Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag roghnú choosing to
" " Measann sí go bhfuil toil an phobail i bhfad níos mó laistiar den Ghaeilge inniu agus an cruthúnas is mó atá ann di ná an méid daoine a d'fhéach ar an gclár "Léargas" gach Máirt - "suas leis an gceathrú cuid de lucht féachana na tíre, a raibh rogha go leor stáisiún ag a lán acu, ag roghnú féachaint ar chlár as Gaeilge.
roghnú choosing
" Tá a fhios agam go bhfuil ábhar maith sa "taispeántas" atá in Ceol mar go raibh mé féin, in éineacht le roinnt eile, páirteach i roghnú, i leagan amach, agus i gcur i láthair an eolais atá ann.
roghnaithe chosen
" Leanfadh an córas clarúcháin ar aghaidh de réir phrionsabail na vótála cionmhara go dtí go mbeadh na toghlaigh ar fad roghnaithe.
a roghnódh who would choose
" Chun na ceapacháin a choiméad amach as an gcóras polaitiúil oiread agus ab fhéidir, is é an tUachtarán seachas an Taoiseach a roghnódh an cúigear seanadóir breise sin.
thimthriall roghnaithe na nuála innovation adoption cycle
" Cúig ghrúpa éagsúla ======= I gcúrsaí margaíochta agus straitéise, labhraímid faoi thimthriall roghnaithe na nuála.
a roghnaítear which is chosen
" Chun cuntas a oscailt, caithfear Uimhir Phearsanta Seirbhísí Poiblí (seanuimhir RSI) a sholáthar don institiúid a roghnaítear.
a roghnófá that you'd choose
" com na laethanta seo - ach cad iad na difríochtaí atá idir na seirbhísí sin agus córais ar nós Microsoft Outlook? Agus cén fáth a roghnófá ceann amháin thar ceann eile? Baineann Manchán Magan, láithreoir cláracha taistil a bhíonn le feiscint ar TG4, úsáid as seoladh ríomhphoist ag ireland.
a roghnú to choose
" An rud a fhaigheann siad ar an suíomh ná margadh gnéis, mná ar féidir leo féachaint orthu, a roghnú, teagmháil a dhéanamh leo agus ansin bualadh leo.
a sheinneann uirlis eile a roghnú to choose a musician who plays another instrument
" " Tá Carolan den tuairim nach bhfuil cláirseoir traidisiúnta eile beo atá inchurtha le Bell agus, má chinneann na Chieftains ar dhuine a fháil ina áit, gurbh fhearr dóibh ceoltóir a sheinneann uirlis eile a roghnú.
roghnaithe selected
" Tá an Cheathrú Rua roghnaithe ag an Údáras mar mórbhaile, nó lárionad, do Ghaeltacht Chonamara, agus tá áiseanna dhá bhforbairt ann dá réir.
in ainm is an buaiteoir a roghnú supposed to choose the winner
" Tá painéal ar a bhfuil trí dhuine dhéag, a roghnaigh an Lower Manhattan Development Corporation, in ainm is an buaiteoir a roghnú i mí Dheireadh Fómhair.
roghnú na gcluichí a thaispeántar beo the choosing of the matches shown live
" Anois d'fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna praiticiúla agus cúiseanna a bhaineann le hairgead agus araile ag baint leis na cinntí atá luaite thuas ach ardaíonn siad dhá cheist bhunúsacha: an é go bhfuil an pheil níos tábhachtaí ná an iománaíocht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael agus an bhfuil RTÉ i gceannas maidir le roghnú na gcluichí a thaispeántar beo? Mar shampla, bhí an cluiche peile idir Áth Cliath agus An Lú beo ar an teilifís - cluiche thar a bheith aontaobhach, gan dealramh.
go roghnaím that I choose
" Ach tá mé chomh sásta anois go bhfuil sé tagtha ar an saol go roghnaím dearmad a dhéanamh ar an dua a bhain leis.
roghnaithe chosen
" Tá an suíomh roghnaithe againn, agus tá an t-úinéir toilteanach é a dhíol linn go réasúnta saor.
roghnaithe chosen
" Tá fáilte mhór curtha ag pobal na Gaeilge roimh cheapadh an Choimisinéara Teanga agus meas curtha in iúl ar an duine atá roghnaithe.
roghnaíodh Wilkins Wilkins was chosen
" Lena chois sin, roghnaíodh Wilkins mar dhuine den deichniúr bainisteoir is fearr i stair an NBA.
