Pota Focal Intergaelic
Arian | Brian | grian | ian | ria
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rian róláidir too strong a mark
" Tá sí den bharúil go bhfuil an fhuaim a chruthaíonn sé 'tíriúil' ach tá rud amháin a chuireann imní uirthi: go bhfágann sé rian róláidir go minic ar chuid ceoil daoine eile.
rian mark
" D'fhág na heachtraí seo i 1974 rian láidir ar an gcathair atá fós le brath, cé nach bhfuil sé chomh suntasach anois is a bhí.
rian mark
" Gan aon amhras, faightear tuiscint nua ar an saol san Ind agus fágann an tír rian ar éinne a théann ann.
rian mark
" Ó shin i leith tá breis is 500 ealaíontóir - péintéirí, grianghrafadóirí, dealbhóirí agus dearthóirí faisin - i ndiaidh a rian féin a fhágáil ar an chnuasach seo.
rian mark
" "Tá sé scannalach gur ligeadh do ghrúpa beag, lucht spéacláireachta, praghas tithe a ardú oiread taobh istigh de cheithre nó cúig bliana, nár cuireadh srian ar bith orthu.
rianta marks
" Ag caint faoin suíomh ina bhfuarthas cnámha Brian McKinney agus John McClory duirt sé: "I bpáirc amháin, bhí rianta garbha a bhí fágtha ag boinn cairr le feiceáil ar an talamh agus beith gheal a bhí tarraingthe amach ag na fréamhacha agus caite ar leataobh, a fréamhacha go fóill ag coinneáil greim daingean ar an talamh a tháinig amach léi.
rian trace
" Tá mo chlogad crua, mo sciath óir, claíomh géar na lainne glaise agus mo phéire sleá fós crochta go teolaí ar na rachtaí agam fá bhun na tuí agus fós cha dtáinig an Ginearál de Chateaubriand fá scread asail de mo dhún," a mhaíonn Balor Iarghnóch.
rian trace
" Níl rian ar bith den Bhéarla fágtha ar m'ainm ná ar m'anam.
rian track
" Leoithne d'aer úr ar mhargadh an cheoil le pearsantacht agus le macántacht ag borradh amach ar gach rian atá air.
rian a bhfiacla their teeth marks
" Tá laithreáin tógála, fuarchúiseacha le feiceáil ann, tochaltóirí móra ag fágáil rian a bhfiacla ar an talamh nocht.
rian an-láidir a strong mark
" Deir sí, áfach, go dtaitníonn cuid aistriúchán Paul Muldoon léi thar aistriúcháin aon fhile eile, in ainneoin gur duine é a fhágann rian an-láidir ar shaothar Nuala.
rian mark
" Tarlaíonn sé i gcónaí go bhféachann an páirtí polaitiúil a bhíonn i gceannas tíre lena rian féin a fhágáil go láidir ar gach gné de shaol na ndaoine.
rian trace
" Níl rian ar bith den chanablach ar Hannibal Ó Nuanáin níos mó agus é anois i measc na bhfíréan.
rian mark
" Ba chúis iontais é ar ndóigh mura mbeadh rian éigin fágtha ar an teanga dhúchasach ag an tionchar sin.
diabhal rian ar bith not a trace
" Tá Sinn Féiners ann agus Mé Féiners agus diabhal rian ar bith den dara pearsa, uatha ná iolra.
rian track
" Tá trí rian de phoirt, dhá rian de chornphíopaí, seit amháin de shleamhnáin, de ríleanna agus de phólcaí, fonn mall agus cúig amhrán ar an diosca.
rian mark
" An t-iomlán sa bheagán … ======= In Kyótó dúinn, ghlac ár gcara Masazumi, an t-ollamh scaipthe, ghlac sé tuairim is ceithre scór grianghraf sa lá lena cheamara digiteach agus thaispeáin sé dúinn ansin iad ar scáileán an ríomhaire ghlúine aige.
