Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
measadh riachtanais needs were estimated
" Dúirt daoine liom gur chuimhin leo grúpaí a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach, leithéidí Ridirí Colambanus, ag moladh do Chaitlicigh a gcreideamh a líonadh isteach sna foirmeacha ar an ábhar, dar leo, go raibh an Stát athraithe agus gur measadh riachtanais maidir le seirbhísí oideachais, sláinte agus cultúir de réir fhigiúirí an daonáirimh.
riachtanais teanga language needs
" Is dúshlán mór é seo, ós rud é nach mbeidh gach Rannóg Stáit iomlán dearfach faoi fhreastal ar riachtanais teanga an phobail.
riachtanais needs
" Cuireann siad brú leanúnach ar an rialtas freagracht a ghlacadh as nithe sóisialta, déanann siad iarracht riachtanais grúpaí áirithe atá ar an imeall a chur chun cinn, féachann siad ar na fadhbanna a d'fhéadfadh a bheith againn sa todhchaí, agus gan dabht, cuireann siad seirbhís ar fáil do dhaoine gan dídean.
riachtanais needs
" I gcomhthéacs na n-athruithe sóisialta, polaitiúla, reachtacha agus eacnamaíocha i dtuaisceart Éireann le blianta beaga anuas, tá géarghá lenár leithéid: eagras aontaithe, straitéiseach, atá in ann obair leanúnach a dhéanamh le freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge.
riachtanais needs
" "Bíonn ionsaithe fisiceacha agus creachadóireacht ann fosta, agus ciníochas institiúdach - ní smaoiníonn siad ar riachtanais phobal s'againne.
riachtanais needs
" Aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann leis an obair a dhéanaimid agus tá gá i gcónaí le breis acmhainní a sholáthar d'fhonn freastal cuimsitheach a dhéanamh ar riachtanais na scoileanna agus lucht foghlama agus léite na Gaeilge i gcoitinne.
riachtanais needs
" Tá breis agus 2,000 eagras deonach sa tír, iad ar fad ag freastal ar riachtanais sheanbhunaithe agus ar riachtanais nua-aimseartha ar nós seirbhísí tacaíochta do theifigh.
riachtanais needs
" Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint mhaith ag foireann na rannóige ar gach clár agus ar na riachtanais a bhaineann leis.
ag aimsiú na riachtanas finding out the needs
" Idir an dá linn, tá na teagascóirí ag comhoibriú le Breacadh, ag aimsiú na riachtanas atá ann ó thaobh ábhair phraiticiúil theagaisc de, le gur féidir le Breacadh ábhar tráthúil, éifeachtach a fhorbairt d'fhoghlaimeoirí fásta litearthachta sa Ghaeltacht.
riachtanais speisialta special needs
" Seisear atá ar an fhoireann atá ag déanamh an taighde i dteannta leis an Ollamh Smithers agus beidh siad ag obair le 3,500 múinteoir, idir mhúinteoirí bunleibhéil agus dara leibhéal agus iad siúd a bhíonn ag plé le riachtanais speisialta ar fud na tíre.
riachtanas need
" Eagraítear cúrsaí do gach riachtanas agus aoisghrúpa, ó chúrsaí do pháistí bunscoile go cúrsaí do dhaoine fásta.
riachtanais bheatha living needs
" Is é ár dtuairimne go bhfuil oileán na hÉireann mór go leor le freastal ar riachtanais bheatha gach duine, bíodh siad ag iarraidh a bheith ina gcónaí i gcathracha agus i mbailte móra, nó faoin tír.
riachtanais speisialta special needs
" Mar shampla, tá sé de dhualgas ar na Gardaí scrúdú a dhéanamh ar chúlra aon duine a chuireann isteach ar phost i mbord sláinte, ina bhfuil sé i gceist go mbeadh sé ag plé le páistí, nó aon duine a chuireann isteach ar phost in eagraíocht a bhíonn ag plé le páistí ag a bhfuil riachtanais speisialta.
riachtanas needs
" Bíonn teagmháil againn go minic leis na Gaelscoileanna áitiúla faoina gcuid riachtanas - leabhair, póstaeir bhalla, téipeanna, etc.
