Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caighdeán sásúil a satisfactory standard
" " Deir de Paor go raibh an ceart ag na ranna seanbhunaithe san ollscoil a bheith amhrasach faoin ionad nua i dtús báire go dtí go bhfeicfeadh siad an mbainfí caighdeán sásúil amach ó thaobh an léinn de.
slí shásúil satisfactory way
" Anuas air sin, toisc nach féidir "spás" a úsáid i seoltaí idirlín, níl aon slí shásúil ann chun an bhearna idir focail a léiriú.
socrú sásúil a satisfactory arrangement
" Ina dhiaidh sin, bhí deoraithe ábalta pilleadh abhaile agus a dtithe a fháil ar ais, cé go raibh orthu socrú sásúil a dhéanamh do na ndaoine a bhí ina gcónaí iontu.
mhíniú sásúil satisfactory explanation
" Tacaíonn an lagiarracht a rinne na Gardaí ar mhíniú sásúil d'fháil ar chuid de na rudaí aisteacha a tharla leis an tuairim nach bhfuil an fhírinne uilig ar eolas againn fós.
míniú sásúil satisfactory explanation
" Baineadh an leabhar de na seilfeanna gan mhoill agus dúirt an foilsitheoir nach mbeadh sé ar díol arís go dtí go mbeadh míniú sásúil ón údar.
gann ar fhreagraí sásúla short of satisfactory answers
" An é go bhfuil an IRA imithe go hiomlán as smacht nó an bhfuil míniú eile ar Shinn Féin bheith gann ar fhreagraí sásúla an babhta seo! I dtosach chuir ceannaire an PSNI, Hugh Orde, i leith an IRA gurbh iadsan a bhí freagrach as robáil Bhanc an Tuaiscirt, ansin dúirt an Taoiseach gur chreid sé siúd go raibh a fhios ag ceannairí Shinn Féin faoin robáil roimh ré.
míniú sásúil éigin some satisfactory explanation
" Agus an fhianaise ag léiriú anois nárbh í Joanne máthair an linbh a fuarthas ar an trá, bhí géarghá le míniú sásúil éigin ar cén fáth gur shínigh gach duine de mhuintir Hayes ráiteas, agus iad go léir beagnach mar an gcéanna, focal ar fhocal, ag admháil gur thug siad corp linbh chuig an Daingean, gur sháigh siad é agus gur chaith siad isteach san fharraige é.
nach staid shásúil ná shláintiúil a bhí ansin that that wasn't a satisfactory or healthy state
" B’fhacthas do lucht stiúrtha CLG, agus don chuid is mó de na “gnáthbhaill” chomh maith, déarfainn, nach staid shásúil ná shláintiúil a bhí ansin.
sásúil satisfying
" Cén ról atá agat féin i Raidió na Life (RnaL) agus cén fhad atá tú sa phost?***Ceapadh mé mar bhainisteoir an stáisiúin ag deireadh an tsamhraidh seo caite agus beidh mé bliain sa phost i mí Mheán Fómhair – bliain iontach gnóthach ach bliain thar a bheith sásúil! 2.
saol an-sásúil gairmiúil a very satisfactory professional life
" “Theastaigh uaimse teacht ag obair anseo, theastaigh uaim féin mo chuid féin a dhéanamh leis an teanga seo a threisiú agus a neartú agus, lena chois sin, mo shaol féin a chaitheamh ar an mbealach seo mar tá saol an-sásúil gairmiúil agam chomh maith.
dul chun cinn sásúil satisfactory progress
" An t-aon iontas, is dóigh, ná chomh lag is a bhí iarracht na Gaillimhe tar éis dul chun cinn sásúil na bliana seo caite.
sásúil agus tairbheach don dá thaobh satisfactory and beneficial to both sides
" Measann Ó Ciardha, áfach, go bhfuil an socrú atá déanta le RTÉ sásúil agus tairbheach don dá thaobh agus, ar aon nós, nach raibh sé riamh i gceist go mbeadh TG4 ag cur cláracha le chéile iad féin.
teacht ar chomhréiteach sásúil to reach a satisfactory compromise
" Ní gá duit a bheith i do bhall de Mensa le teacht ar an tuiscint nach gá go gcealódh ceachtar den dá ní a chéile, ach teacht ar chomhréiteach sásúil eatarthu.
críoch sásúil a satisfactory ending
" Is scéal é a bhfuil críoch sásúil air, ar bhealach – ó dheas agus ó thuaidh.
nach raibh sé seo sásúil in aon chor that this wasn't satisfactory at all
" Bhí an Chomhairle Contae ag iarraidh go mbainfí úsáid as torthaí na hArdteiste ach thug Máire Seo Breathnach le fios nach raibh sé seo sásúil in aon chor mar shlat tomhais.
caighdeán sásúil Gaeilge a satisfactory standard of Irish
" Go dtí seo, níl scrúdú Gaeilge déanta ag aon iarratasóir amháin, cé go bhfuil tús curtha le ceithre fhorbairt sa chontae ina mbeidh 13 aonad cónaithe do dhaoine a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu.
níos sásúla. more satisfactory
" Deir sé dá mbeadh níos mó ama aige nuair a tháinig an grúpa le chéile an chéad lá riamh go bhfuil seans go rachadh an ceol treo eile ar fad, treo a bheadh níos sásúla.
dul i ngleic go sásúil lena cuid dualgas to tackle her responsibilities in a satisfactory way
" ***Míbhuntáistí:*** Theip uirthi go n-uige seo dul i ngleic go sásúil lena cuid dualgas agus tá cuma spíonta uirthi le deireanas.
dóigh sásúil comfortable
" Deir na Póilíní go bhfuil dóigh sásúil ar an fhear san otharlann - tá sé marbh.
