Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tá tú ar rothaí anois You've made it
" "Tá tú ar rothaí anois, a mhic.
mbara rotha wheel-barrow
" Chonaic sé grianghraf san *Irish Times* de theaghlach ón Afganastáin agus iad ag siúl trasna an fhásaigh go dtí ceann scríbe gan aithne, agus a sealúchas uilig leo i mbara rotha.
ar rothaí running smoothly
" " Bhí liostaí fada déanta ag cara Ruth leis an lá a choinneáil ar rothaí.
curadh-rothaí champion cyclist
" Tugtar *thalassotherapy *ar an leigheas sin, agus tháinig rath air sna seascaidí nuair a chuaigh an curadh-rothaí Louison Bobet go dtí an t-ionad ag Roscoff i ndiaidh dó timpiste tráchta tromchúiseach a bheith aige.
Rotha mór an tsaoil the great wheel of life
" Rotha mór an tsaoil - nach iontach é! *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
roth stiúrtha driving wheel
" Ní bhíonn eagla ar an dream óg seo agus mothaíonn siad go bhfuil cosaint acu ón dainséar agus iad taobh thiar den roth stiúrtha.
roth stiúrtha steering wheel
" Bhí greim aige ar an roth stiúrtha ach ní raibh sé ag tiomáint.
cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae home help, meals on wheels and day-care services.
" Meastar go gcuirfear €100 milliún ar fáil chun go mbeidh teacht ag seandaoine ar sheirbhísí altranais agus teiripeacha, cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae.
i gcathaoir rothaí in a wheelchair
" Gheobhaidh cuairteoirí – daoine i gcathaoir rothaí san áireamh – cuidiú ó dhuine den fhoireann agus is áis iontach í don Taisce an fhoireann féin.
tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, after the driver had lost control of the steering wheel,
" Deirtear gur caitheadh as an veain é tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, gur thuirling sé ar an mbóthar, go raibh sé fós beo nuair a tháinig an t-otharcharr, go raibh sé iontach cróga cé go raibh sé go mór i bpian ach gur shíothlaigh sé uainn agus talamh slán Ospidéal Shligigh sroichte aige.
i gcathaoir rothaí in a wheelchair
" Tá sé anois i gcathaoir rothaí agus níl smacht aige ar an taobh clé dá chorp.
corr-rothaí eile, the odd other cyclist,
" Turas ciúin a bhí againn ar an Greenway anseo, gan aon rud le feiceáil ach corrbhean ag siúl lena púdal, corr-rothaí eile, agus tugaí na cathrach ag tarraingt nó ag brú bád réthónach síos an abhainn thoir.
díoscán rothaí agus coscán. the screech of wheels and brakes
" Cúpla bomaite sular tháinig mé fhad leis an teorainn féin ag Ceann an Droichid, chuala mé díoscán rothaí agus coscán.
Tá saol an rothaí dulta in olcas, the life of the cyclist has gotten worse
" Tá saol an rothaí dulta in olcas, dar leis an mbrúghrúpa seo, in ainneoin go bhfuil na raonta rothar anois curtha i bhfeidhm.
feithicil roth stiúrtha ar chlé left-hand drive vehicle
" Fadhb eile a thug sé faoi deara le déanaí ná go mbíonn roinnt tiománaithe ó Mhór-Roinn na hEorpa – iad siúd a bhfuil feithicil roth stiúrtha ar chlé acu – ag déanamh “*side swipes”* ar fheithiclí sa Bhreatain go minic.
rotha wheels
" Bhí alltacht ar lucht na hUltaise gur baineadh úsáid as Soiscéal le buille a bhualadh ina n-aghaidh, ach is léir go bhfuil na rotha ag titim de *bandwagon* na Albainise Uladh.
béilí ar rothaí meals on wheels
" Bhímis de shíor amuigh ag seachadadh guail nó béilí ar rothaí agus rinne mo thuismitheoirí cuid mhór oibre leis an Lucht Siúil chomh maith.
rotha wheels
" Ní raibh aon éalú agam as, ach ar a laghad, bhí mé ag tiontu mo chorp uaidh nuair a bhuail sé mé: bhí mé réidh dó agus níor lean mé ar aghaidh faoi rotha an diabhail ruda.
rothaí cyclist
" Bheir sé saoire iontach duit, agus diomaite de landáil isteach i bpub nó i rang ar an choláiste agus an t-allas ina rith leat, tá an rothaíocht ar an rud is fearr a thiocfadh leat a dhéanamh duit féin, do dhaoine thart ort agus don timpeallacht.
