Pota Focal Intergaelic
rún | rán | rin | rón | rua
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar a theitheadh on the run
" Fhad is bhí sé ar a theitheadh, thóg an t-arm an Bóthar Míleata i gContae Chill Mhantáin (atá fós ann) mar iarracht ar throdairí an chontae a chur faoi smacht.
ar a dteitheadh on the run
" Chaith Ned, a dheartháir Dan agus beirt chomrádaí leo dhá bhliain ar a dteitheadh de bharr eachtra inar maraíodh triúr póilíní.
costais ard reatha high running costs
" Is le scairdeanna beaga dúigh a chuireann na printéirí marc ar leathanach agus cé go bhfuil na scairdphrintéirí féin réasúnta saor, bíonn costais ard reatha ag baint leo.
ar a sheachnadh on the run
" "Chonacthas é ar na mallaibh i dTigh Mhac i gCarna, áit a bhfuil sé ar a sheachnadh le tamall.
tá scaoll fúthu they're in a panic, running scared
" Tá an chuid is mó den phobal sna Stáit Aontaithe paranóideach agus tá scaoll fúthu mar gheall ar eachtraí an 11 Meán Fómhair.
an t-ord the running order
" Bhí an t-ord ag athrú achan oíche fosta.
ar a sheachnadh on the run
" Tá Hosanna Bin Ó Loideáin fós ar a sheachnadh in Iorras Aithneach, é féin agus Johnny Mháirtín Learaí agus Josie Sheáin Jeaic ag caitheamh siar piontaí achan oíche agus ag cur mearbhaill ar spiairí an CIA thiar le leagan úr d'amhrán cáiliúil na hAfganastáine: "Níl Mo Theaichín i mo Phluaisín".
Tá mo mhisneach á thrá my courage is running out
" Tá mo mhisneach á thrá; mo choinsias á chliseadh.
costaisí reatha running costs
" Ar ndóigh, tá gá le printéir daite maith (scairdphrintéir, mar shampla) mar aon le páipéar maith chun caighdeán proifisiúnta a shroicheadh agus bíonn na costaisí reatha a ghabhann le scairdphrintéirí cuíosach ard.
ag rith i dtreo an chúil running towards the goal
" Is é sin, in ionad imreoirí peile a thaispeáint ag rith i dtreo an chúil, d'fhéadfaí leagan moillithe a thaispeáint, agus anailís a dhéanamh ar an eachtra sin sa chluiche.
Tá an bhlagaid sa dream againn baldness runs in the family/our lot
" "Tá an bhlagaid sa dream againn, tá a fhios agat.
dul ar mo sheachaint go on the run
" B'fhéidir gur cheart dom dul ar mo sheachaint.
rith cló print run
" An margadh a bheith méadaithe go mór sa chaoi is go mbeadh rith cló de 4,000 mar mheán againn don chuid is mó d'ár dteidil.
Tá an dóchas ag trá hoping is ebbing/running out
ar rothaí running smoothly
" " Bhí liostaí fada déanta ag cara Ruth leis an lá a choinneáil ar rothaí.
ar chos in airde running at a gallop
" Dá mbeadh liomóg as bharr a mhéire ag Fergus bheadh Ita thart ar chos in airde go bhfeicfeadh sí cad é mar a bhí a peata féin.
tá mo ghaosán ina rith my nose is running
" " "Ó, níl orm ach cloigeann nimhneach agus tá mo ghaosán ina rith, sin é," arsa Fergus, nó bhí a fhios aige gur mhaith an té a rachadh idir Nóirín agus a mháthair.
ráchairte run, demand
" Arú, níl mórán ráchairte ar an iasc anois níos mó.
ráchairte run, demand
" Arú, níl mórán ráchairte ar an iasc anois níos mó.
in ísle brí run down
" Ach a mhalairt de scéal atá ann anois agus an geillgear in ísle brí.
