Pota Focal Intergaelic
coll | droll | goll | moll | oll
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mheilleoga feola rolls of fat, spare tyres
" Bhí sé ina mheilleoga feola agus chuir sé a sáith iontais uirthi go raibh sé ábalta an cineál seo oibre a dhéanamh ar chor ar bith.
ag teannadh suas leis an meilleoga feola sin squeezing up against those rolls of fat
" Char mhaith liom a bheith ag teannadh suas leis an meilleoga feola sin," arsa Nuala.
rollógaí olna rolls of wool
" Bhí mórán fíodóirí i measc na bhfear agus teach ar bith a raibh seol agus tuirne ann leis an sníomh a dhéanamh de na rollógaí olna bhí siad i ndán bréidín a dhéanamh agus éadach a chur ar a muintir féin agus go minic ar na comharsana.
Chuaigh an dá shúil siar i gceann Gerry Gerry's eyes rolled back
" Chuaigh an dá shúil siar i gceann Gerry agus chroith sé a cheann.
corntha rolled
" A eireaball scuabach corntha ar chairín a dhroma.
ag cornadh bhun na casóige rolling the hem of the jacket
" "An ndéanfaidh mé gnaithe?" arsa Hannah agus í ag cornadh bhun na casóige.
crochta suas rolled up
" “Ní fhaca tú, agus ní fhaca duine ar bith eile iad,” a d’fhreagair Cú Chulainn Cróga, “ach bhí siad ann ina gcéadta, iad ar fad i mbréagriocht – faoi bhrístí géine agus *hoodies*, scairfeanna thart ar a ngnúiseanna, na muinchillí crochta suas, tatúnna ar a sciatháin agus iad ag cruinniú cloch ina gcairn agus á gcaitheamh le mo leithéid.
rollaí leithris toilet rolls
" Níorbh fhada go raibh sé ag baint sult as bagún agus piontaí agus rollaí leithris.
ag rolladh rolling
" Bhíos féin ann agus an fhéile bhliantúil seacláide ar siúl, nuair a chuirtear na céadta Jaffa (milseáin oráiste) ag rolladh síos an cnoc i rás.
rollta isteach air féin mar a bheadh sorcóir ann. rolled up as if it was a cylinder
" Is cuimhin liom agus mé ag obair le Century Radio i 1990 go dtagadh *Lá* sa phost chuig an seomra nuachta gach maidin agus é rollta isteach air féin mar a bheadh sorcóir ann.
rac is roll rock 'n' roll
" Deir sé liom gurbh é athair Joe a chuir tús le siopaí ceirníní san ardchathair ag deireadh na seascaidí agus borradh ag teacht faoi rac is roll in Éirinn – Murray’s Discs ar Bhóthar na Trá Thuaidh ba ainm don siopa a bhí aige.
in imeacht na mblianta as the years rolled by
" Rinneadh éabhlóid ar an lá in imeacht na mblianta agus, faoi dheireadh, dearbhaíodh gur lá saoire poiblí é.
racán ról rock an' roll
" Níl aon bhlas áirithe i gceist, ach ní maith liom racán ról.
únfairt an bháis the death roll
" Bánn siad na hainmhithe talún a mbeireann siad orthu, ag baint úsáide as cleas darb ainm únfairt an bháis, agus ansin téann siad ar an talamh lena gcreach a ithe.
ár muinchillí a chrapadh suas to roll up our sleeves
" Tá bosca mór uirlisí ann, líon é chomh maith agus is féidir más fiú an chúis, ach arís tagann an chúis ón gcroí agus “níl a fhios agam, ní fheicim an racht láidir sin i ndaoine in ainneoin an méid atá ráite sna suirbhéanna, ní fheicim daoine ag rá gur rud luachmhar atá á chailleadh againn agus sula gcaille muid é, caithfidh muid ár muinchillí a chrapadh suas agus aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.
a muinchillí a thiontú suas roll up their sleeves
" Gach aontachtach a nochtann a aghaidh ar an teilifís na laethanta seo, bíonn sé ag caint ar na sluaite Caitliceach (tá a súile siadsan níos cóngaraí dá chéile, tá a fhios agat) atá ag tarraingt orthu, iad uilig réidh le seanualach na hÉireann Aontaithe a chaitheamh uathu, a muinchillí a thiontú suas agus gach díograis dá bhfuil ina gcolainn a chaitheamh ar son Tógra Thuaisceart Éireann mar atá cuid de na meáin ag tabhairt ar athdhearú na Sé Chontae.
leathnú amach to roll (it) out
" Agus, ag smaoineamh siar air, nach mór an suaimhneas a bhí againn sa tír seo ó balbhaíodh Éamó? An chéad uair eile a bheidh Balor ar cuairt ar Enda Álainn, beidh sé ag moladh dó an balbhú a leathnú amach ar fud na tíre, agus b’fhéidir nach aon dochar é Cúistiúnacht a bhunú sa tír seo, agus an phríomhoifig a bheith i dTithe an Rialtais.
ina slaoda rolling forth
" Tháinig na friotail loma galánta ó Lincoln ina slaoda agus é ciaptha cráite mar Uachtarán na Stát Aontaithe ó 1861-5.