riachtanais needs
" É sin ráite, ar cheart dúinn a bheith ag smaoineamh ar riachtanais eacnamúla agus síochána s'againn féin amháin nó an bhfuil cinneadh le déanamh maidir le moráltacht an ghnímh chogaidh? Tá sé soiléir go bhfuil go leor de lucht na polaitíochta agus den phobal in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa ag iompú i gcoinne na Stát Aontaithe agus feachtas na tíre in éadan na hIaráice.
caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo the needs of this community must be catered for
" Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge ag neartú de réir a chéile ach caithfear freastal ar riachtanais an phobail seo.
riachtanais needs
" Cé go bhfuil tithe altranais do sheandaoine le fáil in Éirinn, agus grúpaí gníomhaíochtaí a dhéanann freastal ar riachtanais daoine níos sine, níl an bhéim chéanna ar phobail lánaimseartha cónaithe atá cruthaithe go speisialta do lucht scoir.
ag freastal ar riachtanais oiliúna gairmiúla catering for the professional training needs
" Tá siopa leabhar agus ceardaíochta - Ogmios - ag soláthar áiseanna do scoileanna agus do chliaint ar fud fad na tíre agus tá tionscadal ceannródaíoch, Gairm, ag freastal ar riachtanais oiliúna gairmiúla phobal na Gaeilge agus ag cur na Gaeilge chun cinn sa áit oibre.
mhór-riachtanais shóisialta vast social needs
" Tá ciall leis an suíomh sin, nuair a smaoiníonn tú ar mhór-riachtanais shóisialta na n-inimirceach Éireannach a bhí ag cur fúthu i Five Points.
riachtanais needs
" Tá roinnt oibre déanta cheana féin ar an gcoincheap seo ach ní mhothaíonn Nic Pháidín go bhfuil an plé tar éis díriú ar na ceisteanna is tábhachtaí, is iad sin an fhís, an fhealsúnacht a bheidh taobh thiar de agus riachtanais na mac léinn féin.
chun freastal ar riachtanais to cater for the needs (of)
" Áiseanna, imeachtaí agus cúrsaí nua a bheith ar fáil chun freastal ar riachtanais fhoghlaimeoirí agus phobal na Gaeilge.
riachtanas necessities
" Tá droch-cháil ag teacht ar Éirinn de dheasca phraghas an lóistín, an bhia, na dí agus na riachtanas eile beatha.
mhúinteoir riachtanas speisialta special needs teacher
" Agus seo an rud a tharla: tháinig an scéala amach an mhí seo caite go raibh Ian Farmer ag glacadh le hiomarcaíocht dheonach agus go mbeadh sé ag atraenáil mar mhúinteoir riachtanas speisialta.
riachtanais saoránachta citizenship requirements
" Níos déanaí, tar éis do chairdeas fás eatarthu, d'admhaigh Cole d'Allen gur dócha go mbeadh na creidmheasa coláiste agus, ar ndóigh, na riachtanais saoránachta an-deacair dósan, Cole, a láimhseáil.
riachtanais chórais system requirements
" Ní gá ach féachaint ar na riachtanais chórais a mholtar do PC a ritheann clár ar nós Adobe Premiere chun an fhianaise de seo a fheiceáil.
riachtanais fhostaíochta agus shóisialta employment and social needs
" Tá dhá chlár á reáchtáil againn i láthair na huaire, ceann amháin acu clár fostaíochta pobail atá ag déanamh digitiú ar chartlann fuaime Raidió na Gaeltachta agus, chomh maith leis an obair a dhéanann na rannpháirtithe, cuirtear cúrsaí oiliúna ar fáil dóibh atá dírithe ar na riachtanais fhostaíochta agus shóisialta atá acu.
le freastal ar na riachtanais to attend to the needs
" Ní raibh gach duine sa rang ag an leibheál céanna agus bhí bealach an-chliste ag na múinteoirí le freastal ar na riachtanais a bhíodh ag na gasúir.
ag freastal ar riachtanais an phobail attending to the public's needs
" Chaill an daonra pé muinín a bhí acu sna páirtithe polaitíochta mar gur tháinig siad ar an tuairim nach raibh siad ag freastal ar riachtanais an phobail ach ar a gcuid riachtanas féin.
