Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sháraigh sháraigh siad: they got the better of
" Mar shampla, i dtoghcháin an Tionóil i 1998, fuair an SDLP 177,963 vóta, an chéad uair riamh a sháraigh an páirtí sin Aontachtaithe Uladh.
a sháróidh na laigí which will overcome the shortcomings
" Tá muid ag fanacht ar na déantóirí sa tSeapáin córais a chur ar fáil dúinn a sháróidh na laigí atá ag WAP faoi láthair.
na laigí seo a shárú to overcome these shortcomings
" Tá gach iarracht á déanamh na laigí seo a shárú le cinntiú go mbeidh WAP ina uirlis ríthábhachtach.
go sáróidh siad that they will transgress
" Tá na meáin chumarsáide i Sasana lán scéalta faoi dhlíthe úra in aghaidh sceimhlitheoireachta, cé go bhfuil seans ann go sáróidh siad Acht Chearta Daonna an Aontais Eorpaigh.
a shárú overcome
" "Truaillíonn sé daoine óga, ach is féidir aghaidh a thabhairt air agus é a shárú," a mhaígh sé, agus luaigh sé Glaschú (áit ar rugadh é) agus Learpholl mar shamplaí de seo.
le sárú to overcome
" Deacrachtaí ======= Beidh deacrachtaí le sárú ag an rialtas nua.
Is deacair á shárú It's hard to beat
" "Is deacair á shárú lá fuar geimhridh agus níl caill ar é seo ina cheann.
á sárú being violated
" Níl an rialtas toilteanach ainmneacha na ndaoine atá i bpríosún a chur ar fáil, ar eagla is dócha go bhfaigheadh an pobal amach cé hiad na daoine seo a bhfuil a gcuid ceart á sárú de bharr nach bhfuil cead tugtha dóibh labhairt le habhcóide, i measc rudaí eile.
nach mblaisfidh tú go deo a shárú that you'll never taste better
" Bhí duine de na comharsana ar laetha saoire ansin agus mionnann sí nach mblaisfidh tú go deo a shárú.
a sháraíonn which overcome
" com) do mhargadh na hÉireann a sháraíonn na fadhbanna seo.
ag sárú cearta daonna violating the human rights
" " Nuair a chuir Cian in iúl do cheoltóir óg as Tiobraid Árann le déanaí nach bhféadfadh sé a chuid ceoil a sheinm ar "An Taobh Tuathail" de bharr go raibh focail na n-amhrán i mBéarla dúirt an fear sin leis go bhféadfadh duine éigin cás cúirte a thógáil i gcoinne Raidió na Gaeltachta, mar go bhfuil siad, dar leis an cheoltóir seo, ag sárú cearta daonna lucht an Bhéarla! Deir Cian nach dtugann go leor de na héisteoirí faoi deara go bhfuil cosc ar liricí Béarla, gur minic a fhaigheann sé litreacha nó teachtaireachtaí ríomhphoist ó dhaoine ag iarraidh air ceol Béarla a sheinm.
a sárú d'áit a better place
" Is iomaí ceoltóir a dúirt liom nach bhfuil a sárú d'áit le fáil lena haghaidh.
nach raibh a sárú le fáil who were unequalled
" Bhí imreoirí iontacha acu freisin nach raibh a sárú le fáil in aon chontae, báireoirí ar nós mhuintir Troy, Whelehan, Pilkington, Dooley, etc.
nach bhfuil a shárú le fáil which can't be surpassed
" Nuair a fheiceann duine cluiche mór peile nó iománaíochta ó Pháirc an Chrócaigh ar an teilifís, mar aon leis na dathanna agus an t-atmaisfear speisialta nach bhfuil a shárú le fáil in áit ar bith, tuigeann sé/sí go bhfuil an staid nua seo inchurtha le haon staid sacair nó Oilimpeach ar fud an domhain agus gur faiseanta agus gur taitneamhach an rud é bheith páirteach san atmaisféar agus sa "chraic" a ghabhann leis na cluichí Gaelacha.
sárú non-compliance
" Is é argóint na hAstráile go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic, nó á bhforbairt acu, agus go bhfuil sárú déanta acu ar rúin na Náisiún Aontaithe.