rian trace
" Tá an bhiogóideacht fós ann sa lá ata inniu ann ach is beag rian di atá le fáil i measc institiúidí an stáit.
a rian their mark
" Is ceantar é atá lán d'áilleacht neamhcheansaithe agus is iad an aimsir shíorathraitheach agus na caoirigh ar féarach na fórsaí is mó a fhágann a rian ar an talamh fiáin seo.
rian mark
" Cuir i gcás go bhfuil tú ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar mhóimint neamhbhuan a fhágann rian ort.
rian trace
" 'A Bhaloir a chomrádaí,' ar seisean arís, díreach le cur in iúl dom nach raibh rian ar bith den chaipitleachas nó den choimeádachas ag baint leis, 'tá do chomhairle de dhíth go géar anseo.
rianta tracks
" Cé go bhfuil rianta air atá tógtha ó albaim eile a foilsíodh roimhe seo, chomh maith le rudaí a taifeadadh as an nua go speisialta don tionscadal seo, níor íslíodh an caighdeán ceoil in am ar bith.
rian trace
" Is beag rian den neamhspleáchas atá le feiceáil le gairid.
rian track
" Tá sé amhrán déag san iomlán ar an dlúthdhiosca ach is é an chéad rian, "An Droighneán Donn", an ceann is fearr léi ar fad.
ár rian féin our own mark
" Ansin, tá amhrán darb ainm "Blessing" a fuaireamar ó amhránaí Meiriceánach, Jonell Mosser, atá lonnaithe i gceantar Nashville; canann sise é mar roc-amhrán ach tá muidne tar éis ár rian féin a fhágáil air.
rian trace
" Fuair an staidéar seo rian cócaoin sna leithris i ngach ceann den 20 teach tábhairne meánaicmeach a roghnaigh siad i mBaile Átha Cliath.
rianta tracks
" Deir Apple go bhfuil a seirbhís nua iTunes réabhlóideach toisc gur féidir é a úsáid chun ceol a cheannach ar líne - ach ní dhéanann an córas nua ach seansrianta a chur i bhfeidhm ar líne.
rian mark, influence
" Tá Gearóid ag obair faoi láthair ar leabhar leis an phéintéir agus píobaire Brian Vallely as Contae Ard Mhacha, sampla eile den chomhoibriú idirealaíon atá ar siúl aige, go háirid idir an ceol agus an fhilíocht.
rian track
" Cá mhead fuaimrian atá deanta aige? Níl a fhios aige ach oiread.
rian mark
" * *Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.
a rian féin their own mark
" Agus, ar ndóigh, is ceist oscailte í, cad is "fíor-Ghaeltacht" ann - beidh gach glúin inár ndiaidh in ann a rian féin a fhágáil ar ár saothar.
a rian their mark
" Chuir siad fúthu ar Wirral agus tá a rian le feiceáil ansin sa lá atá inniu ann sna logainmneacha, ina measc Irby (Irá-byr, sean-Ioruais ar lonnaíocht Éireannach), Liscard (Lios Ard nó Lios na Carraige, de réir an English Placenames Society), Nochtorum (Cnoc Tirim) agus Dove Point (Rinn Dubh).
rian mark
" "Spreag siad muid agus thug siad saoirse dúinn forbairt a dhéanamh ar an rud ba spéis linn féin, agus níor chuir siad srian ar bith orainn.
rian mark
" " Tá rian fágtha ag an tubaiste ar mhuintir Learphoill, agus ba cúis bhróid agus bhróin dúinn anseo an t-ainm Paul Harrison a fheiceáil ar an fhoireann sa chluiche deireanach den séasúr in aghaidh Newcastle United.
rian mark
" Bhí dealbhadóireacht i gceist, péintéireacht, idir ola agus uiscedhath, líníocht, potadóireacht, saothair ríomhfhíse agus grianghrafadóireacht.
