Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar mo sháimhín só happy and at ease
" Bhí mé ar mo sháimhín só ann! Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, áfach, bhí mé i mo shuí ar bharr bus ag déanamh mo sheacht ndícheall éalú as an áit chomh gasta is a thiocfadh liom.
ar a sháimhín happy, at ease
" Agus é ar a sháimhín mar atá, ba mhaith le Balor a thacaíocht a thabhairt dá raibh le rá ag Máire Ní Chlochráin, an tAire Stáit i Roinn na hÉalainge, Oighearaoise, Galltachta agus Oinniún, i dtaca le cúrsaí óil.
ar ár sáimhín só living a comfortable life
" Tá seo á dhéanamh againn mar go bhfuil muid féin ar ár sáimhín só agus níor mhaith linn ár gcompord agus ár gcaighdeán maireachtála a roinnt leo siúd atá faoi mhíbhuntáiste.
ar a sáimhín só enjoying herself in comfort
" Orm féin a bhí an milleán nár fhág ar a sáimhín só í.
ar mo sháimhín só happy and at ease
" Tá mé ar mo sháimhín só sa Bhuireann i gContae an Chláir anois, ag siúl cois farraige nó go dtí an tobar naofa galánta atá ar thaobh an chnoic, agus mo fholcadh féin le glóthach fholcaidh giúise agus maróis a fuair mé sa Burren Perfumery.
ar a sáimhín suilt feeling happy and at ease
" Mheasfá mar sin gur ar a sáimhín suilt a bheadh sí, ach ní sin mar a bhí.
ar a sháimhín só at his ease
" Bhí Colm Ó Snodaigh ar a sháimhín só nuair a chas mé leis le déanaí sa chaife Gaelach 3D i mBaile Átha Cliath.
ar a sháimhín só at his ease
" Tá fógraí le feiceáil thart fán áit, "Fainic ar an tarbh!" agus ní bolscaireacht fholamh í sin, mar chonaic mé féin tarbh mór matánach ina luí ar a sháimhín só agus a háram thart air.
ar mo sháimhín só totally at ease
" Níor ghá dhom aon imshníomh faoin spéir a bheith orm, mar ní rabhas ach deich nóimintí sa tigh nuair a bhraitheas ar mo sháimhín só.
ar a sháimhín só at his ease
" Tá sé chomh mór sin ar a sháimhín só gur thoiligh sé agallamh eisiach a dhéanamh le Balor an Bhéil Bhinn do *Beo ar Éigean*.
Bhí an saol ar a sáimhín só ag Fiona. Everything was hunky dory in Fiona's life.
" Bhí an saol ar a sáimhín só ag Fiona.
ar mó sháimhín só at my ease
" "Ní mó ná sásta a bhí mé cúpla mí ó shin agus mé ar mó sháimhín só istigh i dtábhairne, mé suite liom féin ag ól cúpla galún leanna go ciúin béasach, nuair a tháinig ceann de na cleitíní damanta sin fá leath troighe de mo chluais chlé - bhuail sé mé i gclár m'éadain!" Balor bocht! Ní mó ná sásta a bhíonn sé leis na daoine nach mbíonn ag caitheamh ar chor ar bith sna tábhairní - iad sin nach mbíonn ag caitheamh airgid atá i gceist aige, iad sin nach gcuireann a lámh isteach ina bpócaí riamh ach amháin fá choinne a dtóin a scríobadh.
ar a sáimhín só at their ease
" Bulaí fir, a Dickie! Bhí JP McManus agus John Magnier ina suí go te sa choirnéal, aoibh mhór na sástachta siar go dtí an dá chluais ar an bheirt acu, agus iad ar a sáimhín só ag lasadh agus ag múchadh nótaí céad euro.
ar mo sháimhín só at ease
" Bunús an ama, d’fhillfeadh sé ó láthair éigin chogaidh nó uafáis chuig a árasán i mBéiriút “le hanáil a tharraingt, bheith ar mo sháimhín só cois na farraige, nó suí ar mo bhalcóin álainn ag breathnú ar an Mheánmhuir, nó dul a shnámh i linn an tseanóstáin bhriste, an St George.
ar a sáimhín só at their ease
" Is éard a chuireamar in áit an phictiúir chonspóidigh ná athair agus mac de bhunadh na hEorpa agus iad ar a sáimhín só cois tine – chuir sé sin bolscaireacht na Naitsithe i gcuimhne domsa.
ar do sháimhín só. at your ease.
" Sin áit inar féidir lear mór scannán eachtrannach a fheiceáil ar do sháimhín só.
ár sáimhín só as happy as Larry
" Bhíomar ar ár sáimhín só go fóill.
ar a sháimhín só quite content
" Is dócha gurb é seo an codladh is deise ar domhan, an geimhriú a dhéanann an t-ainmhí, nuair a mhoillíonn buille an chroí agus na hanála chomh maith ar an mbolg lán agus greim bia in aice lapa fosta, ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann ar a sháimhín só! Deirtear go mbíonn sé an-deacair ainmhí mar seo a dhúiseacht.
ar a sháimhín só quite content
" An tAire Airgeadais: Ruairí Quinn ================= ’Sé taithí a dhéanann máistreacht agus bheadh Ruairí Quinn ar a sháimhín só dá bpillfeadh sé ar a sheanchúraimí.
ar a sháimhín só at his ease
" Níl Sinn Féin leath chomh hoilte le hiar-Uachtarán cáiliúil dá gcuid, nach maireann, nuair ba nós leis an tsúil leathchaoch a chaitheamh ar a chroí istigh chun mianta phobal Éireann a léamh ar a sháimhín só.