ar riaradh an stáit the running of the state
" D'fhág sin a lorg go tréan ar riaradh an stáit ar feadh an chuid is mó den 20ú haois, agus tá an lorg ann go fóill.
raite run out, finished
" Tá an páipéar raite anseo.
síor-rith continuous running
" Dá leanfadh contaetha agus foirne eile a sampla agus an iomáint a imirt mar ba chóir, leis na bunscileanna i réim, an sliotar á imirt fan talún níos sciobtha agus an camán á úsáid mar ba chóir (seachas síor-rith agus teagmháil throm chorp, cuir i gcás), b'fhéidir gurbh fhearrde an cluiche.
ord reatha running order
" Déanann sí cur síos ar ord reatha an lae ach, de réir mar a scairteann daoine ar an chlár ag tabhairt tuilleadh eolais ar ábhar nó ag tabhairt faoi dhuine de na haíonna, go minic is clár eile ar fad a bhíonn ann ón cheann a bhí beartaithe.
á rith being run
" Is léir go raibh an comhlacht á rith mar a bheadh ciste príobháideach ann ag Ray Williams, an té a bhunaigh é.
reáchtálann leithéidí run by the likes of
" Bíonn siad páirteach i seimineáir a reáchtálann leithéidí Corrymeela nó Democratic Dialogue nó an Glencree Reconciliation Centre.
Bheifeá ag rith timpeall you'd be running around
" Bheifeá ag rith timpeall ó áit go háit ag seinm.
reaite finished, run out
" "Tá an téip chumhdaigh reaite agus bhí mé ag smaointiú gur mhaith leat a dhul chuig B&Q le tuilleadh a fháil.
a bhí á riaradh which was being run
" Ach cad é an tionchar a imrítear ar chuid de mhuintir Bhéal Feirste a thiontaíonn ina nGaeilgeoirí iad? D'fhoghlaim Gearóid méid éigin Gaeilge ar an bhunscoil agus ó sin chuaigh sé go Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste thiar, scoil a bhí á riaradh ag na Bráithre Críostaí agus ina raibh an Ghaeilge ar fáil mar ábhar.
rúideanna traenála training runs
" " Deir Cole gur maith leis fosta go bhfuil oiread le foghlaim, ó lámhleabhair na rannóige, ó rúideanna traenála agus ó eachtraí fíora éigeandála.
Ní mór duit a bheith le rith isteach i dtine. You gotta be to run into a fire.
" Ní mór duit a bheith le rith isteach i dtine.
á reáchtáil ag being run by
" AÓF: Conas ar thosaigh tú ar an gcláirseach? HL: Gach bliain bhí cúrsa traenála do mhúinteoirí an cheoil thraidisiúnta á reáchtáil ag Comhaltas sa Chultúrlann agus bhíodh muide ag dul ann mar fhoghlaimeoirí do na múinteoirí seo a bhí á dtraenáil.
in éadan threo na himeartha against the run of play
" Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d'aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic.
smuigléireacht gunnaí gun-running
" Bhí sé amuigh ar bhaill den teaghlach go raibh baint acu le smuigléireacht gunnaí agus gur gríosóirí a bhí iontu, dar le col ceathracha de chuid mhuintir Chinnéide ar chas Maier orthu agus é in Éirinn.
san iomaíocht do in the running for
" Chuir sé síos ar roinnt de na YBAs (Young British Artists) mar bhómáin nach léann dadaí agus atá leamh mar dhaoine! Speisiúil go leor, bhí smaointe a bhí ag teacht le cuid Collings ag Jake Chapman, ealaíontóir atá, in éineacht lena dheartháir Dinos, san iomaíocht do Dhuais Turner.
ag rith inár dtreo running towards us
" Ar scáileán amháin tá fear le feiceáil ag rith uainn trasna Dhroichead Craigavon i nDoire, agus ar scáileán eile tá sé le feiceáil ag rith inár dtreo.