rian mark
" Tá a rian sin le feiceáil fós ó thaobh tithíochta, drochshláinte, easpa oideachais, agus ar bhealaí eile.
rian mark
" Tá cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Mheán Fómhair *Beo!* Gluais • Glossary á fhoilsiúbeing published gnó turasóireachtatourism business músclaítear fiosracht na mnáthe woman's curiousity is awakened ailt nuachtáinnewspaper articles faillcliff seilbhpossession contúirtídangers bagairtíthreats creathán fuachtaa cold shudder fainicwarning foláireamhnotice, warning deireadh a haistir saoilthe end of her life's journey go fuarchúiseachindifferently buillí croíheartbeats anáil an tsonaisthe breath of happiness seargthawithered iachallcompulsion fíricífacts breacthawritten down rianmark d'aon ghnódeliberately blúire páipéirpiece of paper luaitementioned tarraiceándrawer stán síshe stared imlíneoutline scáilshadow gortcultivated field cruthanna dubhablack shapes ag corraí go bogmoving gently sceacha aitinnfurze bushes céadfaísenses ar tinneallon edge doircheachtdarkness ina glaicin her hand leiceanncheek á shlíocadhstroking it pollairí a sróineher nostrils b'in mar a shamhlaíodh sí iadthat's how she used to imagine them istoícheat night ina comhluadarin her company folamhempty dul i dtaithí arget used to cuachta go clutharnestled comfortably fál cosantaprotective fence fothramnoise gíoscáncreaking ag tnúth lelooking forward to brat teolaíwarm covering an tsíorgheonaílthe continuous droning ag dul thar bráidpassing by cloig rabhaidhalarms sianaílwhining otharchairr ag scréachaílambulances screeching pléascáinexplosives gleo cogaíochtathe noise of war ar fud na comharsanachtaall over the neighbourhood éalúto escape amhrasdoubt easpa fuaimelack of noise tranglamclutter ina sámhchodladhsleeping soundly cliotaráilclattering macalla a coiscéime féinthe echo of her own footstep pluidblanket ag siosarnachrustling a fallaing oícheher night gown taobh leisbeside it sciathánwing dallógblind duibheblackness crónánhumming leataopen an bunalt údthat original article carnánpile béicscream ag stánadh isteach uirthistaring in at her ag faire uirthilooking at her á slogadhswallowing her spléachadhglance sceonmharterrifying trí choiscéimthree steps scréachscream rith sé léiit occured to her cur síos ceartproper description ag tochailt isteach intidigging into her tanaíthin camcrooked go tostachsilently ag fairelooking ar diúitéon duty Ag baint lán na súl aisti.
rian trace
" Le cois na drámaíochta seo, tá sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta de shaothar ealaíontóirí óga agus ealaíontóirí áitiúla tar éis bheith ar siúl san ionad le sé mhí anuas.
a rian féin its own mark
" Ba ag Lille, Glaschú agus Genoa a bhí an teideal seo le roinnt blianta anuas agus d'fhág gach cathair acu sin a rian féin ar an bhliain a bhí faoina cúram.
rian trace
" Níl rialtas NGP ag iarraidh go mbeadh aon rian den choilíneachas ag baint le pé cúnamh a thabharfadh an Astráil.
rian mark
" Fágann sin níos mó brú an na siopadóirí sna bailte beaga agus tá a rian le feiceáil - tá cuid mhaith acu tar éis dúnadh le blianta beaga anuas.
rian trace
" Ceantar ar foinse na teanga é, ina bhfuil idir óg agus aosta ábalta iad féin a chur in iúl gan rian ar bith den Bhéarla ar a gcuid cainte.
a rian his mark
" Gaillimh ======= *Seán Creavan (Ball ainmnithe, an Páirtí Daonlathach)* Níor fhág sé a rian ar Bhord Údarás na Gaeltachta le cúig bliana anuas.