go gcaithfear riachtanais shóisialta i dtraipisí that social needs will be cast aside
" Tá sé ráite ag ceardchumainn éagsúla go gcaithfear riachtanais shóisialta i dtraipisí má tharlaíonn sin.
comhlíonann sé riachtanais Mhurcaidh it fulfills Murchadh's requirements
" Le cois a bheith "alainn" (agus tá), comhlíonann sé riachtanais Mhurcaidh, go háirithe maidir le taisteal mar go bhfuil neart traenacha ag tarraingt air.
a chuid riachtanas féin his own needs
" Agus is iomaí áit, in iarthar na hÉireann ach go háirithe, go bhfuil an oiread sin gaoithe ann go mbeadh farasbarr áirithe ag duine thar a chuid riachtanas féin - agus deis aige, dá bharr, cúpla euro a shaothrú as an ngaoth atá ag séideadh os cionn a thí féin.
riachtanas needs
" Táimid anseo chun freastal ar mhuintir na háite agus a gcuid riachtanas, ach is féidir leosan páirt a ghlacadh sna himeachtaí chomh maith.
riachtanais needs
" Ar ndóigh, níl an scéal baileach chomh simplí sin, mar fiú amháin dá mbeadh Ospidéal Thuama faoi lánseol tá gach seans ann go mbeadh an t-ospidéal i nGaillimh fós ag cur thar maoil, mar gheall go bhfuil an t-éileamh chomh mór sin ann agus an freastal ar riachtanais chomh heasnamhach i láthair na huaire.
riachtanais phearsanta personal needs
" Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach? Tá a thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.
riachtanais na hearnála the needs of the sector
" Córas oiliúna a aithníonn riachtanais na hearnála a bheith ar fáil do mhúinteoirí ar mian leo teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
riachtanais speisialta special needs
" Éist leis seo mar fháinne fí: Go dtí seo, d'éirigh le síceolaithe oideachais fadhbanna síceolaíochta agus riachtanais speisialta daltaí scoile a aithint agus a fháthmheas níos fearr agus níos luaithe.
Riachtanais chorparáideacha corporate needs
" Táthar ag iarraidh go mbeadh Aer Lingus ábalta an dá thrá a fhreastal, idir Riachtanais chorparáideacha agus chúram pobail.
riachtanais needs
" Marc: D *Cathy Ní Ghoill (Ball ainmnithe, Neamhspleách) * D'éirigh go maith le Cathy Ní Ghoill riachtanais na n-oileán a chur ar an chlár oibre.
riachtanais needs
" Chomh maith leis sin táimid ag freastal ar riachtanais an Achta Teanga, trí thraenáil agus seirbhísí aistriúcháin.
riachtanais needs
" Chomh maith leis sin táimid ag freastal ar riachtanais an Achta Teanga, trí thraenáil agus seirbhísí aistriúcháin.
riachtanais tomhaltóirí consumer needs
" Mar atá fíor i gcás go leor rudaí, tá riachtanais tomhaltóirí agus stíl bheatha daoine tar éis cur leis an éileamh ar theicneolaíocht an chleamhnais.
riachtanais needs
" Mar atá fíor i gcás go leor rudaí, tá riachtanais tomhaltóirí agus stíl bheatha daoine tar éis cur leis an éileamh ar theicneolaíocht an chleamhnais.
riachtanais needs
" Cén fáth ar bunaíodh é? Tá sé mar chuspóir ag an Acadamh cúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre agus tabhairt faoi thaighde a threiseoidh forás na bpobal sin.
riachtanas need
" Is í an cheist a chaithfidh tú a chur ort féin, is dócha, cé acu a thagann ar dtús? An féidir le daoine a bheith ansin chun seirbhísí a chur ar fáil ag am nuair nach raibh riachtanas ann an tseirbhís a chur ar fáil.
riachtanais needs
" Tá na riachtanais sin ag teacht i bhfeidhm anois agus creidim go dtiocfaidh méadú, agus méadú suntasach, ar an éileamh a bheidh ar sheirbhísí ar nós aistriúcháin agus seirbhísí teanga eile, sna blianta atá romhainn.
