Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sála arda high heels
" Chualas bean á rá nach gcaithfeadh sí sála arda choíche arís.
sna sála ar on the heels of
" Agus an tionscal sin tite i léig, thuig comhairleoirí na cathrach ar bhealach aibí, nach minic a thuigeann daoine a bhíonn i gcumhacht, go dtagann forbairt eacnamaíoch go minic sna sála ar fhorbairt agus ar fhéiniúlacht chultúrtha.
a thagann sna sála orthu which follows them
" Cuid de na rudaí is mó atá ag cur isteach ar fhás an gheillgeair ná na mílte dlí atá ann agus an maorlathas costasach a thagann sna sála orthu.
sála na mbróg the heels of your shoes
" B'fhéidir nach gceapfá é, ach tá sé sin an-sciobtha go deo - baineann sé sála na mbróg díot, ach bíonn tú ag do cheann scríbe i bhfad roimh lucht na gceann nach dtéann ach 3 chiliméadar san uair! Chaith mé cúpla seachtain ag lorg obair bhreise, gan mórán dul chun cinn a dhéanamh.
ag baint na sála dá chéile tripping over each other
" Tugadh spás suntasach di ar gach príomhleathanach tablóideach agus bhí iriseoirí ag baint na sála dá chéile ag iarraidh an focal is tarcaisní ina bpluca a chaitheamh léi.
Sna sála ar an bhreith seo coming right after this judgement
" Sna sála ar an bhreith seo, d’fhógair grúpa aturnaetha in Éirinn go mbeadh imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh acu go luath ar son íospartaigh MRSA agus a muintir.
ag baint na sála dá chéile tripping over each other
" Bhí sé olc go leor go raibh a chuid fostaithe ag baint na sála dá chéile ag dul amach an doras ach ansin rinne sé iarracht a Rúnaí Dáilcheantair a choinneáil trí charr a thairiscint dó.
ba mhinic an chonspóid sna sála aige he was often dogged by controversy
" Ach ba mhinic an chonspóid sna sála aige; cuireadh den pháirc é i gcluiche craoibhe trí shéasúr i ndiaidh a chéile.
ag baint na sála dá chéile tripping over each other
" B’fhéidir go bhfuil dul amú orm ach ní dóigh liom go raibh na heagrais Ghaeilge ag baint na sála dá chéile ag iarraidh a bheith páirteach sa phróiseas seo.
Na sciortaí róghearr, na sála ró-ard. The skirs too short, the heels too high.
" Na sciortaí róghearr, na sála ró-ard.
Caithfidh go n-oibríonn na sála! The heels must work!
" Caithfidh go n-oibríonn na sála! 5.
ar a sála. just behind her.
is minic an chonspóid sna sála ag an Rialtas le sé mhí anuas. many controversies have dogged the government for the last six months
" Go deimhin, is minic an chonspóid sna sála ag an Rialtas le sé mhí anuas.
sna sála ar an in the wake of
" Tháinig an dea-scéala seo sna sála ar an £50,000 a bhain mé sa chrannchur a d'eagraigh an Shop Direct Group Limited i Manchain.
sála míne Stiletto with her smooth Stiletto heels
" Mothaíonn tú go bhfuil Ní Dhuibhne sásta súil shlítheánta a chaitheamh ar an tsochaí ghalánta ach níl sí sásta an chos cháidheach a chur ar sceadamán agus anáil a bhaint as lena sála míne Stiletto – a bhuíochas sin, b’fhéidir, ar an cheangal a chuireann scéal Tolstoy uirthi.
ba mhinic an chonspóid sna sála aige he was often dogged by controversy
" Sular phós sé Banríon Juliana na hÍsiltíre sa bhliain 1937, bhí an prionsa sin, arb as an nGearmáin ó dhúchas dó, ina oifigeach san SS agus ba mhinic an chonspóid sna sála aige ar feadh a shaoil.
ag baint na sála dá chéile tripping over themselves
" Bhí sciar mhaith de chúlbhinseoirí Fhianna Fáil ag baint na sála dá chéile ag iarraidh faid a chur idir iad agus a raibh beartaithe ag a gcomhleacaithe sa chomhaireacht.
thiocfas sna sála ar which shall follow on the heal of
" Níl san airgead ar ais, ámh, ach airgead infheistíochta an dara scata d’infheisteoirí a thiocfas sna sála ar an gcéad dream tar éis dóibh iomrá a chloisteáil go bhfuil airgead mór sa togra.
sna sála ar aon on foot of any
" Ach le roinnt ama anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go n-ardaítear i gcónaí ábhar conspóide éigin sna sála ar aon drochnuacht eacnamaíochta.
ag baint na sála dá chéile climbing across each other
" Bítear ag baint na sála dá chéile leis na figiúirí caiteachais is mó a chuirfeadh alltacht ar a bpobal léitheoireachta a fhoilsiú.
ag teacht sna sála ar following rapidly
" Tá an t-eolas seo a tugadh dom ag teacht sna sála ar thaighde a léiríodh le linn comhdháil bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) i rith na Cásca maidir le neamh-chomhionannas inscne sa ghairm.
