Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rithimí rhythms
" Thóg mé bosca speisialta le húsáid in áit piliúir ar mo leaba, chun éisteacht le fuaimeanna agus rithimí na Gaeilge i mo chodladh.
rithime rhythm
" Is cuimhin liom an seisiún a fheiceáil ar an teilifís tamall ina dhiaidh sin agus shíl mé go mba iontach an bodhránaí mé agus mé in ann mo gheansaí bán Árann a bhaint díom i lár na tiúine agus gan buille amháin rithime a chailliúint! Mhair an chuimhne sin i bhfad i mo chloigeann.
rithim laethúil an tsaoil the daily rhythm of life
" Cé go bhfuil an saol athraithe go mór ó bhí sé féin ina ghasúr, agus go bhfuil rogha i bhfad níos mó ag gasúir ó thaobh spóirt agus caitheamh aimsire eile de, tá ceantair fós ann ina bhfuil an iománaíocht fite fuaite le cultúr an phobail agus le rithim laethúil an tsaoil.
rithimí rhythms
"rithimí an *rap *agus *hip-hop *chomh maith le jigeanna agus ríleanna le cluinstin ina chuid véarsaí.
rithim rhythm
" Bhí fadhb bheag amháin ann, áfach: ba chiotóg é Tadhg agus deasóga ab ea an bheirt eile! "D'fhoghlaim mé an giotár mar dheasóg agus is mar sin a sheinnim anois é, cé go n-airím go mbeadh rithim níos fearr agam dá mbeadh sé foghlamtha an bealach eile agam.
rithim cheart a mhothú to feel a proper rhythm
" JNíC: Is fuath liom nuair nach mbíonn ceoltóirí in ann an rithim cheart a mhothú mar gheall ar an luas.
rithim rhythm
" Taitníonn ceol na Gaeilge labhartha liom, ach níl an rithim chéanna ag baint le *Maori*.
rithim rhythm
" So d'athraigh mé an buntiún ó rithim ríle go rithim poirt agus tá mé sásta go maith leis.
rithim rhythm
" **Gluaiseacht an cheoil:** Anois ní hionann rithim an cheoil agus gluaiseacht an cheoil.
tá rithim an tsaoil breá mall the rhythm of life is nice and slow
" Tá an bia iontach, tá an bheoir saor agus tá rithim an tsaoil breá mall.
ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil beating the wood of the counter with the rhythm of the music
" Le linn na bpolcaí úd, thug mé sracshúil ar an mbeár agus ansin os mo chomhair bhí Gearóid (scíth bheag á glacadh aige ón obair), é ag stánadh amach roimhe ar thada agus méaracha a láimhe clé ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil.
rithim bhríomhar lively rhythm
" Tá creathadh áirithe agus rithim bhríomhar inti.
tharraing an tóin as rithim an phíosa which pulled the ass out of the rhythm of the piece
" Ceol iomlán nua den chuid is mó a bhí ann agus polca amháin a tharraing an tóin as rithim an phíosa chomh minic sin gur cheap mé nach raibh ann don cheol.
rithim rhythm
" Lance agus Eoin á stiúradh tríd go cúramach le rithim an cheoil.
rithim don cheol. rhythm to the music
" Bíonn na méara tábhachtach fosta, ach is é an bogha an rud a thugann rithim don cheol.
rithim an cheoil rhythm of music
" Bhí rithim an cheoil go domhain ina fhuil.
cruthú rithime leis na cosa creating rhythm with the feet
" Diomaite de na bróga a bheith difriúil – agus cé go bhfuil “batar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos mó cosúil le batar an tseitrince – is ionann an dá chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.
ag éisteacht leis an rithim listening to the rythm
" ********************************** Tar éis dom “Sinnerman” a chloisteáil, chuaigh mé chuig Tower Records i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus cheannaigh mé trí albam dá cuid le go bhféadfainn mé féin a bhá ina ceol! Tá mé báite! Agus anois tá mé suite sa seomra suí ag éisteacht leis an rithim sa chéad chúpla soicind de “See-line Woman”.
An-rithim go deo. A really great rhythm.
Rithim éasca. an easy rhythm.
" An í rithim seo Timbaland an freagra? Rithim éasca.
Rithim diabhlaíochta. A rhythm of devilment.
rithimí eile other rhythms
" Rinneadh iad a lúbadh agus a athmheascadh agus ansin chuir sé rithimí eile ina mullach.
rithim agus fuaim. rhythm and sound.
" Ba é an bunús a bhí leis ná rithim agus fuaim.
rithimí cainte rhythms of speech
" Chuirfeadh an blas draíochta sin agus rithimí cainte Rann na Feirste faoi gheasa thú.
rithimí rúndiamhra mysterious rhythm
" Ní raibh sé ar a chumas ag duine ar bith a ndearna mé comhrá leo cur síos cruinn beacht a dhéanamh ar an ghné den chultúr a chuireann faoi dhraíocht iad, ach luaigh siad luas agus rithimí rúndiamhra an cheoil agus an damhsa, rithim chainte na teanga, agus an draíocht a bhaineann leis an íomhá idileach atá acu den tír.
rithim an tsúnáis (to the) rhythm of their orgasm
" Gearrtha le rithim an tsúnáis, tá teannas idir na háilleachta físiúla agus tuar dorcha na tubaiste ina dhiaidh sin.
rithim rhythm
" Indian Summer Sky – fós ní thuigim na focail, cé gur breá liom an teannas sa phíosa agus a rithim leanúnach práinneach.
rithim rhythm
" Deinim seo cúpla uair go bhfaighim rithim anála.
a rithim féin leis it’s own steam, motion
" Is léir go bhfuil próiseas cumhachtach ar siúl a bhfuil a rithim féin leis.
rithim codlatach an innill the sleepy rythm of the engine
" Bhí mé ag breathnú ar an uisce donn agus le rithim codlatach an innill, bhí mé ag titim i néal - go dtí gur dhúisigh mé le troimpléasc mhór agus stadamar go tobann.
is rithim shleamhain it’s a smooth rhythm
" Agus is rithim shleamhain a bhíonn leis seachas buillí dochta an phianó.
an trácht, rithimí na cainte the traffic, patterns of speech
" "Ar na rudaí is mó a thaitin liom faoi Owenvarragh ná go raibh muid ag éisteacht leis an fhíor-Bhéal Feirste, an trácht, rithimí na cainte, an blas, an dá thraidisiún mhóra, chuala muid sin uilig agus is aoibhinn liom an chathair seo, mar sin thaitin an ghné sin liom.
braithimid rithim éigin we feel some rhythm
" Den chéad uair braithimid rithim éigin inár gcosa.
Rithim toinne wave rhythm
" Rithim toinne an ní a bhraitheann Colm Ó Snodaigh mar chroílár an cheoil.