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo to cater for the needs of these groups
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
freastal ar riachtanais na ndreamanna seo to cater for the needs of these groups
" Tá breis is 600 comhlacht agus eagraíocht a thagann faoi fhorálacha an Achta agus dúshlán an-mhór a bheidh ann freastal ar riachtanais na ndreamanna seo sna blianta atá romhainn.
riachtanais needs
" Is léir ó thuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2005 go bhfuil an Stát fós ag imirt cluichí cama le muintir na Gaeilge agus go bhfuil drogall go fóill ar fhostaithe an Stáit freastal ar riachtanais agus ar chearta mhuintir na Gaeilge.
riachtanais éagsúla various requirements
" Bíonn riachtanais éagsúla ag mic léinn nach bhfuil cur amach acu ar theanga ar bith eile agus ag mic léinn atá líofa i dteangacha eile agus atá ag foghlaim na Gaeilge mar go bhfuil spéis ar leith acu i dteangacha.
riachtanais fuinnimh energy needs
" Is dócha go bhfuil sé beagáinín mífhoighneach na laethanta seo de bharr eachtraí polaitiúla eile: chuir sé coimisiún ar bun chun na riachtanais fuinnimh a bheidh ann amach anseo a mheas, ach níor fhan sé lena dtuarascáil chun a thuairim féin, i bhfabhar an tionscail núicléach, a nochtadh.
riachtanais éisteachta listening needs
" Cén fáth ar bunaíodh é?***Chonacthas don Chomharchumann go raibh géarghá le stáisiún a d’fhreastalódh go speisialta ar riachtanais éisteachta phobal na Gaeilge agus a dhéanfadh ceangal tábhachtach cumarsáide idir comhluadair na Gaeilge a bhí scaipthe ar fud mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath.
riachtanas bunúsach basic need
" Táim den tuairim gur riachtanas bunúsach é ionad éigeandála agus ionad dianchúraim a bheith ar fáil inár n-ospidéal áitiúil.
riachtanas necessity
" Ba leor an neamhaird a thug an tUasal Saddam ar chigirí airm na Náisiún Aontaithe a úsáid mar leithscéal don oibríocht; dar leo, agus iad ag lua ailt a scríobh William Kristol sa *Weekly Standard *roinnt míonna roimhe sin, ba riachtanas é fórsaí Mheiriceá a chur ar an talamh sa Meánoirthear, fiú in éagmais Saddam, chun srian a chur ar an Iaráin sa réigiún.
riachtanas need
" I bhfocail eile, is féidir a rá go bhfuil an riachtanas ann do mhúinteoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus go bhfuil na mic léinn ann a bheadh sásta freastal ar a leithéid de choláiste oiliúna.
nach ndéanfar faillí ina gcuid riachtanas, that their needs aren't neglected,
" Tá sé riachtanach, mar sin, feabhas agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil don dream seo agus pleanáil cheart fhadtéarmach a dhéanamh chun a chinntiú nach ndéanfar faillí ina gcuid riachtanas, mar atá ag tarlú i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais faoi láthair.
riachtanas poiblí public need
" Brabús príobháideach I ndáiríre, ní ar riachtanas poiblí a bhunaítear pleanáil iompair ach ar an pholaitíocht agus ar bhrabús príobháideach.
riachtanais an phobail the needs of the public
" Ní féidir leis iallach ar bith a chur ar chomhairle chontae nó ar fhoirgneoirí riachtanais an phobail a chur roimh bhrabús.
maidir leis na riachtanais speisialta regarding the special needs
" Ba cheart oiliúint a chur orthu maidir leis na riachtanais speisialta atá i gceist agus dara teanga á teagasc agus, níos tábhachtaí ná sin, iad a spreagadh chun a chinntiú go mbeadh siad tiomanta don Ghaeilge tar na hoiliúna.
bunaithe ar riachtanais an tsaoránaigh based on the needs of the citizen
" Tá sé róluath le hainm a thabhairt ar an tréimhse ina bhfuil muid faoi láthair, tréimhse ina bhfuil – tá súil againn – tús á chur le polaitíocht úr bunaithe ar riachtanais an tsaoránaigh ó thuaidh.
