí bunreachtúla mór le rá, scríobh said: *“Broadly speaking, the existing provisions of Article 44 are satisfactory and have worked well.
chur i gcoinne maoiniú creidimh to oppose financing religion
" Má dhéanann breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i 2008 i Louise O’Keeffe vs Leo Hickey, The Minister for Education and Science, Ireland and the Attorney General rud fiúntach ar bith, tugann sé le fios dúinn gur gealltanas bréagach é an gealltanas sin a chur i gcoinne maoiniú creidimh.
beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht impervious to religion or politics
" Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge, measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.
chruthú go bhfuil aon chreideamh amháin aige prove that he has one particular religion
" Eascraíonn gach dochar is gach sochar (bíodh gur leis na hIosraelaigh amháin a bhaineann taobh an tsochair sa Phalaistín) as aon rud amháin: córas cinedheighilte an stáit, córas a chuireann éinne as áit ar bith ar domhan, chun tosaigh ar gach éinne eile má thig leis nó léi a chruthú go bhfuil aon chreideamh amháin aige nó aici.
an-raidhse creideamh a great amount of religions
" Bhí córas na hInde leagtha amach go breá rompu ón tús lena gcuid uasaicmí agus íosaicmí agus an-raidhse creideamh chomh maith.
gur fearr le creidimh sní religions prefer to move
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag amharc ar an tsiocair gur fearr le creidimh sní faoin talamh scaití.