Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nocht na pasanna roimhe the passports were revealed in front of him
" Thóg sé an bosca agus go hádhúil le Dia nocht na pasanna roimhe.
ag creathnú roimhe dreading it
" Bhí sí ag creathnú roimhe.
ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile she was barely able to put one foot in front of the other (i.e. she was walking with difficulty)
" " Ní raibh Gerry ina shuí i gceart nuair is seo anuas an staighre Aoife, ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile.
Chuir Sue a chuid roimhe Sue placed his food in front of him
" Chuir Sue a chuid roimhe chomh gasta agus a thiocfadh léi nó d'aithin sí an rabharta feirge a bhí ag éirí air.
Chuaigh Nuala roimhe sa chaint Nuala cut in/interrupted him
" Stokes a mhealladh chuig an chomhlacht seo," arsa Stiofán, "nó …" Chuaigh Nuala roimhe sa chaint agus dúirt, "Fág agamsa é.
fán ród a bhí roimhe about the road ahead of him
" Bhí an chuma ar Trimble go raibh sé ar a sháimhin suilt, socair ina intinn fán ród a bhí roimhe, roimh a pháirtí agus roimh Thuaisceart Éireann.
ag creathnú roimhe dreading it, in fear of it
" Bhí sí ag creathnú roimhe.
nár léiríodh roimhe which was shown before
" " An tábhacht a bhaineann le Brennan, dar le John Boland, ná go léiríonn sí saol aicme áirithe in Éirinn nár léiríodh roimhe.
thochail dream eile díog roimhe another group dug a ditch in front of it
" Le stad a chur leis an bhóithrín uafásach seo, thochail dream eile díog roimhe, agus chuir siad bolláin in aice leis.
amhail is gur tharla sé an bhliain roimhe sin. as if it happened the year before
" Bhí scéalta aige faoi Bhalor agus an phluais mhór agus bhíodh seisean ag caint faoi amhail is gur tharla sé an bhliain roimhe sin.
a tháinig roimhe which preceded it
" Bhí cur chuige nua ag “Léargas”, i gcomparáid leis an chlár a tháinig roimhe, “Cúrsaí”.
ag stánadh amach roimhe staring in front of him
" Le linn na bpolcaí úd, thug mé sracshúil ar an mbeár agus ansin os mo chomhair bhí Gearóid (scíth bheag á glacadh aige ón obair), é ag stánadh amach roimhe ar thada agus méaracha a láimhe clé ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil.
go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin that he had lost his wife the previous year
" “Fuair mé glao tamall ina dhiaidh sin ó fhear a mhínigh dom gurbh é a sheanathair marbh an seanduine cráite agus, nuair a chonaic mise é, go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin agus gurbh éigean dó bogadh isteach in áras seandaoine i mBré.
mar a théadh siad roimhe seo. as they used to go out in the past.
" An toradh atá air sin ná go bhfuil díolachán alcóil sna hollmhargaí i ndiaidh méadú go mór agus tá daoine ag fanacht sa bhaile in áit dul amach mar a théadh siad roimhe seo.
gur chuir sé roimhe, that he set out,
" Deir Pól Ó Muirí i réamhrá a leabhar úir, *Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil*, gur chuir sé roimhe, agus an bheathaisnéis seo á scríobh aige, aird an léitheora a dhíriú “ar an Ghriannach mar dhuine” agus is cinnte go n-éiríonn leis é sin a dhéanamh go héifeachtach.
nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, which was hitherto unseen,
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
a thug tacaíocht dóibh roimhe seo who supported them in the past
" Bhí MLA amháin i láthair a thug tacaíocht dóibh roimhe seo ach a bhí anois ag rá go raibh sé ag tacú leis an Aire, Caitríona Ruane.
a chuir in iúl roimhe seo who have previously shown
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
go gcuireann sé roimhe that he takes upon himself, makes it his aim
" Léiríonn na tionscadail teilifíse atá roghnaithe aige go gcuireann sé roimhe ceisteanna agus fadhbanna móra sóisialta agus cultúrtha a phlé.