taobh thiar den roth stiúrtha behind the steering wheel
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
Is mar sin a chasann rothaí móra an tsaoil that's how life is
" Is mar sin a chasann rothaí móra an tsaoil! Maith nó olc, tá an ceol ar ais i mo shaol toisc an uirlis nua seo agus leis an ngné nua seo de mo shaol, tá ocras nua ann leis (cúl eile d’fhoireann an Úill!).
gcathaoir rotha wheel chair
" Glacfar le daoine i gcathaoir rotha chomh maith agus is féidir rudai a thabhairt leat - ach tá cosc ar pheataí.
ceithre roth 4 wheel
" Dul ar lár, i do bheatha! Is féidir an lár a bhaint amach i bhfeithicil faoi thiomáint ceithre roth, cé go bhfuil sé deacair taisteal in aice an locha de dheasca na n-aibhneacha atá faoi thuile agus dhrochbhail na mbóithre cré.
roth wheel
" Múineann an geimhreadh dúinn nach bhfuil sa bheatha shaolta seo ach roth mór a bhogann timpeall go mall agus go síoraí.
roth wheel
" Ach tá an roth sin tar éis casadh agus Sarkozy ina uachtarán ar an bhFrainc le trí bliana anuas.
rothaí wheels
" Rinneadh dochar do *45-47 Park Place* i rith ionsaí an 11ú Mheán Fomhair, 2001, nuair a thit rothaí eitleáin anuas air.
Roth Mór return
" Roth Mór 40 Bliain ======== Mhair an streachailt ar feadh 40 bliain, arsa Bernie, ag toiseacht amach mar fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach, a d'iompaigh ina fheachtas míleata do chearta náisiúnta ach atá iompaithe droim ar ais arís.
Rothaí móra an tsaoil life’s great changes
" Snas Cruthanta ====== Rothaí móra an tsaoil a thugann Riko eolasach agus Haru leochailleach i láthair a chéile.
roth wheel
" Ar ndóigh, tá fearg ar lucht tacaíochta na dtraenach, a líomhnaíonn gur thug comhlachtaí innealtóireacht bóthair airgead mór do pholaiteoirí agus iad i mbun feachtais toghchánaíochta, ach is dócha nach bhfuil ann ach an roth ag teacht timpeall arís.
roth wheel
" Seacht n-acra atá sa pháirc, atá téamaithe as an mbealach teilifíse Nickelodeon, agus a bhfuil rollchóstóirí, roth mór, agus gach aon rud eile ann a d'fheicfeá i bpáirceanna siamsaíochta.
rotha mór an tsaoil evolution, life
" Níl ann ach rotha mór an tsaoil agus is é an scéal céanna é i ngach cearn den domhan.
stad a chur le roth na staire stop the march of history
" ‘Is cuma cad a tharlaíonn,’ a scríobh sé ina bhlag, ‘ní thig le rud ar bith stad a chur le roth na staire, a éilíonn saoirse agus daonlathas’.
rotha móra an tsaoil life’s events
" Chailleamar a chéile áit éigin idir *‘Blood on the Tracks’* agus rotha móra an tsaoil.
Sin mar a ritheann rotha mór an tsaoil that’s how life is
" Sin mar a ritheann rotha mór an tsaoil! Fuair mé iPad 2 i mí Aibreáin seo chaite: d’éirigh liom an iPiggyBank a líonadh faoi dheireadh! Tá cúpla ceann de mo chuid alt don iris seo scríofa agam uirthi: fuair mé eocharchlár Bluetooth léi.
rotha na cóire the wheels of justice
" Muna raibh fianaise ar bith ina aghaidh, níor mhaolaigh sin rotha na cóire, agus an 28 Lúnasa 1991, tar éis do choiste dhá uair a chloig a chaitheamh á phlé, fuarthas ciontach é.
rotha mór an tsaoil matters won’t change
" Tá an chuma ar an scéal, ámh, nach dtiontóidh rotha mór an tsaoil go dtí go dtagann feabhas ar gheilleagar an domhain.
Rotha ag Gluaiseacht wheels turning
" Rotha ag Gluaiseacht ========== Ba mhór an t-ugach í Sylvie do lucht na comhdhála, a thuig láithreach go bhféadfaí snámh in aghaidh easa, fiú agus lucht an Bhéarla go hiomlán i d'aghaidh.
roth stiúrtha steering wheel
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
Chuaigh an roth thart life changes
rothaí mór an tsaoil the ups and downs in life
" Ceisteanna faoi rothaí mór an tsaoil, ceart agus cóir, grá agus gráin, olc agus maith.
i gcathaoir rotha in a wheel chair
" Í anois i gcathaoir rotha, cuireann Anne Georges faoi gheasa gan í a ligint isteach i gcúram fadtéarmach institiúide riamh.
rothaí gairmiúil professional cyclist
" Oprah Winfrey, láithreoir cáiliúil teilifíse i Meiriceá agus timpeall an domhain, a chuir an t-agallamh ar Armstrong, rothaí gairmiúil atá anois míchlúiteach i Meiriceá agus timpeall an domhain, ar bhealach teilifíse Winfrey féin, OWN.
ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha the steering wheel ought not to be too worn in appearance
" Mura bhfuil ach thart ar seachtó míle míle ar an gclog, ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha, ar an ngléas lámhghiarála ná ar an gcoscán láimhe.
tarraingíodh í as an gcathaoir rotha she was pulled from the wheelchair
" Ansin tarraingíodh í as an gcathaoir rotha ina raibh sí feadh an urláir.
cathaoir rotha an modh taistil atá aige his mode of transport is the wheelchair
" Tá sé gar don chéad anois agus cathaoir rotha an modh taistil atá aige anois.
choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta Irish people kept the wheels of empire
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
ar nós bosca mór ar cheithre roth like a big box on 4 wheels
" Nílim cinnte cad é an bealach is fearr le cur síos a dhéanamh uirthi, ach bainfidh mé triail as! Tá sé ar nós bosca mór ar cheithre roth.
cé nach bhfuil an roth stiúrtha although the steering wheel isn’t
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách to place two wheels in places I wouldn’t visit usually
" Tugann an rothar saoirse dom fosta dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách, mar sin, tá mé ag teacht ar eolas mo bhaile dhúchais féin.
roth stiúrtha steering wheel
" Mar gheall ar an dá chineál crochta seo, gluaiseann an 159 níos míne ná an 156 agus tá roth stiúrtha i bhfad níos cruinne inti.
Casann roth na beatha ‘the times they are a changing’
Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach the steering wheel is really capable
" Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach d’aon bhóthar agus, i ndáiríre, ní fhaca mé aon fhadhb inti ó thaobh iompar ar an mbóthar.
roth stiúrtha déanta as leathair a leather steering wheel
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
rialú ar an roth stiúrtha steering wheel control
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
an roth stiúrtha the steering wheel
" Arís, mar gheall ar an dlí, ní féidir liom an meid sin a dhearbhú! Measaim go bhfuil an roth stiúrtha go hiontach.
Rotha Mór an tSaoil ag Síorchasadh life is in perpetual motion
" Dá mbeifeá chun cur síos a dhéanamh orainn ó thaobh stíle de, is dócha go bhféadfá a mhaíomh gur meascán eicléicteach atá ann idir cheol traidisiúnta na hÉireann, ceol na muintire agus an ceol domhanda – táimid oscailte don iliomad tionchar agus stíle - ó Michael Jackson go Mozart! Rotha Mór an tSaoil ag Síorchasadh ============== **M.
Mar rothaí cathrach as a city cyclist
" **CMacS: An bhfuil aon ní ar leith a chuireann fearg nó déistin ort?** AÓC: Mar rothaí cathrach, ba mhaith liom go mbeadh tiománaithe beagán níos tuisceanaí do thaistealaí an dá roth! **CMacS: A Antoine, táim fíorbhuíoch díot as an agallamh seo dhéanamh.
do thaistealaí an dá roth for the two wheeled traveller
" **CMacS: An bhfuil aon ní ar leith a chuireann fearg nó déistin ort?** AÓC: Mar rothaí cathrach, ba mhaith liom go mbeadh tiománaithe beagán níos tuisceanaí do thaistealaí an dá roth! **CMacS: A Antoine, táim fíorbhuíoch díot as an agallamh seo dhéanamh.
Rothaí cáiliúil eile another famous cyclist
" Rothaí cáiliúil eile de chuid na hÉireann ná Sean Kelly a bhuaigh Milan-Sanremo faoi dhó agus an Giro di Lombardia faoi thrí.
don rothaí a chríochnaíonn céim na sléibhte for the cyclist who completes the mountain section
" Ní hamháin go bhfuil geansaí bándearg ann don bhuaiteoir sa Giro ar fad, ach tá geansaí gorm ann don rothaí a chríochnaíonn céim na sléibhte i dtosach.
rothaí is sciobtha fastest cyclist
" Tá geansaí bán ann don rothaí is sciobtha faoi 25 bliain d’aois agus tá geansaí dearg don rothaí a ghnóthaíonn an méid is mó pointe sa ráib.
i gcathaoir rotha in a wheelchair
" Tá físeáin ar a suíomh a thaispeánann Amanda Boxtel ag siúl tar éis dhá bhliain déag a chaitheamh i gcathaoir rotha.
rothaí cyclist
" Tugann Breandán de Gallaí cuntas ina alt an mhí seo ar iompar roinnt den lucht tiomána i leith an rothaí ar bhóithre na hÉireann.
Tá rotha mór an tsaoil tiontaithe things have changed