rian a chos his footprints
" Gluais • Glossary slatairea slip ar dhath na mealahoney-coloured lasairflame tochtdeep emotion ó shaol na mbeofrom the world of the living deorantachtaloofness colgrage caidéisinquisitiveness ar a buaicat its highest point go lomghéagachwith bare limbs reoitefrozen leáitemelted carnthaheaped gágacracks saothar na seanbhaiclethe work of the old crowd cleiteánpainter's brush cuideachtúilsociable leafa gáirefaint smile brí fhiáin na beathathe wild meaning of life amhrasachsuspicious ag bá na dtuamaídrowning the tombs go híoróntaironically go neamhshaoltaethereally í a fháscadhto squeeze her tathagsubstance go duasmántagloomily ní háil léi iad a dhíolshe doesn't want to sell them an dúluachairmidwinter cor tolgachstrong turning movement Fastaím!Nonsense! an chreachthe booty bruth féasóigea fluff of beard sméid sí isteach éshe beckoned him in súimínsip coscairtthaw i ngátarin distress ar foluainfluttering i mbreo samhratain a summer-like glow ciumhaisedge ina sheilbhin his possession agus shín uaidh a lámh á lorgand he extended his hand looking for it rian a choshis footprints
rian track
" Faoi lathair, tá an rian taobh theas de Stáisiún Uí Chonghaile, ar an droichead gránna thar an Life, mar scrogall don chóras iomlán.
athoscailt an riain the re-opening of the track
" Agus is cnámh spairne ceart é seo! Dar leis an eagraíocht atá ag lorg athoscailt an riain, *West On Track*, is áis an-luachmhar é agus, má osclaítear é, go dtiocfaidh forbairt gheilleagrach ina dhiaidh.
rianta tracks
" Céad bliain ó shin, cé go raibh neart rianta iarnróid in Éirinn, bhí a bhformhór ag cailleadh airgid toisc go mbíodh na traenacha leathfholamh.
rian mark
" Dul chun cinn mór é seo agus níl aon dabht ach go gcuirfidh sé srian ar an rófhorbairt atá ar siúl sna Gaeltachtaí faoi láthair.
rian mark
" Tá breis is 40 píosa le feiceáil ann, ina measc dealbhóireacht, suiteálacha, grianghrafadóireacht, taibh-ealaín agus scannáin, agus tógann an t-ealaíontóir muid ar thuras, a dhéanann teagmháil fhisiciúil leis na céadfaí agus a spreagann iontas, greann agus, in amanna, míshuaimhneas ionainn.
rian mark
" Is eagal liom go bhfuil a rian sin ar an chéad dá chlár.
rian trialach a trial line
" Teicneolaíocht Ghearmánach ======= Tá teicneolaíocht seo an Maglev á forbairt ag na Géarmánaigh ó bhí na seachtóidí ann – thóg siad rian trialach agus rinne siad neart taighde.
rian trialach a trial line
" Teicneolaíocht Ghearmánach ======= Tá teicneolaíocht seo an Maglev á forbairt ag na Géarmánaigh ó bhí na seachtóidí ann – thóg siad rian trialach agus rinne siad neart taighde.
rian mark
" net)) agus den chéad uair beidh fuaimrian ar fáil leis an taispeántas, rud a thabharfaidh deis do dhaoine éisteacht le go leor de na dánta agus amhráin.
rian mark
" Stopamar ar chúinne amháin agus taispeánadh grianghraif dúinn den radharc ceannann céanna le linn Chath Passchendale i 1917.
rian mark
" Tá a rian fós le feiceáil sa cheantar sna comharthaí bóthair dátheangacha, Béarla agus Gàidhlig.
rian mark
" “Is ionsaí fíochmhar é ar sheirbhísí pobail,” arsa Brian Campfield ón NIPSA.