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe. that he will be able to guide the newspaper through whatever troubled waters that lie ahead
" ***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
sna saolta a tháinig roimhe seo. in their former lives
" Fuair na bochtáin an rud a bhí tuillte acu, de réir theagasc na manach, mar gheall ar an olc a rinne siad sna saolta a tháinig roimhe seo.
ba nós roimhe seo than formerly
" An bhfuil an t-iarann te? An mithid a bhualadh? Is líonmhaire teangacha eile ar shráideanna na hÉireann thar mar ba nós roimhe seo.
roimhe prior to that
" Tá níos mó ceachtanna saoil foghlamtha agam le mo linn anseo ná mar a d’fhoghlaim mé i mo shaol ar fad roimhe, b’fhéidir.
bhrúfadh roimhe forge on in
" Bhí an-fhoighne aige, leis an slua a dhéanfadh trup mór agus, go mór mór, leis an cheolteoir samhraidh nach raibh thar moladh beirte, b’fhéidir, ach a bhrúfadh roimhe isteach ar sheisiún.
samhradh roimhe sin the previous summer
" Bhíomar an sé seachtaine an samhradh roimhe sin agus bhíomar ann sé seachtaine roimhe sin.
le teann faitís roimhe through sheer fear of him
" B’fhéidir gur thug foireann Chill Chainnigh aird ar leith ar Dan mór le teann faitís roimhe! Díol spéise an méid atá le rá ag Ó Seancháin faoi imreoirí Chill Chainnigh: “Tá iománaithe Chill Chainnigh difriúil: cuireann siad a lámha timpeall do mhuiníl; imríonn siad camán an chéile chomhraic seachas an sliotar; déanann JJ Delaney a lán calaoisí, téann sé in airde ar do dhroim agus éiríonn leis éalú gan phionós a fhulaingt”.
roimhe before it
" Ribchester ====== Agus ansin, ag seanhalla eile, *Hothersall Hall*, nocht an Ribble chugam arís díreach roimhe.
a mhuintir roimhe his forebears
" Tá dintiúirí maithe aige agus é fáiscithe as an pholaitíocht mar a bhí a mhuintir roimhe.
Roimhe sin prior to that
" Roimhe sin, bhunaigh mé Cúinne na Cainte i mBÁC, ar nós Speakers Corner i Londain.
tháinig roimhe before his time
" Shíl TP Flanagan nach mbeadh mórán le rá aige faoi thírdhreachanna a cheantair féin nach raibh ráite cheana féin ag ealaíontóirí a tháinig roimhe, ar nós Paul Henry, Tom Carr agus JB Yeats, a rinne cur síos ar chósta iarthuaisceart na hÉireann ar a mbealach suntasach féin.
riamh roimhe ever before
" Rinne an Lucht Oibre go maith fós féin agus an líon suíochán a thabhairt go leibheál nár shrois an páirtí riamh roimhe seo.
riamh roimhe ever before
" Rinne an Lucht Oibre go maith fós féin agus an líon suíochán a thabhairt go leibheál nár shrois an páirtí riamh roimhe seo.
Roimhe before
" Roimhe sin, is gasúr thú agus beidh tú faoi réir dlí uathúil an ghasúir.
Tá sé curtha roimhe has planned
" Tá sé curtha roimhe ag Bord Soláthair an Leictreachais go mbeidh aon trian dár gcuid leictreachais ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2020 agus go mbeidh Éire neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2035.
roimhe facing him
" Admhaíonn Michael D Higgins nach raibh sé éasca a dheasc a fholmhú agus imeacht amach as Teach Laighean don uair dheiridh mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ach, ar ndóigh, tá dúshláin eile roimhe.
riamh roimhe seo ever before
" Táimid níos cleachta le hathionchollú an scéil, mar atá, an ceoldráma *My Fair Lady* ina raibh Audrey Hepburn agus Rex Harrison agus d’ainneoin an móréileamh air siúd, tá sé suimiúil nár léiríodh an dráma in Amharclann na Mainistreach riamh roimhe seo.
roimhe sin prior to that
" Gan dabht, ba chuirtéis chliste dath ghúna na tuirlingte ag Baile Dhomhnaill roimhe sin.
Níor rith sé liom roimhe it didn’t occur to me beforehand
" Níor rith sé liom roimhe sin go mbeadh tóir chomh mór sin ar an sciáil i ndeisceart na hAstráile.
beagán achair roimhe a short while prior
" Bean a raibh airgead aici fós beagán achair roimhe sin ba léir.
a fearadh roimhe he was ever offered
" Má shíl Balor gur fáilte fhuar dhoicheallach a fearadh roimhe, níor chuir sé as dó beag ná mór.
sheol na ba roimhe driving the cattle
" Sé bliana déag ó shin, thug sé cúl lena bhaile dúchais, sheol na ba roimhe, agus chuir faoi ar deireadh 500 míle ó dheas i gceantar Dan Bassa.
conair mhaith gearrtha roimhe a well marked path
" Sin conair mhaith gearrtha roimhe le leanúint ag Dara!