riachtanais dhlíthiúla legal requirements
" Cuirfear oiliúint ar dhaoine maidir le riachtanais dhlíthiúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith.
riachtanais needs
" Le freastal ar riachtanais an ghrúpa seo, tá an t-iliomad brúnna óige, caifí agus clubanna oíche anois ar oscailt sa bhaile.
riachtanais needs
" Tá athrú ag teacht fosta ar riachtanais an lucht léitheoireachta, éisteachta agus féachana.
riachtanais an tionscail needs of the industry
" “Tá Béarla líofa ag na rannpháirtithe seo chomh maith, tuigtear dom! Tá na cúrsaí seo ag freastalar riachtanais an tionscail i gcoitinne.
i dtaobh riachtanais leanaí na tíre. about the needs of the children of the country
" Ag ócáid a sheolta, dúirt sé gur chéim thábhachtach ab ea an curaclam seo i stair oideachas na hÉireann agus gur eascair sé as blianta fada de thaighde agus de dhianmhachnamh i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
riachtanais a phóca the needs of his pocket
" Deirtear gur de réir riachtanais a phóca seachas mianta a chroí a chaitheann an tAlbanach vóta.
an riachtanas criterion
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
na riachtanas the needs
" D’fhulaing an pobal sin fríd 35 éigin bliain na dTrioblóidí, gan trácht ar an leatrom a imríodh orthu ó cuireadh an stat ó thuaidh ar bun, agus tá siad anois ag dúil le cur i gcrích na mianta agus na riachtanas atá acu, a oiread le gach saoránach eile.
riachtanais mhúinteoirí. the needs of teachers.
" ***Buntáistí*: **De bharr a chúlra mar léachtóir i gColáiste tríú leibhéal, ba cheart go mbeadh tuiscint aige ar riachtanais mhúinteoirí.
riachtanais requirements
" Dyane Adam, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada: “Tá sé ríthábhachtach oiliúint a sholáthar d’oibrithe san earnáil phoiblí ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha.
riachtanais an cheantair sin. needs of that area
" Tá an páipéar préamhaithe go hiomlán i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste agus is cinnte go dtugtar léargas maith ann ar shaol cultúrtha agus ar riachtanais an cheantair sin.
an beagán éadaí agus riachtanas eile the little bit of clothes and other necessities
" Os rud é go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach an beagán éadaí agus riachtanas eile a thugann siad leo ar a ndroim, is de réir praiticiúlachta, seachas faisin, a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí.
is den riachtanas it is necessary
" Baineann sé seo le céill, gan amhras, agus is den riachtanas a leithéid d’áit agus an stáisiún seirbhíse a bheith ann, áit inar féidir leis an tiománaí agus a chuid paisinéirí dul chuig an seomra leithris, cith a ghlacadh (ní gá ach an eochair a iarraidh!), cupán caife a bheith ag duine, breosla a fháil nó beagáinín siopadóireachta a dhéanamh.
riachtanas tithíochta a housing necessity
" Níl sé ach seachtain ó bhí fear ag inseacht dom an bealach ar éirigh leis ‘riachtanas tithíochta’ a chruthú do iníon leis, atá ag staidéar i mBleá Cliath, sa gcaoi is go bhféadfadh sé cead pleanála a fháil in ainm na hiníne agus ansin an leath acra a dhíol ar €120,000 le fear, nach raibh riachtanas tithíochta ar bith aige.
riachtanas iontrála entrance necessity
" Ba ar an riachtanas iontrála Gaeilge chuig na Coláistí Oideachais a cuireadh an milleán ar an chlaonadh seo le dornán blianta anuas.
riachtanas necessity
" Mhínigh sé fosta nach bhfuil riachtanas ar eagras stáit staisnéireacht úr dátheangach a ordú agus an seancheann a chur sa bhosca brúscair go dtí go mbíonn a stoc reatha ídithe.