i mbun na háite running the place
" Tá fear cairdiúil darb ainm Karsten i mbun na háite.
ar a sheachaint on the run
" Fínín ab ab é agus bhí sé ar a sheachaint ó na póilíní in Éirinn.
reáchtáil imeachtaí the running of events
" ); seirbhísí oifige; reáchtáil imeachtaí sa Chlub, mar aon bainisteoireacht an Árais agus an Chlub.
imeachtaí a reáchtáiltear go sonrach events that are run especially
" Céard iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá foinsí éagsúla maoinithe againn, ina measc: spás san Áras a ligean amach ar cíos; teacht isteach ó imeachtaí an Chlub; Foras na Gaeilge; FÁS; urraíocht a bhaineann le Seachtain na Gaeilge; agus imeachtaí a reáchtáiltear go sonrach chun airgead a bhailiú.
tá sí i mbun an mhúsaeim she runs the museum
" Is seandálaí í Isabel, agus tá sí i mbun an mhúsaeim i mBaile an Fheirtéaraigh.
á reáchtáil being run
" Na buntáistí ná go bhfuil tú ag sábháil ar an meán 20% ar an mbille i gcomparáid le hEircom agus, chomh maith leis sin, is comhlacht atá á reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge muid atá ag díriú ar phobal na Gaeilge.
Riarann an Bord scéimeanna éagsúla An Bord manages/runs various schemes
" Cén obair a dhéantar i mBord na Leabhar Gaeilge anois ó lá go lá? Riarann an Bord scéimeanna éagsúla chun cabhrú le foilsitheoirí leabhar Gaeilge ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán a fhoilsiú le haghaidh phobal na Gaeilge.
costais reatha running costs
" Nuair nach bhfuil sé d'iallach ar aon duine páirt a ghlacadh i spórt, an bhfuil sé ceart go mbeadh club nó cumann amaitéarach freagrach as gach timpiste agus eachtra a tharlaíonn ar pháirc imeartha? Fad agus nach ndéanann cumann nó eagraíocht faillí agus go ndéanann sé gach iarracht réasúnta chun aire a thabhairt do na himreoirí faoina chúram agus iad a bheith clúdaithe maidir le costaisí leighis, cén fáth a mbeadh ar an gcumann níos mó ná sin a dhéanamh? Tá scéimeanna éigeantacha árachais ag cur go mór le costais reatha na gcumann spóirt.
á reáchtáil being run
" Nach léiríonn sé seo gur cuma sa diabhal le muintir na hÉireann faoi aon *"lúb ar lár" *atá ann? Agus nach maith atá a fhios ag an Aire é seo? Is cuma sa tsioc, ach an oiread, lenár gcomhghleacaithe san Eoraip (a bhfuil sé ráite go minic gur ar mhaithe leo siúd atá an reifreann á reáchtáil) faoin gceist seo.
riaradh running
" Má bhíonn tionchar ag Sinn Féin i riaradh an seirbhíse póilíneachta ó thuaidh, is léir nach mbeidh gá leis an IRA nó lena "eite timireachta" féin.
a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit that the affairs of the State are run
" Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
reifreann a reáchtáil to run a referendum
" Tá sé i gcéist ag Ibarretxe reifreann a reáchtáil i dtreo is go mbeidh na Bascaigh ábalta a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin moladh atá aige.
ar a sheachnadh ón dlí on the run from the law
" B’fhéidir gurb é Whitey Bulger as Bostún an bithiúnach deireanach Éireannach atá ar a sheachnadh ón dlí.
a bhí ina bhun who were running it
" “Bhí sé cloiste againn go raibh stáisiún teilifíse curtha ar bun acu agus bhí spéis againn bualadh leis an dream a bhí ina bhun, rud a rinne muid.