Aoi ar cuireadh fáilte roimhe a guest who was welcomed
" Na Trí Ní is Géire: Fiacail Coileáin, Dealg Feochadáin agus Focal Amadáin ========================== Aoi ar cuireadh fáilte roimhe sa Palacio de la Zarzuela an tseachtain seo a d'imigh tharainn ba ea gobharnóir Florida, Rick Scott.
a tháinig roimhe which preceded it
" Meastar gur tháinig sé chun cinn le theacht na Críostaíochta in Éirinn leis an oidhreacht staire, chultúir, chreidimh, dhaonna a tháinig roimhe a chaomhnú.
ar cuireadh oiread fáilte roimhe which was welcomed so much
" Ní dóigh liom go bhfaca mé aon rud ar cuireadh oiread fáilte roimhe le fada fada an lá ar an raidió, agus an teanga, an chaint, an scríbhneoireacht, tá sé ar fheabhas ar fad.
Uair a chlog roimhe sin an hour before that
"Uair a chlog roimhe sin, thiomáin mé síos Bóthar na Seanchille ar mo bhealach chuig mo chuid oibre agus i gcúlshráid chonaic mé romham an slua Protastúnach, na mílte acu in éide geal, gealgháireach.
an fháilte a cuireadh roimhe a choilleadh abuse the welcome which they received
" Ní amach amháin a shaothraíonn an Gaeil, nó ‘an tÉireannach Nua’ ach oiread, an dea-cháil, ach is féidir leis an duine a thiocfas isteach chun na tíre cur linn mar dhream daoine nó baint dínn agus b’fhéidir an fháilte a cuireadh roimhe a choilleadh.
fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin a man I had never seen before nor since
" Bhí fear nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin ag fanacht liom ar an chosán abhus nuair a leag mé síos an guthán.
go gairid roimhe sin very recently
" (Bean óg í seo a chuir suas do phost eile go gairid roimhe sin le teacht chuig an ghaelscoil úr!) Níor ghlac mo dhuine le comhairle an dlíodóra, Gaeilgeoir, ach d’fháisc sé air san iarracht go damanta agus tá na céadta cainteoirí líofa Gaeilge san áit mar gheall ar an aon duine amháin sin.
fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe ann he was greatly welcomed there
" Nuair a chuala na lúthchleasaithe Meiriceánacha faoin masla seo, thug siadsan cuireadh dó agus fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe ann.
Roimhe sin reáchtáladh cruinnithe meetings were organized prior to that
" Roimhe sin reáchtáladh cruinnithe le tuismitheoirí lena gcuid tuairimí a fháil.
seachtainí beaga roimhe sin some weeks before
" Gach seans go raibh Krishnan ag smaoineamh ar an bharbaracht a scaoileadh den éill ag Sandy Hook, seachtainí beaga roimhe sin.
roimhe sin prior to that
" Caithfear cuimhneamh nár breathnaíodh anuas ar an gcine gorm roimhe sin.
fiú roimhe theacht even before the arrival
" Comhphobal leochaileach ab ea é fiú roimhe theacht Katrina aniar aduaidh orthu.
Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe he received a cold reception
" Cuireadh fáilte dhoicheallach roimhe i dtús báire, ach ba léir go raibh an mianach ceart ag Kiernan a chuspóir dúshlánach a bhaint amach.
mura mbeadh obair roimhe if he didn’t have work ahead of him
" maidin sathairn mura mbeadh obair roimhe an lá sin, agus théadh sé amach 5 míle ar an rothar chuig coinicéar agus bhíodh “*the two or three massive rabbits that I wanted, skinned and cleaned and hung on the back door before anyone stirred out of bed*” a dúirt sé.
an lá roimhe the day before
" Ní raibh sé mar sin an lá roimhe, lá sochraide Margaret Thatcher.
na máistreacha a tháinig roimhe the masters who preceded him
" Deirtear gur chaith Wallace formhór a shaoil róghonta cromtha leis na leabhair, agus más ea, is deacair an rud é nascanna beachta a dhéanamh idir a chuid scríbhneoireachta agus na máistreacha a tháinig roimhe.
coicís roimhe a fortnight before
" Thosaigh an tóraíocht ar an 1ú Meitheamh nuair a d'eitil Glenn Greenwald, iriseoir clúiteach as Meiriceá a oibríonn don Guardian, go Hong Cong chun bualadh le Snowden, a chuaigh ann as a oifig oibre in Hawai'i coicís roimhe.
le hais an chinn roimhe compared to its predecessor
" Is athrú ollmhór é an Avensis nua seo le hais an chinn roimhe.