riachtanais necessities
" Ach seo atá molta: 2009 Annus horribilis na Gaeilge: Deireadh le Roinn rialtais faoi leith do chúrsaí Gaeltachta agus gearradh 196 ball dá fhoireann; Údarás na Gaeltachta le briseadh ina ghiotaí agus a chúraimí le scaipeadh soir siar; deireadh le ceann de na tionscail is dúchasaí agus is rathúla sa Ghaeltacht, is é sin, na Coláistí Samhraidh; gan aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht nó ag an Ghaeilge ag bord an Rialtais; deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge agus leis an Scéim Tithíochta Gaeltachta; deireadh leis an eagraíocht a bhí ag dul i ngleic le riachtanais Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.
riachtanas necessary
" ” Tá feirmeoirí an láir ag súil le hinnilt thar riachtanas sa séasúr reatha agus bliain mhaith innilte eile ar a laghad mar gheall ar an maothú a tharla i mbliana.
riachtanais necessities
" Mar a dúirt Oideas Gael ag an am: "Táthar ag súil go n-éireoidh leis an tionscadal: Cur ina luí ar lucht oiliúna go bhfuil achmainní luachmhara dúchasacha ag an réigiún, idir scileanna traidisiúnta agus ábhair;Taispeáint gur féidir fiontar inbhuanaithe a chruthú sa phobal trí na scileanna a fhoghlaimeofar a úsáid le freastal ar riachtanais chomhshaoil, ealaíonta agus tógáil baile an réigiúin;Cuidiú le caomhnú an chomhshaoil thraidisiúnta agus le coinneáil na sainfhéiniúlachta cultúrtha, rud a chuirfidh go mór le fás na turasóireachta cultúrtha sa Ghaeltacht;Eiseamláir a chur ar fáil a mbeidh pobail eile ábalta scrúdú a dhéanamh uirthi agus úsáid a bhaint aistí mar acmhainn phraicticiúil chun tionscadal forbartha tuaithe eile a chur i bhfeidhm .
riachtanais needs
" Gineadh 86% de riachtanais fuinnimh Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2007 ó na foinsí seo, rud a chinntíonn go bhfuil ceann de na rátaí astuithe CO2 is mó san Eoraip againn.
riachtanais needs
" Moladh i dtuarascáil na saineolaithe go gcuirfí tús an athuair le córas cuóta do phoist Ghaeilge sa státseirbhís ionas go bhféadfaí freastal ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla.
riachtanas necessity
" Mar shampla, is iomaí post ina bhfuil an Ghaeilge mar riachtanas (bunmhúinteoirí, cuir i gcás, nó Gardaí go dtí roinnt blianta ó shin, nó postanna in eagraíochtaí Gaeilge), nó, mar bhuntáiste i gcás postanna sa státchóras a bhíonn ag freastal ar phobal na Gaeltachta nó na Gaeilge.
riachtanais necessities
" Más é seo an tslí inar caitheadh leo nuair ba mhó a ngátar, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach maith an bhail a thugtar orthu agus riachtanais bheatha nach bhfuil chomh bunúsach le huisce á n-éileamh acu.
riachtanas necessity
" Ní raibh an comhrialtas idir Fine Gael agus Lucht Oibre i bhfad i gcumhacht nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhíodh ann go gcaithfí pas a fháil sa nGaeilge, nó ní thabharfaí duit an Ardteistiméireacht.
riachtanais needs
" Daoine seo nach bhfuil tuigse dá laghad acu ar an Ullanais, nó do riachtanais sochtheangeolaíocha lucht labhartha na hUllanaise.
riachtanais an mhargadh market demand(s)
" Ligeann imircigh do mhórán tíortha riachtanais an mhargadh fostaíochta a shásamh agus an daonra dúchais ag dul anonn in aois nó scileanna nua ag teastáil mar gheall ar dhul chun cinn teicneolaíochta, nó mar gheall ar athruithe eile i ndálaí an mhargaidh.
fíor-riachtanais real necessity
" Níor cheart cuairt a thabhairt ar an réigiún, dar leis, ach i gcás fíor-riachtanais amháin.