conas mar a ritear na heagraíochtaí seo how these organisations are run
" Ach is é an Coiste seo a bheartaíonn cé mar a chaitheann na seirbhísí rúnda, leithéidí MI5, MI6 agus an t-ionad éisteachta GCHQ, a gcuid airgid, conas mar a ritear na heagraíochtaí seo agus cad iad na polasaithe a chleachtann siad.
reáchtálaimid imeachtaí we run events
" Bíonn lón earraigh againn agus cóisir Nollag, agus reáchtálaimid imeachtaí i gcónaí a bhaineann leis an gcomhdháil idirnáisiúnta atá le teacht.
ar a sheachnadh on the run
" Bhí sé gníomhach tráth i gcúrsaí polaitíochta – chaith sé seal sa phríosún agus seal eile ar a sheachnadh i nDún Dealgan.
a reáchtáladh cheana that were run already
" I gcás ealaíontóirí/eagraíochtaí áirithe, tá traidisún fada de chomhoibriú i gceist, agus is iomaí cruinniú agus comhdháil a reáchtáladh cheana faoi conas cur leis an gcomhoibriú seo.
a riaradh to run
" Ní bheidh ann ag deireadh an lae ach céatadán fíorbheag den bhuiséad airgid a bhíonn ar fáil dóibh chun a gcuid cúrsaí a riaradh de ghnáth.
a reáchtáladh which was run
" Roghnaíodh na healaíontóirí súl trí phróiseas inar ainmníodh 50% agus inar glacadh le 50% eile trí chomórtas oscailte a reáchtáladh idir an dá thír.
dhrochstiúradh bad running
" Roimh theacht Lennox, bhí stair de dhrochstiúradh agus d'amaidíocht ag baint le clubanna sacair na cathrach.
ruathar aonair solo run
" Bhí sé tapa agus sciliúil agus dheineadh sé ruathar aonair i dtreo chúl an fhreasúra gan fuacht gan faitíos.
á reáchtáil being run
" Bhí ranganna Gaeilge á reáchtáil ar feadh tamaill chomh maith in Auckland (ba í Máire Áine Ní Cheallaigh as Conamara a bhí ina mbun) agus i Wellington (áit a raibh Ciarraíoch, Máire Wesley-Smith, ag múineadh) agus ag daoine eile nó in áiteanna eile, b’fhéidir, ach níl eolas ar bith agam faoi cad tá ar siúl san am i láthair.
á reáchtáil being run
" Is ceantar ilchultúrtha amach is amach é seo anois ina bhfuil siopaí agus bialanna de chuile chinéal á reáchtáil ag daoine ón Afraic, ón Áis agus as oirthear na hEorpa.
i mbun na ngnólachtaí seo running these businesses
" Tá teach tábhairne Polannach ann anois, fiú! Is daoine pléisiúrtha, cairdiúla iad siúd atá i mbun na ngnólachtaí seo agus thig a rá go bhfuil gnáthdhaoine na cathrach breá cairdiúil leo fosta.
Níl i gceist ach go rithfidís they only have to run
" Níl i gceist ach go rithfidís mórthimpeall pháirc na scoile ar chúrsa thart ar 500 méadar ar fhad, agus é sin a dhéanamh faoi thrí.
beagán reatha a dhéanamh to do some running
" Anois is arís, déanann siad iarracht beagán reatha a dhéanamh, ach gearrann siad cúinní agus ar éigean a chríochnaíonn siad an cúrsa, go fiú agus iad ag siúl.
reáchtáilfear dhá sheimineár two seminars will be run
" Dé hAoine, 24 Márta reáchtáilfear dhá sheimineár, ceann do dhaltaí meánscoile agus ceann do státseirbhísigh atá i mbun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm.
reáchtáilfear dhá sheimineár two seminars will be run
" Dé hAoine, 24 Márta reáchtáilfear dhá sheimineár, ceann do dhaltaí meánscoile agus ceann do státseirbhísigh atá i mbun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm.