roghnaithe chosen
" Fógraíodh ag deireadh na míosa seo caite go bhfuil Proinsias Ó Maonaigh as Gaoth Dobhair roghnaithe mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge 2004.
a roghnú to choose
" "In ainm an easnaimh, agus ár mac, agus ár dtaobhsparán," a dúirt duine d'aithreacha na cathrach, "caithfimid réiteach a fháil air seo agus ainm a roghnú.
nuair a roghnaíodh í when she was chosen
" Chaith sí go leor dua le bunú cumann úr fud fad na Sé Chontae agus aithníodh an tsárobair a rinne sí i 1978 nuair a roghnaíodh í mar chathaoirleach ar an pháirtí, an chéad bhean a bhain cathaoirleacht amach i bpáirtí ar bith polaitíochta ó thuaidh.
a roghnaítear na saothair a thaispeántar that the works that are shown are chosen
" An tslí a roghnaítear na saothair a thaispeántar ná go gcruinníonn ochtar nó mar sin de na hacadamhaithe le chéile chun iad a mheas.
nuair a roghnaítear duine dá gcuid when one of their is picked
" Tugann sé léargas ar an mbród mór, millteach a bhíonn ar mhuintir paróiste bhig nuair a roghnaítear duine dá gcuid ar fhoireann an chontae agus go háirithe má bhíonn siad ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann.
á roghnú being chosen
" Nuair atá ceamara digiteach á roghnú, is fiú i gcónaí a chinntiú cé chomh mór is atá an cárta a thagann leis mar, má tá sé ró-bheag, beidh costas breise ag baint le cárta níos oiriúnaí a cheannach.
á roghnú being chosen
" Nuair a bhíonn ceamara á roghnú, tá sé tábhachtach go mbeadh lionsa maith ann, rud a bhíonn i bhformhór na gceamaraí a dhéanann na comhlachtaí traidisiúnta ceamaraí a tháirgeadh.
a roghnú to choose
" **Rogha maith tiúin:** Ceann de na bunrudaí, dar liomsa, ná tiún maith a roghnú i dtosach.
roghnaithe chosen
" Tar éis duit na grianghraif atá roghnaithe agat a sheoladh chucu thar an idirlíon is féidir iad a íoc le cárta creidmheasa chun na híomhánna a chlóbhualadh duit agus a sheoladh ar ais sa phost chugat.
próiseas roghnaithe selection process
" "Tá próiseas roghnaithe ann atá beagán ar nós cheann na gCluichí Oilimpeacha (seachas an rógaireacht!).
roghnaithe chosen
" De réir na stráitéise náisiúnta sin ba chóir go mbeadh ospidéal réigiúnach nó áitiúil sna molbhailte atá roghnaithe.
ag roghnú na gcláracha choosing the programmes
" Beidh cúig lá á gcaitheamh agam le dream istigh in óstán, ag breathnú ar 130 clár teilifíse! Beimid ag roghnú na gcláracha a chuirfear ar aghaidh, ar son na hÉireann, go dtí an chéad bhabhta eile.
roghnaithe chosen
" Is í Cathair Chorcaí atá roghnaithe mar chathair chultúrtha na bliana seo agus beidh tús oifigiúil á chur le "Corcaigh 2005, Cathair Chultúrtha na hEorpa", go luath.
coiste roghnaithe selection committee
" Bunaíodh coiste roghnaithe i measc iriseoirí agus craoltóirí spóirt agus bunaíodh coiste stiúrtha freisin chun rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos don scéim.
a roghnaítear which is selected
" Bhí an bheirt Mícheál ar na peileadóirí ab fhearr ina ré féin nó i ré ar bith, ach ní raibh áit dóibh ar an gcéad fhoireann Réaltaí! Is iomaí argóint agus díospóireacht a spreag na Réaltaí ó shin agus is féidir a rá go líonann an fhoireann a roghnaítear gach bliain bearna mhór ó thaobh cluichí idirchontae i míonna dorcha an gheimhridh.
ní roghnóidh sé ach ceann amháin acu he'll only choose one of them
" Tá suim ag an ionadaí sna grianghraif agus sna staitisticí, ach beidh sé ag déanamh comparáide idir aerfoirt an Bhaile Bhig, Chiarraí, na Sionainne agus Chnoc Mhuire agus ní roghnóidh sé ach ceann amháin acu.