rian láidir strong trace
" Dúirt sé go ngáireann a ghaolta sa Ghearmáin faoina Ghearmáinis nuair a labhraíonn sé leo, ó tá rian láidir na seanaimsire ar a chaint, é ag úsáid focal, nathanna cainte, agus gramadaí atá imithe as faisean sa Ghearmáin le céad bliain.
a rian féin their own mark
" I measc na n-ealaíontóirí Ollanacha eile a d’fhág a rian féin ar stair na healaíne bhí Vincent Van Gogh (1853-1890), Piet Mondrain (1872-1944) agus Maurits Cornelis Escher (1902-1972), agus tá seoda as saothar na n-ealaíontóirí seo ar fad le feiceáil sna dánlanna atá le fáil go flúirseach in Amstardam.
rian trace
" Ó, is mór an meas atá agam orthu go léir, nó níl rian ar bith den chiníochas ionam.
rianta tracks
" Deir Eoin go bhfuil píosa amháin ar albam de chuid Kíla a bhfuil 64 traic éagsúla i gceist ann, ach ar an taifeadadh nua seo níl ach trí nó ceithre uirlis le cloisteáil ar na rianta ar fad.
rian trace
" Níor leor gach Moslamach a mharú, chaithfí gach rian díobh is dá gcultúr a ghlanadh ó thalamh naofa na Seirbia Leathnaithe.
rian millteach terrible mark
" Saol crua a bhí ag Polannaigh mar fhostát sóisialach de chuid an Aontais Shóivéadaigh agus cé gur tír dhaonlathach neamhspleách anois í an Pholainn, atá ina ball de NATO agus den Aontas Eorpach, tá rian millteach ré an chumannachais fós le haithint ar an tír agus ar na daoine.
an rian is ansa liom féin the track I like best myself
" AÓF: An bhfuil aon rian áirithe ar an albam gurb ansa leat féin é? EO’B: Is é an rian is ansa liom féin ná na poirt “Dinny O’Brien’s” agus “Tumble the Tinker” a sheinn mé le m’athair agus Charlie Lennon.
a rian their mark
" ” Is léir gur fhág siad a rian ar an gCoileánach agus é ag plé leo, agus ní rian dearfach a bhí i gceist.
rian ré na coilíneachta the mark of the colonial era
"rian ré na coilíneachta fós le feiceáil go láidir i bpríomhchathair na tíre, Maputo.
rian róláidir too big a mark
" Tá na daoine cairdiúil agus bríomhar, tá an tír féin álainn agus suaimhneach agus níl rian róláidir fágtha ag an turasóireacht uirthi – go fóill ar aon nós.
a rian féin their own mark
" Má d’fhág duibhe na bhfoirgneamh a rian féin ar The Smiths, bhí i bhfad níos mó ná an duairceas in ábhar taifeadta an ghrúpa.
rianta marks
"rianta an dá thír sin fós le feiceáil inti – tá sé cineál ait Gearmáinis a chloisteáil ar chósta iardheisceart na hAfraice! Bhraith mé go raibh atmaisféar difriúil sa Namaib ná mar atá san Afraic Theas, go raibh gach duine agus gach rud ní ba réchúisí.
a rian their mark
" “Ní raibh an dara suí sa bhuaile agam ach dul ar oilithreacht chuig an áit ar rugadh Nelly Bheag McCafferty, Phil the Fluther Coulter agus John Human, gan trácht ar Mháirtín Beag Catach McGnéas agus go leor eile a d’fhág a rian ar stair na hÉireann ag deireadh na haoise seo caite, agus i lár na haoise seo caite, agus i gcás Nelly – tús na haoise seo caite.
is beag rian di a fuaireadar. they got very few traces of it.