á sárú being broken
" Ar ndóigh, ní i gcomhlachtaí amháin a bhíonn na fadhbanna seo - in ollscoileanna, go háirithe, caithfear a chinntiú nach bhfuil aon dlíthe á sárú ag úsáideoirí agus nach bhfuil táillí na mac léinn ag íoc as caitheamh aimsire ar-líne mionlaigh.
gur féidir na fadhbanna a shárú that the problems can be overcome
" Ach measann Martin McGuinness gur féidir na fadhbanna a shárú.
á shárú being infringed
" " Ní hamháin, mar sin, go bhfuil an bunreacht á shárú, ach is léir ó phobalmheas a rinne an Irish Times le gairid go bhfuil formhór phobal na tíre seo i gcoinne ionsaí ar An Iaráic agus, dá réir, i gcoinne aon tacaíocht a thabharfadh Rialtas na tíre seo dá leithéid.
ag sárú a chuid rialacha infringing its own rules
" Ceist amháin a bheadh agam orthu ná seo: cén fáth a bhfuil RTÉ ag sárú a chuid rialacha féin lá i ndiaidh lae maidir le fógraíocht do pháistí? De réir tuarascála de chuid na Náisiún Aontaithe tá Éire ar cheann den dornán tíortha a chuireann srianta fógraíochta áirithe i bhfeidhm, mar dhea, maidir le cláracha do pháistí.
go sáraíonn dlí na tíre gach dlí eile that the laws of the country over-ride every other law
" Má sheasann an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt lena ndearcadh go sáraíonn dlí na tíre gach dlí eile, dlí na heaglaise san áireamh, feicim bliain chrua eile i ndán dár dteagascóirí moráltachta.
caithfear fadhbanna eile a shárú other problems must be overcome
" Caithfear cuimhneamh nach bhfuil i mbandaleithead leathan ach slí chun eolas a scaipeadh ar an idirlíon níos tapúla ná mar a dhéantar faoi láthair - agus caithfear fadhbanna eile a shárú chun a chinntiú go meallfar comhlachtaí agus postanna go dtí an tír seo.
a shárú anything better than it
" Maidir le Wil Roberts na Breataine Bige, £500 a íocadh leis anuraidh ar *Paradwys (Parthas)*, úrscéal nach dóigh gur scríobhadh a shárú sa mBreatnais riamh.
le sárú to be overcome
" Fadhbanna eile ======= Ar ndóigh tá fadhbanna eile le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an gcóras iompair.
ag sárú an dlí violating the law
" Is éard atá ann ná daoine ag sárú an dlí.
sárú violation
" Tá neart ráite ag an rialtas anseo faoin sárú atá déanta ar chearta daonna ag réimeas Saddam Hussein agus tá cuid mhaith den cheart acu.
ag sárú a chearta príobháideachais violating his privacy rights
" Rialaigh an chúirt go raibh an cosc a bhí ar ghníomhartha homaighnéasacha sa stát seo ag sárú a chearta príobháideachais.
in ann muidinne a shárú able to beat us
" Bíonn na hÉireannaigh de shíor ag maíomh gurb iad an dream is fearr óil agus ceoil ach deárfainn féin go mbeadh na Meicsicigh in ann muidinne a shárú lá ar bith.
le sárú to be overcome
" Nuair a bhuail mé le hAllen i lár na míosa seo caite in oifigí breátha an RPA ar Bhóthar Conyngham in iarthar na cathrach, bhí sé go mór ar a shuaimhneas agus an-dearfach faoin tionscadal, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí agus atá le sárú aige féin agus ag an eagraíocht atá faoina stiúir.
cinneadh a sháraigh rialacha an Choimisúin a decision which contravened the Commission's rules
" Ar deireadh d'ordaigh an tAire Mara Frank Fahey go ndéanfaí an bád a chlárú mar *"merchant vessel"* agus bhronn cúig cheadúnas shealadacha air, cinneadh a sháraigh rialacha an Choimisúin.
shárú cearta daonna the abuse of human rights
" Tá eagraíochtaí móra le rá mar Amnesty International agus Human Rights Watch ag iarraidh aird a tharraingt ar shárú cearta daonna i bPapua Thiar, ina measc coinneáil dhírialta, éigniú, céasadh, bualadh príosúnach faoi choimeád agus marú seachbhreithiúnach.
a shárú to overcome
" org )) chun na fadhbanna teicniúla a bhaineann le litreacha as an ngnách a shárú, agus is féidir iad a chlárú anois i seoltaí ".
ag sárú chearta sealúchais an duine infringing the person's property rights
" Bheidís, dúradar, ag sárú chearta sealúchais an duine, atá leagtha síos sa Bhunreacht.