riachtanais needs
" - Áireamh ar riachtanais dhifriúla foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais - Polasaí náisiúnta ó thaobh an tumoideachais de - Scéim ‘Erasmus’ na Gaeltachta a bhunú agus Cúrsa Gaeltachta an BA (Oideachas) a leathnú - Clár oibre d’fhorbairt na hollscolaíochta lán-Ghaeilge - Ábhar scoile eile “Saíocht agus Litríocht na Gaeilge” a sholáthar - Curaclam comhtháite a chur i bhfeidhm -5 Tacaíocht, treoir agus maoiniú cuí a chur ar fáil do na heagrais dheonacha agus phobail a mbeidh ról criticiúil acu i gcur i bhfeidhm pleananna teanga insna ceantair Ghaeltachta.
riachtanas na Gaeilge the Irish requirement
" ”** Ba ’in mar a labhair Aire Airgeadais an ama, Richie Ryan, sa Dáil ar an 5 Nollaig, 1974, faoi chinneadh an rialtais deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phoist sa státseirbhís a fógraíodh mí roimhe sin.
riachtanais airgid an stáit the state’s financial needs
" Déanfaidh seo freastal ar riachtanais airgid an stáit as seo go ceann trí bliana.
riachtanas necessity
" Beidh riachtanas gaelscoile á mheas de réir daonra ceantair.
riachtanas need
" Mar a thuigimid anois, is beag tionchar a bhí ag an ngníomh, cibé focail bhreátha a bhí ag Taoiseach Bertie Ahern timpeall an ama chéanna faoi riachtanas “Saoránacht Ghníomhach”.
riachtanas necessity
" Comhrialtas de chuid Fine Gael/An Lucht Oibre a chuir deireadh ar fad le riachtanas na Gaeilge do phoist sa Státseirbhís sa mbliain 1974.
riachtanais necessities, requirements
" 
Is é ról an ÚCÉ, a bunaíodh i 2009, "a chinntiú go bhfreastalaíonn an líon agus catagóirí na seirbhísí craolacháin a chuirtear ar fáil sa stát ar an gcaoi is fearr ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cuimhniú i gcónaí ar a dteangacha, ar a dtraidisiúin agus ar a n-ilchineálacht creidimh, eitice agus saíochta.
riachtanas the stipulation, requirement
" Is cuimhin liom an chaint sin faoin státseirbhís sna seachtóidí: “dá bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge, go mb’fhéidir go mbeadh an scéal níos fearr”, ach tá rudaí imithe siar go mór ó shin.
beag beann ar riachtanais disregarding the needs
" Lena chois sin, chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna foráil de chuid an Achta Oideachais 1998 trí raon suíomhanna gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin, beag beann ar riachtanais na ngaelscoileanna nó na scoileanna Gaeltachta.
riachtanais fhisiceacha physical necessities
"riachtanais fhisiceacha na leadóige go maith ag Daithí– sithiúlacht, luas, neart, comhordú, scil agus teicníc.
riachtanais necessities
" Aithníodh ag an am gur deis a bhí ann lena chinntiú go mbeadh an tAcht ag freastal go sásúil ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; go ndéanfaí soiléiriú ar chearta agus ar dhualgais teanga; agus go n-aimseofaí dóigh leis an ualach riaracháin agus maorlathais a bhaineann leis a ghearradh siar.
chun freastal ar riachtanais to serve the needs
" “Tá an bonneagar atá riachtanach chun freastal ar riachtanais lucht labhartha na Gaeilge ar tí a scriosta!” Sin téacs na teachtaireachta atá ag dul thart ó dhuine go duine i saol na Gaeilge san am i láthair mar a bheadh spideog ag eitilt ó chrann go crann.
bunaithe ar riachtanas based on needs
" Bhí lucht na scoileanna poiblí ceansaithe de bharr go raibh sí ag moladh go mbeadh a mhaoiniú bunaithe ar riachtanas as seo amach agus go bhfuil a mhaoiniú reatha uireasach.
as riachtanais na cogaíochta from the necessities of war
" Ní féidir an dul chun cinn agus an bharbarthacht a scaradh – as riachtanais na cogaíochta a d’eascair cuid den teicneolaíocht is iontaí dá bhfuil againn, ach cuireann an teicneolaíocht ar chumas an duine ollscriosadh uafásach a dhéanamh ar a dheartháireacha.