a reáchtáladh that were run
" Bheadh sé chomh maith acu a rá nár bhain na ciorcláin ach le comórtais a reáchtáladh ar an Luan agus an Mháirt! Ach bhí impleachtaí pearsanta ann fosta mar go bhféadfadh sé gur diúltaíodh ardú céime a bhí tuillte acu do státseirbhísigh a raibh Gaeilge acu mar nár cuireadh i bhfeidhm cinntí agus comhaontaithe Rialtais.
uisce reatha running water
" Ag maireachtaint mar ainmhí, gan teas, ná solas, ná uisce reatha.
reáchtáilfear dhá sheimineár two seminars will be run
" Dé hAoine, 24 Márta reáchtáilfear dhá sheimineár, ceann do dhaltaí meánscoile agus ceann do státseirbhísigh atá i mbun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm.
a ritear which are run
" Tá caidreamh láidir againn le hÓgras agus leis na hóg-eagraíochtaí eile anois, rud a bhíonn le feiceáil ag Scléip na hÓige le linn Oireachtas na Samhna agus ag na himeachtaí a ritear le maoiniú ón Chiste Comhthraenála.
rith Fine Gael rún Dála Fine Gael ran a Dáil motion
" Sé mhí roimh fhógra an Aire Airgeadais rith Fine Gael rún Dála ag cáineadh an rialtais mar nach raibh siad ag déanamh faic i dtaobh dhílárú na státseirbhíse.
go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár that anyone killed running from the field would be damned
" Sula ndeachaigh na saighdiúirí Éireannacha isteach sa Wheatfield, thug sé aspalóid ghinearálta don bhriogáid uilig, ag rá leo, ámh, go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár.
ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr running courses on every aspect of the culture
" Tá muid ag reáchtáil cúrsaí ar gach gné den chultúr agus ina theannta sin tá muid ag tógáil leabharlainne agus cartlainne faoin gcultúr céanna.
babhta reatha a thriail to try a bout of running
" Bhí a chuid anála faoi smacht, fonn air babhta reatha a thriail, amhrán a ghabháil.
ar leathrith half running
" ’ Bhí siad ag gabháil ar aghaidh le chéile, Everest os a gcomhair, Liam ar leathrith chun coinneáil taobh le Dixon.
á reáchtáil being run
" Mí an-tábhachtach i gcónaí i gcúrsaí spóirt na hÉireann is ea mí an Mheán Fómhair, mar go mbíonn cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar siúl, ach bhí tábhacht bhreise léi i mbliana de bhrí go raibh Corn Ryder á reáchtáil sa K Club i gContae Chill Dara.
bhí á rith ag an deoise. which was being run by the diocese.
" ” Fuair Ó Ciardha a chuid meánscolaíochta i gColáiste Iarfhlatha i dTuaim, scoil chónaithe a bhí á rith ag an deoise.
á reáchtáil trí Ghaeilge being run through Irish
" Ní féidir, sílim, luach a chur ar an ardú misnigh sin, nuair a fheiceann pobal mar phobal na Rinne go bhfuil fear áitiúil ábalta gnó a bhunú a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus an t-iomlán á reáchtáil trí Ghaeilge agus cláracha á gcur ar fáil do chainéil eile chomh maith le TG4.
ní bheidh rath air sa bhfadtéarma, it won't be a success in the long run,
" Níl sé ag oibriú mar atá sé eagraithe agus ní bheidh rath air sa bhfadtéarma, dar liom.
ina throid reatha a running battle
" “Bhí sé ina throid reatha san áit ar feadh na mblianta.
rith nár sáraíodh a run that wasn't bettered
" Rinneadh an tsraith *The Flintstones* in ómós don scannán mór a bhí ag Jackie Gleason, *The Honeymooners,* agus craoladh na cláracha gan stad ó 1960 go dtí 1966 agus arís sna seachtóidí, rith nár sáraíodh roimhe sin nó ina dhiaidh sin, go dtí gur tháinig *The Simpsons* ar an fhód i 1989.
i mbun mainistreach running the monastery
" Bhí Adomnán féin i mbun mainistreach in Í Cholm Cille ag an am.
reáchtáil muid ócáid we ran an event
" I 1986, tá mé ag ceapadh, reáchtáil muid ócáid dar teideal “Blues na Filíochta.