" Nuair a d’imigh scoláirí an 20ú haois ag lorg na teanga agus úsáid na teanga sa ghnáthshaol, is beag rian di a fuaireadar.
rian an-láidir a very strong mark
" Tá sí le cloisteáil ar chúpla traic agus fágann sí rian an-láidir ar amhráin mar “Bata is Bóthar” agus “Inghean”.
rian Nua-Shéalannach a New Zealand mark
" Nár cheart an *ballet* a fhágáil faoi na Francaigh agus na Rúisigh, agus an *opera* faoi na hIodálaigh? “Táimse ag iarraidh rian Nua-Shéalannach a fhágáil ar na meáin seo.
deich rian ten tracks
" AÓF: Tá deich rian ar an albam agus is amhráin iad seacht gcinn acu sin.
agus a rian sin ar a heaspaí gramadaí. and it shows in her grammatical deficiencies.
" Tuaisceartach eile – an leibide sin May Mac Ránais – a bhí mar mhúinteoir aicise, agus a rian sin ar a heaspaí gramadaí.
rian láidir a strong mark
" Bhain Mícheál clú amach mar bhall den ghrúpa The Bothy Band sna seachtóidí agus d’fhág sé rian láidir ar cheol traidisiúnta na hÉireann ón am sin i leith.
rian den bhrón a trace of sadness
" “Agus idir an lá sin agus an lá a fuair m’athair bás, ceithre bliana ina dhiaidh sin, níor chiall sé oiread is cluiche amháin!” Cé go ndéanann Peter spior spear den easpa suime a bhí ag a athair sa pheil nuair a bhí siad níb óige, is léir go bhfuil rian den bhrón ann mar sin féin.
rian na mbailte the trace of the homesteads
" Tá an gleann lom anois, ach tá rian na mbailte le feiceáil go fóill.
ar chuile rian! on every track!
" Bhí sé i gceist agam go mbeadh uirlis dhifriúil le cloisteáil ar chuile rian! Uaireanta mhalartaigh mé an uirlis le cur in oiriúint don phíosa ceoil, abair dá mbeadh nótaí níos ísle ná an D ar an bhfeadóg.
rian an sceimhle agus an uafáis mark of terror and horror
" Baineann na coireanna seo leis an bpobal ina iomláine – le muintir chathair Luimnigh, nó cibé áit ina mbíonn rian an sceimhle agus an uafáis a fhágann na dronga le sonrú.
rian láidir Sasanach strong English mark, trace
" Cinnte, tá rian láidir Sasanach ar an Nua-Shéalainn, ach ag an tráth seo bliana bíonn an Mhaoiris, ar a dtugtar Te Reo, níos feiceálaí ná mar a bhíonn de ghnáth.
rianta nua rothaíochta new cycle lanes
" Thuigfeá an fáth a bhfuil pobal na cathrach ag séideadh an deannaigh óna rothair agus ag tabhairt faoin mbóthar ar dhá roth – níl an dara rogha acu a thuilleadh! Tá na bóithre ag titim as a chéile mar thoradh ar an mbrú tráchta agus tá táillí taistil ag dul i méad, ach caithfear a admháil go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun cúnamh a thabhairt do rothaithe trí rianta nua rothaíochta a thógáil i ngach ceann de na cúig bhuirg atá sa chathair.
rian na gcaogaidí the mark of the Fifties
" Go deimhin, tá rian na gcaogaidí air.
rian buan a permanent mark
" Cé go raibh roinnt Éireannach ina gcónaí i Learpholl sa bhliain 1207 agus as sin amach, phlódaigh siad isteach sa chathair tar éis 1844 mar thoradh ar an Ghorta Mhór agus d’fhág siad rian buan ar chultúr, ar dhearcadh agus ar chaint na ndaoine ansin.
rian na hEorpa the mark of Europe
" Tháinig misinéirí chun na háite agus d'fhág siad rian na hEorpa ar an mbaile.
rian a thurais trace of his journey
" Chuaigh Taranaki chuig áit san iarthar, agus tá rian a thurais le feiceáil go fóill in abhainn an Whanganui.
