Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag sáraíocht ar a chéile contradicting
" Feachtas na lionsaí teilifíse atá ann, chuile thaobh ag sáraíocht ar a chéile faoi chostas na ngealltanas éagsúil.
ag sáraíocht lena chéile clashing with each other
" Ar deireadh, cúpla mí ó shin, bhí na fíricí agus an ficsean ag sáraíocht lena chéile i gcás cúirte i Manhattan a raibh *mobsters *agus aisteoirí Éireannacha agus Iodálacha páirteach ann.
ag sáraíocht ar a chéile trying to outdo each other
" Airí ag sáraíocht ar a chéile Is gearr go mbeidh a mhacasamhail d’fhoirgnimh á dtógáil ó cheann ceann na tíre.
an tsáraíocht shíoraí eternal clashing
" Spreag an tsáraíocht shíoraí seo an t-amhrán cáiliúil Peter Gabriel, “Games Without Frontiers”.
bpolaitíocht na sáraíocht adversarial politics
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
sáraíochta argumentative
" Bíonn fáilte roimh dhíospóireacht agus easaontas san Iarthar, ach sa tSín, a bhfuil Cóinfúiceachas mar bhunsraith inti, ní luíonn an dearcadh ansiúd leis an díospóireacht sáraíochta.
ag dul i mbun sáraíochta contentiously addressing
" Lean sí uirthí ag spalpadh cainte liom, í ag bualadh an aeir lena dá láimh agus í ag dul i mbun sáraíochta liom.
agus muid ag sáraíocht le chéile while we argued with each other
" Chabhraigh sé liom chomh maith caidreamh níos fearr a chothú le mo mhac agus muid ag sáraíocht le chéile faoi cé is fearr a rinne sa gcomórtas eadrainn.
Ní hionann an comhrá agus an tsáraíocht the argument and conversation is not the same
" Ní hionann an comhrá agus an tsáraíocht a bhíonn ar bun idir cairde agus idir strainséirí.