a roghnófar that will be chosen
" Ar aon nós, tá súil againn nach é oráiste an dath a roghnófar an chéad Lá Fhéile Pádraig eile, is cuma cén t-imeacht nó cúis atá oifigeach éigin sa DOE ag iarraidh a phoibliú.
roghnú bhuaiteoirí na n*Oscars* the choosing of the Oscar winners
" Mar thoradh ar a bhallraíocht san Acadamh eisiach seo, bíonn baint aige le roghnú bhuaiteoirí na n*Oscars* chuile bhliain.
a roghnú to choose
" “Nuair a bhínn ag déanamh na scannán do na pictiúrlanna, bhíodh orainn ábhair a roghnú i gcónaí a bheadh intuigthe i measc an phobail i gcoitinne.
a roghnú to select
" “Dá mbeadh sé de mhisneach acu mise a roghnú, agus dá dtabharfadh an bheirt sin faoi Bhalor Beo, bheadh na *All Blacks *beirt gann faoi dheireadh an chluiche,” a mhaíonn Balor an Bóiscéalaí Bomannach.
a roghnú to choose
" Ní hamháin go bhfuil teacht agat ar linn ollmhór de dhaoine atá ar fáil agus a bhféadfá caidreamh bheith agat leo, ach tá an chumhacht agat na daoine ar mian leat teagmháil a dhéanamh leo a roghnú.
a roghnú to select
" “Dá mbeadh sé de mhisneach acu mise a roghnú, agus dá dtabharfadh an bheirt sin faoi Bhalor Beo, bheadh na *All Blacks *beirt gann faoi dheireadh an chluiche,” a mhaíonn Balor an Bóiscéalaí Bomannach.
roghnófar na buaiteoirí the winners will be chosen
" Míníodh don slua a bhí bailithe i Milwaukee don ócáid go bhfuil na hiarratais le bheith istigh faoin 2 Nollaig 2005 i mbliana, agus roghnófar na buaiteoirí tar éis do scrúdú bheith déanta ar thuairiscí scríofa ó na coistí a bheas rannpháirteach sa chomórtas.
a roghnú to choose
" Is ar choiste liteartha an tionscadail a thit an dualgas dúshlánach cúig fhile dhéag a roghnú ón dá thír agus ba iad na filí féin a roghnaigh píosaí dá gcuid féin, chomh maith le dhá phíosa eile a ainmniú, le cur sa taispeántas agus sa leabhar.
a roghnú to select
" Braitheann sé ar an mbainisteoir an fhoireann a ullmhú agus a roghnú agus a chinntiú go bhfuil sí réidh don chluiche.
ag roghnú ábhar choosing subjects
" Taithí an-mhaith a bhí ann ó thaobh bheith ag plé le daoine, ag cur cláracha le chéile agus bheith ag roghnú ábhar.
a roghnaigh muid féin that we chose ourselves
" Mar shampla, sula ligeann siad dúinn leabhar a roghnaigh muid féin a cheannach bíonn orainn féachaint trí liosta de scata leabhar a cheannaigh daoine eile.
roghnaithe chosen
" Níor phreasócáidí iad seo; thug sé na hóráidí (ar mar an gcéanna iad go léir, nach mór) den chuid is mó ar maidin lá dálaigh os comhair lucht féachana a bhí roghnaithe go hiomlán ó fhórsaí armtha na tíre.
a roghnaigh muid féin that we chose ourselves
" Mar shampla, sula ligeann siad dúinn leabhar a roghnaigh muid féin a cheannach bíonn orainn féachaint trí liosta de scata leabhar a cheannaigh daoine eile.
nár roghnaíodh é that he wasn't selected
" Níor thaitin sé le daoine áirithe, is cosúil, go raibh dúil ag Dinny sa sacar, agus glactar leis gur i ngeall air sin nár roghnaíodh é ar fhoireann bhuacach pheile Chorcaí a bhuaigh an Chraobh i 1973.
roghnaithe chosen
" AÓF: Cén chaoi a dtosaíonn tú ansin? An dtagann an ceol nó na focail chugat ar dtús? CÓD: Ní féidir liom focal a scríobh gan fonn a bheith roghnaithe nó cumtha agam i dtosach.
roghnaítear an rialtas the government is chosen
" In Éirinn, roghnaítear an rialtas as baill an pháirtí (nó na bpáirtithe) a fuair móramh Dála i dtoghchán, agus sa chás sin is ionann comh-aireacht agus rialtas.
roghnú selecting
" Ach, ó thús an tséasúir seo, is eisean bainisteoir Phoenix agus é freagrach as roghnú agus traenáil na foirne ar bhonn laethúil.
