Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sáinn predicament
" Dúradh chomh maith go raibh gá le preab a bhaint as lucht an pháirtí, nár thuig a bhformhór go fóill an tsáinn ina bhfuil Fine Gael.
sáinn pholaitiúil eile another political deadlock
" D'fhéadfadh sé ansin geallstan nach scorfaidh siad an Tionól arís má athbhunaítear é, ach tá fadhbanna anseo - má thoghtar go leor ball den DUP agus go leor easaontóirí ón UUP, d'fhéadfadh siad sáinn pholaitiúil eile a chruthú sa Tionól, gan Chéad- agus leas-Chéad Aire bheith ainmnithe.
i sáinn in a fix
" Ní bheidh an SDLP sásta sin a dhéanamh, mar sin de tá muid i sáinn.
sáinn predicament
" Ní raibh suim dá laghad ag rialtas “New Labour” sa tsáinn ina raibh na dugairí, agus tar éis leanúint leis an streachailt ocht mí eile, agus dul trí Nollaig chrua eile, ghéill siad i mí Eanáir 1998 agus ghlac siad leis an airgead iomarcaíochta ón MDHC.
sáinn predicament, fix
" Is maith a thuig sé nach raibh aon éalú ann dó ón tsáinn a chruthaigh sé dó féin sa Háig.
an tsáinn the fix
" Ó a Bhaloir, ní thig liom mo chion a mhaitheamh dom féin nuair a smaoiním ar an tsáinn ina bhfuil an Sáirsint Glas ó shin.
an tsáinn the predicament
" Glacann cuid mhaith cáinteoirí leis gurb é díomas Bush agus a chomhairleoirí is cúis leis an tsáinn ina bhfuil an tír anois.
as an tsáinn out of that predicament
" “Thángamar as an tsáinn áirithe sin,” a deir sé, “agus d’fhoghlaíomar ár gceacht gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin.
as an tsáinn ina raibh sí. out of the predicament which she was in
" Go gairid i ndiaidh sin, tháinig trí otharcharr, inneall dóiteáin agus foireann tarrthála le trealamh speisialta leis an taismeach a bhaint as an tsáinn ina raibh sí.
go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad that he will manage to come through this whole predicament
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
ainmhí atá i sáinn a trapped animal
" Tá comparáid déanta aige idir iad agus ainmhí atá i sáinn agus a dhéanann ionsaí dá bharr.
an tsáinn the predicament
" Tháinig tionóntaithe Caitliceacha as an tsáinn a raibh siad ó shin agus díoladh a mbanc leis an Danske Bank Group trí bliana ó shin mar nár riachtanach a thuilleadh é do shliocht sleachta an dreama a bhunaigh é.
i sáinn in a fix
" "Go bhfóire Dia orainn uilig," ar sé, "ach tá muid i sáinn.
tsáinn fix, difficulty
" Thug siad léargas dom ar an dearcadh atá ann i leith na tíre seo agus ar an tsáinn ina bhfuil an Taoiseach, Brian Cowen.
tsáinn predicament
" Dhruid sé a shúil agus chuaigh sé ag smaoineamh ar chruachás na hÉireann agus orthu siúd a chuir leis an tsáinn sin ó thus na bliana úire.
tsáinn difficulty, strait
" Sin é an tsáinn a bhfuilimid ann faoi láthair.
tsáinn fhíochmhar ina bhfuilid terrible fix in which they are
" Glacann an pobal leis fán dtráth seo nach bhfuil aon bhealach éasca as an tsáinn fhíochmhar ina bhfuilid.
i sáinn geilleagair in an economic fix
" Ar ndóigh, ba é dearcadh an Uachtaráin Bush agus a chomrádaithe a chur bunús leis an íomhá seo, ach anois agus Meiriceá i sáinn geilleagair níos mó ná rud ar bith eile ó 1929 amach, tá cairde de dhíth ar an tír.
sáinn straits
" Idir Lily, Cantona agus na cairde go léir sa jab, soilsítear bealaí éalaithe as sáinn éagsúla ár gcara, ceann i ndiaidh a chéile.
tsáinn predicament
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
tsáinn dilemma
" Deir breis is dhá thrian acu gurb é drochbhainistíocht Enda Kenny is cúis leis an tsáinn ina bhfuilimid.
tsáinn strait(s)
" Rinne siad iarracht áirithe muid a thabhairt slán ón tsáinn ach ní raibh muinín an phobail acu.
tsáinn predicament
" Glas lochtach a ba shiocair leis an tsáinn a raibh sí agus toisc nach gcónaíonn aon duine eile léi, ní raibh éinne ann a thiocfadh i gcabhair uirthi.
go raibh sí i sáinn that she was in a predicament
" I ngeall nach raibh fuinneog ar bith sa seomra folctha, ní raibh de rogha aici ach bualadh ar na píobáin uisce ag súil go dtabharfaí faoi deara go raibh sí i sáinn.
i sáinn in difficulty
" Bhí sé buí ag an ngréin, dea-bhéasach agus réidh i dtólamh cuidiú le lucht snámha i sáinn, nó bhí cluiche spóirt éigin á imirt aige.
an tsáinn the predicament
" B’ait don bheirt againn gur gortaithe seachas cúrsaí eile ar nós scrúduithe, saoire, cúrsaí oibre nó eisimirce ba chionsiocair leis an tsáinn ina raibh an fhoireann.
an tsáinn ina bhfuilimid the predicament in which we find ourselves
" Imreoirí gortaithe agus imreoirí eile imithe in áiteanna ar fud an domhain faoi deara an tsáinn ina bhfuilimid.
an tsáinn the fix
" Togha cainteora agus seasamh idirnáisiúnta aige, a d’fhéadfadh a bheith an-tábhachtach do leas na tíre agus an tsáinn ina bhfuil muid.
i sáinn cornered
" Bhí Gillard i sáinn faoi dheireadh na bliana 2011, gan aon agó, agus tá tráchtairí áirithe den tuairim go mbeidh deireadh lena réim go luath.