ach an dóigh a sáraítear a gcearta daonna but they way in which their human rights are violated
" Is léir gur fhág an t-am a chaith sé ansin rian air, ní hamháin an meas atá acu ar a dteanga dhúchais, ach an dóigh a sáraítear a gcearta daonna lá i ndiaidh lae.
an ghéarchéim seo a shárú overcome this crisis
" Ach caithfidh na comhlachtaí bogearraí tacaíocht leanúnach a thabhairt d'úsáideoirí baile ionas gur féidir leis an tionscal ríomhaireachta an ghéarchéim seo a shárú.
Níor sáraíodh an iarracht sin that effort wasn't bettered
" Níor sáraíodh an iarracht sin go dtí 1950 agus ba le deimheas leictreach a rinneadh é sin.
a shárú to overcome
" Ach tá an t-iarthar fágtha in áit na leathphingine arís eile, agus gan mórán dóchais ann go ndéanfar an infheistíocht chuí sa réigiún sin go luath chun go mbeidh deis aige na deacrachtaí iompair agus cumarsáide a bhaineann leis a shárú.
curiarracht an domhain a shárú world record
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
a shárú sin better than that
" Ní bhfaigheadh amhránaí a shárú sin in áit ar bith.
a chuid fadhbanna a shárú to overcome his problems
" Go minic, má tá córas cumarsáide ar fáil don duine atá in ísle brí, éireoidh leis a chuid fadhbanna a shárú go pointe.
le sárú to be overcome
" Ní gá do dhaoine a bheith faiteach go fóill - tá go leor fadhbanna le sárú ag clibeanna aitheantais sula mbeidh siad i ngach rud timpeall orainn.
inar sáraíodh an Comhaontú in which the Agreement was violated
" Fuadach agus dúnmharú ======= Ag amharc siar ar na heachtraí inar sáraíodh an Comhaontú, tá fuadach agus achan ghrád foréigin suas go dtí an dúnmharú curtha i leith na bpoblachtánach.
níl sárú an chuntais fhada ann there's nothing better than the long count
" Bíonn spórt ag baint leis an stocaireacht a dhéanann na hiarrthóirí agus a lucht tacaíochta, le dó phóstaeirí na bpáirtithe eile, le ciceáil mhuintir na bpáirtithe eile, le scrios oifigí na bpáirtithe eile; leis na mionnaí móra agus na mionnaí beaga, leis an bhualadh bos agus an buaileam sciath, leis na bréaga agus na gealltaí, leis an gheáitseáil agus leis na gothaí, ach fós níl sárú an chuntais fhada ann.
sháraigh sé ailse sceadamáin he overcame throat cancer
" asp) Trí bliana ó shin, sháraigh sé ailse sceadamáin.
ní raibh a shárú sa cheantar there was no-one better in the area
" An uair a bhí sé ag cleachtadh go laethúil le bheith ina laoch agus ina ridire, ní raibh a shárú sa cheantar.
le sárú to be overcome
" "Tá an oiread sin truflaise agus riaracháin, foirmeacha agus páipéireachais le sárú sula dtagann tú chomh fada leis na smaointe fiú," a deir Bewick.
a shárú to beat
" Agus is deacair na seantiúin a shárú - tá siad lán de cheol.
ag iarraidh sárú ar an eagla trying to overcome the fear
" tabharfaidh mé a dhúshlánI'll challenge him scrogalllong thin neck á bodhradhdeafening her obair athleictritherewiring work meirgrust ag smúrthachtprowling around go teanntightly tiubhthick tréanstrong bolta righinstiff bolt i ngan fhios dóibhwithout them knowing lomnochttotally naked ar thóir rud éigin eileafter something else ar tí cnagadhabout to knock ag iarraidh sárú ar an eaglatrying to overcome the fear le neart a tola is a réasúinwith the strength of her will and her reason
Ná sáraítear an Seanghleann Let the old glen not be violated
" " (Ná sáraítear an Seanghleann áitreabh leaca Neimhe.
ag sárú an dlí breaking the law
" Ba cheart, gan aon amhras, go mbeadh cead ag an Gharda Síochána carr a thógáil láithreach ó dhuine má tá sé ag sárú an dlí ar an bhóthar agus ag cur a bheatha féin agus beatha daoine eile i mbaol.