go fánach a roghnaíodh na láithreacha the sites were chosen randomly
" Ceann de na fadhbanna a bhaineann le sin ná gur go fánach a roghnaíodh na láithreacha a bhí le sochar a bhaint as an dílárú.
a roghnaíodh don tseirbhís nua that was chosen for the new service
" Raidió na Life an t-ainm a roghnaíodh don tseirbhís nua agus tar éis feachtas láidir leanúnach, chuaigh an stáisiún ar an aer ar an 25 Meán Fómhair 1993 le ceadúnas ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann.
roghnaíomar we chose
" Dúradh linn cuireadh a thabhairt do cheoltóir a roinnfeadh an oíche linn agus roghnaíomar Oki.
ainm Gaelach a roghnú to choose an Irish language name
" ***AÓF: ******Cé a smaoinigh ar an ainm Líadan don ghrúpa?***SD: Thóg sé i bhfad orainn an t-ainm a phiocadh! Theastaigh uainn ainm Gaelach a roghnú agus bhí muid ag iarraidh go mbeadh an t-ainm banúil freisin.
gur roghnaigh sé an suíomh seo that he chose this site
" Is cinnte gur roghnaigh sé an suíomh seo mar gur áit an-straitéiseach í.
dá roghnófaí leithéidí Choláiste Marino if the likes of Marino College were chosen
" Ní bheadh aon chostas breise ar an stát dá roghnófaí leithéidí Choláiste Marino mar an coláiste oiliúna Gaeilge, rud a bheadh tábhachtach do rialtas a bheadh sásta seo a bhrú ar aghaidh.
a roghnódh who would choose
" Dá mbeadh rogha ag daoine idir ceoltóir sa chúinne nó síob abhaile, is iomaí duine a roghnódh an bealach saor, sábháilte abhaile seachas rogha agus togha an cheoil! Ach tá rud amháin cinnte, is é sin nach bhfuil seans dá laghad, agus tréimhse na Nollag díreach caite againn, go ndéanfar aon chúlú ar an chosc ar chaitheamh tobac ná ar dhianfheachtas na nGardaí i gcoinne tiomána faoi thionchar an óil.
an brú óige a roghnaigh mé the youth hostel I chose
" Faraor, bhí an brú óige a roghnaigh mé brocach (bhí blatóga coiteanna mar chomhluadar agam sa chistin), ach seachas sin, is cathair an-deas é Sydney.
cé acu a roghnóimis which one we'd choose
" Bhí dhá leagan ós ár gcomhair ar an scáileán agus ní raibh muid in ann cinneadh a dhéanamh cé acu a roghnóimis mar chlúdach oifigiúil.
roghnaithe chosen
" Táthar ag tabhairt "an I-65 Superbowl" ar an gceann seo, ó ainm an bhóthair idir Siceágó agus Indianapolis, na cathracha arb as an dá fhoireann atá roghnaithe i mbliana – na Chicago Bears agus na Indianapolis Colts.
roghnaítear dhá fhoireann don chraobh. two teams are chosen for the final.
" Anois roghnaítear na hocht bhfoireann is fearr sa sraithchomórtas agus trí imirt dhíbeartha, roghnaítear dhá fhoireann don chraobh.
roghnaithe, chosen,
" Nuair a nochtadh freagracht theoranta an Údaráis, d’éirigh an cathaoirleach a bhí roghnaithe, an tOllamh Margaret O’Mahony ó Choláiste na Tríonóide, as a post.
cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla why English words were chosen
" Bíodh sin mar atá, ní dócha go bhfuil call leis agus chuirfeá ceist ort féin cad chuige ar roghnaíodh focail Bhéarla thar cinn Ghaeilge i gcásanna áirithe.
roghnaithe ag an Urramach Paisley chosen by the Reverend Paisley
" Agus cé atá roghnaithe ag an Urramach Paisley le hagallamh a chur air i dteanga na nGael? Cé eile ach Balor na Súile Nimhe agus na Saoithiúlachta Stuama.
chun na cinn is fearr a roghnú to pick the best ones
" Chuir Daire in iúl dom go scríobhann na baill na hamhráin ina n-aonar ach go dtagann siad ar fad le chéile ansin chun na cinn is fearr a roghnú le cur ar albam.