Sáinn gan réiteach a catch 22
" Sáinn gan réiteach atá ann mar sin san am i láthair agus gan aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil aon athrú suntasach tagtha ar an scéal mar thoradh an phróiseas chomhairliúcháin.
an tsáinn geilleagair the economic predicament
" Ba olc an mhaise é dá ndéanfadh pobal na tíre seo cinneadh gearrthréimhseach deireadh a chur leis an tSeanad mar thoradh ar an tsáinn geilleagair ina bhfuilimid.
leanann an tsáinn gan réiteach the insoluble fix continues
" ”* Níl aon taifead eile faoin cheist seo agus leanann an tsáinn gan réiteach.
leanann an tsáinn the predicament persists
" Is beag dul chun cinn atá déanta acu ó shin, áfach, agus leanann an tsáinn.
Bhí an rialtas i sáinn the government was in a predicament
" Dúnghaois an Doichill ========= Bhí an rialtas i sáinn le linn 2012 nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile agus bhunaigh siad coiste saineolaithe le comhairle a chur orthu.
sáinn predicament
" Baineann Treme le sáinn New Orleans i ndiaidh na speirlinge uafasaí, Katrina, a tharraing formhór na cathrach ársa seo go tóin poill i 2005, agus níl deifir ar bith ar Simon tubaiste na cathrach a léiriú dúinn.
Déanann sé iarracht sáinn na sonóige óige he attempts to (imagine) the young mascot’s predicament
" Déanann sé iarracht sáinn na sonóige óige a chuireann tús le cluiche idir Federer agus Nadal a shamhlú dúinn, ’sé sin buachall seacht mbliana d’aois darbh ainm William Caines a thugann an cuireadh don bheirt imreoir ceann nó cruit a roghnú nuair a chuirtear ar chrannaibh é, sa ‘coin-toss’ (bonn arís), ag tús cluiche.
cosúil le sáinn uafásach like the terrible predicament
" B’é an Breitheamh Hogan an breitheamh a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta le cúpla bliain anuas, cásanna cosúil le sáinn uafásach Mrs Fleming a bhí cromtha fén MS, agus na cásanna ilghnéitheacha a bhaineann le fiacha príobháideacha agus na bancanna.
sáinn an adhmadóra ó Nazareth the carpenter from N.’s plight
" Iarracht Luachmhar ========= I mbliana áfach, roghnaigh Corcadorca téama níos pearsanta príobháideach ná cruachás Shylock agus sáinn an adhmadóra ó Nazareth.
Ní maith liom an tsáinn I don’t like the predicament
" Bealach Éalaithe ======== Ní maith liom an tsáinn ina bhfuil an ASTI agus tá súil agam go mbeifear in ann bealach éalaithe a aimsiú sna cainteanna atá ag tiocht aníos idir an ceardchumann agus an tAire, sa gcaoi is go mbeidh deis ag an ASTI deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch atá ar bun acu sna meánscoileanna.
le hiad a tharraingt amach as an tsáinn geilleagair to pull them out of the economic dilemma
" 
Ach in áiteanna eile ar fud na cruinne, bhí siad ag breathnú ar an tSín mar eiseamláir le hiad a tharraingt amach as an tsáinn geilleagair ina bhfuil 90% de dhaonra an domhain.
Sin an tsáinn that’s the predicament
" Cá bhfuil an DUPóir a déarfaidh lena lucht leanúna gur ceantracha Caitliceacha iad na ceantracha is boichte ó thuaidh? Nó a admhóidh go bhfuil an dífhostaíocht nios measa i measc na gCaitliceach? Sin an tsáinn ina bhfuil an DUP.
B’í sáinn na heisimirce the predicament of emigration was
" B’í sáinn na heisimirce príomhbhéim na haiste seo, ach go háirithe iadsan a dhiúltaigh aon rud a dhéanamh chun é a leigheas ós rud é go gceaptaí go raibh buntáistí creideamhacha agus sóisialta ag baint leis an sruth daonna ollmhór sin.
fréamhacha aigneolaíochta agus socheolaíochta sáinn na hÉireann the psychological and sociological roots of Ireland’s predicament
" Theastaigh uaidh fréamhacha aigneolaíochta agus socheolaíochta sáinn na hÉireann tar éis 1945 a bhéimniú freisin.
i sáinn i gcró róbheag caught in a tiny ring
" Táimid mar a bheadh ainmhí i zú ann, i sáinn i gcró róbheag agus daoine ag síorfhaire air.
i sáinn in a fix
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an tAontas Eorpach anois i sáinn i ndiaidh do mhuintir na hÉireann vótáil i gcoinne dhaingniú Chonradh Liospóin.
tíocht as an tsáinn ina bhfuil siad to get themselves out of a fix
" Tar éis don ASTI vótáil in aghaidh glacadh le socrú Bhóthair Haddington, ceapann Donncha Ó hÉallaithe go n-aimseofar bealach éalaithe do na meánmhúinteoirí le deis a thabhairt dóibh tíocht as an tsáinn ina bhfuil siad.