a shárú to circumvent
" "Seo an chéad uair nach raibh muid ábalta fadhb chomh mór seo a shárú," a deir Siobhan Dennehy, bean a bhfuil neart cathanna inimirce troidte aici ó bhí na hochtóidí ann.
ag sárú na rialacha breaking the rules
" Seans go mbeidh na maoir an-ghnóthach, is é sin má leanann na himreoirí orthu ag sárú na rialacha ag an ráta céanna is a bhí le cúpla bliain anuas.
ag sárú rialacháin iomaíochta na hEorpa breaking European competition rules
" Tá an scéal amuigh nach dtig leis an rialtas lámh chúnta a thabhairt d'Aer Lingus mar go mbeidís ag sárú rialacháin iomaíochta na hEorpa.
an bac seo a shárú to overcome this hindrance
" Bhí díomá mór orm nach raibh mé in ann an bac seo a shárú.
na deacrachtaí a shárú to overcome the problems
" Níor luaigh an PSNI ná eagraithe an mharatóin cad iad na fadhbanna sláinte agus sábháilteachta a bhí i gceist, níor labhair siad le daoine áitiúla leis na deacrachtaí a shárú, ní dhearna siad ach an cúrsa a athrú le go dtiocfadh leis dul thart ar Bheairic Arm na Breataine ag Kinnegar i dtuaisceart Chontae an Dúin agus *stockbroker belt *Thuaisceart an Dúin.
an bac seo a shárú to overcome this hindrance
" Bhí díomá mór orm nach raibh mé in ann an bac seo a shárú.
le sárú to be overcome
" Bhí fadhbanna faoi leith le sárú ag Gardaí Thír Chonaill nach raibh ag a gcomhghleacaithe sa chuid eile den tír, a bhuíochas do na trioblóidí ó thuaidh.
le sárú to be overcome
" Bhí fadhbanna faoi leith le sárú ag Gardaí Thír Chonaill nach raibh ag a gcomhghleacaithe sa chuid eile den tír, a bhuíochas do na trioblóidí ó thuaidh.
sáraithe overcome
" Fadhbanna níos leithne ======= Ó tharla go bhfuil constaic amháin sáraithe ag breith na Cúirte Uachtaraí, níor mhiste díriú anois ar fhadhbanna níos leithne a bhaineann le ceart slí.
ag sárú an dlí breaking the law
" Dála go leor acu siúd a bhí gníomhach i gConradh na Talún, níl taithí ag an chúigear fear Gaeltachta seo ar bheith ag sárú an dlí.
sárú theicniúil technical breech
" Thug an tAire Dempsey fógra oifigiúil do Shell go bhfuil siad ag sárú rialacha an cheada atá faighte acu ach maíonn siadsan nach raibh i gceist ach “sárú theicniúil” de bharr obair tháthaithe a rinneadh ar an phíblíne.
gur féidir na deacrachtaí a shárú that the difficulties can be overcome
" Ach thaispeáin na hAlbanaigh gur féidir na deacrachtaí a shárú agus tá mé cinnte gur féidir linne i nGleann Cholm Cille an rud céanna a dhéanamh.
sárú príobháide invasion of privacy
" Ach ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann aon ní a ghéilleadh do na meáin, gan srianta breise a chur orthu maidir le sárú príobháide.
sháraigh siad gach constaic a cuireadh rompu they overcame every obstacle put in front of them
" An bóthar fada, casta a thaisteal siad, deich gcluiche ar fad, ach sháraigh siad gach constaic a cuireadh rompu.
ag sárú an dlí breaking the law
" Tá na fuadaigh á n-iniúchadh ag na Náisiúin Aontaithe faoi láthair ach deir an tUachtarán George Bush nach bhfuil siad ag sárú an dlí.
ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh in which human rights are violated and prisoners tortured
" Deir sé fosta nach ndéantar ciapadh ar na cimí seo ainneoin go bhfuil an Úisbéiceastáin, Maracó agus an Éigipt áirithe ag Roinn Stáit Mheiriceá mar thíortha ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh.
ar sháraigh an saol orthu whom life has defeated
" “Tá na créatúir seo ar sháraigh an saol orthu agus muidinne ina suí anseo agus muid ar maos i maoin shaolta.
ag sárú bunchearta daonna violating basic human rights
" Bronnadh an dara deis orthu an mhaidin dár gcionn nuair a cháin Cathaoirleach an CPI, an t-iar-Bhreitheamh Fergus Flood, an tAire as a bheith ag sárú bunchearta daonna, ach arís eile tháinig faitíos ar an fhreasúra.