Is sásúil spleodrach (I) really enjoy
" Is sásúil spleodrach liom a bheith ag amharc ar na bladhra ag damhsa agus an ghaoth ag glafarnach amuigh.
dhéistineach shamhnasach shásúil disgusting, nauseating, satisfying
" “Tá rún agam éirí as an phost seo le Beo Ar Éigean!” a dúirt Balor an Bligeard os ard le haer cumhra na pluaise, “agus sin céad rún na bliana úire seo!” Ansin scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil, agus chinn sé ar chúpla rud a scríobh faoi na rúin a bhíonn aige féin agus ag daoine eile.
ar bhonn láidir, sásúil in a strong and proper fashion
" Tá rúnaithe agus lucht riaracháin fostaithe ag gach cúige agus ag gach contae chun an obair sin go léir nach mbeadh an t-am ná na scileanna ag oibrithe deonacha a dhéanamh chun eagraíocht chomh mór agus chomh tábhachtach leis an gCumann Lúthchleas Gael a riaradh ar bhonn láidir, sásúil.
an-sásúil very satisfying
" Bhí an dráma an-sásúil agus molaim dul ann.
nach bhfuil sásúil that isn't satisfactory
" * Níl aon chosc ar ainmniú na mná a bhí páirteach sna caidrimh sheachphósta, áfach, rud nach bhfuil sásúil ná cothrom.
sásúil satisfactory
" Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin.
tuigim anois a shásúla I now realise how satisfying
" Ní dheachaigh mé ag sciáil ó shin ach tuigim anois a shásúla is a bheadh sé ruaig a thabhairt anuas ó na bláir arda go sciobtha dá mbeinn in ann dul i dtaithí ar an sciáil.
ag freastal go sásúil serving satisfactorally
" Aithníodh ag an am gur deis a bhí ann lena chinntiú go mbeadh an tAcht ag freastal go sásúil ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; go ndéanfaí soiléiriú ar chearta agus ar dhualgais teanga; agus go n-aimseofaí dóigh leis an ualach riaracháin agus maorlathais a bhaineann leis a ghearradh siar.
go sásúil satisfactorily
" Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt? Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005 =========================== Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
bhonneagar sásúil satisfactory infrastructure
" Ní raibh sé furasta comhlachtaí a mhealladh chuig cuid de na ceantair is imeallaí agus is scoite amach sa tír, gan bhonneagar sásúil, ach fríd is fríd, d'éirigh go seoigh leis an Údarás sa réimse seo.
plean sásúil curtha i dtoll a chéile a satisfactory plan put together
" Is ar an Roinn a thitfeadh an cinneadh, mar shampla, ceantar a chaitheamh amach as an Ghaeltacht mura mbeadh plean sásúil curtha i dtoll a chéile ag an phobal ann.
aon fhreagra sásúil a sholáthar to provide any satisfactory answer
" Is ríléir, leis, go bhfuil easpa samhlaíochta ag dó na geirbe ag an rialtas seo mar níl sé ar a gcumas aon fhreagra sásúil a sholáthar ar ghéarchéim an ama láithrigh lasmuigh den seanpharaidím tuisceana aimlithe réamhluaite.
chóras sásúil satisfactory system
" Má deir beirt chara leat go bhfuilid i ngrá, abraimis, an féidir leatsa an grá s’acu a thomhas nó a luacháil go cruinn eolaíoch d’fhonn grá na beirte a chur i gcomórtas lena chéile? An bhfuil aon chóras sásúil ann a léireoidh go bhfuil tosaíocht ag an ngrá atá ag duine amháin acu ar an ngrá atá ag an duine eile? Níl.
Bheadh a leithéid iontach sásúil i dteoiric such would theoretically be very pleasant
" Bheadh a leithéid iontach sásúil i dteoiric don eite chlé mar go ndéanfaí idirdhealú don chéad uair ó bhunú an stáit idir na páirtithe polaitíochta caomhacha agus sóisialta.
Sásúil satisfying
" Sásúil === Seachas na rudaí thuas luaite ní raibh mé abálta teacht ar mhórán fadhbanna coitianta eile.
críoch ghlan shásúil a clean contenting
" Aird an Phobail Trí Chumhacht na bhFocal Amháin ===================== Le caoga bliain anuas fiú, cheaptaí go mba dheacair an rud é sraith rathúil teilifíse a chruthú gan béim ar leith a leagadh ar an scéal féin, lena thús tobann, cuid lárnach beomhar agus críoch ghlan shásúil.
míniú sásúil satisfactory explanation
" Tá sé trí bliana ó fuair Brian Rossiter bás, ceithre lá i ndiaidh dó dul isteach i gcóma agus é faoi choinneáil i stáisiún Gardaí Chluain Meala i gContae Thiobraid Árann, ach níl míniú sásúil ar a tharla sa stáisiún ag an am faighte ag a theaghlach go fóill.
míniú sásúil satisfactory explanation
" Tá sé trí bliana ó fuair Brian Rossiter bás, ceithre lá i ndiaidh dó dul isteach i gcóma agus é faoi choinneáil i stáisiún Gardaí Chluain Meala i gContae Thiobraid Árann, ach níl míniú sásúil ar a tharla sa stáisiún ag an am faighte ag a theaghlach go fóill.