Riarann mamaí cúrsaí an tí; Mammy runs things in the house;
" Riarann mamaí cúrsaí an tí; mar sin is féidir *An Rialtas* a thabhairt ar mhamaí.
chun an tionscadal a reáchtáil to run the scheme
" De bhrí gur scéim phíolótach a bhí inti, d’úsáid muid í leis na bealaí is fearr chun an tionscadal a reáchtáil a aimsiú.
ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí running after bitches of heifers
" Cén chaoi a bhfuil sibh inniu? Peadar: Beo ar éigean, agus thú féin? Peaitín: Maraithe, a mhac, maraithe ag rith i ndiaidh bitseachaí bodógaí ó mhaidin is gan a’m ach dhá sheanchois is maide agus Rex bocht atá ag éirí caoch.
run secret
"run ar bith é go bhfuil an grúpa paraimíleatach is mó ó thuaidh scoilte go dona.
den dara bliain as a chéile. for the second year running.
" Lean cúilín cúilín eile agus ar deireadh bhí bua cuimsitheach ag peileadóirí Átha Cliath ar Chiarraí den dara bliain as a chéile.
Reáchtálfar na cúrsaí cúig lá the five-day courses will be run
" Reáchtálfar na cúrsaí cúig lá i Sabhal Mòr Ostaig (www.
ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, running his consultancy company,
" Le cois a bheith ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, Peter Quinn Consultancy Services (PQCS), a bhunaigh sé i 1994, tá Peter tar éis a bheith bainteach thar na blianta le neart painéal comhairleach, coimisiún, bord gnó agus rialtais, agus fondúireachtaí éagsúla.
i mbun an bhrú running the hostel
" Tá bean chairdiúil agus fháilteach darb ainm di Hannah i mbun an bhrú agus bíonn sí ag bácáil scónaí agus brioscaí seacláide blasta le díol.
i mbun na hiarsmalainne, running the museum,
" Tá fear gealgháireach darb ainm Murray Cameron i mbun na hiarsmalainne, agus d'aithris sé scéalta agus dánta beaga dom.
á reáchtáil being run
" “Cad faoi sheinnt ag an bhféile seo a bheas á reáchtáil agam anseo?” ar sé.
nár reáchtáladh that wasn't run
" “Féile nár reáchtáladh le breis agus naoi gcéad bliain.
Reáchtálfar an cúrsa the course will be run
" Reáchtálfar an cúrsa i gConamara agus cuirfear tús leis i mí Dheireadh Fómhair.
a reáchtáiltear which is run
" Cheana féin tá cúrsa aistriúcháin Europus, a reáchtáiltear i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, ag baint leibhéal na máistreachta (MSc) amach agus tá céimithe an chúrsa in ardphostanna teanga ar fud na tíre agus na hEorpa.
snaidhm reatha running knot
" Craoladh an scannán oifigiúil den bhású ó cheann ceann na cruinne agus foilsíodh pictiúir éadrócaireacha de Saddam agus snaidhm reatha ar a mhuineál.
ba é a stiúir na linnte it was he who ran the pools
" Ba é an tUasal Mac Góráin céad Bhainisteoir Gael Linn agus ba é a stiúir na linnte a chuir maoiniú ar fáil do raon tionscadal nuálach.
Cluiche reatha running game
" Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
ritheadh trí líne na gcosantóirí, who used to run through the line of the defenders,
" Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu - an Flying Wedge, ding dhaonna na n-imreoirí a ritheadh trí líne na gcosantóirí, ina measc.
rith agus pasáil running and passing
" Shocraigh mé go dtriáilfinn rith agus pasáil mar athrú.