sáraithe overcome
" Tá dris chosáin amháin – an CPI - sáraithe acu cheana féin agus níl le déanamh anois ach féastrach a chur ar ghadhar faire Chorcaí an samhradh seo chugainn.
sáróimid we will overcome
" Is mó ceoltóir atá cráite ag fadhbanna dáileacháin, ach le cúnamh Dé sáróimid na fadhbanna san.
a shárú to better
" Níor smaoinigh sé riamh gur cheart go gcuirfí na leapacha in oiriúint do na haíonna! Ba dheacair an scéal seo a shárú mar mheafar do theagasc na Gaeilge i scoileanna na hÉireann faoi láthair.
le sárú to be overcome
" ” Cé nach raibh sa ráiteas sin ach deimhniú ar an mhéid a bhí ar eolas ag madraí an bhaile le fada, bhí tábhacht faoi leith ag baint leis sa mhéid is gur léir go n-aithnítear go hoifigiúil go bhfuil fadhb ansin le sárú.
le sárú to be overcome
" Tá maolú mór déanta acu ar fhorálacha an Achta agus is iomaí constaic a bhíonn le sárú anois chun teacht ar bheagán eolais.
a shárú to overcome
" Is léir go bhfuil déagóirí agus daoine óga áirithe ag glacadh seilbhe ar cheisteanna cearta teanga agus go bhfuil dreamanna mar na Gaeil Óga, eagraíocht réasúnta nua, chun dul i ngleic leis na dúshláin nár éirigh leis an ghlúin a tháinig rompu a shárú.
sáraíodh an chonstaic sin that obstacle was overcome
" An chonstaic ba mhó go dtí seo ab ea Cill Chainnigh ach sáraíodh an chonstaic sin i 2001 (Coláiste Chiaráin cloíte) agus 2005 (mionúir Chill Chainnigh cloíte).
a shárú to overcome
" “A fhad is atá an tÚdarás agus an Roinn ag obair as lámh a chéile, creidim gur féidir deacrachtaí ar bith atá eadrainn a shárú, ach tá imreoir amháin eile atá thar a bheith tábhachtach nach bhfuil linn go fóill agus sin í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa that the Irish Government broke European law
" Rinne sé iarracht an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre, mar shampla, agus casadh dearfach a chur ar rialú na Cúirte Eorpaí gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa nuair a thóg siad a gcás i leith Sellafield chuig na Náisiúin Aontaithe.
iad a shárú to better them
" Is éard atá i gceist agam ná go raibh an corn buaite ag an Eoraip sula raibh an comórtas críochnaithe toisc gur shroich an Eoraip oiread pointí nach bhféadfadh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad a shárú.
le sárú: to be overcome:
" Agus na geataí curtha díom agam bhí constaic amháin eile le sárú: daoine ag bailiú airgid leis na reiligí a choinneáil.
le sárú to be overcome
" Tá an fás san OTI – olltáirgeacht intíre – níos airde ó thuaidh ná mar atá sé sa Bhreatain ach tá fadhbanna bunúsacha le sárú ansin fosta.
le sárú to overcome
" Cothromaíocht Dúshlán eile atá le sárú ag na meáin Ghaeilge ná an chothromaíocht chuí a aimsiú idir áitiúlachas agus an freastal is gá a dhéanamh ar an náisiún i gcoitinne.
ní raibh a sárú ó thaobh sluaite there weren't bigger crowds anywhere
" B’in iad na cluichí idirchúige agus ní raibh a sárú ó thaobh sluaite ach cluichí ceannais na Mumhan agus na hÉireann.
chun an deacracht sin a shárú. to overcome that difficulty.
" Tuigim go mbeadh deacracht láithreach ar fud na tíre maidir le craobhchomórtais na gclub ach, arís, ba ghá samhlaíocht agus tionscnamh a úsáid chun an deacracht sin a shárú.
ag sárú spriocanna Phrótacal Kyoto. transgressing the Kyoto Protocol targets.
" Tá muid i dtrioblóid cheana féin le Coimisiún na hEorpa as a bheith ag sárú spriocanna Phrótacal Kyoto.
nach raibh ag éirí léi an Afraic a shárú. that it wasn't managing to be better than Africa.
" Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, thosaigh mé ar thuras síos cósta thiar na hAstraile – mé féin agus na mílte cúlphacálaí eile! Is cinnte go raibh a draíocht féin ag baint leis an Astráil, ach dar liomsa nach raibh ag éirí léi an Afraic a shárú.
rith nár sáraíodh a run that wasn't bettered
" Rinneadh an tsraith *The Flintstones* in ómós don scannán mór a bhí ag Jackie Gleason, *The Honeymooners,* agus craoladh na cláracha gan stad ó 1960 go dtí 1966 agus arís sna seachtóidí, rith nár sáraíodh roimhe sin nó ina dhiaidh sin, go dtí gur tháinig *The Simpsons* ar an fhód i 1989.
níor sáraíodh riamh iad they were never bettered
" Is iad Tom and Jerry a leag síos an tslat tomhais do gach rud a tháinig ina ndiaidh i gcúrsaí beochana agus níor sáraíodh riamh iad.
ní raibh ár sárú there was no better than us
" Buanna éagsúla Ar chaoi ar bith, d’imigh na blianta agus chuamar ó neart go neart mar fhoireann iomána agus ar feadh scaithimh ní raibh ár sárú i measc chlubanna sóisearacha agus idirmheánacha iomána Átha Cliath.
mar gheall ar shárú cearta daonna. because of human rights violations.
" Bunaithe ar bhonn díth chéadfach, níor lean an príosún seo, darbh ainm Katingal, ach dhá bhliain sular dúnadh é mar gheall ar shárú cearta daonna.
ní raibh a sárú ann. they couldn't be beaten.
" Bhí sé de cháil ar chuid de na himreoirí a bheith ar nós cuma liom maidir le traenáil, ach ar laethanta áirithe ní raibh a sárú ann.
le sárú sa todhchaí sin iarstaire. to be overcome in that post-history future.
" Ach tá fadhbanna móra le sárú sa todhchaí sin iarstaire.
an caighdeán sin a shárú. to better that standard.
" Thuig sé go raibh caighdeán nua leagtha síos d’fhoirne peile agus go gcaithfeadh a fhoireann Chiarraíoch an caighdeán sin a shárú.
is deacair Nyika a shárú. it's hard to find better than Nyika.
" Tá an áit ciúin – táimid ar a laghad trí huaire an chloig ón gcéad bhaile eile – agus uaireanta bíonn an aimsir thar a bheith cantalach! Ach, gan amhras, más duine tú a bhaineann sult agus tairbhe as a bheith gar don dúlra, a bheith ag éisteacht le fuaimeanna an dúlra seachas fuaimeanna na cathrach agus a bheith in ann na réaltaí a fheiscint i gceart, is deacair Nyika a shárú.
a shárú, out-do,
" Creidim gur féidir an sprioc sin a bhaint amach agus í a shárú, fiú.
an sprioc a shárú to better the mark
" Ní raibh na gasúir eile ábalta an sprioc a shárú a bhaineadh seisean amach leis an mheáchan.
sáraítear an bhearna eolais the information gap is overcome
" Glactar leis, mar shampla, nach bhfuil na meáin ag feidhmiú mar is ceart san Iaráic faoi láthair ach sáraítear an bhearna eolais le blaganna, bíodh siad ó shaoránaigh den uile fhaicsean nó ó bhaill den arm forghabhála.
le sárú to overcome
" Is é an dúshlán is mó a bheas le sárú ag meáin chraolta na Gaeilge ná a chinntiú nach gcaillfidh siad an sciar beag dílis den mhargadh atá acu nuair a thiocfaidh rabharta cainéal breise teilifíse agus raidió ar an aer tríd an chóras digiteach.
an t-aon bhac amháin atá le sárú the only obstacle to be overcome
" Mar sin, is é an t-aon bhac amháin atá le sárú maidir leis an gcoincheap seo ná toil agus misneach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus na Roinne Comhshaoil.
constaicí móra le sárú big obstacles to be overcome
" ** ** **Constaicí**Feictear dom, áfach, go bhfuil constaicí móra le sárú ag Kevin Rudd má tá sé chun a bheith ina phríomh-aire.
dúshláin a shárú. overcome challenges.
" Deirim é seo mar is léir gur féidir le hÓ Murchú dúshláin a shárú.
ní sháróidh siad they won't overtake
" Fós féin, in ainneoin an chomhcheangail, ní sháróidh siad Budweiser, a bhfuil 50 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá aige cheana féin.