ag baint na sála dá chéile tripping over one another
" Níl aon amhras ach gur tháinig an tuar fán tairngreacht áirithe sin agus tráchtairí ag baint na sála dá chéile anois leis na focail is tarcaisniúla ina bpluic a chaitheamh i dtreo na teanga, agus ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ach go háirithe.
baint na sála dá chéile jumping across each other
" Ag am ina bhfuil ollchomhlachtaí domhanda ag baint na sála dá chéile ag tréigean na tíre, ba cheart go mbeadh muid ábalta titim siar ar na nithe atá againn go nádúrtha.
teacht sna sála following sharply
" FOINSE Agus ansin i bhfaitheadh na súl seo chugainn, chan amháin athréimniú agus athbhrandáil Foinse, ach an fógra ó Fhoras na Gaeilge go mbeadh nuachtán náisiúnta eile ag teacht sna sála air, agus iad beirt lonnaithe i gConamara.
sna sála air straight after him
" Cor suntasach ab é sin i saolré an rialtais seo agus cuireadh an lasóg sa bharrach nuair a d’imigh an tAire Stáit Trevor Sargent sna sála air.
tháinig sna sála followed immediately
" Marú Kieran Doherty; buama a d'fheadfadh daoine a mharú ar an Iúr; racáin i Craigavon le seachtain anuas, ag dul siar go dtí marú bheirt shaighdiúir Briotánacha, Mark Quinsey agus Patrick Azimkar, ag Beairic Masserene i mbaile Aontroma agus níos faide siar go dtí briseadh a sos cogaidh i 2000, sos a tháinig sna sála ar bhuamáil fhuilteach na hOmaí as a raibh siad freagrach.
sna sála ar in the wake of
" Tiocfaidh an dúpholl sna sála ar siúd, ach beidh a fhios againn an chéad iarraidh eile; - an cú a bhuailtear sa cheann, cuimhníonn sé.
chuir siar ar na sála mé knocked me over
" Íomhánanna ó am go chéile a chuir siar ar na sála mé.
Sna sála ar sin also
" Sna sála ar sin, léirigh Tuarascáil Harris (féach an nasc) a foilsíodh in Iúil na bliana 2006 a dhonacht is a bhí caighdeán na Gaeilge i mbunscoileanna na tíre.
sna sála air following it
" Agus tiocfaidh an DVD go luath sna sála air.
cuireadh siar ar na sála were astonished
" Ar a shála sin, tá sé le tuairisciú agam ó Luan an 7ú lá Eanáir gur cuireadh siar ar na sála an líon againn a d’fhan leis an bhfráma apacailipseach deiridh an oíche chéanna.
Cuirtear siar ar na sála sinn we’re taken by surprise
" Cuirtear siar ar na sála sinn arís is arís eile.
Sna sála ar sin as well as that
"Sna sála ar sin, rinne Eoghan Mac Cormaic, Leas-Chathaoirleach an Fhorais, ionsaí láidir ar an phlean ón urlár ag ceann de na cruinnithe comhairliúcháin a eagraíodh faoin ábhar i nGaillimh ar na mallaibh.
bhain pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta na sála dá chéile Irish speakers throughout Ireland vied with each other
" B'in an 11 Samhain 2005 agus idir sin agus teacht i gcumhacht Fhine Gael bhain pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta na sála dá chéile ag iarraidh a chinntiú nach dtiocfadh bhláth ar an bheartas seo.
sna sála ar thorthaí maithe on the heels of good results
" Tagann sé seo sna sála ar thorthaí maithe san Ardteist anuraidh – an chéad bhliain ina raibh an siollabas úr i bhfeidhm.
na sála arda the high heels
" Bhí mé an-tógtha le slachtaíocht na nIodálach: na sála arda, na gúnaí áille ildathacha, na hataí dubha agus dearga agus corcra, na blúsanna bláfara galánta.
tháinig sna sála air which followed immediately
" Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.
ag teacht sna sála ar bhriseadh an scéil hot on the heals of the breaking story
" Bheinn buartha faoi úsáid an chnaipe seo go pearsanta, go háirithe nuair atá an nuacht seo ag teacht sna sála ar bhriseadh an scéil faoi thriail agus taighde a bhí ar siúl ag Facebook i 2012.
Is minic an chonspóid sna sála air He is often dogged by controversy
" Is minic an chonspóid sna sála air mar go gcuireann sé i gcoinne an chomhdhearcaidh ar réimse leathan ábhar.
ba mhinic an chonspóid sna sála ag na Cluichí Oilimpeacha the Olympic Games have often been dogged by controversy
" Ach ní hé gur rud úr nua é sin – ba mhinic an chonspóid sna sála ag na Cluichí Oilimpeacha le céad bliain anuas, mar a mhíníonn Breandán Delap.
te bruite sna sála i ndiaidh hot on the heals of
" Tá muintir Dhoire nach mór sáraithe ag cuairteoirí ar an chathair tharla Duais Turner ar an bhaile sin te bruite sna sála i ndiaidh Fleadh na hÉireann.