Roghnaigh muid we chose
" Roghnaigh muid amhráin agus liricí a bhí ar ardchaighdeán, seachas amhráin a chur ar an albam díreach toisc go raibh siad i nGaeilge.
roghnaigh sé he chose
" Chomh maith leis sin roghnaigh sé imreoirí a raibh meon láidir agus cur chuige acu, imreoirí nach ngéillfeadh do fhreasúra ar bith.
a roghnú to choose
" Bhí mé ag breathnú ar chlár teilifíse roimh an olltoghchán ó dheas – sular fógraíodh dáta an toghcháin féin – agus iarradh ar an lucht féachana sa stiúideo focal amháin nó abairt a roghnú a chuirfeadh síos ar an dearcadh a bhí acu ar phearsantachtaí nó ar pháirtithe.
roghnaithe chosen
" Ach, ag an am chéanna, is rud dearfach é a bheith roghnaithe mar sin agus a bheith ag traenáil le traenálaí gairmiúil.
is féidir leat fad do shiúlóide féin a roghnú. you can choose the length of your own walk.
" Iompraíonn báid na paisinéirí ó chuan go cuan agus is féidir leat fad do shiúlóide féin a roghnú.
a roghnú to choose
" Má dhéanann tú scrúdú ar liosta iarrthóirí Ollscoil na hÉireann, tá sé deacair leathdhosaen a roghnú a mbeadh aon fhiúntas ag baint leo.
roghnaithe chosen
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
Roghnaíodh an t-ainm seo This name was chosen
" Roghnaíodh an t-ainm seo mar gheall ar sheanbhallaí fhoirgnimh na n-ollscoileanna.
dá roghnófaí tú if you were chosen
" Ba é *ethos* na scoile ná gur scoil rugbaí í agus go mbeadh sé mar dhualgas agus mar phribhléid a bheith i láthair dá roghnófaí tú d'fhoireann na scoile.
roghnaíodh é mar chúl báire! he was chosen as a goal-keeper
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
roghnú imreoirí selection of players
" Fear nach raibh barúil ina cheann aige faoi roghnú imreoirí nó iad a chur in áit cheart ar an pháirc imeartha, agus fuair sé €700,000 mar bhronntanas scoir.
a roghnú to choose
" Is féidir leat an té atá á lorg agat a roghnú ón liosta.
roghnaigh siad ceathrar they chose four people
" Níorbh fhéidir le Ian Paisley agus Martin McGuinness duine amháin a ainmniú a mbeadh an bheirt acu sásta leis/léi, mar sin roghnaigh siad ceathrar – bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, Patricia McBride; Bertha McDougal a bhíodh ina Coimisinéir d’Íospartaigh go dtí seo agus ar mharaigh an INLA a fear céile a bhí ina phóilín san RUC; Brendan McAllister ó Mediation Northern Ireland agus an t-iarláithreoir teilifíse Mike Nesbitt.
ábhar na míreanna a roghnú to choose the material for the segments
" Fágadh faoi na páistí iad féin é ábhar na míreanna a roghnú agus rinne lucht Raidió na Life an t-ábhar sin a thaifeadadh agus a chur in eagar.
roghnaíodh chosen
" De réir na litreach a fuair mé ó chomhlacht darbh ainm dó Grupo Eulen Security Company SA, roghnaíodh m'ainm mar chuid den “*international promotion programme*” atá acu.
roghnaigh na teagascóirí the tutors chose
" Duine ar dhuine, b’éigean dúinn dul síos fána speisialta sciála a bhí socraithe do thosaitheoirí agus roghnaigh na teagascóirí na ranganna cuí dúinn.
roghnaigh óstán choose an hotel
" Chuirfinn roinnt comhairle ar dhuine atá ag smaoineamh ar dhul ar shaoire sciála: roghnaigh óstán atá suite i lár an bhaile agus atá breá cóngarach do gach rud – na hardaitheoirí sciála, na *gondolas* agus na tithe leanna a mbíonn *après-ski *ar siúl iontu.
le dathanna péinte a roghnú, to choose paint colours,
" Ach cad mar gheall ar chúrsaí níos cruthaithí – an dóigh is fearr le dathanna péinte a roghnú, cuir i gcás.
dá roghnófá dathanna áirithe if you chose certain colours
" Ma bhaineann tú úsáid as an bhfeidhmchlár seo, is féidir leat buille faoi thuairim a fháil roimh ré maidir leis an gcuma a bheadh ar do sheomra dá roghnófá dathanna áirithe – agus ní gá duit pingin a chaitheamh!MousePainterBainim féin úsáid as an tseirbhís MousePainter atá curtha ar líne ag Dulux (www.
a chuid roghnóirí féin a roghnú, to choose his own selectors,
" D’aontaigh mé cheana le dearcadh na n-imreoirí maidir le cead a bheith ag bainisteoir fhoireann an chontae a chuid roghnóirí féin a roghnú, ach níor aontaigh mé lena gcinneadh dul ar stailc.
roghnaigh tú you chose
" Fuair tú an liosta de na gnáthrudaí a fuair gach duine eile agus roghnaigh tú ceann acu sin.
