Pota Focal Intergaelic
inc | ranc | rin | rince | rind
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eagraíocht rince dance organization
" Bíonn Paul agus Tom ag seinm ar an fhidil le chéile gach seachtain i mBaile an Chaisleáin ag rang Perree Bane, an eagraíocht rince ar Mhanainn, áit a mbíónn a iníon Islay (atá cuig bliana) ag damhsa.
agus triail go bagrach ar rince and head threateningly to a dance
" Iompar seanbhunaithe aige an teach a fhágáil agus triail go bagrach ar rince.
ag léim timpeall agus ag rince jumping around and dancing
" Bhí muintir na háite ar fad ag iarraidh mé a tharraingt isteach ón mbáisteach, ach bhí mé chomh fliuch sin gur chuma liom! Faoin am a shroich mé an teach, bhí mé fliuch go craiceann, agus ba bheag nach raibh flip flop caillte agam san abhainn a bhí in áit an bhóthair! Chuala mé screadanna agus gáire, agus ansin os mo chomhair bhí na páistí ar fad amuigh sa bháisteach ag léim timpeall agus ag rince! Bíonn orthu uisce a bhailiú gach lá agus, mar sin, bhí siad chun leas a bhaint as an deis seo agus chuir siad buicéid amach chun an t-uisce a bhailiú.
traidisiún rince na Maorach. the dance traditions of the Maori.
" * Baineann an *poi *le traidisiún rince na Maorach.
rince na scuaibe the brush dance
" Rinne Rosemarie Cooney agus Derrie Murray rince na scuaibe idir na poirt a chas John Carty, Kieran Hanrahan, Arty McGlynn agus Matt Molloy.
oícheanta den rince céilí céilí dance nights
" Cuireann an eagraíocht náisiúnta agus na clubanna áitiúla ranganna, ceardlanna agus oícheanta den rince céilí – ar a dtugann siad “fíor-chéilithe” – ar fáil do dhaoine fásta ar bhonn rialta.
Ní chuige sin atá an rince céilí that is not what céilí dancing is for
" Ní chuige sin atá an rince céilí, dar le Ní Mhearraí.
Má tá féith an rince ionat if you are a talented dancer
"Má tá féith an rince ionat cheana féin – agus suim agat tabhairt faoi obair dheonach atá fiúntach agus spraíúil – eagraítear cúrsaí traenála agus scrúduithe do dhaoine ar spéis leo cáilíocht a bhaint amach i dteagasc an rince céilí.
Damh Chruinne Éireann Rince agus Ceol Irish World Academy of Music and Dance
" Bhuel, thosaigh siad le cúrsaí de chuid an acadaimh a bhfuil mise ag déanamh MA ann: Damh Chruinne Éireann Rince agus Ceol.
Mar leis an rince de in regard to the matter of dance
" Mar leis an rince de, ba thobainne a theacht chun cinn.
ag rince dancing
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
rince sna súile the admiring gazes
" Briseann éadroime na seanspraoí amach eatarthu, rince sna súile, miongháire beag, macalla tréan an chaidrimh a bhíodh ann tráth.
ag rince i gcroí na duimhche dancing in the sand dune
" > ‘Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche, ribín id’ cheann is fáinní óir ar do mhéaranta duitse nach bhfuil fós ach cúig nó sé de bhlianta tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.
ag rince ar chlár m'aigne occurring to me
" Bhí trí nó cheithre rud faoi scéal an uaireadóra ag rince ar chlár m'aigne ar mo bhealach ar ais go Bonn na Gearmáine dom.
togha gach rince the choicest all dancing
" Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.
nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart I hadn’t learned step dancing properly
" Ní raibh mórán eile ag dul dó agus, ar feadh tamaill, déarfainn gur shíl roinnt daoine nach raibh ann ach nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart! (gáire) Nuair a chonaic daoine ar ball go raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam, thuig siad maith go leor ansin gur aicme ar leith ealaíne a bhí ann mar shean-nós.
ndeachaigh an rince foirne blaisín beag thar cheasaí an t-am sin step dancing went a little overboard that time
" Is dóigh liom go ndeachaigh an rince foirne blaisín beag thar cheasaí an t-am sin.
d’fhág mé mo bheannacht ag an rince I took my leave from the (step) dancing
" Rinne mé an dá rud an t-am sin, an rince céime agus an sean-nós, ach bhí deacracht agam an dá láimh a choinneáil sínte síos nuair a bhínn ag rince dóibh! (gáire) Chuaigh muid go Nua-Eabhrac an bhliain dár gcionn, ach d’fhág mé mo bheannacht ag an rince ina dhiaidh sin i ndáiríre.