rianta traces
" Fuair na seandálaithe rianta d'fhoirgnimh a léirigh go raibh lonnaíocht luath ann, ach ní raibh siad ábalta an dáta a aimsiú.
ar chúpla rian. on a couple of tunes
" Is é m’albam féin atá idir lámha againn, agus tá Fiachna ag déanamh réidh leis an giotár a sheinn ar chúpla rian.
ar chúpla rian. on a couple of tunes
" Is é m’albam féin atá idir lámha againn, agus tá Fiachna ag déanamh réidh leis an giotár a sheinn ar chúpla rian.
rian trace
" *Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
mo rian féin a fhágáil orthu, to leave my own mark on them
" B’éigean dom mo rian féin a fhágáil orthu, go pointe, agus meadaracht a bhaint amach sa Bhéarla a bheadh taitneamh don léitheoir.
Rian amháin atá suntasach one track which is noteworthy
" Rian amháin atá suntasach ná an coiriú atá déanta ar dhán dar teideal “Faoiseamh a Gheobhadsa” de chuid Mháirtín Uí Dhireáin, file arbh as Oileáin Árainn ó dhúchas dó.
tá rian den fhírinne there is a grain of truth
" ” Agus má dhiúltaíonn Éire do Chonradh Liospóin, cén phlean B atá ag an Aontas? I gcomhthéacs na hEorpa, faraor, tá rian den fhírinne i bhfocail mhagúla Bertolt Brecht ina dhán *The Solution*: “Would it not be easierIn that case for the governmentTo dissolve the peopleAnd elect another?” Is cinnte go mbeadh go leor de pholaiteoirí na hEorpa i bhfách lena leithéid de bheartas.
go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa. that they want to leave their own mark on this type of dancing
" Cor eile atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
fágann muid rian ar an saol we leave a mark on the world
" Is aindiachaí í a shéanann a tógáil Chaitliceach agus a chreideann nach bhfuil ciall ar bith leis an tuairim go bhfuil anam síoraí ag baint leis an duine – fágann muid rian ar an saol ‘fhad agus atá muid beo, faigheann muid bás, bíonn cuimhne áirithe ag daoine orainn ar feadh tamaill agus, ansin, imíonn muid i ndíchuimhne.
rian na comóntachta touch of commonality
" I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán *Art Deco* agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo.
mo rian féin a fhágáil air to leave my own mark on it
" ” Bhí sé ródheacair mo rian féin a fhágáil air – bhí modh seinnte agus amhránaíochta ag Simone a bhí chomh cliste, oilte, snoite agus snasta go mbeadh sé deacair ar dhuine aon ní nua a chur leis an amhrán.
rian beag Gaelach ar a chuid Béarla. they speak English with a trace of an Irish accent
" Cluineann tú Polannaigh, Spáinnigh, Rúisigh, achan duine acu agus rian beag Gaelach ar a chuid Béarla.
rian den chonspóid a trace of controversy
" Ní hé nach raibh rian den chonspóid ag baint lena cheapachán, áfach.
rud ar bith a raibh rian den Chaitliceachas anything which had a trace of Catholicism
" Balor: Ón am a chuala muid caint fút ar dtús bhí tú i gcónaí diongbháilte in éadan rud ar bith a raibh rian den Chaitliceachas nó den náisiúnachas nó den phoblachtachas ag baint leis.
rianta an phlota traces of the plot
" B’fhéidir go mbainfeadh lucht ollscoile pléisiúr as codarsnacht, trastagairtí, macallaí na n-ainmneacha agus rianta an phlota a lorg sa dá théacs, ach baineann an léirmheastóir seo go dlúth le campa an ghnáthléitheora – an duine glórmhar sin a thógann leabhar áirithe ina lámh má tá fonn air é a léamh agus nach santaíonn fo-nótaí ná tráchtas a léamh sula dtugann sé faoi.