Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
os cionn an tsáile above the sea
" "Níl ní ar bith is áille ná 'n ghealach os cionn an tsáile, Nó bláth bán na háirne a bíos ag fás ar an droigheann.
thar sáile abroad
" Ní raibh aon rogha ag daoine ach imeacht thar sáile.
thar sáile abroad
" Téann tú thar sáile agus bíonn teanga ag gach aon náisiún eile.
thar sáile abroad
" Bhí sí ag smaoineamh ar a dhul thar sáile.
sáile sea-water
" Tá táirgeadh mór diúilicíní sa Mhaoil Rua freisin mar go bhfuil an sáile glan agus go bhfuil foscadh breá ann.
thar sáile abroad
" MOLLY: Tá sé ag dul thar sáile? DENIS: Ní hé.
thar sáile abroad
" Ansin tháinig mórán fostaíochta le monarcha teicstílí Dewhurst, ina ndearnadh éadaí do Marks agus Spencer, ach tá an comhlacht sin imithe thar sáile anois.
thar sáile abroad
" Ní nach ionadh, tá na difríochtaí costas i gcás na nglaonna idirnáisiúnta ag cruthú go leor spéise i measc daoine a bhíonn ag déanamh glaonna thar sáile go minic.
cath Chionn tSáile the battle of Kinsale
" Ba ghearr le tubaiste náisiúnta ar aon dul le cath Chionn tSáile an toradh i gcoinne na hEilvéise i bhfianaise a raibh á thuairisciú i nuachtáin, agus ar stáisiúin raidió agus teilifíse na tíre.
ag bun na sáile at the bottom of the sea
" An bainseó ======= An bainseó bocht – deirtear gur tús maith míle bainseó ag bun na sáile.
sáile sea
" Turas gairid aoibhinn a bhí ann, na sléibhte thart ar an loch agus scáth na néalta ag corraí tharstu, agus oileáin charraigeacha ghlasa scaipthe anseo is ansiúd sa sáile gorm.
thar sáile overseas
" Tá scéim tacaíochta curtha ar fáil ag an Rialtas a rachaidh chun sochair d’ollscoileanna thar sáile ar mian leo múinteoirí Gaeilge a fhostú.
shíniú thar sáile to stretch overseas
" Ach caidé mar atá ag éirí le cultúr na hÉireann a fhréamhacha a shíniú thar sáile? An bhfuil rath le brath ar chultúr na hÉireann i gcéin? Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar gach uile áit a bhfuil rian de chultúr na hÉireann, ach más sampla ar bith é Virginia, áit a bhfuil mé féin faoi láthair, nílimid ag déanamh ródhona thar lear.
bhád bhán thar sáile emigrated overseas
" Díbríodh roinnt thar chuan agus theith an chuid eile lena mbeo ar an bhád bhán thar sáile.
thar sáile overseas
" Bhí ár n-aird ar thithe thar sáile, ar laethanta saoire agus cuireadh an bhéim ar fhanacht sa lúib cheart shóisialta.
sáile brine, salt (water)
" Bhí na sliogáin ag foscailt chéanna féin – ach dhoirt mé seo amach le réitigh a fháil de mhórchuid den uisce sáile agus an gaineamh a thagann astu.
thar sáile across the sea
" Agus cad é faoi na Francaigh a bhí ag teacht thar sáile? Ní thig léi canadh fúthu siúd níos mó, nó tá na Francaigh uilig ar shiúl abhaile arís thar sáile, le teann díomá agus ocrais agus bamba agus eile.
sáile sea, briny
" Bíodh is go bhfuil an t-ainm ‘inbhear’ ar an gcineál crogaill eile, cónaíonn sé i réimse leathan gnáthóg, mar shampla sna huiscebhealaí fionnuisce, sna hinbhir sáile agus san fharraige.
thar sáile overseas
" (B) An Imirce ======= Téann éin ar nós na fáinleoige thar sáile, chuig áiteanna níos teo i bhfad ó dheas san Afraic.
le cumhacht iontach an tsáile through the wonderful power of sea water
" Dar leis an tréidlia, cé nach bhfuil an galar curtha de go hiomlán, tá Dustin níos láidre ann féin anois agus le cumhacht iontach an tsáile, chuile sheans go dtiocfaidh feabhas air ar ball.
goirteamas an tsáile saltiness of the sea breeze
" 11), rinne goirteamas an tsáile sa stoirm an dochar, dochar a bhí le feiceáil ó Chonmara go Oileán Acla go Dún na nGall: *“Even in July, Malin Head gets 10 times as much sodium as Birr in Co.
thar sáile overseas
" Ní eascaí don té nach raibh an galar seo air é a mhíniú agus is i litir i gceann de na nuachtáin laethúla ar na mallaibh, a scríobh Éireannach, atá ina chónaí thar sáile i Meiriceá Theas, a bhí an sainmhíniú is gonta faoi, nuair a mheabhraigh sé ‘go mothaíonn an duine gur éacht atá curtha i gcrích aige nó aici, nuair a thagann siad tríd aon lá amháin beo beathach agus gach dochar a bheith déanta acu dóibh féin.
ball clainne thar sáile family members abroad
" Tá cásanna sonraithe ag léiriú go mbíonn a fhios ag ball clainne thar sáile scéal nuachta sula mbíonn a fhios ag an duine ag baile fiú.
is mó trácht ó thar sáile highest traffic from abroad
" Is fíor gur muid an suíomh idirlín taobh istigh de bhratacha raidió RTÉ is mó trácht ó thar sáile.
thar sáile abroad
" Chuir Fuller dlús faoi athbheochan an cheoil Ghaelaigh thar sáile trí deiseanna poiblíochta agus oibre a thabhairt do cheoltóirí óga nach raibh mórán tráchta orthu roimhe sin – leithéidí *The Dubliners*, Pecker Dunne, Margaret Barry, Makem is Clancy, Luke Kelly, Seosamh Ó hÉanaí agus eile.
d’fhág a chnámha i sáile fhuar gave his body to the cold seas
" Is iomaí duine acu a d’fhág a chnámha i sáile fhuar an Atlantaigh.
má chuir a chuid fiosrachta thar sáile if his curiosity sent him overseas
" I ndúnáras Calvi cois farraige a rugadh é, agus má chuir a chuid fiosrachta thar sáile go Meiriceá é, ní raibh ansin ach cuid den eachtraíocht a bhí i gcnámha a shinsear.
thar sáile abroad
níor ghá dóibh dul thar sáile they didn’t have to go abroad
" Ach níor ghá dóibh dul thar sáile chun cultúr na hÉireann a bhlaiseadh mar bhí trí chraobh de Chonradh na Gaeilge sa chathair agus, chomh maith le sin, d’eagraigh sagairt céilithe go rialta sna hallaí paróistí.
iad a chur thar sáile or send them abroad
" Níl sé ar a gcumas, fágaim, iriseoir a chur chuig cás cúirte a mhairfeadh ceithre seachtaini nó iad a chur thar sáile, bíodh siad sa tóir ar scéal caimiléireachta nó ar chluiche sacair.
thar sáile abroad
" Bhí an ceantar cosúil le monarcha mhór amháin ag tógáil clainne le hollmhairiú thar sáile.
ag teacht thar sáile coming from abroad
" Tá muintir Learphoill ag cur lena gcuid eolais orthu siúd dá sinsear a thaistil go hÉireann ina 'n-óglaigh armtha ag teacht thar sáile' mar chuid de Éirí Amach na Cásca nach mór céad bliain ó shin.