á roghnú. being chosen
" De réir bhunreacht na tíre, is faoi mhonarc na Ríochta Aontaithe é ard-ghobharnóir na hAstráile a cheapadh, ach glacann sé nó sí le comhairle phríomh-aire na hAstráile i dtólamh agus an t-ionadaí á roghnú.
ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú a better time couldn't be chosen
" Agus na Cluichí Oilimpeacha ar tí a bheith ar siúl i mBéising i mí Lúnasa, ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú le cearta daonna mhuintir na Tibéide a chur chun cinn.
Roghnaíodh painéal traenála a training panel was selected
" Roghnaíodh painéal traenála ag tús na bliana tar éis gur eagraíodh roinnt cluichí trialacha.
roghnaithe selected
" Cuireadh ina leith san am a chuaigh thart go raibh sí faiteach i mbun cosanta ach is cinnte nach mbeidh a leithéid inghlactha a thuilleadh agus í roghnaithe mar leaschaptaen na foirne.
a roghnú to choose
" Caithfidh tú na focail ar mian leat a bhfuaimniú a chloisteáil a roghnú agus tabharfar iad isteach go huathoibríoch go dtí suíomh abair.
Roghnaítear na rincí the dances are chosen
" Roghnaítear na rincí as an leabhar *Ár Rince Foirne* den chuid is mó agus dar le Ní Mhearraí, tá siad i ndiaidh cúpla seanrince a athbheochan chomh maith.
a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí. they chose the contents of their bags
" Os rud é go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach an beagán éadaí agus riachtanas eile a thugann siad leo ar a ndroim, is de réir praiticiúlachta, seachas faisin, a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí.
Roghnaítí Used to be chosen
" Roghnaítí Liam agus beirt dhalta eile má bhí pictiúr ar bith le déanamh.
roghnaíomar we chose
" Tar éís an iliomad carranna a thriallthiomáint suas síos bóithre Nua-Gheirsí, roghnaíomar táirge na Seapáine i ndeireadh báire.
a roghnaíodh who was chosen
" Ina measc siúd a roghnaíodh roimhe seo le bheith ina Marianne, bhí leithéidí Brigitte Bardot (1968) agus Catherine Deneuve (1985).
roghnóidh who('ll) chose
" Is é sin, an cineál a bhaineann le daoine a bhíonn i gcarranna, agus an drochmheas atá acu ar an chuid eile a roghnóidh an rothar mar mhodh taistil le fáil ó áit go háit.
roghnaigh sé he chose
" Bhí orm a rá leis caol díreach gur roghnaigh sé an duine contráilte – gur mise duine acu sin a bhíos ag rothaíocht.
Roghnaíodh é he was picked
" Roghnaíodh é mar iománaí na bliana 1959 agus Roghnaíodh é ar fhoireann an Chéid in 1984 agus ar fhoireann na Mílaoise in 1999.
Roghnaigh chose
" Roghnaigh an t-uachtarán tofa mar chomhairleoirí eacnamaíochta daoine ar nós Timothy Geithner agus Larry Summers atá freagrach as an trioblóid sa chóras airgeadais anois.
roghnú to choose
" Tuigeadh go forleathan go raibh seans láidir ann go gcaillfeadh Dati a haireacht ag tús 2009 (4) ach samhlaigh an tionchar a bheadh ag cinneadh Sarkozy dá socródh sé iarraidh uirthi an rialtas a fhágáil le linn di a bheith ar saoire máithreachais! Croí an scéil Nach é sin croí na ceiste, i ndeireadh báire, do na mná ar fad a thug páiste ar an saol in 2008? Conas roghnú idir an saol pearsanta agus an saol gairmiúil? Tá a fhios agam gur ceart an cheist chéanna a chur ar na fir inár measc ach níl an tsochaí ag an bpointe sin fós, a dheartháir! In alt dar teideal Pas mères et pas amères a foilsíodh sa pháipéar nuachta Libération ar an 19.