D’oibrigh sé roimhe sin he worked formerly
" D’oibrigh sé roimhe sin mar fhisteiripeoir, scríobh sé colún nuachtáin ar chúrsaí spóirt, agus d’imir sé sacar i Sraith na hÉireann.
raibh eagla ar dhaoine eile roimhe others were daunted by it
" B’fhéidir go raibh eagla ar dhaoine eile roimhe, toisc iad a bheith aineolach ar an stair agus ar fheidhm na hamhránaíochta coimhthíche seo a raibh cúlra na gcianta cairbreacha laistiar di.
a tháinig roimhe which preceded it
" Ach cén seans go mairfidh Seachtain nuair a theip go tubaisteach ar na nuachtáin Ghaeilge a tháinig roimhe? Na Foilseacháin Sainspéise Seo ============ Seanscéal agus meirg air is ea na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite ar bhonn domhanda.
riamh roimhe ever before
" B’fhiú an dream Gaeilge nár fhreastail riamh roimhe ar aon Oireachtas amháin a mhealladh ann.
taibhsí na nuachtán clóite a chuaigh roimhe the specters of the print newspapers which preceded it
" Tuigim go gcaithfear cloí leis na bunriachtanais a leagfaidh an Foras síos – agus beidh taibhsí na nuachtán clóite a chuaigh roimhe ag guairdeall thart faoi chaolachaí an tí – ach is mar fhoilseachán ilmheáin go príomha ar cheart breathnú air.
doicheallach roimhe opposed to
" Ach bhí go leor sa státsheirbhís doicheallach roimhe: ‘*These proposals come from a sort of fantasy land*,’ a scríobh Rúnaí an Rialtais chuig an Taoiseach ar an 1 Márta, 1983, sular foilsíodh an cháipéis.
céadta ann roimhe hundreds ahead of him
" Tá na céadta ann roimhe, agus amuigh chun tosaigh ar na céadta sin tá Vladimir Putin na Rúise.
ach an dá rogha roimhe just two choices facing him
" Bhí sé chomh spíonta is nach raibh, dar leis, ach an dá rogha roimhe.
ceisteanna eile roimhe anois other questions to deal with now
" Bhí cuid acu iontach saoithiúil uilig agus sular roghnaigh sé aon cheann den dá rogha, bhí ceisteanna eile roimhe anois.
tá go leor daoine eile á rá, agus drogall orthu roimhe many are saying it, while they hate the fact
" B’fhéidir go bhfuil an ceart aige agus tá go leor daoine eile á rá, agus drogall orthu roimhe, gur céim eile í seo i dtreo na híocaíochta d’imreoirí idirchontae CLG.
a fógraíodh mí roimhe which was announced a month before
" In aitheasc a thug Aire Airgeadais an ama, Richie Ryan, sa Dáil ar an 5 Nollaig, 1974, faoi chinneadh an rialtais deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phoist sa státseirbhís a fógraíodh mí roimhe sin, dúradh go bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar na hathruithe seo go gceapfaí státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nach mbeadh in ann Béarla a labhairt! An Dá Chéim i nDiaidh do Chúil =========== Ina áit na Gaeilge éigeantaí, tugadh isteach córas ina mbeadh marcanna breise (10%) ar fáil d’iarrthóir as inniúlacht sa Ghaeilge a bheith aige.
riamh roimhe ever before
" Glór na bpáirtithe éagsúla anuas as an ardchathair agus glór an phobail aníos as na toghcheantair; cá luíonn an daonlathas idir an dá ghlór? Ar féidir le ceantar láidir amháin amuigh faoin tír céim ar leith, nár tugadh riamh roimhe, a ghlacadh an iarraidh seo?
chuaigh roimhe preceded it
" Cíorann Breandán Delap cuid de na hathruithe is suntasaí atá déanta ins an leagan chríochnúil den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 le hais na Dréachstraitéise a chuaigh roimhe.
dúshláin a bheas roimhe challenges he’ll face
" Ríomhann Breandán Delap cuid de na dúshláin a bheas roimhe.
nár shamhlaigh sé riamh roimhe that he never imagined before
" Chonaic Gearóid athruithe ag teacht ar an chathair agus ar an saol nár shamhlaigh sé riamh roimhe na blianta ó shin.
fáilte chroíúil roimhe ann (shall not) feel very welcome there
" An mac léinn eachtrannach a íocann táille an-ard le teacht chun na Breataine, maíonn Alan Desmond san alt seo nach mbeidh, is cosúil, fáilte chroíúil roimhe ann feasta.
amach roimhe in front of him
" Tá tréimhse fhada athshlánaithe amach roimhe agus bearna foirne gur deacair a líonadh dá uireasa.
arbh fhiú do dhuine a leagan roimhe which a person could find useful
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag machnamh ar ghnéithe zenúla na scríbhneoireachta a d’eascair as tuairimí William Strunk, tuairimí arbh fhiú do dhuine a leagan roimhe mar mhíreanna treorach, b’fhéidir, i réimsí eile saoil.
cá raibh a leithéid go léir roimhe seo where were they all previously
" Tá Colm Mac Séalaigh ag iarraidh adhmad a dhéanamh de nó cá raibh a leithéid go léir roimhe seo?